Showing posts with label Suíomh Idirlíon. Show all posts
Showing posts with label Suíomh Idirlíon. Show all posts

Dé Luain, Samhain 15, 2010

Polaiteoirí Dhún na nGall ag baint úsáide as an idirlíon agus iad i mbun feachtas




Le blianta beaga anuas tá polaiteoirí tar éis úsáid a bhaint as líonraí sóisialta le teagmháil a dhéanamh le lucht leanúna agus le lucht leanúna nua a mhealladh. Agus na polaiteoirí i nDún na nGall gníomhach faoi láthair bíonn níos mó agus níos mó ábhar digiteach le feiceáil.


Is dócha gurbh é Barak Obama a thosaigh an cur chuige seo agus é ag lorg ainmniúchán don fheachtas uachtarántacht i Mheiriceá. Bhí sé gníomhach le Blag a bhí aige chomh maith le líonraí sóisialta ar nós Facebook agus Twitter.


Ó shin tá polaiteoirí timpeall na cruinne tar éis páirt a ghlacadh san obair seo.


Tar éis dom beagánín taighde a dhéanamh tá sé soiléir gurbh é Pearse Doherty an polaiteoir is gníomhaí ar an idirlíon sa feachtas toghchánaíochta i nDún na nGall Thiar-Theas.


baineann Doherty úsáid as YouTube le físeáin spéisiúla a scaipeadh ar an domhain. Bíonn tráchtaireacht ar cinneadh an tArd-Chúirt le feiceáil chomh maith le polasaithe Sinn Féin.


Bíonn ar a laghad Tweet amháin in aghaidh an lae ar Twitter ag Doherty. Bíonn chuile rud á thuairisciú aige idir an íomhá a bhí ar éadas Brian Cowen agus é ag canbhásáil go dtí céard atá ar bun ag Doherty, ar an mbéalach chuig RTÉ i nDomhnach Broc don Frontline anocht is léir.


Tá leathanach Facebook á chothú ag Doherty chomh maith. Beireann an leathanch seo íomha níos daonna don iarrthóir. Chuile rud ó cén scannán is fearr leis (Toy Story, Inception, Stand By Me) go dtí cé mhéad páiste atá aige agus ainm a bhean chéile. Le cleasaíocht bheag mar seo is féidir duine a dhéanamh as polaiteoir seachas ineall atá ag obair ar son na ndaoine.


Go dtí seo níl na polaiteoirí eile ag glacadh páirt sa nuatheicneolaíocht chomh mór céanna le Doherty. Tá leathnach Facebook ag Brian Ó Domhnaill agus ag Frank McBrearty ach níl na polaitoeirí seo chomh gníomhach céanna ag uasdátú na sonraí atá acu.


Is cinnte go bhfuil an obair seo an-tábhachtach ó thaobh daoine óga a mhealladh le vóta a chaitheamh ar an 25ú den mhí seo. Beidh le feiceáil an ndéanfaidh sé seo an difríocht ar an lá.

Airm na hÉireann ag glacadh páirt i Cibear-Ghnó





Tá airm na hÉireann ag glacadh pairt i bhforbairtí nua aimseartha ar an idirlíon. Ó bhí 2008 ann tá na Forsaí Cosanta sa tír seo ag déanamh margaíocht ag baint úsáide as Twitter, Facebook, YouTube agus Flickr.


De réir Capt. Pat O'Connor tá na huirlisí thuas luaite an-mhaith le teagmháil a dhéanamh le daoine a bhfuil spéis acu páirt a ghlacadh san airm, saoránaigh le spéis acu céard atá ar bun ag an airm agus na meáin.


Tá an airm tar éis treoracha a leagadh síos ar céard atá ceadaiteh acu ar líonraí sóisialta. Go dtí seo ní raibh aon fhadhb acu.


Bhí fadhbanna ag an airm na hÍosráille nuair a d'fhógair saighdiúir go mbeidh sé ag imeacht ar turas sa West Bank. Mar thoradh ar seo bhí orthu an turas a chealú.


Beidh Pat O'Connor ag labhairt ag an gcomhdháil meáin sóisialta "Content is King", a bheas ar siúil san RDS.


Dé Máirt, Márta 02, 2010

Déan seiceáil ar stáid na bóithre


www.potholes.ie


Seo suíomh idirlíon nua atá ar fáil le tuairisciú a dhéanamh ar fadhbanna leis na bóithre timpeall na tíre. Leis an geimhridh crua atá tar éis a bheith againn is beag bóthar sa tír seo nach bhfuil damáiste de cineál éigin déanta air.

Ar an suíomh seo is féidir leat a sheiceáil an bhfuil droch bhóithre ar an turas atá idir lámh agat. Is féidir leat fadhb a thuairisciú má fheiceann tú fadhb le bóthar éigin.

Má dhéantar damáiste de do charr mar gheall ar droch stáid na bóithre tá comhairle ar fáil ar an suíomh seo má tá tú ag iarraidh an bille a sheoladh chuig an comhairle contae áitiúil.

Faoi láthair tá Contae Chorcaigh ag barr an líosta ó thaobh fadhbanna leis na bóithre, mar sin b’fhiú de muintir Dhún na nGall toiseacht ag tuairisciú na fadhbanna seo.


