Dé Céadaoin, Feabhra 11, 2009

Facebook ar fáil go h-iomlán trí mheán na Gaeilge anois.



www.facebook.com


Is deas a fheiscint go bhfuil facebook fós ag tacú leis an tír seo agus neart comhlachtaí eile ar an mbealach amach. Le seachtain anuas tá Facebook tar éis a dheimhniú go bhfuil siad le leanúint ar aghaidh leis an oifig nua a bheas acu sa tír seo a oscailt.




Rud eile atá déanta acu ná go bhfuil siad tar éis an suíomh idirlíon atá acu a aistriú go Gaeilge. An rud suimiúil faoi seo ná go n-aistríonn siad an suíomh go teanga dúchas an duine eile go huathoibríoch sa chaoi is nach bhfuil Gaeilge ag teastáil ón duine le do profíl a thuiscint. Is forbairt dearfach atá anseo agus comhlacht idirnáisiúnta eile ag léiriú go bhfuil siad tiomanta ó thaobh na Gaeilge de.

Dean do chuid glasraí a fhás sa bhaile




www.google.ie – “Grow your own vegetables”



Bealach maith le airgead a shábháil sa bhaile ná trí do chuid glasraí féin a fhás sa bhaile. Is dócha gurbh é an príomh deacracht le seo ná easpa eolas agus easpa taithí atá ag daoine leis an cur chuige seo. Le blianta beaga anuas támuid tar éis a fháil compordach ag ceannach gach rud ó seilf san ollmhargadh ach níl sé chomh fada sin ó shin go raibh daoine i mbun an cleachtais seo agus géarchéim eacnamaíochta ann. Is cuimhin liom sna hochtóidí i mBaile Átha Cliath agus an líon tithe a bhí ag fás cabáiste, oinniún, cairéid, piseanna, trátaí, prátaí agus go leor eile. An nós a bhí ann sna laethanta sin ná an fuilleach glasraí a bhí agat a mhalartú le daoine eile i gcomhair uimheacha nó rud éigin nach raibh agat. Is féidir an idirlíon a úsáid le eolas a fháil ar conas na glasraí seo a fhás. Níl le déanamh ach “Grow your own Vegetables” a clóbhualadh isteach i Google agus tá an t-uafás suíomhanna ann le leideanna ann.


Déan airgead a shábháil ar líne



Leis a géarchéim eacnamaíochta ag cur isteach ar gach duine is smaoineamh maith atá ann airgead a shábháil ar pé bealach gur féidir. Is cinnte nuair a thagann an tobhach pinsin isteach go mbeidh i bhfad níos lú airgead ag daoine ceannacháin a dhéanamh agus dar leis na saineolaithe níl anseo ach an tús ar cánach breise a bheas ag teacht isteach. An seachtain seo támuid chun amharc ar bealaí gur féidir leat gearradh siar ar caiteachas trí an idirlíon a úsáid go cliste.


entertainment.ie/goodiebag



Tá an suíomh idirlíon entertainment.ie ag tairiscint liúntas ar tairgí airithe agus ar seirbhísí airithe. Is smaoineamh maith atá anseo do seirbhís atá ag feidhmiú ar líne le daoine a mhealladh le amharc ar an suíomh. Faoi láthair tá liúntais maithe agus dearbháin maithe ar fáil ar an suíomh seo do leithéidí Aer Arann, Burger King, Soho Restaurant, Leisureplex, Java Republic, screenclick.com, Roomex.com, Dandelion agus Captain Americas.


Níl le déanamh ach na dearbháin a phriontáil amach agus iad a thabhairt leat chuig an bialann / siopa ina bhfuil an liúntas ar fáil.


Is trua nach bhfuil níos mó tairiscintí ann do muintir an cheantar seo ach feicim deis mór don Donegal Democrat nó an Donegal News a leithid de seirbhís a chur ar fáil ar an suíomh idirlíon atá acu.


Is dócha an liúntas is fearr ar an suíomh seo do muintir Dún na nGall ná an liúntas 5% ar gach uile eitilt le Aer Arann.

Déan pleanáil ceart ar do chuid caiteachais....

www.itsyourmoney.ie


Éist leis an mhír seo




Tá suíomh idirlín curtha le chéile ag an Rialtóir Airgeadais darbh ainm itsyourmoney.ie .

Tá comhairle ar fáil ar an suíomh seo faoi gach aon ghné den caiteachas ginearálta a bhíonn againn.

Tá an suíomh seo leagtha amach ar bealach maith agus níl sé ródheacair aon rud a aimsiú. Tá an suíomh briste suas i 9 rannóg difriúil.

