Déardaoin, Samhain 20, 2008

Sladmhargadh na Seachtaine seo - Teilifís LG 32 orlaigh (ardghléine)


Sladmhargadh na seachtaine seo ná teilifís atá ar díol ag Argos sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éirinn. An déantús ar an teilifís ná LG agus is teilifís 32 orlaigh atá ann. Tá an fheidhmiúlacht ann íomhá ardghléine a léiriú trí na soicéid HDMI a úsáid. Ghlacann an teilifís seo le plugóid SCART chomh maith le plugóid Composite.



LG 32 Orlaigh (32LG3000 HD Ready)
€580 sa Phoblacht
£400 / €475 i dTuaisceart Éirinn
Uimhir Catalóg Argos: 529/3063


An rud scannalach maidir leis an teilifís seo ná go bhfuil praghsanna iomlán difriúil ann idir an Phoblacht agus Tuaisceart Éirinn cé gurbh é an siopa céanna atá i gceist. Sa Phoblacht sé an praghas nua atá ar ná €579.99 thíos ó €751. Sna sé chontae sé an praghas atá ar an teilifís ná £399 agus is ionann seo agus €475 ag na rátaí aistriúcháin ráthúil. Dá bhrí sin is féidir leat €105 breise a shábháil duit féin trí é a cheannach in Argos i dTuaiceart Éirinn. 'Sé an uimhir catalóg atá ag an teilifís seo ná 529/3063.

Feidhmeanna Breise ar an Fón Póca

Sa lá atá inniu ann tá an-chuid feidhmeanna breise ar an fón póca. Ní amháin gur féidir leat scairteanna guthán a dhéanamh. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar cuid de na feidhmeanna breise atá ar fáil agus gur chóir smaoineamh faoi agus tú ag ceannach fón póca.


Ceamara


Ar an chuid is mó de na fóin póca bíonn ceamara ann. Déantar an ceamara seo a mheas bunaithe ar an líon meigapictilíní atá ar fáil. Mas rud é go bhfuil an líon meigapictilíní níos lú ná 3mp níl an íomhá ar caighdeán ard go leor le é a phriontáil go héifeachtach. Tá roinnt ceamaraí ar an mhargadh agus 8mp ar fáil orthu. Ardaíonn an ceamara ceisteanna faoi príobháideachas. Is féidir grianghraf a ghlacadh de duine agus gan fios acu féin. Is de bharr seo gur cuireadh cosc ar na fóin seo a úsáid in ionaid spóirt agus i linn snámha agus seomraí feistis. I measc na feidhmeanna atá ag an ceamara seo ná físeáin a thaifead. An cás is cáiliúla de mí-úsáid an físcheamara ná bás Saddam Hussein ag deireadh 2006. Bhí na heachtraí le fheiscint ar an idirlíon go gairid tar éis an eachtra.




MP3


Sá lá atá inniu ann is beag duine nach bhfuil tar éis a chloisteáil faoi MP3 agus an chaoi gur féidir an cartlann ceol a digitiú. Ar a lán fóin is féidir leat éisteacht leis an ceol seo agus fiú é a íoslódáil díreach ón idirlíon chuig an fón. Tá an líon stóras ar na fóin ag ardú chomh maith agus bíonn líon stóras suas go 8GB ar roinnt fóin.



Raidió

Is féidir leat éisteacht leis an raidió ar an fón. Is raidió analógach atá ann i láthair na huaire ach beidh an feidhmiúlacht ann éisteacht le raidió digiteach gan mhoill. Ardóidh sé seo an caighdeán fuaime ar an raidió agus an líon áiteanna gur féidir leat an comhartha raidió a phiocadh suas.



Teachtaireachtaí Teacs / Ilmheán


Is féidir leat teachtaireachtaí teacs a sheoladh ar gach fón póca ach bíonn feidhmeanna breise ann ó thaobh ilmheán ag brath ar an fón atá in úsáid.



