Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 29, 2008

Linux – Níos fearr ná Microsoft Windows?


Is beag duine atá ar an eolas faoi Linux. ‘Séard atá ann ná córas oibriúchán saor in aisce atá in iomaíocht leis na córais atá ag Windows. Tá sé bunaithe ar an sean córas UNIX. Níl sé deartha le brabach a dhéanamh agus le obair deonach ar fad a chuirtear le chéile é. Tá an méid den mhargadh atá ag Linux ag méadú i gcónaí agus tá an-chuid bogearraí á chur ar fáil le leagan speisialta atá deartha le feidhmiú le Linux.


Stair

Rinne fear darbh ainm Linus Torvalds an chéad leagan de Linux i 1991. Bhí Torvalds mar mac léinn ollscoile ag an am agus bhí an píosa bogearra seo mar chuid den tráchtas a chur sé le chéile. Ón am sin ar aghaidh thosaigh daoine ag cur suim i Linux agus ag baint úsáid as sa bhaile agus san obair. Thosaigh dreamanna triú pháirtí ar nós Slackware, Debian agus Red Hat ag cur suim i Linux agus ag déanamh forbairt ar.




Úsáid

Asus Eee PC

Tá leaganacha den Asus Eee PC ar fáil le Linux mar córas oibriúchán. Meastar go feidhmíonn na ríomhairí glúine seo níos gaiste ná na leaganacha le Windows mar córas oibriúchán.


Acer Aspire One

Seo ríomhaire glúine eile atá ar fáil in an-chuid siopaí ar praghas an-íseal. Chonaic mé é ar díol thar na deireadh seachtaine i siopa i Chiarraí ar €260.


Dell

Tá Dell ag díol ríomhairí anois leis an córas oibriúchán Linux orthu. Siad na ríomhairí le Linux atá acu ná an Inspiron 1420N, Inspiron 1525N agus an XPS M1330.


OLPC

Seo an ríomhaire atá ag MIT agus an aidhm atá acu ná an ríomhaire a chur ar fáil do gach páiste scoile ar domhain. An costas ar an ríomhaire seo ná thart ar €119.


Playstation 2 agus Playstation 3

Is féidir Linux a chur ar an Playstation 2 agus an Playstation 3. I rith na seachtaine chur mé Linux ar an Playstation 2 sa bhaile agus anois feidhmíonn sé ar nós gnáth ríomhaire deisce. Is féidir dul ar an idirlíon, próiseáil focal a dhéanamh, na cuntais sa bhaile a dhéanamh i scarbhileog.


iPod

Is féidir Linux a chur ar obair ar an iPod chomh maith agus níos mó feidhmeanna a chur ar fáil.


Todhchaí

Is córas an-chumhachtach í Linux a feidhmíonn i bhfad níos fearr ná Windows ar go leor bealaí. Tá sé díreach chomh easca céanna le Windows ó thaobh úsáid de. Tá níos lú seans víreas a fháil ar ríomhaire le Linux de bharr go bhfuil formhór de na víreas deartha le ionsaí a dhéanamh ar tairgí Microsoft. Tá na milliún paistí scoile ag úsáid Linux in ait Windows le gearradh siar a costais bogearraí ach tá gach aon seans go leanfaidh na paistí scoile seo ar aghaidh ag úsáid Linux amach anseo. De bharr nach úsáideann Linux an oiread céanna achmhainní chuimhne le Windows is féidir saolré nua a thabhairt do sean trealamh le Linux. Níl aon rud ag stad duine ag cur Windows agus Linux ar an ríomhaire céanna agus an cinneadh cén córas atá ag teastáil a dhéanamh agus an ríomhaire ag toiseacht suas. Is cinnte go bhfuil todhchaí gheal ag Linux agus go bhfuil an líon úsáideoirí chun dul i méid.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 22, 2008

Trees Don't Grow To The Sky - Géarscrúdú a dhéanamh ar margadh tithíochta na hÉireann


