Showing posts with label Fís. Show all posts
Showing posts with label Fís. Show all posts

Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Fadhbanna leis an Apple iPad do mhargadh na hÉireann

Tá saineolaithe tar éis a thuairisciú go bhfuil mórfhadhbanna ann don iPad sa tír seo. Mheasann siad go mbeidh an-díoma ar custaiméirí na tíre seo a tíre seo a chloisteáil nach mbeidh ar chumas muintir na hÉireann amharc ar scannáin nó cláracha teilifíse ar an iPad. Go hiondúil déantar scannáin agus na cláracha teilifíse a íoslódáil ó iTunes nó a sruthú beo ach de bharr cúrsaí ceadúnais ní bheidh na nithe seo ar fáil in Éirinn. An deacracht atá le uirlisí Apple ná go bhfuil tú glasáilte isteach san ailtireacht a ndéanann siad siúd a dhearadh.


Déanann Apple lainseáil ar an iPad


Tá Apple tar éis lainseáil a dhéanamh ar an ghléas nua atá acu, an iPad. Agus tú ag amharc ar an gléas seo don chéad uair tá an cuma ar gur iPhone mór atá ann. Agus, go pointe bheadh an ceart agat.

Go simplí tá na saineolaithe ríomhaireachta ag rá go bhfuil an iPad chun an ríomhaire iniompartha a athrú go deo agus go mbeidh na ríomhairí seo níos idirghníomhach in imeacht ama. An difear mór idir an iPad agus ríomhairí iniompartha eile ná nach bhfuil méarchlár fisiceach ar an ríomhaire seo agus go n-úsáideann sé méarchlár fíorúil ina áit. Chomh maith le seo tá scáileáin an-snasta ann. San alt seo déanfaidh muid cur síos ar na gnéithe is suimiúla faoin iPad.

Scáileáin

Tá scáileán 9.7 orlaigh ar fáil ar an iPad a tacaíonn leis an caighdeán HD (1080p). Mar gheall ar an caighdeán seo déanann sé an easca suíomhanna idirlín, ghrianghraif, físeáin agus go leor eile a fheiceáil go soiléir. Tá radharc 178 céim ag an scáileáin seo, rud a ciallaíonn nach ghá suí díreach trasna uaidh.

Scáileáin il-tadhaill

Tá scáileáin il-tadhaill ar an iPad rud a ndéann níos easca é súmáil isteach agus amach ar suíomh idirlíon agus do chuid comhaid nó ceol a sórtáil agus a bhualadh. Is mar thoradh ar an teicneolaíocht seo nach bhfuil aon ghá le luchóg.


Tanaí agus Éadrom

Tá an iPad an-éadrom agus an-tanaí. Tá an scáileáin 9.7 orlaigh in iomlán, rud a chiallaíonn go bhfuil an iPad beagánín níos lú ná iris. Tá méachan de 1.5 punta aige agus tá leithid de 0.5 orlaigh aige. Leis an iPad chomh beag, éadrom agus tanaí seo níl aon fáth nach féidir leat é a iompar timpeall leat.


Saolré 10 uair ag an cadhnra

Tá saolré 10 uair ag an cadhnra agus tú ag baint úsáid as an gréasán domhanda ar Wi-Fi nó ag amharc ar físeáin nó ag éisteacht le ceol. Úsáidtear an teicneolaíocht cumhachta céanna san iPad is a úsáidtear ar a deartháir níos sine an MacBook.

Gan Sreang

Tá teicneolaíocht Wi-Fi ag an caighdeán 802.11n san iPad. Ligeann sé seo duit ceangail suas le líonraí ríomhaireachta ag ardluais. Chomh maith le seo tá tacaíocht ag an iPad do Bluetooth 2.1 rud a ligeann duit gléasanna eile a cheangal leis.

3G

Is féidir an iPad a cur ag obair le carta sim ó ceann de na comhlachtaí fón agus bille míosúil a bheith ann as úsáid a bhaint as an idirlíon.

Sonraí Teicniúil

Tá trí leagan difriúil le bheith ar fáil ó thaobh líon stórála de, an 16GB, 32GB agus 64GB. Úsáideann an iPad an láraonad próiseála, an A4 a úsáideann suas fíorbheagán cumhachta.

An Siopa iBooks

Beidh ar cumas daoine leabhair digiteach a léamh ar an iPad agus iad a íoslódáil síos ón siopa ar líne atá ag Apple.

Praghas an iPad

Beidh na praghsanna ar an iPad ag toiseacht ag $499 (16GB Wi-Fi) don ceann is bunúsaí agus ag ardú go $849 don ceann is fearr (64GB le feidhmiúlacht 3G) agus déanfar iad a chur ar fail sna siopaí i mí Márta (Wi-Fi) agus mí Aibreán (3G).