Idirlíon


Is féidir teacht ar an idirlíon ar an-chuid fóin sa lá atá inniu ann. Tá an deis ann brabhsálaí breise a suiteáil ar an fón ar nós Opera agus amharc ar an fíor idirlíon in áit an idirlíon móibíleach. Caithfear a bheith cúramach agus tú ag úsáid an idirlíon. B’fhiú pacáiste a cheannach a ligeann duit méid áirithe sonraí a íoslódáil sa mhí. Muna bhfuil an pacáiste seo agat cosnaíonn gach aon meigibheart €14 in áit 3c. Ardaíonn úsáid an idirlíon ceisteanna mór do tuismitheoirí. Déanann tuismitheoirí gach rud gur féidir leo ó thaobh na paistí a chosaint agus iad ag úsáid an ríomhaire baile le fáil fhad leis an idirlíon. Bíonn pacáistí ar nós NetNanny in úsáid againn. Caithfear an rud céanna a dhénamh ar an fón póca. Tá rud ar a glaoitear Safety Net ag Vodafone le cosc a chur ar daoine dul fhad le suíomhanna nach bhfuil in oiriúint do phaistí.



Ag déanamh cinneadh

Agus tú ag ceannach fón póca nua b’fhiú cinneadh a dhéanamh bunaithe ar na nithe atá liostáilte san alt seo. Bí cinnte go ndéanann tú a sheiceáil an bhfuil tú i dteideal uasghrádú. Uaireanta is féidir leat fón saor in aisce a fháil de bharr go bhfuil tú i dteideal an uasghrádú seo. Bí cinnte go roghnaíonn tú an pacáiste ó thaobh praghas atá in oiriúint duit. Déan cinnte athchúrsáil a dhéanamh ar an fón, glacann an-chuid eagrais ar nós Trocaire le sean fóin le fiúntas na daoine boichte ar domhain.

Scéalta na seachtaine seo

Éist leis an mhír seo


Obama ag baint níos mó úsáide as an idirlíon



An seachtain seo caite bhí mé ag labhairt faoin mbealach a bhain Barak Obama leas as an nuatheicneolaíocht le tacaíocht a fháil i feachtas uachtarántachta Mheiriceá. Tá an scéal tar éis bhriseadh an seachtain seo go bhfuil Obama ag baint níos mó leas as an nuatheicneolaíocht. Tá suíomh idirlíon cruthaithe aige darbh ainm change.gov. I measc na nithe atá ar an suíomh seo ná na scéalta is déanaí maidir le Obama. Chomh maith le seo scríobhann Obama agus a comhghleacaí Joe Biden Blog a mbíonn uasdátú déanta air gach lá. Is sampla eile atá anseo de na nósanna polaitiúla atá Obama ag cur chun cinn. Is cinnte go mbeidh sé in ann lucht leanúna níos óige a mhealladh leis na nósanna seo agus is sampla atá an do na polaiteoirí agus na páirtithe polaitiúla sa tír seo.

Bí cúramach ar www.carzone.ie



An seachtain seo caite bhíomar ag labhairt faoin leagan amach nua ar an suíomh idirlíon carzone.ie. Tar éis níos mó taighde a dhéanamh ar an suíomh seo tá sé soiléir go bhfuil daoine nach bhfuil chomh ionraice sin ag baint leas as an suíomh le airgead a ghnóthú go mídhleathach. Agus tú ag déanamh cuardach ar an suíomh déan cinnte go bhfuil tú tar éis an “Seller Type” a athrú go dtí “Simi Dealer” sa chaoi sin is féidir a bheith cinnte go bhfuil do chuid airgead sábhailte agus go bhfuil tú chun carr le stair ceart a fháil.



Tá an 7up Christmas on Ice arais an Nollaig seo agus gach eolas faoi ar fáil ar an idirlíon chomh maith le ticéid a chur in airithe. I mbliana tá siad i Leitir Ceanainn agus is féidir gach eolas a fháil faoin ócáid sin a bheas ar siúl idir 28 Samhain agus 4 Eanair. An praghas atá ar ná €50 in aghaidh an clann.