Le Déanaí tá chuid mhór cainte faoin margadh tithíochta in Éirinn. Bíonn gach duine ag labhairt faoin mbealach a bhfuil praghsanna ag titim agus an dochar atá déanta do eacnamaíocht na tíre dá bharr. Tá daoine óga agus iad tar éis morgáistí móra a fháil agus iad ag amharc ar easnamh cothromais amach anseo. Rud nach bhfuil an-chuid de na saineolaithe ag labhairt faoi ná cén céatadán de titim atá tar éis teacht ar praghsanna tithe agus is cinnte go bhfuil difir sa céatadán seo ag brath ar cén chuid den tír ina bhfuil an teach. Tá daoine eile a fheiceann an margadh mar atá ann faoi láthair mar deis infheistíocht a dhéanamh. Is cinnte go dtiocfaidh an margadh arais agus is cinnte go mbeidh daoine ag déanamh infheistíocht le brabach a bhaint amach sa todhchaí.


An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar suí
omh idirlíon a ndéanann léirmheas ar agus a choinníonn súil ar na athruithe atá tagtha ar luach tithe thar tréimhse. Phiocann an suíomh seo suas ar aon athrú atá tagtha ar teach ón chéad lá a cuireadh fógra suas ar an idirlíon ag fógairt go bhfuil an teach ar díol. An t-ainm atá ar an suíomh seo ná www.treesdontgrowtothesky.com .


Ag amharc ar cuardach ar Gaoth Dobhair ar an suíomh seo tá sé soiléir go bhfuil an praghas ar tithe ag titim. An ísliú is mó a bhí mé in ann a phiocadh suas i gcás teach i cheantar Gaoth Dobhair ná Cúl na Toinne, béal doras le Óstán Radharc na Mara. Tá an praghas ar na tithe sin titithe 22.9% ón am gur tháinig siad ar an mhargadh. ‘Sé sin athrú ó €240,000 go €185,000.




Tá Station Homes atá taobh le Oifig an Phoist, Gaoth Dobhair titithe 21.5%. Thosaigh siad amach ag €325,000 agus anois tá siad €255,000.



Don mór chuid siad tithe atá in eastáit tithíochta atá ag chailliúint an méid is mó luach i nGaoth Dobhair.

Tá ceantracha eile sa tír atá níos measa as. Tá teach galánta i Whiddy Island, Bantry Bay íslithe 51% ó €1,000,000 go €490,000.



Tá teach i Killiney i mBaile Átha Cliath, ait ina bhfuil na réalta mór le rá agus na daoine gnó mór le rá ina chonaí ar an suíomh le titim 50% ar an praghas ó €4,500,000 go €2,250,000.



Tá an cuid is mó de na athruithe seo tar éis tarlú in imeacht leathbhliain. Má fhanann daoine píosa beag am breise seans go mbeidh íslithe eile ann agus an deis tithe a cheannach ar praghsanna an-réasúnta.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 15, 2008

Níos mó eolas ar líne faoi Buiséad 2009


Tharla an buiséad inné i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath. As an méid a bhí cloiste tá ar gach duine smaoineamh faoi a chuid caiteachas agus ar bealach amháin nó ar bealach eile gearradh siar ar an líon caiteachas bliantúil a bhíonn acu. Tá an cuma ar na staitisticí nach bhfuil aon duine sa tír nach bhfuil thíos leis an méid atá tarlaithe. Uaireanta bíonn sé deacair teacht ar na fíricí a bhaineann leis an buiséad ach tá neart acmhainní ar fáil ar líne le tacú linn. Inniu támuid chun súil a chaitheamh ar cuid de na acmhainní sin.



www.finfacts.com
Seo suíomh atá dírithe go hiomlán ar cúrsaí airgeadas agus chéanna féin tá an-chuid anailís déanta acu ar an buiséad agus céard a chiallaíonn sé do gach duine. I measc na nithe atá acu ar an suíomh seo tá ailt nuachta atá scríofa i gcomhpháirtíocht le Deloitte agus neart staitisticí maidir le eacnamaíocht na tíre thar tréimhse roinnt blianta. Tá bosca speisialta ar an suíomh chomh maith a ndéanann déileáil leis an príomh pointí a eascraíonn as an méid a chur Brian Lenihan ar fáil inné.



www.budget.gov.ie
Seo an suíomh oifigiúil atá ag an rialtas ó thaobh an buiséad de. Ar an suíomh seo is féidir leat an tráchtas ar fad a chur an tAire Airgeadas ar fáil a léamh. Tá gach rud anseo ar fáil trí mhéan na Gaeilge chomh maith.




