Dé Céadaoin, Márta 25, 2009

Big Brother ag choinneáil súil orainn uilig



Tá sé glactha ag an Rialtas go mbeidh ar gach comhlucht fón & soláithreoirí seribhísí ar an idirlín sonraí i leith gach glaoch fón, teachtairí téacs , ríomhpostanna & na suíomhanna idirlín a thug daoine cuairt orthu , a choimead stórailte ar feadh 2 bhlian le go mbeidh siad ar fáil do na Gardaí ma bhíonn siad i mbun fiosraithe coirriúlachta.



Buntáistí

Tá sé seo ina acmhainn maith do na Gardaí agus cuireann sé bealach fiosrúchán nua ar fáil dóibh. Is féidir leat an-chuid a fháil amach leis na sonraí seo. Cá h-áit ina raibh duine ag am ar léith? Cé lena raibh siad i dteagmháil leo? Céard é an taighde a bhí ar bun acu? Is féidir leat pictiúr maith a fháil ar meoin duine ag am ar leith leis na sonraí seo. Is féidir leat daoine ar strae a aimsiú chomh maith leis na sonraí seo. Gach aon uair a ndéanann duine taisteal is coinnítear taifead de sin ó thaobh an fón póca. Bheadh taifid ann de cá háit ina raibh duine nuair a rinne siad logáil isteach ar an córas ríomhphost atá acu chomh maith.



Príobháideachas

Tá an ceist ann sa lá atá inniu ann an féidir le duine aon rud a dhéanamh go príobháideach. Is cosúil, ag baint úsáide as an córas teileachumarsáide gur féidir leat súil a choinneáil ar aon duine, aon áit, am ar bith. Bíonn daoine míchompordach faoi a leithid agus tá an baol ann go ndiúltóidh an gnáth duine an córas seo agus go mbeadh gearán acu.



Deacrachtaí agus Dúshláin

Is cinnte gur smaoineamh maith atá anseo ach ag amharc ar go praiticiúil bheadh sé fíordheacair é a chur i bhfeidhm sna comhlachtaí cumarsáide. Déantar an t-uafás sonraí a choinneáil faoi scairteanna gutháin agus a leithid in aghaidh an lae. Támuid tagtha chuig an pointe go ndéantar tuairisciú ar scairt guthán in aghaidh an soicind, ceangal idirlíon in aghaidh an cilibheart agus teachtaireacht teacs in aghaidh an litir. Má chuireann tú na sonraí seo le chéile do gach uile duine thar tréimhse dhá bhliain tá tú ag amharc ar líon sonraí ollmhór tá tú ag caint faoi Petabyte nó fiú Exabyte de sonraí stóráilte ag am faoi leith.



An mbeidh costas breise ann don gnáth duine?

Is cinnte go mbeidh ar an gnáth duine díol as an líon stóras breise seo. Níl aon dabht ach go gcosnaíonn córas ríomhaireachta a ndéanann stóráil ar an líon sonraí seo an-chuid airgead. De réir mar atá an líon stóras ag ardú, ardaíonn an costas go mór. Ní chosnaíonn gigeabheart ach cúpla euro ach cosnaíonn petabyte an t-uafás airgead. Mas ghá do na comhlachtaí teileachumarsáide an costas seo a dhíol íslíonn an brabach atá acu agus is cinnte go mbeidh ar na custaiméirí díol as seo.



Smaoineamh Maith?

Smaoineamh iontach maith ach caithfear an cheist a chur faoi na h-impleachtaí atá leis agus an fiúntas a bheas le feiceáil.




Google Street ar fáil anois



Tá ghné nua de Google Earth ar fáil anois darbh ainm Google Street. Go dtí seo bhí daoine in ann radharc satilít den domhain a fheiscint ar Google Earth. Is beag rud a bhí tú in ann a fheiscint i gceart ar an radharc seo. Bhí sé maith ó thaobh turas a phleanáil ó áit amháin go áit eile nó foghlaim faoi áiteanna éagsúla ar domhain chomh maith le pictiúir statach a fheiscint.