ApocolyPS3 - Briseann níos mó ná 15 milliúin Playstation 3 ag an am céanna

Inné bhris níos mó ná 15 milliúin Playstation 3 ag an am céanna. Tharla an fabht seo don sean leagan den PS3 nó an “Fat” mar a ghlaoitear ar. Ní raibh aon fhadhb leis an leagan nua a tháinig amach i Mí Lúnasa 2009, nó an “slim”.

Tharla an fhadhb seo mar gheall gur shíl an PS3 gur bhliain bhisigh a bhí ann i 2010, cé nach é seo an chás.

De réir Sony tá an fhadhb seo deisithe anois agus gur féidir le daoine toiseacht ag baint úsáide as na meaisín lochtach arís. Sula raibh an treoir seo tugtha ag Sony an comhairle a bhí acu ná gan an PS3 a úsáid ar chor ar bith.

Beidh le feiceáil cé mhéad dochar fadtéarmach a ndéanfaidh sé seo do Playstation agus an bhfuil siad chun muinín na custaiméirí a chailleadh mar thoradh ar an eachtra seo.

Faoi láthair tá Sony Playstation i comórtas leis an Nintendo Wii agus an Microsoft Xbox 360.



Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Airgead a shabháil!!!


www.saveafewbob.ie


Tá suíomh idirlíon nua ann darbh ainm saveafewbob.ie . Ar an suíomh seo bíonn eolas ar fáil ar conas airgead a shábháil ar roinnt tairgí éagsúla. I measc na gnéithe atá ann tá

  • Personal Finance
  • Family Spending
  • Health and Beauty
  • Lifestyle
  • Technology
  • Value Blog

Bíonn cuiditheoir mór le rá acu chomh maith ar nós Kevin Dundon, Laura Bermingham agus Adrian Weckler.

Chomh maith le sin bíonn slarmhargaidh na seachtaine acu chuile seachtain.

Is féidir an cur isteach leis an nuachtlitir seachtainiúil a fháil ar ríomhphost. Cuirfidh an ríomhphost seo tú ar an eolas ar céard iad na praghsanna is fearr atá ar fáil.


Ranganna Bunúsach Ríomhaireachta ar fáil ar líne


www.homeandlearn.co.uk


Ar an suíomh idirlíon Home and Learn is féidir ranganna bunúsach ríomhaireachta a fháil ar meascán de gnéithe ar nós:

Microsoft Word

Microsoft Excel

Microsoft Powerpoint

Dearadh Gréasán

Java

C

Visual Basic

PHP

Tá meascán do rudaí ar fáil anseo a ligeann duit breis eolas a fháil ar rudaí bunúsach a cur i gcrích chomh maith le rudaí casta ar nós ríomhchlárú.

Má tá deacrachtaí ag aon duine leis an ceangal leathanbhanda nó diallaithe sa bhaile is féidir réiteach na faidhbe a fháil anseo.

Má tá ar duine leathanach gréasán bunúsach a chruthú, arís, tá neart eolas ar fáil anseo a cuirfidh ar cumas, fiú an tosaitheoir, leathanach bunúsach a chruthú.

www.techtutorials.net


Ar an suíomh seo tá 4509 cleachtadh idirghníomhach ar fáil saor in aisce ar chuile rud a bhaineann le ríomhaireacht. Bíonn na ranganna beaga seo chomh bunúsach le pictiúir a bhogadh ó ceamara digiteach chuig an ríomhaire nó ceol a bhogadh chuig an iPod agus chomh casta le dearadh grafach 3D a dhéanamh. Tá rud éigin anseo a shásóidh chuile duine.

Lá Idirlíon Slán (Safer Internet Day) – 09/02/2010

Tharla “Safer Internet Day” inne san EU agus ghlac níos mó ná 60 tír páirt ann. Sé an seachtú lá dín cineál seo agus déanann siad iarracht tabhairt ar daoine a bheith slán agus iad ag baint úsáide as an Idirlíon.

An mana atá acu i mbliana ná “Think Before You Post”.

Tá siad ag iarradh an teachtaireacht a chur trasna chuig paistí agus déagóirí ach go háirithe, gur chóir a bheith ar an eolas faoi na dainséir atá ann ar an idirlíon agus má fheiceann tú aon rud mídhleathach ar bun ar an idirlíon ba chóir an teolas a chur ar aghaidh chuig an suíomh www.hotline.ie

Rinne an tAire Oideachais Batt O’Keefe ag lainseáil ar an feachtas seo agus mar chuid den feachtas beidh eolas á scaipeadh ar na paistí scoile timpeall na tíre faoi na dainséir a bhaineann leis an idirlíon.

Is féidir na hacmhainní uilig ar nós bileoga eolais agus póstaer a fháil ó aon leabharlann poiblí nó iad a íoslódáil ón suíomh idirlíon www.internetsafety.ie

De réir staidéir atá curtha i gcrích le déanaí tá déagóirí na tíre seo i mbaol agus iad ag baint úsáide as an idirlíon. Úsáideann 79% acu líonraí sóisialta ar nós Bebo, MySpace agus Facebook. As an líon déagóir seo deireann 62% acu nach ndéanann tuismitheoirí s’acu aon rud le iad a threorú agus iad ag baint úsáide as an idirlíon. Cé go ndeireann 58% de na tuismitheoirí go bhfuil siad sásta go bhfuil na déagóirí sábhailte ar líne.

