Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 01, 2008

An Nuacht is Déanaí i Domhain na Teicneolaíochta




An Aontas Eorpach ag cur leathanbhanda ar fáil do gach duine

Tá an Aontas Eorpach ag obair ar plean leathanbhanda a chur ar fáil do gach aon teaghlach san Aontas. Faoi láthair tá an-chuid tíortha, an cheann seo ina measc nach bhfuil fáil ag céatadán ard den daonra ar leathanbhanda. Ar an taobh eile den scéal tá tíortha eile agus iad i bhfad chun tosaigh ar nós An Danmhairg, Lucsamburg agus an Bheilg, áit gur féidir 100% den na daoine ceangal leathanbhanda a fháil sa bhaile. De réir staitisticí reatha ní féidir le ach 36% den daonra san Aontas Eorpach ceangal leathanbhanda a fháil, figiúr atá i bhfad ró-íseal agus nach bhfuil ag tacú le fiontraíocht.

Sé an impleacht atá ann nuair nach féidir leat teacht ar ceangal leathanbhanda ná go mbíonn an eacnamaíocht thíos leis. Amharc ar an líon daoine gur féidir leo fostaíocht a chruthú dóibh féin mas rud é go bhfuil ceangal leathanbhanda ar fáil dóibh. Níl aon rud ag stopadh duine ag chruthú gnó beag ar a leithid de eBay ag díol gach sórt rud. Tá aithne agamsa ar daoine a ndéanann slí bheatha deas compordach as eBay, ach is féidir dearmad a dhéanamh de seo muna bhfuil an luas ceart ar an ceangal idirlíon.

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach an reachtaíocht seo a fháil déanta faoi 2010 agus é a bheith ann go dlithiúil. Feicfimid conas mar a éiríonn leis an plean seo.



iPod Nano nua ar an Mhargadh



Tá Apple tar éis lainseáil a dhéanamh ar iPod Nano nua. Sé an rud atá sa Nano ná an iPod is lú le scáileán físe. Is féidir éisteacht le ceol ar an máisín beag seo nó amharc ar scannáin. An praghas ar an iPod seo ná thart ar €139 don leagan 8GB agus €189 don leagan 16GB. Is dócha an rud is nuálaí san iPod seo ná an chaoi gur féidir é a bhogadh agus athraíonn an leagan amach ar an scáileáin ag brath ar cén bealach a bhfuil tú ag amharc ar.


Is dócha ceann de na rudaí is fearr faoi lainseáil den chineál seo ná go titeann an luach ar an sean iPod Nano. Níl aon rud cearr leis an sean iPod ar chur ar bith agus beidh tú in ann iad a phiocadh suas ar luach an íseal sna seachtainí atá amach romhainn. Chonaic mé go bhfuil an praghas orthu tar éis titim €50 i roinnt siopaí i Leitir Ceanainn.



anlionra.net – Bebo na Gaeilge



Tá anlionra.net ag dul ó neart go neart faoi láthair agus an líon úsáideoirí ag méadú ar an suíomh idirlíon cumhachtach seo. Oibríonn sé an-chosúil le Bebo ach amháin go bhfuil gach uile rud trí mheán na Gaeilge. Is féidir leat Fís, Fuaim, Grianghraif, blaganna agus eolas fút féin a chur ar fáil ar an suíomh seo agus cairde nua a dhéanamh. Tionchar mór ar an suíomh seo ná an líon foghlaimeoirí thar lear agus iad ag iarraidh cleachtadh a fháil agus snas a chur ar a chuid Gaeilge. B’fhiú an suíomh seo a thriail.



Raidió RíRá – http://www.raidiorira.ie/


Tá stáisiún raidió nua ann don aos óg darbh ainm Raidió RíRá. Craoltar an stáisiún seo ar-líne amháin. Is féidir éisteacht leis na scéalta is déanaí faoi na réalta is mó ar domhain agus pé scannal a chloisteáil atá ar fáil. Tá altanna ann gur féidir a léamh chomh maith. Is féidir vótáil ar shon amhrán a chloisteáil am ar bith. Tá an suíomh seo an-snasta agus ba chóir súil a chaitheamh ar!

No comments: