Showing posts with label teacs. Show all posts
Showing posts with label teacs. Show all posts

Dé Céadaoin, Márta 25, 2009

Big Brother ag choinneáil súil orainn uilig



Tá sé glactha ag an Rialtas go mbeidh ar gach comhlucht fón & soláithreoirí seribhísí ar an idirlín sonraí i leith gach glaoch fón, teachtairí téacs , ríomhpostanna & na suíomhanna idirlín a thug daoine cuairt orthu , a choimead stórailte ar feadh 2 bhlian le go mbeidh siad ar fáil do na Gardaí ma bhíonn siad i mbun fiosraithe coirriúlachta.



Buntáistí

Tá sé seo ina acmhainn maith do na Gardaí agus cuireann sé bealach fiosrúchán nua ar fáil dóibh. Is féidir leat an-chuid a fháil amach leis na sonraí seo. Cá h-áit ina raibh duine ag am ar léith? Cé lena raibh siad i dteagmháil leo? Céard é an taighde a bhí ar bun acu? Is féidir leat pictiúr maith a fháil ar meoin duine ag am ar leith leis na sonraí seo. Is féidir leat daoine ar strae a aimsiú chomh maith leis na sonraí seo. Gach aon uair a ndéanann duine taisteal is coinnítear taifead de sin ó thaobh an fón póca. Bheadh taifid ann de cá háit ina raibh duine nuair a rinne siad logáil isteach ar an córas ríomhphost atá acu chomh maith.



Príobháideachas

Tá an ceist ann sa lá atá inniu ann an féidir le duine aon rud a dhéanamh go príobháideach. Is cosúil, ag baint úsáide as an córas teileachumarsáide gur féidir leat súil a choinneáil ar aon duine, aon áit, am ar bith. Bíonn daoine míchompordach faoi a leithid agus tá an baol ann go ndiúltóidh an gnáth duine an córas seo agus go mbeadh gearán acu.



Deacrachtaí agus Dúshláin

Is cinnte gur smaoineamh maith atá anseo ach ag amharc ar go praiticiúil bheadh sé fíordheacair é a chur i bhfeidhm sna comhlachtaí cumarsáide. Déantar an t-uafás sonraí a choinneáil faoi scairteanna gutháin agus a leithid in aghaidh an lae. Támuid tagtha chuig an pointe go ndéantar tuairisciú ar scairt guthán in aghaidh an soicind, ceangal idirlíon in aghaidh an cilibheart agus teachtaireacht teacs in aghaidh an litir. Má chuireann tú na sonraí seo le chéile do gach uile duine thar tréimhse dhá bhliain tá tú ag amharc ar líon sonraí ollmhór tá tú ag caint faoi Petabyte nó fiú Exabyte de sonraí stóráilte ag am faoi leith.



An mbeidh costas breise ann don gnáth duine?

Is cinnte go mbeidh ar an gnáth duine díol as an líon stóras breise seo. Níl aon dabht ach go gcosnaíonn córas ríomhaireachta a ndéanann stóráil ar an líon sonraí seo an-chuid airgead. De réir mar atá an líon stóras ag ardú, ardaíonn an costas go mór. Ní chosnaíonn gigeabheart ach cúpla euro ach cosnaíonn petabyte an t-uafás airgead. Mas ghá do na comhlachtaí teileachumarsáide an costas seo a dhíol íslíonn an brabach atá acu agus is cinnte go mbeidh ar na custaiméirí díol as seo.



Smaoineamh Maith?

Smaoineamh iontach maith ach caithfear an cheist a chur faoi na h-impleachtaí atá leis agus an fiúntas a bheas le feiceáil.




Cánach breise molta ag An Comhaontas Glas ar teachtaireachtaí teacs



Tá An Comhaontas Glas ag moladh cánach nua ar teachtaireachtaí teacs. An moladh atá acu ná cánach 1c a chur ar gach teachtaireacht teacs a seoltar sa tír seo. Tá níos mó ná 4 mhilliúin fón póca sa tír seo agus seoltar na billiúin teacs in aghaidh na bliana. Mheasann An Comhaontas Glas gur féidir suas le €1.4 billiúin breise ó thaobh canach a fháil in aghaidh na bliana má thagann an canach nua seo isteach. Tá seans i bhfad níos airde ann go tabharfar an canach nua seo isteach de bharr go bhfuil Eamon Ryan, TD mar an tAire Cumarsáide agus é mar duine sinsearach sa Comhaontas Glas ag an am céanna.