Sladmhargadh na seachtaine seo
www.gamestation.co.uk


XBOX 360 + Gears of War 2 + Gears of War + Fallout 3 = £199.99/€245


Le seachtain anuas tá an-chuid daoine tar éis a bheith i dteagmháil liom maidir leis an Microsoft XBOX 360 agus cá háit gur féidir an praghas is fearr a fháil. Seo é an praghas is fearr atá feicthe agam ar an idirlíon ar XBOX úr nua. An gnáth costas ar an máisín seo ná €230 gan aon cluichí. Tá luach €135 ar na cluichí a thagann leis an pacáiste seo agus níl ach €15 sa bhreis le díol.

Dé Céadaoin, Samhain 05, 2008

Cabhraigh le Daidí na Nollag trí na praghsanna is fearr a aimsiú



D’aon duine atá le toiseacht ar an siopadóireacht Nollag go gairid b’fhiú súil a chaitheamh ar play.com. Is suíomh idirlíon atá ann a ndíolann earraí leictreach, cdanna, dvdanna, cluichí ríomhaireachta agus go leor eile. Bíonn tairgí speisialta acu gach lá ar sladmhargadh.

De ghnáth is féidir leat 20% a shábháil ar an praghas ar cluiche, dvd, leabhar nó cd. B’fhiú súil a chaitheamh ar an suíomh le chuid de na praghsanna is déanaí a fheiscint.


Má tá aon moltaí agaibh faoi praghsanna maithe atá feicthe agaibh ar líne le tamall anuas ná bíodh imní oraibh aiseolas a fhágáil ar an leathanach seo trí "comments" a roghnú faoi bhun an alt seo. Beidh mé ag déanamh píosa beag cainte ar na praghsanna is lú gur féidir a aimsiú idir seo agus am Nollag.

Athdhearadh déanta ar carzone.ie





Le blianta anuas tá daoine tar éis a bheith ag fhógairt gluaisteáin ar an suíomh idirlíon carzone.ie. Bhí roinnt fadhbanna leis an suíomh ó thaobh an mbealach a gur féidir cuardach a dhéanamh ar an chineál gluaisteán a bhí ag teastáil uait. Ní raibh tú ach in ann cuardach a dhéanamh ar múnla amháin ag an am agus ní raibh bealach ar bith idirdhealú a dhéanamh ar an chineál inneall a bhí sa ghluaisteán, idir peitreal agus díosal agus méid an inneall.

Tá sé sin athruithe anois. Tá athdhearadh iomlán déanta ar an suíomh agus an mbealach gur féidir cuardach a dhéanamh. Anois is féidir cuardach solúbtha a dhéanamh bunaithe ar na nithe seo a leanas:

Múnla
Bliain
Corp
Breosla
Praghas
Méid an inneall
Mílte
Tarchur
Dath
Contae
Doirse
Cineál Díoltóir

Is féidir meascán de na nithe thuas a roghnú ag an aon am amháin agus cuardach ar nós gach volkswagen díosal le dath dearg air idir na blianta 2006 agus 2008. Déanann sé i bhfad níos easca an tasc an carr ceart ar an praghas ceart a aimsiú.

Faoi láthair tá deacrachtaí móra i gceist leis an margadh darna láimhe do ghluaisteáin de bharr go bhfuil an oiread sin ar díol agus an easpa airgead san eacnamaíocht, rud a chruthaíonn easpa daoine ag cheannach. Faoi láthair tá 66,870 gluaisteáin liostáilte ar an suíomh seo 1,243 acu i nDún na nGall. De bharr go bhfuil an oiread sin liostáilte agus easpa daoine ag ceannach tá na luachanna ag titim, rud a chiallaíonn go seo am maith le gluaisteáin maith darna láimhe a cheannach, fad is gur féidir leat lámh a leagadh ar an airgead atá ag teastáil.

Seo roinnt samplaí de na praghsanna atá ar fáil faoi láthair:

Luach an Audi A4 seo úr nua: €38,000



Luach an Volkswagen Passat seo úr nua: €31,000