§ Baincéireacht

§ Morgáistí

§ Iasachtaí agus creidmheas

§ Taisce agus infheistíocht

§ Árachas ginearálta

§ Árachas Saoil

§ Do Chearta

§ Pinsin

§ Buiséadú

Bíonn áireamháin ann le bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar do chuid airgead agus a chinntiú go bhfuil go leor airgead agat leis na billí ar fad a íoc. Tá comhairle den cineál seo an-tábhachtach ag teacht chomh gar seo don Nollaig.

Bíonn leideanna acu faoi cártaí creidmheasa chomh maith agus na cártaí creidmheasa is saoire atá ar fáil.

Más rud é go bhfuil airgead sa bhreis fágtha agat ag deireadh na míosa bíonn comhairle ar fáil ar na bealaí is fearr leis an t-airgead sin a infheistiú.

Tá an comhairle seo an-fiúntach agus is deas a fheiscint go bhfuil sé ar fad ar fáil saor in aisce. Leis a ardú atá le tárlúint ar praghas ola agus táirgí a ndéantar as ola is maith an rud é gur féidir linn pleanáil le suíomh den chineál seo.



Nuachtlitir

Bíonn nuachtlitir ag an rialtóir airgeadais chomh maith agus is féidir clárú don nuachtlitir seo trí do sheoladh ríomhphost a chur isteach sa suíomh.



Gradaim

Tá an suíomh seo tar éis a bheith ainmnithe i gcom

hair trí duais le déanaí.

§ Golden Spider Awards – Suíomh is fearr san earnáil poiblí

§ Golden Spider Awards – Suíomh Oideachasúil agus Treanála is fearr

§ Irish Internet Association Net Visionary Awards – Oideachas


Fógraíocht

Tá an-chuid fógraíocht agus margaíocht á dhéanamh ar an suíomh seo. Is annamh nach mbíonn fógra teilifíse faoin suíomh gach leath uair ar an teilifís.


Leagan Gaelach?

Ní raibh mé in ann teacht ar leagan den suíomh seo trí mheán na Gaeilge. Is trua seo de bharr go bhfuil sé eochrach go mbeidh an suíomh seo ar fáil go dhátheangach. Ó thaobh an earnáil poiblí de tá an suíomh seo níos fearr ná an-chuid acu. Ag amharc ar an mana atá ag an suíomh “Independent Information ón Financial Products in Plain English”, níl an oiread sin muinín agam go mbeidh aistriúchán ag teacht go luath.


Déan maitheas sa triú domhain le sean trealamh teicneolaíochta




www.kavenv.ie

www.trocaire.org


Is dócha go bhfuil go leor trealamh sa bhaile ag daoine nach bhfuil in úsáid a thuileadh. Sa lá atá inniu ann déanann sean fóin póca an-dochar don timpeallacht. Dár le Greenpeace tá nimh istigh sna cadhnraí a ndéanann an-dochar do sláinte daoine. De réir staitisticí tá idir 6 agus 8 milliúin fón póca sa tír seo nach bhfuil in úsáid. Bíonn siad fágtha sa cófra nó caite sa bosca bruscar de bharr nach bhfuil siad faiseanta go leor. Chreid nó ná chreid tá sé mídhleathach an fón póca a caitheamh sa bhosca bruscar agus caithfear athchúrsáil a dhéanamh orthu. Faoi láthair ní dhéantar athchúrsáil ach ar 5% de fóin póca sa tír seo.



Céard gur féidir a dhéanamh?

Tá Kavanagh Environmental tar éis comhaontas a thoiseacht le Trócaire le athchúrsáil a dhéanamh ar na fóin seo nach bhfuil in úsáid sa tír seo. An sprioc atá ag an togra seo ná athchúrsáil a dhéanamh ar 500,000 fóin thar tréimshe trí bhliain. Úsáidtear an t-airgead a ndéantar as na fóin seo le cabhrú le tograí agus feachtais Trócaire sa triú domhain.



Staitisticí Scanrúla

Ghlacann sé míle bliain do fón póca briseadh síos i suíomh líonadh talún. Le seo a chur i gcomhthéacs, dá mba rud é gur chaith Brian Boru fón póca sa bhosca bruscar agus é mar Rí na hÉireann ní bheadh an fón sin briste síos go fóill! An dochar a ndéanann sé seo ná go síleann an nimh isteach sa córas talamh agus sa córas uisce thar an tréimhse seo.



Céard le déanamh

Faoi láthair tá Trócaire ag dáileadh mála athchúrsála ar gach teaghlach sa tír. Níl le déanamh ach an fón a chur sa mála agus é a chur sa phost, tá sé go hiomlán saor in aisce. Má tá breis málaí ag teastail uait níl le déanamh ach scairt a chur ar an uimhir íosghlao 1890-510 510 nó dul chomh fada leis an suíomh idirlíon www.kavenv.ie.