www.rte.ie/money/budget2009
Seo an suíomh idirlíon atá curtha le chéile ag RTÉ don buiséad. Tá an t-uafás ar fáil ar an suíomh seo idir tuairisc nuachta, raidió agus teilifíse. Bíonn altanna nua curtha ar an suíomh seo an t-ám ar fad. Déanann an suíomh seo plé ar na himpleachtaí atá ann do gach chineál duine. B’fhiú do gach duine súil a chaitheamh ar an suíomh seo.




Áireamhán Cánach Ernst and Young - www.eybudget.ie
Tá an suíomh seo deartha le insint duit céad iad na himpleachtaí atá ann dóibh. Is féidir a chur isteach cén ioncam atá agat agus an stádas pósta/clainne atá agat agus an ioncam tar éis cánach a oibriú amach.



Roinnt suíomhanna eile a ndéanann an buiséad a phlé:

www.deloittebudget.ie

www.irishtimes.com
www.taxcalc.eu

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 08, 2008

Logainmneacha ar-líne


Tá bunachar sonraí de logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag Fiontar (DCU) agus An Brainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) ar an suíomh seo. Cuireadh tús leis an gcéad chéim den obair in Aibreán 2007 agus seoladh Bunachar Logainmneacha na hÉireann go poiblí ag tús Dheireadh Fómhair 2008.



Tá an acmhainn seo dírithe ar riachtanais iriseoirí agus aistritheoirí, mac léinn agus múinteoirí, mar aon le staraithe agus taighdeoirí ginealais. Áis don phobal atá ann, d’Éireannaigh sa bhaile agus thar lear, agus spreagfaidh sí spéis i saibhreas agus i saíocht logainmneacha na hÉireann.
Ba é sprioc an tionscadail na logainmneacha uile atá deimhnithe ag an mBrainse Logainmneacha a chur ar fáil don phobal ar an Idirlíon agus iad inchuardaigh i nGaeilge agus i mBéarla, agus na gnéithe seo a fhorbairt freisin:
Córas aistriúcháin chun tiontú comhuaineach Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge a dhéanamh ar liostaí logainmneacha.
Fuaim a chur le logainmneacha áirithe. Tá comhaid fuaime curtha le cuid de logainmneacha Chontae Phort Láirge, Chontae na Gaillimhe agus Chontae Dhún na nGall. Cuirfear comhaid fuaime le contaetha eile de réir a chéile. Tuilleadh eolais...
Nótaí eolais ar chúlra logainmneacha áirithe. Tá íomhánna scanta de chuid den fhianaise staire ar fáil ar an suíomh faoi ‘Taifid chartlainne’. Beidh cuid de na taifid sin á n-ionchur i riocht inchuardaigh sa chomhéadan poiblí de réir a chéile.



Rinneadh an leagan píolótach den suíomh a thástáil i bpáirt le buíonta úsáideoirí ó Aibreán go Meán Fómhair 2008. Bhí taithí agus tuairiscí na ndaoine seo an-luachmhar agus an leagan deiridh á fhorbairt.

logainm.ie (an dara céim) 2009-2010
Faoin gcéim seo den tionscadal déanfaidh FIONTAR cúram de bhainistiú an bhunachair agus déanfar cóiriú breise air. Faoin gcéim seo freisin, déanfar obair eagarthóireachta ar a bhfuil sa bhunachar cheana agus leanfar den obair fuaime agus d’ionchur na dtagairtí stairiúla.
Déanfar na gnéithe seo a fhorbairt freisin:
Áiseanna léarscáilíochta do shuíomh logainm.ie. Cruthófar áis chuardaigh agus áis le torthaí cuardach a léiriú ar léarscáil.
Acmhainní oideachais do dhaltaí scoile sa bhunscoil agus san iar-bhunscoil agus do mhic léinn tríú leibhéal.
Áiseanna breise don phobal ar nós nótaí míniúcháin ar ghnéithe de na logainmneacha.
Áiseanna idirghníomhacha le go bhféadfadh an pobal eolas a chur ar fáil faoi logainmneacha faoi leith.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 01, 2008

