Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 08, 2008

Logainmneacha ar-líne


Tá bunachar sonraí de logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag Fiontar (DCU) agus An Brainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) ar an suíomh seo. Cuireadh tús leis an gcéad chéim den obair in Aibreán 2007 agus seoladh Bunachar Logainmneacha na hÉireann go poiblí ag tús Dheireadh Fómhair 2008.



Tá an acmhainn seo dírithe ar riachtanais iriseoirí agus aistritheoirí, mac léinn agus múinteoirí, mar aon le staraithe agus taighdeoirí ginealais. Áis don phobal atá ann, d’Éireannaigh sa bhaile agus thar lear, agus spreagfaidh sí spéis i saibhreas agus i saíocht logainmneacha na hÉireann.
Ba é sprioc an tionscadail na logainmneacha uile atá deimhnithe ag an mBrainse Logainmneacha a chur ar fáil don phobal ar an Idirlíon agus iad inchuardaigh i nGaeilge agus i mBéarla, agus na gnéithe seo a fhorbairt freisin:
Córas aistriúcháin chun tiontú comhuaineach Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge a dhéanamh ar liostaí logainmneacha.
Fuaim a chur le logainmneacha áirithe. Tá comhaid fuaime curtha le cuid de logainmneacha Chontae Phort Láirge, Chontae na Gaillimhe agus Chontae Dhún na nGall. Cuirfear comhaid fuaime le contaetha eile de réir a chéile. Tuilleadh eolais...
Nótaí eolais ar chúlra logainmneacha áirithe. Tá íomhánna scanta de chuid den fhianaise staire ar fáil ar an suíomh faoi ‘Taifid chartlainne’. Beidh cuid de na taifid sin á n-ionchur i riocht inchuardaigh sa chomhéadan poiblí de réir a chéile.



Rinneadh an leagan píolótach den suíomh a thástáil i bpáirt le buíonta úsáideoirí ó Aibreán go Meán Fómhair 2008. Bhí taithí agus tuairiscí na ndaoine seo an-luachmhar agus an leagan deiridh á fhorbairt.

logainm.ie (an dara céim) 2009-2010
Faoin gcéim seo den tionscadal déanfaidh FIONTAR cúram de bhainistiú an bhunachair agus déanfar cóiriú breise air. Faoin gcéim seo freisin, déanfar obair eagarthóireachta ar a bhfuil sa bhunachar cheana agus leanfar den obair fuaime agus d’ionchur na dtagairtí stairiúla.
Déanfar na gnéithe seo a fhorbairt freisin:
Áiseanna léarscáilíochta do shuíomh logainm.ie. Cruthófar áis chuardaigh agus áis le torthaí cuardach a léiriú ar léarscáil.
Acmhainní oideachais do dhaltaí scoile sa bhunscoil agus san iar-bhunscoil agus do mhic léinn tríú leibhéal.
Áiseanna breise don phobal ar nós nótaí míniúcháin ar ghnéithe de na logainmneacha.
Áiseanna idirghníomhacha le go bhféadfadh an pobal eolas a chur ar fáil faoi logainmneacha faoi leith.

1 comment:

Anonymous said...

Iontach maith.