Le timpeall ar bliain anuas tá Google tar éis an-chuid forbairtí nua a chur le Google Earth ar nós foirgnimh trédhearcach, radharcanna faoin fharraige agus radharcanna ar na réalta agus na pláinéid sa réalt chóras.


Google Earth



An forbairt nua atá acu ná pictiúir atá siad tar éis a ghlacadh le ceamara atá greamaithe ar barr carr agus iad ag tiomaint fríd cathair. Ghlacann an ceamara seo pictiúr gach cúpla meadar agus cuirtear na pictiúir seo le chéile i sraith amháin. Leis an fheidmiúlacht seo is féidir leat dul ar siúlóid insamhlaithe tríd cathair mór le rá.

Go dtí seo sí Béal Feirste an t-aon cathair atá clúdaithe acu ar an oilean seo ach é sin ráite tá siad ag obair ar Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge. Má fheiceann tú carr in aon ceann de na cathracha seo le ceamara ait ceangailte ar barr an díon cur meangadh mór gáire ort féin de bharr go bhfuil tú ar fís! An aidhm fadtréimhseach atá ag Google ná go mbeidh an domhain ar fad clúdaithe acu. Is dócha faoin am sin go mbeidh orthu toiseacht arís mar gheall ar go bhfuil an domhain ag athrú chomh gasta sin!

Tá ceist ann faoin príobháideachas atá ag daoine mar gheall ar Google Street agus an mbeidh siad le feiceáil ar líne gan aon cead a thabhairt. Is cinnte go mbeidh siad le feiceáil ach an rud a ndéanann Google leis na pictiúir seo ná go gclúdaíonn siad aghaidh gach duine agus an pláta clárúchán ar na gluaisteáin ar fad. Fós féin tá neart daoine ag gearán faoin seirbhís, go háirithe i mBeal Feirste agus fadhbanna le sceimhlitheoirí faoi láthair. Tá an pointe déanta le tamall anuas gur féidir le sceimhlitheoir aghaidh na Dúin atá ag airm an Ríocht Aontaithe a fheiscint agus ionsaithe a phleanáil.



Bóthar na bhFál, Béal Feirste



Sa todhchaí tá sé easca a shamhlú go mbeidh Google Earth chomh eochrach mar uirlis ghnó is atá Google.com sa lá atá inniu ann. Má cheanglaíonn tú na hacmhainní seo le uirlís GPS is cinnte go mbeadh uirlis an-chumhachtach agat gur féidir leat leas a bhaint as.


Praghas ar an XBOX 360 gearrtha arís


Tá an praghas ar an XBOX 360 gearrtha arís. Ag am Nollaig rinne mé léirmheas ar an XBOX agus d’inis mé go raibh an praghas ar an XBOX chun titim tar éis na Nollag. Bhuel, tá sé tarlaithe! Is féidir leat an XBOX 360 Elite leis an cluiche Halo 3 a cheannach ar £199.99. Tá an praghas seo dochreidte nuair a smaoiníonn tú go raibh praghas £299.99 ar an máisín seo ag am Nollaig gan aon cluiche ar chor ar bith! Taispeánann sé seo an moilliú síos atá ag teacht ar an mhargadh. Bí ag súil le gearradh praghas ar an Playstation 3 gan mhoill mar freagra ag Sony.

Fearann nua ar an mbealach – Deis cúpla Euro a dhéanamh?

Tá fearann nua molta ag Al Gore don idirlíon darbh ainm Dot Eco (.eco). An rud atá ann i fearann ná na litreacha deireanach i seoladh idirlíon. Na cinn is coitianta sa tír seo ná .com, .ie, .net, .co.uk agus .edu.