De réir an suirbhé chuireann 66% de déagóirí sonraí pearsanta ar fail thar an idirlíon, cleachtas nach mholtar ag am ar bith.

Ceann de na staitisticí is scanrúla ná go bhfuil strainséir tar éis teagmháil a dhéanamh le 71% de déagóirí agus gur fhreagair 43% an strainséir.

Lena chinntiú go bhfuil do chuid paistí slán agus iad ag baint úsáide as an idirlíon ba chóir a chinntiú go bhfuil an leagan is déanaí den brabhsálaí idirlíon acu (IE8) agus bhfuil oideachas curtha ar fáil do na paistí faoi na nithe nár chóir a dhéanamh agus tú ag baint úsáide as líonraí sóisialta agus ríomhphost.


Gluaisteáin dara lámha gur féidir brath orthu!

beepbeep.ie

Tá suíomh idirlíon nua ar fáil anois ón eagras SIMI, údarás sa tír seo ó thaobh díolachán ghluaisteáin. Tá chuile carr ar an suíomh seo dara lámha agus is féidir brath ar an carr go bhfuil cigireacht ceart déanta air sula ndíoltar é.

Is féidir cuardach a dhéanamh de réir an cineál carr atá de dhíth ort, ar nós Hatchback, MPV, 4x4 agus araile. Ar an dóigh seo níl ort amharc ar gluaisteáin nach bhfuil suim agat féin iontu. Is féidir cuardach a dhéanamh de réir déantús nó bliain chomh maith.

Ghné an-úsáideach eile atá acu ná an feidhmiúlacht do “Showroom” féin a chruthú de na gluaisteáin uilig a bhfuil suim agat féin iontu.

Tá leárscáil ar fáil ar an leathanach baile chomh maith a ligeann duit an cuardach a cúngú síos chuig an Contae ina bhfuil tú féin.

B’fhiú cuairt a thabhairt ar an leathanach baile seo mar ní raibh aon am níos fearr ann le carr a cheannach de bharr go bhfuil na praghsanna tar éis titim an oiread sin.



Rialtas na Fraince agus na Gearmáine ag fógairt gan Internet Explorer a úsáid



Tá rialtas na Fraince agus rialtas na Gearmáine tar éis a fhógairt gur féidir go bhfuil fadhb tromchúiseach leis an brabhsálaí idirlín atá ag Microsoft, Internet Explorer. Baineann an fhadhb seo leis an slándáil atá ar fáil agus go bhfuil an baol gur féidir le Trojan Horse sleamhnú tríd córais slándála Internet Explorer. Má tharlaíonn gur féidir leis an Trojan fáil fhad leis an cruadhíosca is féidir leis seilibh a fháil ar an ríomhaire agus sonraí ar bith a sheoladh amach thar línte teileachumarsáide.

Ar an taobh eile den scéal tá Microsoft ag fógairt go bhfuil fíor beagán de baol ann agus má tá an leagan is déanaí de Internet Explorer agat, leagan a hocht, nár chóir go mbeadh aon fhadhb ann.

Tá sé tagtha chun solais le cúpla lá anuas is mar gheall ar an fabht seo gur tharla an ionsaí ar trealamh ríomhaireachta Google atá lonnaithe sa tSín. Tá Google ag déanamh machnamh faoi láthair ar chóir dóibh tarraingt amach as an tSín.

Tá saineolaithe áirithe ag moladh do daoine Mozilla Firefox, Google Chrome, Apple Safari nó Opera a úsáid go dtí go dtagann Microsoft suas le réiteach ar an fhadhb seo.

Go dtí seo níl aon dáta foilsithe ag Microsoft d’eisiúint an réiteach sin.


Feidhmeanna Breise ar an Fón Póca


An Smartphone

Sa lá atá inniu ann tá an-chuid feidhmeanna breise ar an fón póca. Ní amháin gur féidir leat scairteanna guthán a dhéanamh. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar cuid de na feidhmeanna breise atá ar fáil agus gur chóir smaoineamh faoi agus tú ag ceannach fón póca.

Ceamara

Ar an chuid is mó de na fóin póca bíonn ceamara ann. Déantar an ceamara seo a mheas bunaithe ar an líon meigapictilíní atá ar fáil. Mas rud é go bhfuil an líon meigapictilíní níos lú ná 3mp níl an íomhá ar caighdeán ard go leor le é a phriontáil go héifeachtach. Tá roinnt ceamaraí ar an mhargadh agus 8mp ar fáil orthu. Ardaíonn an ceamara ceisteanna faoi príobháideachas. Is féidir grianghraf a ghlacadh de duine agus gan fios acu féin. Is de bharr seo gur cuireadh cosc ar na fóin seo a úsáid in ionaid spóirt agus i linn snámha agus seomraí feistis. I measc na feidhmeanna atá ag an ceamara seo ná físeáin a thaifead. An cás is cáiliúla de mí-úsáid an físcheamara ná bás Saddam Hussein ag deireadh 2006. Bhí na heachtraí le fheiscint ar an idirlíon go gairid tar éis an eachtra.

MP3

Sá lá atá inniu ann is beag duine nach bhfuil tar éis a chloisteáil faoi MP3 agus an chaoi gur féidir an cartlann ceol a digitiú. Ar a lán fóin is féidir leat éisteacht leis an ceol seo agus fiú é a íoslódáil díreach ón idirlíon chuig an fón. Tá an líon stóras ar na fóin ag ardú chomh maith agus bíonn líon stóras suas go 8GB ar roinnt fóin.

Raidió

Is féidir leat éisteacht leis an raidió ar an fón. Is raidió analógach atá ann i láthair na huaire ach beidh an feidhmiúlacht ann éisteacht le raidió digiteach gan mhoill. Ardóidh sé seo an caighdeán fuaime ar an raidió agus an líon áiteanna gur féidir leat an comhartha raidió a phiocadh suas.

Teachtaireachtaí Teacs / Ilmheán

Is féidir leat teachtaireachtaí teacs a sheoladh ar gach fón póca ach bíonn feidhmeanna breise ann ó thaobh ilmheán ag brath ar an fón atá in úsáid.

Idirlíon

Is féidir teacht ar an idirlíon ar an-chuid fóin sa lá atá inniu ann. Tá an deis ann brabhsálaí breise a suiteáil ar an fón ar nós Opera agus amharc ar an fíor idirlíon in áit an idirlíon móibíleach. Caithfear a bheith cúramach agus tú ag úsáid an idirlíon. B’fhiú pacáiste a cheannach a ligeann duit méid áirithe sonraí a íoslódáil sa mhí. Muna bhfuil an pacáiste seo agat cosnaíonn gach aon meigibheart €14 in áit 3c. Ardaíonn úsáid an idirlíon ceisteanna mór do tuismitheoirí. Déanann tuismitheoirí gach rud gur féidir leo ó thaobh na paistí a chosaint agus iad ag úsáid an ríomhaire baile le fáil fhad leis an idirlíon. Bíonn pacáistí ar nós NetNanny in úsáid againn. Caithfear an rud céanna a dhénamh ar an fón póca. Tá rud ar a glaoitear Safety Net ag Vodafone le cosc a chur ar daoine dul fhad le suíomhanna nach bhfuil in oiriúint do phaistí.

GPS

Le GPS is féidir leat an fón póca a úsáid mar Satnav agus do bhealach a dhéanamh ó áit amháin go áit eile ar bhealach níos fusa.

Wi-Fi

Le Wi-Fi is féidir leat an fón póca a cheangail leis an ródaire sa bhaile agus an idirlíon a úsáid gan an bille fón a ardú.

Ag déanamh cinneadh

Agus tú ag ceannach fón póca nua b’fhiú cinneadh a dhéanamh bunaithe ar na nithe atá liostáilte san alt seo. Bí cinnte go ndéanann tú a sheiceáil an bhfuil tú i dteideal uasghrádú. Uaireanta is féidir leat fón saor in aisce a fháil de bharr go bhfuil tú i dteideal an uasghrádú seo. Bí cinnte go roghnaíonn tú an pacáiste ó thaobh praghas atá in oiriúint duit. Déan cinnte athchúrsáil a dhéanamh ar an fón, glacann an-chuid eagrais ar nós Trocaire le sean fóin le fiúntas na daoine boichte ar domhain.

Samplaí:

Apple iPhone 3Gs

Palm Pré

Blackberry Storm

Google Nexus One

Motorola Android


Comparáid Praghsanna a dhéanamh ar líne



Le airgead gan san athbhliain idir costais na Nollag le díol ag daoine agus na leibhéil turastail ag titim i gcónaí is smaoineamh maith atá ann gearradh siar ar an costas atá ar chuile chlann ar pé bealach gur féidir.

Is féidir suíomhanna idirlín a úsáid leis an comparáid praghsanna seo a dhéanamh. An seachtain seo déanfaidh muid léirmheas ar na suíomhanna seo.

Uchoose (www.uchoose.ie)


Ar an suíomh seo is féidir comparáid a dhéanamh idir praghsanna faoi na réimsí seo a leanas:

  • Fóntais (Utilities)
  • Arachas
  • Taistil
  • Airgeadas

Chomh maith le seo bíonn scéalta acu go rialta ar conas gur féidir gearradh siar ar an caiteachas sa bhaile agus faoi na treochtaí atá ann i gcás praghsanna scríofa ag a leitid de Conor Pope. Is féidir clárú leis an suíomh seo leis na scéalta seo a fháil trí Facebook, Twitter, Google, MySpace nó Yahoo.


Bíonn comórtais acu go rialta chomh maith inar féidir leat saoire beag a bhaint.

Compare.ie (www.compare.ie)


Seo suíomh Éireannach eile inar féidir le daoine naisc a fháil faoi na áiteacha gur féidir airgead a shábháil faoi na réimsí seo a leanas:

  • Leathanbhanda
  • Airgeadas
  • Gáis / Leictreachas
  • Taistil
  • Fóin Póca
  • DVD

Bíonn sladmhargaidh acu chomh maith ar earraí leictreach ar nós 40% a shábháil ar praghas an iPod Touch (€159).



Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 21, 2009

Cruthaigh suíomh idirlíon saor in aisce d’imeacht atá a reáchtáil agat





Tá suíomh idirlíon ann a ligeann duit suíomh idirlíon a chruthú saor in aisce gan mórán taithí ríomhaireachta ag teastáil. De gnáth bíonn costas ar a leithid de seirbhís ach sa chás seo ní chosnaíonn an seirbhís aon rud.
Is féidir leat teacs, pictiúr, físeáin, ceistneoir agus go leor eile a chur ar an suíomh seo ag úsáid teicneolaíochtaí ‘drag and drop’. Le blianta anuas bhí saineolas éigin ag teastáil le suíomh idirlíon agus blas beag HTML riachtanach, ach le teacht na seirbhísí seo is féidir le duine ar bith suíomh idirlíon a chruthú taobh istigh de uair a chloig. Is féidir teicneolaíochtaí ríomhthrachtáil, blag agus fiú seoladh speisialta a cheannach don suíomh ar an laithreán seo.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 20, 2009

Save a Few Bob






Tá suíomh idirlíon nua ann darbh ainm saveafewbob.ie . Ar an suíomh seo bíonn eolas ar fáil ar conas airgead a shábháil ar roinnt tairgí éagsúla. I measc na gnéithe atá ann tá

Personal Finance
Family Spending
Health and Beauty
Lifestyle
Technology
Value Blog

Bíonn cuiditheoir mór le rá acu chomh maith ar nós Kevin Dundon, Laura Bermingham agus Adrian Weckler.

Chomh maith le sin bíonn slarmhargaidh na seachtaine acu chuile seachtain.

Is féidir an cur isteach leis an nuachtlitir seachtainiúil a fháil ar ríomhphost. Cuirfidh an ríomhphost seo tú ar an eolas ar céard iad na praghsanna is fearr atá ar fáil.

Raidió DAB

Tá cláracha raidió a chraoladh ag RTÉ ar corás DAB. Cad é, an fiú é & an bhfuil craoltóirí eile go naisiúnta & go hidirnáisiúnta ag dhul leis an gcóras seo?

Tá RTÉ ag craoladh ar an córas DAB le roinnt blianta anuas ar bhonn trialach. An rud atá i gceist le DAB (Digital Audio Broadcasting) ná raidió gur féidir a sholáthar go digiteach. Mar gheall ar an modh seachada seo is féidir a chinntiú go bhfuil an caighdeán fuaime níos airde agus gur féidir níos mó sonraí a chur ar fáil le taispeáint ar an scáileán digiteach ar nós sonraí faoin clár reatha, amhrán reatha, comórtais agus go leor eile. Sna h-ochtóidí sé an gluaiseacht teicniúil reatha a bhí ann ná Raidió FM. Tháinig forbairt ar seo thar na blianta ar nós an seirbhís RDS a chur leis a chuireann i láthair cén staisiún atá tú ag éisteacht leis ar scáileán an raidió. Faoi láthair is é DAB an chéad ghluaiseacht eile.

Tá roinnt mhaith stáisiúin breise ar fáil ar DAB go háirithe ó RTÉ. I measc na stáisiúin atá á sholáthar ag RTÉ tá:

RTÉ Radio 1
RTÉ Radio 1 Extra
RTÉ 2fm
RTÉ Lyric FM
RTÉ Raidió na Gaeltachta
RTÉ Choice
RTÉ Gold
RTÉ 2XM
RTÉ Junior
RTÉ Chill
RTÉ Pulse

I measc na stáisiúin eile a bhí ag craoladh ar bhonn trialach bhí:

All 80’s
Dublin’s 98
FM104
Mocha
Newstalk
Phantom 105.2
Q102
Radio Kerry
Today FM
Spin 103.8

An féidir liom DAB a phiocadh suas?
Faoi láthair níl DAB ach ar fáil in áiteanna ina bhfuil daonra ard ann. Tá craoladh ar súil ó Three Rock agus Clermont Carm i gCúige Laighin, Woodcock Hill i Luimneach agus Spur Hill i gCorcaigh. An brí atá le seo ná nach bhfuil an seirbhís ar fáil ach i Luimneach, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus i gCo. Lú. Is ionann seo agus 44% de daonra na tíre.



An bhfuil sé cothrom gur féidir le roinnt daoine DAB a phiocadh suas agus nach féidir le roinnt eile?

Is ceist seanbhunaithe atá anseo, díolann chuile teaghlach as an cheadúnas teilifíse chuile bhliain ar costas €160. Is cuma cá h-áit ina bhfuil tú i do chónaí cosnaíonn sé an praghas céanna. Ar chóir go mbeadh an seirbhís céanna ar fáil do chuile duine dá bharr? Tá roinnt daoine atá fós ag strachailt leo ag iarraidh comhartha maith teilifíse a phiocadh suas ná hábhair faoi DAB a phiocadh suas. An bhfuil seasamh ag na daoine nach bhfuil ag fáil an seirbhís céanna le chuile duine eile gan an ceadúnas teilifíse a cheannach. Faoi na rialacha atá ceangailte leis an Acht um Díolachán Earraí agus Soláthar Seirbhísí ba chóir go mbeadh aon seirbhís atá á cheannach agat ar caighdeán ard. An bhfuil an droch seirbhís faoin tuath ag briseadh na rialacha seo?

