Dé Céadaoin, Meán Fómhair 24, 2008

Ríomhairí Glúine ag éirí níos lú agus níos saoire i gcónaí


Le blianta fada bhí costas an-ard ar ríomhaire glúine a cheannach. Dá bhrí sin bhí daoine amhrasach faoi infheistíocht mór a dhéanamh agus ceann a fháil. Is ar an chúis seo a raibh daoine fós ag ceannach ríomhaire deisce.

Le blianta beaga anuas tá an praghas ar ríomhaire glúine tar éis titim go mór agus anois is féidir leis an gnáthdhuine ceann a cheannach agus gan an banc a bhriseadh. Chreid nó ná chreid tá an praghas ag titim go fóill agus anois is féidir ríomhaire glúine measartha maith a cheannach ar thart fá €300. An bealach a bhfuil sé seo á dhéanamh ná sean teicneolaíocht a úsáid ar bhealaí nua-aimseartha.

An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar chuid de na ríomhairí glúine seo gur féidir a cheannach ar praghas an-íseal ach atá fós maith go leor leis an gnáthdhuine a shásamh agus na jabanna a bheas acu a chomhlíonadh.

Uaireanta glaoitear fó-ríomhaire glúine ar na ríomhairí seo de bharr go bhfuil siad níos lú ná gnáth ríomhaire glúine cé go bhfuil siad fós cuíosach cumhachtach.

MSI Wind

Seo ríomhaire glúine a d’athraigh an mhargadh seo go hiomlán. Nuair a tháinig sé amach i mbliana. Don chéad uair bhí an feidhmiúlacht céanna ar fáil i ríomhaire saor agus beag is a bhí ar fáil i ríomhairí móra. I measc na gnéithe atá ar fáil tá WLAN, Bluetooth, ceamara gréasán, Windows XP, 1GB cuimhne agus 80GB spás stórála ar an crua dhiosca. An praghas molta ar an MSI Wind ná $399.


Advent 4211

Tá an Advent 4211 díreach cosúil leis an MSI Wind. Tá na comhpháirt mar an gcéanna agus an t-aon difir ná go bhfuil sé i mbosca difriúil agus branda difriúil ann. Is féidir an MSI Wind a cheannach i raon dathanna difriúil ach leis an Advent ní féidir é a fháil ach i dath dubh amháin.


Asus EEE PC

Seo ríomhaire eile a bhfuil an-éileamh ar faoi láthair agus an crua earraí an-chumhachtach ann chomh maith. Sé an córas oibriúchán ná Windows XP, le crua díosca 12GB, cuimhne 1GB, WiFi, Bluetooth, Ceamara Gréasán agus tá an ríomhaire seo an-éadrom. An praghas molta ar an ríomhaire seo ná €410.


Acer Aspire One

Seo an fóríomhaire glúine atá ag Acer. Déanann sé an rud céanna leis an comórtas ar fad. Úsáideann sé an próiseálaí céanna leis an Advent 4211, an Intel Atom agus tagann sé le crua díosca 120 GB agus 1GB cuimhne. An praghas molta ar an ríomhaire seo ná $349.

Níl agam anseo ach an praghas molta. Tá gach seans gur féidir na ríomhairí seo a cheannach ar praghas níos ísle fós ar a leithid de eBay.

Dé Máirt, Meán Fómhair 16, 2008

Conas airgead a shábháil ar costaisí sa bhaile ag úsáid an WWW


Faoi láthair támuid ag fheiscint an-chuid athruithe a
r eacnamaíocht an domhain. Gach aon seachtain tá rudaí ag dul in olcas ó thaobh airgead sa phóca agus praghsanna ar na seilfeanna. Le roinnt seachtainí anuas tá sé tagtha chun solais go bhfuil chuid de na comhlachtaí is mó ar domhain i gcruachás, ar nós Lehmann Brothers, AIG, Merrill Lynch agus XL Travel. Níl ansin ach chuid an bheag acu. Agus aimsir eacnamaíochta mar sin ar an mbealach bíonn daoine ag iarraidh airgead a shábháil ar pé dóigh gur féidir leo. Is féidir acmhainní teicneolaíochta a úsáid le cabhrú leat cuid de na cinní is tábhachtaí a ghlacadh. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar chuid de na achmhainní is fearr atá ar fáil dúinn le airgead a shábháil, agus creid nó ná chreid, is féidir na mílte euro a shábháil in aghaidh na bliana ag úsáid na hacmhainní seo.

Value Ireland (www.valueireland.com)
Seo suíomh idirlíon a foilsíonn ailt nuachta agus a ndéanann léirmheasanna ar conas cur féidir airgead a shábháil sa bhaile. I measc na réimsí atá ag an suíomh seo ná SSIA, róthaillí, leictreachas, cearta custaiméara, árachas, costais fóin, sladmhargaidh, ag cur airgead i dtaisce agus seirbhísí tacaíochta nach bhfuil ag teastáil. B’fhiú súil a chaitheamh ar chuid de na leideanna atá ag an suíomh seo....tá gach seans go mbeidh tú níos fearr as.