Baineann na cinn nua seo le suíomhanna a bhaineann leis an timpeallacht agus cúrsaí timpeallachta i gcomhthéacs téamh domhanda. Chreid nó ná chreid tá siad ag rith amach as focail ar .com faoi láthair, ciallaíonn sé seo go bhfuil orthu teacht suas le fearainn nua.


Tá deis ann airgead a dhéanamh anseo d’aon duine atá ag iarraidh na cinn is luachmhara a cheannach.


Le seachtain anuas tá Toys R Us tar éis $5.1 milliúin a chaitheamh ar an suíomh Toys.com!

Sony Vaio P i gcomparáid leis an Acer Aspire One



Le déanaí tá Sony tar éis lainseáil a dhéanamh ar an Sony Vaio P. Is ríomhaire glúine an-bheag atá ann le scáileáin 8 orlaigh. I gcónaí is féidir brath go mór ar tairgí Sony ó thaobh déantús maith agus is féidir brath orthu ó thaobh oibriú i gceart thar tréimhse na blianta.

Tháinig ceist isteach ó éisteoir maidir leis an comparáid idir an Sony Vaio P agus an Acer Aspire One agus an fiú an praghas a dhíol ar an Sony mas rud é go bhfuil tú ag iarraidh feidhmeanna bunúsacha a úsáid ar an ríomhaire ar nós próiseáil focail, idirlíon agus ríomhphost.

I dtús báire tá muid chun súil a chaitheamh ar na difríochtaí atá ag na ríomhairí éagsúla.



Costas

Tá costas dochreidte ar an Sony Vaio P. Cosnaíonn sé €1,099 sa Sony Centre i Leitir Ceanainn agus £849 (€922) ar an ríomhaire céanna sa Sony Centre i nDoire.

Cosnaíonn an Acer Aspire One £249 (€270) i PC World. Is praghas an-réasúnta atá anseo d’aon duine atá ag feidhmiú ar buiséad an-íseal.



Córas Oibriúchán

Tagann an Vaio P leis an córas oibriúchán Windows Vista agus tagann an Aspire One leis an córas oibriúchán Windows XP. Leis na firinne a rá úsáideann an Sony an breis RAM nó cuimhne atá aige le Windows a chur ag obair. Tá sé curtha amú díreach le comhéadan níos snasta a chur ar fáil.



Cuimhne

Faigheann tú 2GB RAM leis an Vaio P agus 1GB RAM leis an Aspire One. Ó thaobh luas an ríomhaire ní dhéanann sé seo mórán difear mar gheall go bhfuil an breis cuimhne atá ag an Vaio curtha amú ag iarraidh choinneáil suas le Vista.



Crua Dhiosca

Faigheann tú crua dhiosca 60GB leis an Sony agus 160GB leis an Acer. Measaim go bhfuil an bua ag an Acer anseo. Tá fíorbheagán gur féidir leat a stóráil ar crua dhiosca 60GB sa lá atá inniu ann. Úsáideann Vista suas aon trian den spás sin rud nach bhfágann ach 40GB le do chuid sonraí a stóráil ann.



Méid an Scáileáin agus Méachan

Tá scáileán an-bheag ag an Sony (8 orlach) agus ceann 8.9 orlach ag an Acer Aspire One. Measaim go bhfuil an ceann ar an Sony róbheag le nithe a fheiscint go soiléir agus go bhfuil géarghá le ceann níos mó a bheith ann.

Tá méachan de 2.78lb ag an Acer Aspire One agus 1.4lb ag an Sony Vaio P.



Próiseálaí

Tá próiseálaí de 1.6Ghz ag an Acer Aspire One agus 1.33Ghz ag an Sony Vaio P. Ciallaíonn sé seo, ar phaipéar, ar aon nós, go bhfuil an ríomhaire níos saoire níos gaiste!



Nithe Breise

Tá ceamara gréasán ag an Sony agus an Acer.

Tá GPS agus Bluetooth ag an Sony, rud nach bhfuil ag an Acer.



