Dé Máirt, Bealtaine 26, 2009

An bhfuil muid ag chosaint ár gcuid paistí?


Sa lá atá inniu ann tá an líon ilmheán atá ar fáil i ngach uile foirm ag méadú agus ag éirí níos réalaí. Is cuma mas scannán, póstaeir, iris nó cluiche ríomhaireachta atá ann tá na grafaicí, íomhanna, fuaimeanna agus téamaí ag láidriú bliain tar éis bliain.




Le teacht an idirlíon tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra súil a choinneáil ar páistí agus déagóirí agus an méid a bhíonn ar bun acu ar ríomhaire. Is féidir leo scannáin a íoslódáil, ceol a íoslódáil agus cluichí a íoslódáil agus toiseacht ag baint úsáide as na meáin seo.

An bhfuil a fios againn céard atá ár chuid paistí ag déanamh? Don mórchuid tá – ach tá an céatadán beag sin ann atá ag déanamh rudaí ar an ríomhaire i ngan fhios dúinn.

Cur i gcás an páiste / déagóir glic nach bhfuil ach ceithre bhliain déag d’aois agus atá ag iarraidh an scannán ar a bhfuil teastas 18 ceangailte leis. Ní féidir leo é a fheiscint sa phictiúrlann, ní féidir leo é a fháil amach ar cíos agus ní féidir leo é a cheannach. An bhfuil aon rud ag cur cosc orthu é a íoslódáil i bhfoirm digiteach agus amharc ar fiú ar iPod nó Sony PSP? Ar an droch uair sé freagra na ceiste seo ná – níl. Caithfimid reachtaíocht níos deise a thabhairt isteach le páistí a chosaint in éadan seo agus go dtí sin caithimid a chinntiú go bhfuil muid ag glacadh na roghanna ceart sa bhaile le seo a sheachaint.


IFCO (Irish Film Classification Office / Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann)




Tá IFCO i gceannas ar socruithe a chur i bhfeidhm ó thaobh teastas a bhronnadh ar scannán nó cluiche sa tír seo. Is annamh a bhfuil scannán nó cluiche coiscthe sa tír seo ach tarlaíonn sé.

Tá leagadh amach difriúil ann do na teastais atá ann ag brath ar mas pictiúrlann nó físeán/DVD atá i gceist.

Seo é an bealach a n-oibríonn na teastais difriúla:


Pictiúrlann
G - Ginearálta – Oiriúnach go gach duine
PG – Treoir Tuismitheora – Iarrtar ar tuismitheoirí a bheith in éineacht le páistí níos óige.
12A – Íosaois iontrála ná 12 ach is féidir le páistí níos óige a bheith i láthair in éineacht le tuismitheoir.
15A - Íosaois iontrála ná 15 ach is féidir le páistí níos óige a bheith i láthair in éineacht le tuismitheoir.
16 – Íosaois iontrála ná 16.
18 – Íosaois iontrála ná 18.

DVD/VHS
G – Ginearálta – Oiriúnach do gach duine
PG - Treoir Tuismitheora - Iarrtar ar tuismitheoirí a bheith in éineacht le páistí níos óige.
12 - Oiriúnach d’aon duine atá 12 d’aois nó os a choinn.
15 - Oiriúnach d’aon duine atá 15 d’aois nó os a choinn.
18 - Oiriúnach d’aon duine atá 12 d’aois nó os a choinn.

Tá sé suimiúil an bealach a bhfuil na teastais seo difriúil agus go bhfuil an seans ann go mbeadh duine in ann scannán a fheiscint ar físeán ach ní bheadh siad in ann an scannán céanna a fheiscint sa phictiúrlann!

Le teacht a leithid de piratebay.org agus suíomhanna atá bainteach le comhain torrent is féidir le duine íoslódáil a dhéanamh ar scannán ar bith – fiú sula dtagann sé amach sna phictiúrlainne!

Windows Parental Controls

Is féidir le daoine socruithe difriúla a chur i bhfeidhm i Windows le paistí a chosaint in eadan ilmheán nár chóir go mbeadh rochtain acu ar. I measc na nithe atá ann tá:

Srian ar an Idirlíon: Blocáil a dhéanamh ar suíomhanna idirlíon ar a bhfuil ábhair pornagrafaíochta, drugaí, ríomhphost gréasáin, toirt teachtaireachtaí agus íoslódáil.



Teorann Ama: Is féidir teorann ama a chur ar úsáid an ríomhaire chuile lá. Leis an socrú seo is féidir a chinntiú nach mbíonn paistí ag úsáid an ríomhaire ar feadh treimhsí fada.

Srian ar cín chineáil cluichí: Le teacht na nuatheicneolaíocht tá an chineál cluiche ag athrú an t-am ar fad agus tá siad ag éirí i bhfad níos réalaí. Is féidir bac a chur ar cluiche bunaithe ar an teastas atá bronnta ar ag an ESRB, PEGI, BBFC nó IFCO.

Srian ar feidhmchlár áirithe: Is féidir leat srian a chur ar feidhmchlár áirithe chomh maith.

Tuairisc Gníomhaíocht: Is féidir tuairisc a ghiniúint den gníomhaíocht a bhí ag an ríomhaire agus a fheiscint go díreach céard a bhí ar bun ag duine ar léith agus cén uair a tharla sé.

Cluichí

Is féidir leat srian a chur ar na máisín seo a leanas ó thaobh an chineál cluiche gur féidir a imirt.

Playstation 3
Playstation Portable
Xbox 360
Nintendo Wii
Nintendo DSi (Níl an srian seo ar fáil ar an gnáth DS)



Is féidir gan cead a thabhairt do phaistí cluichí nach bhfuil deartha don aois sin a choinneáil amach. Chreid nó ná chreid, cé go bhfuil íomha ag an Wii go bhfuil sé deartha do phaistí an tá an t-aon cluiche atá cosc dlithiúil ar sa tír seo deartha don Wii, Manhunt 2. I measc na cluichí foréigneach eile don máisín soineanta seo tá Madworld, Resident Evil 4, Resident Evil Umbrella Chronicles agus go leor eile. B’fhiú a bheith cúramach.

Má tá cosc dlithiúil ar cluiche ní féidir é a cheannach?

Cé go bhfuil cosc ar an cluiche Manhunt 2 don Wii sa tír seo níl aon cosc ar i dTuaisceart Éireann. Is féidir le déagóir siúl isteach i siopa i nDoire, mar shampla, agus é a cheannach ansin, cé go bhfuil sé mídhleathach sa tír seo. Is féidir é a cheannach ar líne i siopaí aitheanta gan aon fhadhb chomh maith.

An focal scoir
B’fhiú dúinn a bheith cúramach agus na páistí i mbun oibre ar an ríomhairí nó agus iad ag baint úsáide as an máisín cluichí sa bhaile. Níor chóir imeacht thar fóir ach b’fhiú díreach suim a léiriú sa rud a bhíonn ar bun ag na páistí.