An Rialtóir Airgeadais (www.itsyourmoney.ie)

Bíonn an rialtóir airgeadais ag cosaint tomhaltóirí na hÉireann chomh maith. Idir costais beag agus mór tá neart eolas ar fáil ar an suíomh seo. Sé ceann de na costais is mó a bhíonn ag duine ná an morgáiste. Is annamh go smaoiníonn duine ar bealaí ar conas airgead a shábháil ar a leithid de dliteanas agus chreid nó ná chreid tá bealaí ann le an-chuid airgead a shábháil. Tá áireamháin ann le comparáid a dhéanamh idir na comhlachtaí airgeadas ar fad.



Pumps.ie (www.pumps.ie)
Le roinnt blianta anuas tá an praghas ar ola tar éis ardú chuid mhór. Bíonn deacrachtaí ag daoine díol as na costais carr a choinneáil ar an bóthar fao
i láthair. Seo suíomh gur féidir le gnáthdhaoine a choinneáil suas chun dáta agus na praghsanna is saoire a fhógairt ann. Faoi láthair sé an praghas is ísle atá á fhógairt ag an suíomh seo i gcomhair peitreal ná 120.9c in aghaidh an lítear thíos i Phort Láirge. An praghas is lú atá ag áiteacha i dTír Chonaill ná Tinneys ag an Dry Arch ar 124c in aghaidh an lítear. Oibríonn an suíomh seo ar an fón póca chomh maith mas rud é go bhfuil tú ar turas fada agus ag lorg praghsanna íseal.




Níl anseo ach sampla an bheag. Is féidir leat airgead a shabháil ar aon rud le píosa beag taighde déanta agat ar-líne. Céard fáoi dream cairde ag comhoibriú lena chéile leis na praghasanna is ísle a aimsiú. Is cinnte má chaitheann daoine vóta leis an phóca tosóidh na praghasanna ag titim!

Dé hAoine, Meán Fómhair 12, 2008

e-Reader - Maith nó olc?

Éist leis an mhír seo


e-Reader

Le cúpla bliain anuas tá comhlachtaí ríomhaireachta tar éis a bheith ag dearadh gléas nua darbh ainm an e-Reader. ‘Sé atá i gceist ná ríomhaire beag le scáileáin, cúpla cnaipe agus ceangal idirlíon. Tá sé i gceist ag na comhlachtaí teicneolaíochta mór le rá go mbeidh na gléasanna seo ag glacadh ról an leabhar traidisiúnta. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar na gléasanna e-Reader is coitianta atá ar an mhargadh faoi láthair.



Sony Reader



Tá an gléas seo at fáil i Mheiriceá agus Ceanada le bliain nó dhó anuas. Rinneadh lainseáil ar, ar an taobh seo den domhain an seachtain seo caite. ‘Siad Waterstones an díoltóir oifigiúil faoi láthair. Tá cuimhne stórála de 200MB ag an gléas seo faoi láthair. Is cinnte nach mórán atá anseo i gcomhthéacs íomhánna móra agus fuaimeanna ach is féidir an-chuid teacs a stóráil i 200MB, cé gur féidir MP3 a bhualadh ar an gléas. Tá uirlis darbh ainm Sony Connect ann atá an-chosúil le iTunes a ligeann duit leabhair leictreonach a cheannach agus a íoslódáil. Sé an praghas atá ar an gléas seo faoi láthair ná $260. Measaim go bhfuil an praghas seo beagánín iomarcach de bharr an easpa spás stórála agus an easpa feidhmiúlacht atá ag an Sony Reader. Go teoiriciúil is féidir leat scéalta a léamh ar an Sony PSP chomh maith le éisteacht le MP3anna, amharc ar scannáin, cluichí a imirt agus dul ar an idirlíon. Ní chosnaíonn an PSP ach €180.


Amazon Kindle


Tá macasamhail an Sony Reader ag Amazon. Sé an t-ainm atá ar ná an Kindle. Rinne Amazon lainseáil ar an gléas seo i Mheiriceá i Mí na Samhna 2007. Faoi láthair an praghas atá ar an gléas seo ná $359. An spás stórála ar an gléas seo ná 256MB, cé gur féidir seo a mhéadú le carta SD a phlugáil isteach. Is féidir MP3anna a bhualadh ar an gléas seo. Is féidir leabhar a íoslódáil ó Amazon agus é a léamh. Is smaoineamh maith atá ann ach tá na leabhair leictreonach seo i bhfad róchostasach faoi láthair. Cosnaíonn leabhair nuafhoilsithe $10, praghas atá i bhfad ró-ard do leabhair nach bhfuil agat go fisiceach.


iRex iLiad



Tá comhlacht eile ag déanamh tairgíocht ar e-Reader. An ceann atá acu ná an iLiad An cuimhne atá ag an gléas seo ná 256MB agus arís is féidir sin a mhéadú trí carta SD a chur leis. Faoi láthair an praghas atá ar an gléas seo ná €649, praghas atá i bhfad ró-ard, d’fhéadfá ríomhaire glúine an-mhaith a cheannach ar an praghas seo!