An Focal Scoir

Is ríomhaire an-deas atá sa Sony Vaio P ach ag deireadh an lae tá sé róchostasach i gcomparáid leis an méid teicneolaíocht a fhaigheann tú leis. B’fhiú i bhfad an Acer a cheannach ar aon trian den praghas le spás stórála níos mó a fháil, níos mó cumhacht próiseálaithe agus an fuilleach a úsáid le rudaí níos fiúntaí a dhéanamh.



Buaiteoir: Acer Aspire One


Praghsanna ar ríomhairí glúine ag ísliú

Tá praghsanna ar ríomhairí glúine ag ísliú leis an géarchéim eacnamaíochta. Tá níos lú daoine ag ceannach na ríomhairí seo anois rud a chiallaíonn go bhfuil cogadh praghsanna ar bun idir na siopaí éagsúla. Bhí mé i PC World i nDoire thar na deireadh seachtaine agus bhí sé scanrúil cé chomh saor is a bhí roinnt de na ríomhairí i gcomparáid le sé mhí ó shin. Tosaíonn na praghsanna ag £179.99 anois agus bíonn na siopaí seo solúbtha ó thaobh bogadh ar na praghsanna seo de bharr go bhfuil siad chomh tiomanta ó thaobh díolachán a dhéanamh.

Cánach breise molta ag An Comhaontas Glas ar teachtaireachtaí teacs



Tá An Comhaontas Glas ag moladh cánach nua ar teachtaireachtaí teacs. An moladh atá acu ná cánach 1c a chur ar gach teachtaireacht teacs a seoltar sa tír seo. Tá níos mó ná 4 mhilliúin fón póca sa tír seo agus seoltar na billiúin teacs in aghaidh na bliana. Mheasann An Comhaontas Glas gur féidir suas le €1.4 billiúin breise ó thaobh canach a fháil in aghaidh na bliana má thagann an canach nua seo isteach. Tá seans i bhfad níos airde ann go tabharfar an canach nua seo isteach de bharr go bhfuil Eamon Ryan, TD mar an tAire Cumarsáide agus é mar duine sinsearach sa Comhaontas Glas ag an am céanna.


Suíomh Sóisialta Eile ar bun



www.twitter.com


Is cosúil go bhfuil an líon daoine atá ag twitteráil ag méadú faoi láthair. Is suíomh idirlíon atá i Twitter a insíonn tú don domhain mór céard atá ar bun agat ag am faoi leith. Glaoitear micreablag ar seo. Is féidir leat uasdátú a dhéanamh ar an suíomh trí teachtaireacht teacs nó tríd an ríomhaire pearsanta san obair nó sa bhaile. B’fhiú smaoineamh faoi súil a chaitheamh ar an suíomh seo le feiceáil conas gur féidir eirí le smaoineamh an-simplí agus an-bhunúsach. I measc na daoine cáiliúla a bhaineann úsáid as Twitter tá Gordon Brown, John Cleese, Jonathan Ross, Lance Armstrong, Britney Spears, Mariah Carey, Richard Branson agus Demi Moore. Faoi láthair meastar go bhfuil suas le 6 mhilliúin úsáideoir ag an suíomh seo.

Súiomh Idirlíon nua ag Seachtain na Gaeilge




www.snag.ie

Tá suíomh idirlíon nua ag Seachtain na Gaeilge i mbliana. Thosaigh Seachtain na Gaeilge Dé Luain agus bíonn imeachtaí fiúntach ar bun acu trí mheán na Gaeilge. I measc na spriocanna atá acu ná aitheantas ar an Ghaeilge a ardú go naisiúnta agus go hidirnáisiúnta. I measc na nithe atá ar an suíomh nua tá nuacht, imeachtaí, sonraí faoin dlúthdhiosca atá acu, ilmheán agus comórtais. Is deas a fheiscint go bhfuil an rialtas fós tiomanta ó thaobh infheistíocht a dhéanamh sa teanga cé go bhfuil buiséadú laghduithe le tamall anuas.