An bhfuil aon slí eile leis na seirbhísí seo a fháil?
Is féidir na seirbhísí seo a fháil thar an idirlíon. Tá na stáisiúin ar fad atá ag RTÉ ag craoladh thar an idirlíon agus is féidir giuirléid a íoslódáil a ndéanann raidió beag digiteach a leabú isteach sa deasc i Windows.

Seirbhís trí mhéan na Gaeilge ar fáil ar Google Translate




translate.google.com



Ar an 24ú Lúnasa i mbliana rinneadh lainseáil ar an tseirbhís ghaelach ar Google Translate. Séard atá ann le Google Translate ná uirlis atá ar fáil ar líne a chabhraíonn le daoine sliocht téacs a aistriú ó theanga amháin go teanga eile. Faoi láthair tá 51 theanga difriúil ar fáil ar Google Translate, an Ghaeilge san áireamh, agus tá teanga ar bith inaistrithe go teanga ar bith eile. Ag an am seo níl sa tseirbhís ach leagan béta, rud a chiallaíonn nach bhfuil an tseirbhís foirfe go fóill. Is féidir leis an ghnáth duine cabhrú le Google an tseirbhís a fheabhsú trí bhotúin a cheartú.

Cén úsáid a bheas ag an uirlis seo sa todhchaí?
Tá impleachtaí móra ag an tseirbhís seo ag amharc chun tosaigh. Ag baint úsáide as an teicneolaíocht ar chúl na seirbhíse seo níl aon fáth nach féidir leis an ghnáth duine chuile suíomh idirlíon a aistriú go teanga ar bith fad is atá na sonraí á íoslódáil agus á thaispeáint ar an scáileán. Tugann sé seo deiseanna móra don ghnáth duine ó thaobh réimse léitheoireachta a bheas ar fáil dóibh. Amach anseo is féidir leat a bheith ag súil go mbeidh tú in ann an New York Times nó an Washington Post a léamh go hiomlán trí mhéan na Gaeilge chuile lá, ó chlúdach go clúdach. Rud mór a bheadh anseo don teanga tar éis an bhuille mór thar an Samhradh le himeacht Foinse.

Déanfaidh an teicneolaíocht seo difear mór ó thaobh obair An tAontas Eorpach agus an líon doiciméadú gur féidir leo a sholáthar thrí mhéan na Gaeilge.

Beidh impleachtaí móra le feiceáil chomh maith i dteicneolaíocht na siamsaíochta. Tá chuile seans go mbeidh an teicneolaíocht ar chúl an chláir teilifíse in ann fotheidil a dhéanamh go huathoibríoch ag úsáid teanga amháin mar threoir. Tá an fhéidearthacht ann chomh maith an teicneolaíocht a neadú isteach i gcluichí ríomhaireachta téacsbhunaithe agus na cluichí sin a chur ar fáil trí mhéan na Gaeilge.

I gcás teachtaireachtaí meandaracha níl aon fáth nach féidir le duine as an tír seo labhairt le duine as tír eile ag úsáid dhá theanga éagsúil agus aistriúchán ag tarlú de réir mar atá na teachtaireachtaí á sheoladh.

Seo é an sliocht thuas curtha tríd Google Translate:
An aistriúchán a chruthaigh Google Translate

On August 24 this year the launch of the service carried articles on Google Translate. What existing Google Translate is a tool available online to help people extract text translated from one language to another. Currently there are 51 different languages available on Google Translate, the language included, and any language is transferable to any other language. At this time in service but not beta version, which means the service is not perfect yet. Can usually help people with Google by improving the service to correct errors. What used to secure the future of this tool? Has major implications for this service at front sight. Using the technology behind this service there is no reason why not usually possible with the web site each person to transfer any language so long as the data being downloaded and displayed on the screen. This brings great opportunities for ordinary people in terms of a reading area will provide them. Out here you can expect that you will be able the New York Times or the Washington Post read fully through the Irish language daily, from cover to cover. Which would need the language here after the world over the summer bhuille over Source. This technology will affect the world of work in European Union and the number of documentation that can be provided through the Irish. Major implications will also appear in entertainment technology. Are all likely that the technology behind the television program can automatically make subtitles using one language as a guide. There is also the possibility of embedding technology into computer games and the games that téacsbhunaithe provide through Irish. In the case of instant messages no reason why one can not from this country to speak with someone from another country using two different languages and translation occur as the messages being sent.