Dé Céadaoin, Feabhra 11, 2009

Cuireann Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge os cionn 25,000 focal agus frása ar fáil duit gan aon stró!


Éist leis an mhír seo


teacs.ie



Cuireann Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge os cionn 25,000 focal agus frása ar fáil duit gan aon stró!




Ar deireadh, tá téacsáil thuarthach i nGaeilge ar fáil do ghutháin

Éireannacha - agus í ar fáil saor in aisce!



Dé Luain 26 Eanáir, 2009: Inniu, lainseáil Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge seirbhís téacsála tuarthaí saor in aisce a thugann an rogha téacsála tuarthaí i nGaeilge do chustaiméirí. Sheol Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus iar-chaptaen foirne Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, a bhain Craobh na hÉireann sa Pheil, an tseirbhís i mBaile Átha Cliath inniu.

Feidhmchlár nua de chuid Vodafone is ea Téacs a ligeann duit teachtaireachtaí téacs a scríobh ar d'fhón i nGaeilge trí úsáid a bhaint as téacsáil thuarthach i nGaeilge. Léirítear leis seo na gnáthnósanna téacsála atá ag úsáideoirí fóin phóca Éireannacha. San áireamh tá na focail is mó a úsáidtear i nGaeilge, chomh maith le hainmneacha, logainmneacha, bailte etc,.

San fheidhmchlár tá corpas Gaeilge cuimsitheach ina bhfuil os cionn 25,000 focal agus frása. Cuirtear lántacaíocht ghramadúil ar fáil do na focail Ghaeilge choitianta uile lena n-áirítear na focail le huaschamóga ar nós na mbriathra san aimsir chaite chomh maith le focail a bhfuil fleiscíní iontu.

Cé go bhfuil an feidhmchlár á chur ar fáil ag Vodafone mar íoslódáil saor in aisce, tá sé ar fáil do gach úsáideoir fóin phóca. Níl le déanamh ach próiseas simplí agus iomasach a leanúint trí chuairt a thabhairt ar http://wap.teacs.ie/ agus dul trí na treoracha simplí, atá curtha ar fáil, céim ar chéim. Agus é suiteáilte, tá an custaiméir in ann Téacs a oscailt ar a f(h)ón agus téacsáil leo i nGaeilge.

Agus sonraí na seirbhíse á bhfógairt, dúirt Carolan Lennon, Stiúrthóir Tomhaltóirí, Vodafone Ireland, "Ciallaíonn tús na seirbhíse nua seo go mbeidh custaiméirí ar mian leo téacsáil i nGaeilge, in ann é a dhéanamh go héasca ar réimse leathan sásanna láimhe. Creidimid go mbeidh tionchar an-dearfach ar úsáid na Gaeilge ag an gcumas atá ann téacsáil thuarthach a dhéanamh i nGaeilge gan aon ghá le teicneolaíocht nua go háirithe i measc daoine óige sa chóras oideachais a bhfuil SMS mar phríomh-mhodh cumarsáide dóibh."

“Tá ríméad orainn go bhfuil an tseirbhís ar fáil anois saor in aisce mar íoslódáil do dhaoine a bhfuil spéis ar leith acu sa Ghaeilge ar fud oileán na hÉireann, is cuma faoin líonra lena bhfuil siad agus tá súil againn go rachaidh sí i bhfeidhm go mór ar an nGaeilge agus ar an úsáid laethúil a mbaintear aisti.”

Ag caint faoin tseirbhís, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: "An cur chuige atá ag Foras na Gaeilge maidir le forbairt na teanga ná an fháil atá ar an teanga agus an úsáid a bhaintear aisti a spreagadh agus a chothú. Táimid ag obair le Vodafone le roinnt mhaith blianta le seirbhís téacsála a fhorbairt do chainteoirí le Gaeilge líofa agus do dhaoine a bhaineann úsáid as 'cúpla focal' anois agus arís. Leis an tionscnamh seo tá i gceist breis daoine a chumasú le 'cúpla focal' a úsáid san aois seo a nglaoitear aois na cumarsáide uirthi."

“Agus an Ghaeilge níos sofheicthe i ngach gné den saol, tugann an tseirbhís seo an deis duit téacsáil a dhéanamh i nGaeilge gan aon stró. Is cúis áthais dúinn a bheith ag obair le Vodafone ar an tionscnamh fiúntach seo agus táimid ag dúil le húsáid a bhaint as an tseirbhís."