Fadhbanna Le Leathanbhanda Agus Na Roghanna Atá Againn



Tá an-chuid fadhbanna ag an gcóras leathanbhanda sa tír seo faoi láthair. Go fóill tá níos mó daoine nach féidir teacht ar leathanbhanda sa tír ná daoine gur féidir teacht air. Tá impleachtaí aige seo ar cúrsaí eacnamaíochta na tíre agus todhchaí airgeadúil na tíre. Muna bhfuil an tír seo chun tosaigh sna gnéithe seo ar tíortha eile san Aontas Eorpach támuid chun chailliúint amach ar an-chuid deiseanna eacnamúil. Le teacht an idirlíon tá margadh idirnáisiúnta tar éis leathnú amach go mór. Is beag rud nach féidir leat a dhíol go hidirnáisiúnta 24/7/365 agus an spriocmhargadh don tairge sin a aimsiú. Sé an áit a tosaíonn na deacrachtaí leis an coincheap seo ná nuair nach bhfuil tú in ann leathanbhanda a fháil níl an deis agat leas a bhaint as an margadh idirnáisiúnta seo.



Na fíricí

Tá thart fá 1100 malartáin teileafóin sa tír seo. Ionas gur féidir leathanbhanda a phiocadh suas tá gá le uasghrádú a dhéanamh ar an malartán lena bhfuil tú ceangailte. Go bunúsach is ionann an chéad trí uimhir san uimhir fón agus an malartán. Tá pleananna ag eircom uasghrádú a dhéanamh ar timpeall 400 malartáin. Níl figiúr cruinn ar fáil ach meastar nach bhfuil an bhfigiúir seo níos mó ná 450. Tá eircom ag iarradh ar an gcáiníocóir díol as an chuid eile a uasghrádú (650 malartáin). Faoi láthair mas rud é go bhfuil leathanbhanda ar fáil i do cheantar tá ráta teipe de 20% ann. Sé sin le rá nach féidir le teaghlach amháin i nach cúigear leathanbhanda a fháil fiú mas rud é go bhfuil an malartán uasghráduithe.


Ar chóir go mbeadh ar an cáiníocóir íoc as an uasghrádú?

Sílim go bhfuil cultúr againn sa tír seo go ndéanann an rialtas an obair agus an infheistíocht do comhlachtaí príobháideacha ionas gur féidir leis na comhlachtaí príobháideacha seo an t-uafás brabach a dhéanamh. Tarlaíonn sé seo le an-chuid tograí a bhaineann le infrastruchtúr. Tá comhlachtaí príobháideacha ag déanamh an t-uafás airgead as na “tolls” a bhíonn ar bóithre thart fud na tíre chomh maith le a leithid den Luas agus go leor eile. Is muidne na daoine a chur an t-airgead ar fail leis na tograí seo a cur i gcrích agus ansin caithfimid airgead a dhíol le comhlacht príobháideach leis na haiseanna seo a úsáid. Domsa, ní dhéanann sé seo aon chiall. Is comhlacht príobháideach é eircom anois agus tá siadsan chun an t-airgead a dhéanamh as an seirbhís a chur ar fáil, cén fáth gur chóir go mbeadh orainn díol as an infrastruchtúr chomh maith. An ciall atá le seo ná go mbeidh fíor bheagán forchostais ar eircom agus brabach níos mó. Cur i gcás go raibh comhlacht idirnáisiúnta ag iarraidh siopa a thogáil i Leitir Ceanainn. Bheadh sé míréasúnta ag súil go n-íocfadh na custaiméirí as an siopa a thógail agus a fheistiú agus ansin praghsanna ard a tháiriscint agus an siopa ann.



Cén seans go mbeidh seirbhís leathanbhanda agam ó eircom amach anseo?