Dé Máirt, Bealtaine 26, 2009

Polaitíocht na hÉireann sa Ré Digiteach

Is cosúil go bhfuil polaitíocht na hÉireann tar éis céim chun tosaigh i gcomhthéacs na teicneolaíochta le tamall anuas. Le chuile olltoghchán, toghchán áitiúil, toghchán eorpach agus reifreann a theann ar aghaidh tá forbairt á dhéanamh ar cumas polaiteoirí dul i dteagmháil le toghthóirí na tíre. Is féidir an teagmhail seo a dhéanamh ar bhealaí i bhfad níos saoire agus níos gaiste ag baint úsáide as an idirlíon agus na teicneolaíochtaí timpeall ar an idirlíon. Mura fhágann Barak Obama ach lorg coise amháin ar polaitíocht domhanda is cinnte go mbeidh sé ag baint le leas a bhaint as na nuatheicneolaíochta le suim an gnáthdhuine a spreagadh as pholaitíocht. Seo a rinne a leithid de JFK agus RFK sna seachtóidí agus sna seascaidí le teilifís satilít.

Buíochas mór le Dia tá lucht polaitíochta na tíre seo ag dul síos an treo céanna. Le déanaí tá lainseáil déanta ar cúpla suíomh idirlíon a éascaíonn an mbealach gur féidir leat dul i dteagmháil ar na polaiteoirí uilig atá ag seasamh i dtoghchán na hEorpa.


www.tascdemocracy.ie
Ar an suíomh seo is féidir leat eolas a fháil ar an toghchán agus faoin eagras Tasc. Go pointe is tairseach atá sa suíomh seo chuig suíomhanna éagsúla eile atá faoi scáth Tasc.


www.candidatewatch.ie
Tá an suíomh seo an-mhaith le teagmháil a dhéanamh le polaiteoirí atá ag seasamh sa toghchán. De bharr go bhfuil na ceantracha i dToghchán na hEorpa chomh mór sin tá an baol ann nach mbeidh an deis ag chuile iarrthóir cuairt a thabhairt ar chuile ceantar. Ag bhaint úsáide as an suíomh seo is féidir a chinntiú go bhfeiceann na polaiteoirí do chuid ceisteanna agus freagra a thabhairt orthu.

Go dtí seo níl an oiread ceisteanna curtha ar na polaiteoirí agus tá níos lú fós de freagraí fágtha acu. Is dócha go mbaineann sé seo leis an easpa eolas atá ag daoine faoi a leithid de áis.

An t-aon iarrthóir in Iarthuaisceart na tíre atá tar éis freagra a thabhairt ar ceist ar bith ná Fiachra Ó Luain (Neamhspleách). Siad Proinsias De Rossa (Lucht Oibre), Joe Higgins (Sóisialach), Kathleen Funchion (Sinn Féin) agus Tomás Sharkey (Sinn Féin) na polaiteoirí is gníomhach ar an suíomh seo.

www.votematch.eu
Tá Vote Match ina suíomh maith do daoine nach bhfuil róchinnte faoi polataíocht na hEorpa agus na tosaíochtaí atá ann. Sé an rud a ndéanann an suíomh seo ná go gcuireann sé ceisteanna ort maidir le polasaithe atá i mbeal an phobal agus ag deireadh an ceistneoir insíonn sé duit cén chineál polaitíocht atá agat agus cé do gur chóir duit a bheith ag vótáil.

An deacracht is mó a bhí agam le roinnt de na cisteanna seo ná nach raibh an oiread sin suime agam iontu agus is cinnte don aos óg nach mbeidh siad ag iarraidh a chuig am saor a chaitheamh ag freagairt ceisteanna faoi polasaithe talmhaíochta uile-Eorpach! Measaim go gcaithfidh siad ceistneoir a dhearadh atá in oiriúint do haoisghrúpaí éagsúla.

Aon rud a dhíol nó a cheannach i nDún na nGall

www.flogitdonegal.com

Tá suíomh idirlíon nua ann atá dírithe go speisialta ar daoine as Dún na nGall. Is féidir leat aon rud a dhíol nó a cheannach ar an suíomh seo. Faoi láthair níl an oiread sin nithe ar díol ar an suíomh ach tá an líon seo ag fás de réir a chéile. Is féidir leat do chuid earraí nó seirbhísí a eagrú de réir chineál agus do chuid sonraí teagmhála a chur ar fáil. Cosnaíonn sé €3 rud éigin a liostáil. Tá an suíomh seo ina acmhainn maith má tá tú ag iarraidh rud éigin mór nó trom a cheannach nó a dhíol mar gheall gur féidir leat an costas an-ard ar postas a sheachaint. Má tá duine ag iarraidh troscán a cheannach nó a dhíol ar a leithid de ebay bheadh costas an-ard le díol as an seachada an beart sin. Má tá cónaí ort i nDún na nGall agus an díoltóir nó ceannaitheoir sa chontae céanna is féidir leo é a bhailiú uait.


B’fhiú go mór cuairt a thabhairt ar an suíomh seo le fáil amach an bhfuil sladmhargadh ar fáil ar aon tairge nó seirbhís nó d’fheadfá toiseacht ag díol do chuid earraí ar an suíomh seo má tá aon rud nuálach agat.

Uirlis nua eisithe ag RTÉ – An RTÉ Player

Tá uirlis digiteach nua eisithe ag RTÉ darbh ainm an RTÉ Player. Tá an seinnteoir seo mar mír breise atá ar fáil ar an suíomh idirlíon atá ag RTÉ ag rte.ie. ‘Sé an seoladh iomlán ná rte.ie/player.