Mas rud é go bhfuil oifig gnóthach nó siopa gnóthach agat níl le déanamh agat ach dul i dteagmháil ar an uimhir thuas agus bosca bailiúchán a ordú a mbeidh folmhaithe go rialta saor in aisce.



Nod Beag

Ná déan dearmad do charta SIM a bhaint amach as an fón sula gcuireann tú sa phost é!



Cuireann Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge os cionn 25,000 focal agus frása ar fáil duit gan aon stró!


Éist leis an mhír seo


teacs.ie



Cuireann Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge os cionn 25,000 focal agus frása ar fáil duit gan aon stró!




Ar deireadh, tá téacsáil thuarthach i nGaeilge ar fáil do ghutháin

Éireannacha - agus í ar fáil saor in aisce!



Dé Luain 26 Eanáir, 2009: Inniu, lainseáil Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge seirbhís téacsála tuarthaí saor in aisce a thugann an rogha téacsála tuarthaí i nGaeilge do chustaiméirí. Sheol Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus iar-chaptaen foirne Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, a bhain Craobh na hÉireann sa Pheil, an tseirbhís i mBaile Átha Cliath inniu.

Feidhmchlár nua de chuid Vodafone is ea Téacs a ligeann duit teachtaireachtaí téacs a scríobh ar d'fhón i nGaeilge trí úsáid a bhaint as téacsáil thuarthach i nGaeilge. Léirítear leis seo na gnáthnósanna téacsála atá ag úsáideoirí fóin phóca Éireannacha. San áireamh tá na focail is mó a úsáidtear i nGaeilge, chomh maith le hainmneacha, logainmneacha, bailte etc,.

San fheidhmchlár tá corpas Gaeilge cuimsitheach ina bhfuil os cionn 25,000 focal agus frása. Cuirtear lántacaíocht ghramadúil ar fáil do na focail Ghaeilge choitianta uile lena n-áirítear na focail le huaschamóga ar nós na mbriathra san aimsir chaite chomh maith le focail a bhfuil fleiscíní iontu.

Cé go bhfuil an feidhmchlár á chur ar fáil ag Vodafone mar íoslódáil saor in aisce, tá sé ar fáil do gach úsáideoir fóin phóca. Níl le déanamh ach próiseas simplí agus iomasach a leanúint trí chuairt a thabhairt ar http://wap.teacs.ie/ agus dul trí na treoracha simplí, atá curtha ar fáil, céim ar chéim. Agus é suiteáilte, tá an custaiméir in ann Téacs a oscailt ar a f(h)ón agus téacsáil leo i nGaeilge.

Agus sonraí na seirbhíse á bhfógairt, dúirt Carolan Lennon, Stiúrthóir Tomhaltóirí, Vodafone Ireland, "Ciallaíonn tús na seirbhíse nua seo go mbeidh custaiméirí ar mian leo téacsáil i nGaeilge, in ann é a dhéanamh go héasca ar réimse leathan sásanna láimhe. Creidimid go mbeidh tionchar an-dearfach ar úsáid na Gaeilge ag an gcumas atá ann téacsáil thuarthach a dhéanamh i nGaeilge gan aon ghá le teicneolaíocht nua go háirithe i measc daoine óige sa chóras oideachais a bhfuil SMS mar phríomh-mhodh cumarsáide dóibh."

“Tá ríméad orainn go bhfuil an tseirbhís ar fáil anois saor in aisce mar íoslódáil do dhaoine a bhfuil spéis ar leith acu sa Ghaeilge ar fud oileán na hÉireann, is cuma faoin líonra lena bhfuil siad agus tá súil againn go rachaidh sí i bhfeidhm go mór ar an nGaeilge agus ar an úsáid laethúil a mbaintear aisti.”

Ag caint faoin tseirbhís, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: "An cur chuige atá ag Foras na Gaeilge maidir le forbairt na teanga ná an fháil atá ar an teanga agus an úsáid a bhaintear aisti a spreagadh agus a chothú. Táimid ag obair le Vodafone le roinnt mhaith blianta le seirbhís téacsála a fhorbairt do chainteoirí le Gaeilge líofa agus do dhaoine a bhaineann úsáid as 'cúpla focal' anois agus arís. Leis an tionscnamh seo tá i gceist breis daoine a chumasú le 'cúpla focal' a úsáid san aois seo a nglaoitear aois na cumarsáide uirthi."

“Agus an Ghaeilge níos sofheicthe i ngach gné den saol, tugann an tseirbhís seo an deis duit téacsáil a dhéanamh i nGaeilge gan aon stró. Is cúis áthais dúinn a bheith ag obair le Vodafone ar an tionscnamh fiúntach seo agus táimid ag dúil le húsáid a bhaint as an tseirbhís."

Críoch/

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Cara Twohig

Vodafone

087 6887316

Lorraine Lally
FD

087 1214073

Breandán Mac Craith

Foras na Gaeilge

087 2354834