Ní bheinn chomh dóchasach go mbeidh seirbhís ‘ceart’ á sholáthar ag eircom go luath amach anseo. Nuair a dheirim ‘ceart’ ‘sé an rud atá i gceist agam ná seirbhís atá ar fáil i ngach teaghlach sa tír. Tá muintir na gealtachta níos fearr as ná an chuid eile den tír de bharr go bhfuil infheistíocht á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta le chinntiú go mbeidh an seirbhís seo ar fáil i ngach teach gaeltachta sa tír, cé nach bhfuil an plean ar fad curtha i bhfeidhm go fóill. I ceantar na Rossa dár le innealtóirí eircom tá cúpla malartán fós le uasghrádú, go príomha, Ceann Casslach agus Ailt an Chorráin.



Cén rogha eile atá againn?

Tá cúpla rogha eile againn ó thaobh leathanbhanda de. Tá rud ar a ghlaoitear leaathanbhanda móibíleach á sholáthar ag 3, O2 agus Vodafone. Úsáideann na córais seo an corás teileachumarsáide móibíleach a úsáidimid do na fóin póca le leathanbhanda a cur ar fáil. Tá roghanna agus praghsanna difriúla ag baint leis an triúir acu.


Trealamh

Níl trealamh casta ag teastáil le ceangal den chineál seo a fháil. Níl ort sreangú breise a chur isteach sa teach agus níl ort líne fón a bheith agat.

Tá dhá rogha ann ó thaobh trealamh de. An céad cheann ná CartaSonraí agus an darna cheann ná MóidéimSonraí. Sé an difir eatarthu ná go n-oibríonn an CartaSonraí le ríomhairí glúine agus oibríonn an MóidéimSonraí le ríomhaire deisce nó le ríomhaire glúine.

Tá luas ard ar fáil ar na ceangail seo de gnáth agus is féidir leat suas le 10GB sonraí a íoslódáil nó uaslódáil in aghaidh na míosa.



Fadhbanna le Ceangal Gan Sreang

Bíonn fadhbanna ag daoine leis an ceangal gan sreang mar gheall ar nach bhfuil slándáil ceart ar na ceangail atá ag daoine sa bhaile. Mas rud é nach bhfuil an slándáil ceart ar an ceangal gan sreang is féidir le duine tiomáint suas go dtí geata do theach agus ceangal suas ar an líonra baile atá agat. Tá sé seo fíor baolach maidir le sonraí a ghoid uait. Go teoiriciúil ag úsáid teicneolaíochtaí difriúil is féidir leo súil a choinneáil ar an uile rud atá á dhéanamh agat ar an ríomhaire taobh istigh sa teach.

Tá neart bealaí ann lena chinntiú nach dtarlaíonn sé seo.

  • Athraigh na pasfhocail réamhshocruithe
    • Tagann an ródaire gan sreang le pasfhocail réamhshocruithe iontu. Dé gnáth bíonn a leithid de ‘admin’ mar ainm úsáideora agus mar pasfhocal. Níl aon maith sna pasfhocail seo. Tá siad ar eolas ag na daoine gur mian leo seilbh a fháil ar do cheangal leathanbhanda. Déan cinnte go n-athraíonn tú an ainm úsáideora agus an pasfhocal, mas féidir.
    • Úsáid meascán de uimhreacha, litreacha beaga, ceann litreacha agus carachtair speisialta sa pasfhocal agus bíodh ar a laghad ocht carachtair in iomlán ann.
      • m.sh, úsáid 1 in áit i agus 3 in áit e
      • m.sh. úsáid carachtair ar nós . , # ~ ? *
  • Cur srian ar rochtain
    • Gur slándáil bunaithe ar seoladh MAC (media access control) i bhfeidhm. Tá seoladh MAC ag an uile píosa trealamh teicniúil gur féidir ceangal leis an idirlíon. Is féidir bac a chur ar aon píosa trealamh nach bhfuil ar do líosta rochtain a fháil ar an ceangal.
  • Déan criptiúchán ar na sonraí ar do líonra
    • Agus tú ag roghnú ródaire gan sreang déan cinnte go dtacaíonn an gléas sin le WPA (Wi-Fi Protected Access). Déanann an teicneolaíocht seo criptiúchán ar na sonraí ar fad a seoltar thar an líonta a athrú sa chaoi is nach féidir le aon duine iad a léamh agus a thuiscint. Is féidir leat an SSID (Service Set Identifier) a athrú le cosc a chur ar daoine fáil fhad le do líonra. Tá sé fíordheacair é a thomhas de bharr go bhfuil sé déanta suas de 32 litir i sraith amháin.
  • Cur Balla Dóiteáin le do líonra
    • Is féidir leat balla dóiteáin a chur leis an líonra chomh maith le do ríomhaire pearsanta le slándáil níos fearr a chur ar an líonra.
  • Déan cinnte go bhfuil frith-víreas suas chun dáta agat
    • De gnáth bíonn breis tacaíocht ag na feidhmchláir seo le cosaint in éadan Trojan Horses agus Spyware.