Ar chóir e-Reader a cheannach?

Measaim go bhfuil an teicneolaíocht seo an-óg go fóill. Níl go leor fheidhmiúlacht ag na gléasanna go fóill. Dá mba rud é go raibh mé ag dul amach le gléas a cheannach ar €400 bhéinn ag súil le níos mó na leabhair snasta! Tá gá le praghas na leabhair digiteach a laghdú chomh maith. An moladh atá agam ná fanacht cúpla bliain go dtí go n-eiríonn na gléasanna seo níos cumhachtaí.

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 03, 2008

Forbairtí thar an Samhradh

Éist leis an mír seo


Forbairtí thar an Samhradh

I saol na ríomhairí ní fhanann aon rud mar an gcéanna. Athraíonn an teicneolaíocht taobh istigh de cúpla mí. An seachtain seo caithimid súil ar chuid de na forbairtí a tharla thar an samhradh. Beidh muid ag dul níos deimhne istigh sna hábhair seo na seachtain atá romhainn.



Microsoft Windows Vista - Service Pack 1


Tá Microsoft tar éis feabhas a chur ar Vista thar an samhradh (buíochas le dia). Go dtí seo bhí fadhbanna mór le Vista agus an bealach a mbíonn sé ag feidhmiú. Tá an-chuid daoine a ndeireann cur céim ar chúl atá ann seachas céim chun tosaigh. Le cúpla mí anuas tá Microsoft tar éis “Service Pack 1” a eisiúint le dul i ngleic le chuid de na fadhbanna seo. Má tá leathanbhanda ag daoine agus Windows Vista ba chóir dóibh SP1 a íoslódáil agus a chur ar an ríomhaire. Déanann sé difir ollmhóir ó thaobh luas an ríomhaire.



Microsoft Windows Vista – Trí Ghaeilge

Tá raflaí ann go bhfuil Microsoft ag obair ar leagan gaelach de Windows Vista a bheas ar fáil ag deireadh 2008 nó ag tús 2009. Déanfaidh sé seo difir mhór do pobail na hÉireann ag gach aon leibhéal idir oideachas, seirbhísiú agus gnó. Beidh muid ag choinneáil súil géar ar seo idir seo agus an Nollaig.


Leagan nua de Mozilla Firefox ar fáil


Thar an samhradh rinneadh lainseáil ar an leagan is déanaí den brabhsálaí clúiteach Firefox, Leagan 3.0. Tá an brabhsálaí seo i bhfad níos gaiste agus níos sábháilte

ná Internet Explorer. Is féidir an brabhsálaí seo a íoslódáil trí mheán na Gaeilge chomh maith agus déanann sé seiceáil ar an litriú gaelach agus tú ag úsáid Bebo, Facebook, MySpace, Yahoo, Hotmail nó suíomh idirlíon ar bith. B’fhiú é a thriail.


Gléasanna Siamsaíochta


Playstation 3


Tá Sony tar éis an Playstation 3 a feabhsú thar an samhradh trí an méid stóras a ardú go dtí 80GB agus d’fhógair siad le seachtain anuas go mbeidh sé seo ag ardú go dtí 160GB i mí Mean Fómhair. Chomh maith le seo tá gléas stiúrtha nua acu darbh ainm an DualShock 3 in áit an SixAxis a bhí acu.






XBOX 360


Tá Microsoft tar éis Xbox 360 nua a lainseáil le spás stórála de 60GB a lainseáil. An fáth go bhfuil sé seo á lainseáil acu ná go bhfuil siad ag iarraidh ar daoine an Xbox a úsáid mar uirlis stórála do cláracha teilifíse agus scannáin.






Sony PSP

Tá Sony tar éis uasghrádú a dhéanamh ar an Sony PSP trí scáileáin níos fearr a chur ar fáil agus trí micreafón a chur isteach sa ghléas. An uimhir múnla ar an ghléas nua ná PSP-3000.






An chéad fón-póca Gaelach


Tá Samsung tar éis láinseáil a dhéanamh ar an chéad fón póca gaelach riamh. An Tocco an t-ainm atá air.

Anois is féidir leat teacs a scríobh tí Ghaeilge ag an luas céanna le ceann trí Béarla. Chomh maith le sin tá na bogearraí ar fad ar nós an clár aistrithe go Gaeilge. Seo céim mór chun tosaigh don teanga agus is cinnte go mbeidh ar na comhlachtaí eile ar nós Nokia agus Sony Ericsson an sampla seo a leaniúint.





Ceisteanna ón Lucht Éisteachta

Má tá aon ceisteanna ag an lucht éisteachta nó aon ábhar ríomhaireachta ar mhaith libh a bheith cludaithe ar an clár téigh i dteagmahail linn barrscealta@rte.ie.