An Nuacht is Déanaí i Domhain na Teicneolaíochta




An Aontas Eorpach ag cur leathanbhanda ar fáil do gach duine

Tá an Aontas Eorpach ag obair ar plean leathanbhanda a chur ar fáil do gach aon teaghlach san Aontas. Faoi láthair tá an-chuid tíortha, an cheann seo ina measc nach bhfuil fáil ag céatadán ard den daonra ar leathanbhanda. Ar an taobh eile den scéal tá tíortha eile agus iad i bhfad chun tosaigh ar nós An Danmhairg, Lucsamburg agus an Bheilg, áit gur féidir 100% den na daoine ceangal leathanbhanda a fháil sa bhaile. De réir staitisticí reatha ní féidir le ach 36% den daonra san Aontas Eorpach ceangal leathanbhanda a fháil, figiúr atá i bhfad ró-íseal agus nach bhfuil ag tacú le fiontraíocht.

Sé an impleacht atá ann nuair nach féidir leat teacht ar ceangal leathanbhanda ná go mbíonn an eacnamaíocht thíos leis. Amharc ar an líon daoine gur féidir leo fostaíocht a chruthú dóibh féin mas rud é go bhfuil ceangal leathanbhanda ar fáil dóibh. Níl aon rud ag stopadh duine ag chruthú gnó beag ar a leithid de eBay ag díol gach sórt rud. Tá aithne agamsa ar daoine a ndéanann slí bheatha deas compordach as eBay, ach is féidir dearmad a dhéanamh de seo muna bhfuil an luas ceart ar an ceangal idirlíon.

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach an reachtaíocht seo a fháil déanta faoi 2010 agus é a bheith ann go dlithiúil. Feicfimid conas mar a éiríonn leis an plean seo.



iPod Nano nua ar an Mhargadh



Tá Apple tar éis lainseáil a dhéanamh ar iPod Nano nua. Sé an rud atá sa Nano ná an iPod is lú le scáileán físe. Is féidir éisteacht le ceol ar an máisín beag seo nó amharc ar scannáin. An praghas ar an iPod seo ná thart ar €139 don leagan 8GB agus €189 don leagan 16GB. Is dócha an rud is nuálaí san iPod seo ná an chaoi gur féidir é a bhogadh agus athraíonn an leagan amach ar an scáileáin ag brath ar cén bealach a bhfuil tú ag amharc ar.


Is dócha ceann de na rudaí is fearr faoi lainseáil den chineál seo ná go titeann an luach ar an sean iPod Nano. Níl aon rud cearr leis an sean iPod ar chur ar bith agus beidh tú in ann iad a phiocadh suas ar luach an íseal sna seachtainí atá amach romhainn. Chonaic mé go bhfuil an praghas orthu tar éis titim €50 i roinnt siopaí i Leitir Ceanainn.



anlionra.net – Bebo na Gaeilge



Tá anlionra.net ag dul ó neart go neart faoi láthair agus an líon úsáideoirí ag méadú ar an suíomh idirlíon cumhachtach seo. Oibríonn sé an-chosúil le Bebo ach amháin go bhfuil gach uile rud trí mheán na Gaeilge. Is féidir leat Fís, Fuaim, Grianghraif, blaganna agus eolas fút féin a chur ar fáil ar an suíomh seo agus cairde nua a dhéanamh. Tionchar mór ar an suíomh seo ná an líon foghlaimeoirí thar lear agus iad ag iarraidh cleachtadh a fháil agus snas a chur ar a chuid Gaeilge. B’fhiú an suíomh seo a thriail.



Raidió RíRá – http://www.raidiorira.ie/


Tá stáisiún raidió nua ann don aos óg darbh ainm Raidió RíRá. Craoltar an stáisiún seo ar-líne amháin. Is féidir éisteacht leis na scéalta is déanaí faoi na réalta is mó ar domhain agus pé scannal a chloisteáil atá ar fáil. Tá altanna ann gur féidir a léamh chomh maith. Is féidir vótáil ar shon amhrán a chloisteáil am ar bith. Tá an suíomh seo an-snasta agus ba chóir súil a chaitheamh ar!