An féidir liom ceangal DSL (Digital Subscriber Line) a fháil?

Nuair a labhraíonn duine faoi leathanbhanda is ceangal DSL atá siad ag caint faoi. Go fóill tá an t-uafás teaghlaigh sa tír seo nach féidir an ceangal seo a fháil. Is féidir do líne teileafón a sheiceáil le seo a chinntiú. Tá suíomh idirlíon ag an rialtas le cabhrú leat seo a sheiceáil atá neamhspleách ó comhlacht teileachumarsáide ar bith.



www.broadband.gov.ie


Is féidir leat d’uimhir guthán a cur isteach sa suíomh idirlíon seo agus é a sheiceáil i gcomhair an féidearthacht ceangal DSL a fháil agus ansin beirfidh sé líosta duit de na comhlachtaí ar fad atá ann le freastal ort.


Tá leárscáil acu chomh maith gur féidir leat d’áit féin a aimsiú ann agus a sheiceáil céard iad na seirbhísí atá ar fáil duit.


Ebay.ie

EBay

Bíonn an-úsáid á bhaint as EBay sa lá atá inniu ann. Is féidir aon rud ar chor ar bith a cheannach ar EBay. Le bliain anuas tá leagan Éireannach den suíomh ar fáil darbh ainm EBay,ie. An difear idir EBay.com agus EBay.ie ná go mbíonn an líosta tairgí liostáilte in ord difriúil – an cheann is giorra den tír seo ar barr.


Bíonn rudaí ar fáil i bhfad níos saoire ar EBay ná gnáth siopaí. An mbealach a tarlaíonn seo ná nach mbíonn na costais céanna ar na díoltóirí is a mbíonn i gnáth siopa. Is suíomh C2C (Tomhaltóir go Tomhaltóir) atá anseo – sé sin gur féidir le aon úsáideoir rudaí a dhíol nó rudaí a cheannach. Oibríonn an díol seo ar bhonn ceant. Faigheann an duine leis an praghas is airde an tairge.


I dtús báire caithfidh an úsáideoir clárú leis an suíomh. Mar cuid den próiséas seo caithfidh an úsáideoir ainm úsáideora a roghnú agus a chuid sonraí pearsanta a líonadh isteach. Caithfidh tú do chuid sonraí a líonadh isteach i gcomhair íocaíocht. Úsáideann EBay córas darbh ainm PayPal leis na híocaíochtaí ar fad a láimhseáil. Ag úsáid an modh seo is féidir le EBay airgead a chur ar do chuntas má dhíolann tú rud éigin agus airgead a bhaint uait má cheannaíonn tú rud éigin. Ag úsáid an modh seo caithfidh tú cuntas PayPal a chruthú. Bíonn sonraí fút féin agus faoi do charta creidmheasa ag teastáil anseo. Agus an cuntas cruthaithe agat is féidir tosnú ag ceannach rudaí nó ag díol rudaí.