Is iad na acmhainní atá ar fáil ar an suíomh seo ná na sean cláracha ar fad a chaill tú ar RTÉ. Coinnítear an cartlann thar tréimhse míosa agus bheireann sé deis duit amharc ar clár a chaill tú agus é craolta beo. Ní hamháin na cláracha féin-déanta ar nós Prime Time, Questions and Answers agus an Nuacht atá ar fáil ach na cláracha idirnáisiúnta ar nós Grays Anatomy, Desperate Housewives agus a leithid chomh maith.

Siad an BBC a chur tús le seirbhís mar seo timpeall ar dhá bhliain ó shin leis an iPlayer atá acu. Ar an droch uair ní raibh an seirbhís ar fail do daoine sa tír seo mar gheall ar coinníollacha ceadúnais.

Anois tá réiteach againn ar an fhadhb seo mar gheall ar go bhfuil seirbhís díreach chomh maith ceánna á chur ar fáil ag RTÉ.

Tá sé an simplí an seirbhís seo a úsáid, níl le déanamh ach dul ar an idirlíon agus an clár a theastaíonn uait a roghnú.
Is dócha an chéad ghluaiseacht eile atá ag teastáil sa tír seo ná teilifís digiteach saor in aisce agus cé gur thit an chéad chonradh as a chéile le seo a sholáthar le déanaí táim dóchasach go mbeidh a leithid de seirbhís ar fáil gan mhoill.

Dé Céadaoin, Aibreán 01, 2009

Cén dóigh le Outlook Express a shocrú suas? An bhfuil costas air?



Bhí tairge ag Microsoft darbh ainm Outlook Express go dtí cúpla bliain ó shin. Tháinig an feidhmchlár seo in éineacht le Internet Explorer go dtí leagan a sé de Internet Explorer.



Fadhbanna

Tá neart fadhbanna le Outlook Express agus is é sin an fáth go bhfuil Microsoft tar éis fáil réidh leis ó shin. I measc na fadhbanna a bhí leis ná go raibh an féidearthacht ionsaithe a dhéanamh ar agus na ríomhphoist ar an ríomhaire a scriosadh. Bhí fadhbanna ann ó thaobh an líon feidhmeanna a bhí ar fáil air i gcomparáid le Outlook.



Réiteach na Faidhbe

An tairge a chruthaigh Microsoft le áit Outlook Express a ghlacadh ná Windows Mail. Arís bhí daoine idir dhá chomhlairle maidir leis an tairge seo agus arís bhí fadhbanna ann le feidhmeanna slándála Windows Mail. Ag an am seo bhí athruithe ag tarlú ar an idirlíon ina iomláine. Bhí an ghá feidhmeanna breise agus ilmheán nua-aimseartha a bheith ar fáil tríd na sruthanna nuachta ar fad.



An Leagan Nua

Ar an 7 Mí na Samhna 2007 rinne Microsoft lainseáil ar Windows Live Mail Leagan 12. Le cúpla mí anuas tá Microsoft tar éis Leagan 14 a chur ar fáil. Is leagan feabhsuithe atá anseo a ceartaíonn na fabhtanna a bhí sa chead leagan agus a chur leis an líon feidhmeanna atá ar fáil.


I measc na feidhmeanna nua atá ar fáil ar Windows Live Mail tá:


  • Tacaíocht do Poist Gréasáin (WebMail) ina measc Hotmail, Gmail agus Yahoo.
  • Comhéadan úsáideora níos fearr a luíonn isteach leis an leagan amach atá ar na feidhmchláir is déanaí atá ag Microsoft.
  • Ceangal le Windows Live Contacts
  • Tacaíocht do sruthanna RSS.
  • Deilbhíní Emoticon ar fáil. Ar nós an Smiley.
  • Litriú a sheiceáil
  • Inbox difriúil ar fáil do chuile seoladh ríomhphost atá agat.
  • Eagarthóireacht ar iatáin.

Is féidir Windows Live Mail a íoslódáil ag:

http://download.live.com/wlmail


Tá sé go hiomlán saor in aisce agus tá breis eolas faoi ar fail ar suíomh idirlíon Microsoft Éireann ag : www.microsoft.ie

Dé Céadaoin, Márta 25, 2009

Fearann nua ar an mbealach – Deis cúpla Euro a dhéanamh?

Tá fearann nua molta ag Al Gore don idirlíon darbh ainm Dot Eco (.eco). An rud atá ann i fearann ná na litreacha deireanach i seoladh idirlíon. Na cinn is coitianta sa tír seo ná .com, .ie, .net, .co.uk agus .edu.


Baineann na cinn nua seo le suíomhanna a bhaineann leis an timpeallacht agus cúrsaí timpeallachta i gcomhthéacs téamh domhanda. Chreid nó ná chreid tá siad ag rith amach as focail ar .com faoi láthair, ciallaíonn sé seo go bhfuil orthu teacht suas le fearainn nua.


Tá deis ann airgead a dhéanamh anseo d’aon duine atá ag iarraidh na cinn is luachmhara a cheannach.


Le seachtain anuas tá Toys R Us tar éis $5.1 milliúin a chaitheamh ar an suíomh Toys.com!