Críoch/

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Cara Twohig

Vodafone

087 6887316

Lorraine Lally
FD

087 1214073

Breandán Mac Craith

Foras na Gaeilge

087 2354834

Déardaoin, Samhain 20, 2008

Feidhmeanna Breise ar an Fón Póca

Sa lá atá inniu ann tá an-chuid feidhmeanna breise ar an fón póca. Ní amháin gur féidir leat scairteanna guthán a dhéanamh. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar cuid de na feidhmeanna breise atá ar fáil agus gur chóir smaoineamh faoi agus tú ag ceannach fón póca.


Ceamara


Ar an chuid is mó de na fóin póca bíonn ceamara ann. Déantar an ceamara seo a mheas bunaithe ar an líon meigapictilíní atá ar fáil. Mas rud é go bhfuil an líon meigapictilíní níos lú ná 3mp níl an íomhá ar caighdeán ard go leor le é a phriontáil go héifeachtach. Tá roinnt ceamaraí ar an mhargadh agus 8mp ar fáil orthu. Ardaíonn an ceamara ceisteanna faoi príobháideachas. Is féidir grianghraf a ghlacadh de duine agus gan fios acu féin. Is de bharr seo gur cuireadh cosc ar na fóin seo a úsáid in ionaid spóirt agus i linn snámha agus seomraí feistis. I measc na feidhmeanna atá ag an ceamara seo ná físeáin a thaifead. An cás is cáiliúla de mí-úsáid an físcheamara ná bás Saddam Hussein ag deireadh 2006. Bhí na heachtraí le fheiscint ar an idirlíon go gairid tar éis an eachtra.




MP3


Sá lá atá inniu ann is beag duine nach bhfuil tar éis a chloisteáil faoi MP3 agus an chaoi gur féidir an cartlann ceol a digitiú. Ar a lán fóin is féidir leat éisteacht leis an ceol seo agus fiú é a íoslódáil díreach ón idirlíon chuig an fón. Tá an líon stóras ar na fóin ag ardú chomh maith agus bíonn líon stóras suas go 8GB ar roinnt fóin.



Raidió

Is féidir leat éisteacht leis an raidió ar an fón. Is raidió analógach atá ann i láthair na huaire ach beidh an feidhmiúlacht ann éisteacht le raidió digiteach gan mhoill. Ardóidh sé seo an caighdeán fuaime ar an raidió agus an líon áiteanna gur féidir leat an comhartha raidió a phiocadh suas.



Teachtaireachtaí Teacs / Ilmheán


Is féidir leat teachtaireachtaí teacs a sheoladh ar gach fón póca ach bíonn feidhmeanna breise ann ó thaobh ilmheán ag brath ar an fón atá in úsáid.



Idirlíon


Is féidir teacht ar an idirlíon ar an-chuid fóin sa lá atá inniu ann. Tá an deis ann brabhsálaí breise a suiteáil ar an fón ar nós Opera agus amharc ar an fíor idirlíon in áit an idirlíon móibíleach. Caithfear a bheith cúramach agus tú ag úsáid an idirlíon. B’fhiú pacáiste a cheannach a ligeann duit méid áirithe sonraí a íoslódáil sa mhí. Muna bhfuil an pacáiste seo agat cosnaíonn gach aon meigibheart €14 in áit 3c. Ardaíonn úsáid an idirlíon ceisteanna mór do tuismitheoirí. Déanann tuismitheoirí gach rud gur féidir leo ó thaobh na paistí a chosaint agus iad ag úsáid an ríomhaire baile le fáil fhad leis an idirlíon. Bíonn pacáistí ar nós NetNanny in úsáid againn. Caithfear an rud céanna a dhénamh ar an fón póca. Tá rud ar a glaoitear Safety Net ag Vodafone le cosc a chur ar daoine dul fhad le suíomhanna nach bhfuil in oiriúint do phaistí.



Ag déanamh cinneadh

Agus tú ag ceannach fón póca nua b’fhiú cinneadh a dhéanamh bunaithe ar na nithe atá liostáilte san alt seo. Bí cinnte go ndéanann tú a sheiceáil an bhfuil tú i dteideal uasghrádú. Uaireanta is féidir leat fón saor in aisce a fháil de bharr go bhfuil tú i dteideal an uasghrádú seo. Bí cinnte go roghnaíonn tú an pacáiste ó thaobh praghas atá in oiriúint duit. Déan cinnte athchúrsáil a dhéanamh ar an fón, glacann an-chuid eagrais ar nós Trocaire le sean fóin le fiúntas na daoine boichte ar domhain.