Ceannach

Is féidir tairge ar bith a aimsiú ar EBay. Níl le déanamh ach ainm an tairge a clóbhualadh isteach agus cuardach a dhéanamh. Is beag rud nach féidir aimsiú ar EBay. Mas rud é go bhfuil suim agat tairge a cheannach tá dhá rogha agat. Is féidir dul sa seans nó “Buy it Now” a phiocadh. Mas rud é go bhfuil tú chun dul sa seans níl le déanamh ach cliceáil ar an tairge agus “Place Bid” a roghnú. Anseo líonann tú isteach an méid is mó atá tú sásta a caitheamh ar an tairge. Má ardaíonn an praghas níos airde ná an suim seo caileann tú an ceant mura ardaíonn tú an praghas arís.


Díol

Is féidir leat rudaí a dhíol ar EBay chomh maith. Déanann an-chuid daoine slí bheatha maith as an cur chuige seo. Go bunúsach tá margadh ann d’aon tairge ar bith ar EBay. Mas rud é go bhfuil am le spáráil agat bain triail as cúpla rud a dhíol, cuireadh sé ionadh ort an méid airgead atá le déanamh.


MyEbay

Tá cuid den suíomh gur féidir leat amharc ar na hidirbhirt ar fad atá déanta agat agus teachtaireachtaí a sheoladh chuig díoltóir nó cheannaitheoirí agus aiseolas a fhágáil fúthu. Muna raibh tú sásta le tairge is féidir an aiseolas sin a fhágáil le cabhrú le úsáideoirí eile.

An bhfuil praghsanna maith ann?

Rinne mé féin chuid de mo siopadóireacht Nollag ar an suíomh seo. Ar tairge amháin sábhail mé 50% i gcomparáid le siopa i mBaile Átha Cliath. Tá praghsanna maith ann ach caithfear a bheith cúramach nach dtéann tú thar fóir ó thaobh praghas de. Roghnaigh uasmhéid don tairge sula tosaíonn tú cogadh praghsanna.

Sampla

Mas rud é go bhfuil daoine ag iarraidh breis airgead a dhéanamh le díol as na costais sa teaghlach is sampla maith é ebay. Seachtain ó shin mar tastáil d’imigh mé go Leitir Ceanainn agus Doire le earraí a cheannach le €50. Chuaigh mé chuig na siopaí ríomhaireachta le cluichí don Playstaion, Wii agus Xbox 360 a cheannach ar na praghsanna is fearr go raibh mé in ann a aimsiú. Faoi dheireadh cheannaigh mé cúig cluiche leis an €50.

Praghas Ceannacháin:

Gaelic Games Double Pack (PS2) €12

Gaelic Games Double Pack (PS2) €12

The Darkness (PS3) €6

Beowulf (PS3) €6

Bioshock (Xbox 360) €10

Iomlán €46

Praghas Díolacháin:

Gaelic Games Double Pack (PS2) €18

Gaelic Games Double Pack (PS2) €20

The Darkness (PS3) €8

Beowulf (PS3) €10

Bioshock (Xbox 360) €16

Iomlán €72

Brabach €26

Ní mórán é €26 ach le fíor bheagán oibre bhí mé in ann airgead a gnóthú. Má dhéantar seo ar scála níos mó is féidir leat slí bheatha a dhéanamh as.

Cúpla nod:

  • Pioc tairgí a bhfuil suim agat féin iontu
  • Pioc tairgí a bhfuil éadtrom le costas ar postas a choinneáil íseal
  • Pioc tairgí nach mbeadh ar fáil i ngach áit ar domhain.
  • Déan iarracht brabach beag a dhéanamh ar an postas
  • Bí cinnte go bhfuil meitichlibeanna cliste pioctha agat
  • Bí cinnte go bhfuil cur síos cruinn déanta ar na tairgí