Láigí leis an iPad

Easpa USB: Ní aon soicéid USB ag an iPad rud a cuireann cosc ort ghléasanna breise a cur in oiriúint leis (diosca crua seachtrach, printéir, scanóir).

Ceamara gréasán: Níl ceamara gréasán ar both ag an iPad, rud a chiallaíonn nach féidir é a chur ag obair le Skype.

Uasghrádú: Ní féidir an cuimhne, an líon stórála nó an cadhnra a uasghrádú mar gheall gur ghléas druidte go hiomlán atá ann.

Méarchlár: Níl méarchlár ar bith leis an iPad rud a chruthaíonn deacrachtaí clóbhualadh.

Adobe Flash: Níl tacaíocht ag an iPad do Adobe Flash, rud a chiallaíonn nach mbeidh ar chumas an ghléas suíomhanna idirlín airithe a thaispeáint i gceart.

Iltascáil: Ní féidir ach feidhmchlár amháin ag an am a rith ar an iPad. An brí atá le seo ná go teoiriciúil nach mbeidh ar cumas agat éisteacht le ceol agus e-book a léamh ag an am céanna.

Fadhbanna le ainm an iPad

Beidh le feiceáil an mbeidh cead ag Apple an ainm “iPad” a úsáid nó an mbeidh orthu é a athrú. Tá gléas ag Fujitsu chéanna féin a úsáidtear le stocáireamh a dhéanamh darbh ainm an iPad. Tá dlíodóirí Fujitsu ag fiosrú an scéal faoi láthair.


Feidhmchlár Nuacht RTÉ ar fáil don iPhone anois

Tá feidhmchlár nua eisithe ag RTÉ a ligeann do daoine teacht ar an nuacht is déanaí ag baint úsáid as an iPhone. Is féidir na scéalta ar fad a brabhsáil, a léamh agus a shábháil ag baint úsáid as an “app” nua seo. Chomh maith le sin is féidir leat amharc ar an nuacht ó RTÉ am ar bith in áit ar bith ar domhain. Níl costas ar bith leis an feidhmchlár seo a íoslódáil.



Teilifís saor in aisce ar fáil i Mozilla


toolbar.tv-fox.com


Tá uirlis breise ar fáil don brabhsálaí idirlíon, Mozilla, ar fáil le seachtain anuas darbh ainm TV Fox. Ligeann TV Fox duit amharc ar staisiún teilifíse thart fud an domhain saor in aisce. Baineann an uirlis seo úsáid as an cheangal idirlín ar an ríomhaire, dá bhrí sin tá sé riachtanach ceangal leathanbhanda a bheith agat. In iomlán tá 2780 stáisiún teilifíse ar fáil faoi láthair agus an líon stáisiúin le méadú ó seachtain go seachtain.


Caithfidh mé a rá go bhfuil an caighdeán físe agus fuaime an-ard agus is féidir an sruth físe a thaispeáint i bhfoirm lánscáileán chomh maith. Bíonn na staisiún eagraithe de réir cineál nó tír. Sula bhfuil ar do chumas an uirlis breise seo a úsáid caithfidh tú an leagan is déanaí de Mozilla Firefox a íoslódáil agus a shuiteáil ar do ríomhaire, atá ar fáil ag www.mozilla.com i nGaeilge nó i mBéarla.


Déardaoin, Samhain 20, 2008

Feidhmeanna Breise ar an Fón Póca

Sa lá atá inniu ann tá an-chuid feidhmeanna breise ar an fón póca. Ní amháin gur féidir leat scairteanna guthán a dhéanamh. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar cuid de na feidhmeanna breise atá ar fáil agus gur chóir smaoineamh faoi agus tú ag ceannach fón póca.


Ceamara


Ar an chuid is mó de na fóin póca bíonn ceamara ann. Déantar an ceamara seo a mheas bunaithe ar an líon meigapictilíní atá ar fáil. Mas rud é go bhfuil an líon meigapictilíní níos lú ná 3mp níl an íomhá ar caighdeán ard go leor le é a phriontáil go héifeachtach. Tá roinnt ceamaraí ar an mhargadh agus 8mp ar fáil orthu. Ardaíonn an ceamara ceisteanna faoi príobháideachas. Is féidir grianghraf a ghlacadh de duine agus gan fios acu féin. Is de bharr seo gur cuireadh cosc ar na fóin seo a úsáid in ionaid spóirt agus i linn snámha agus seomraí feistis. I measc na feidhmeanna atá ag an ceamara seo ná físeáin a thaifead. An cás is cáiliúla de mí-úsáid an físcheamara ná bás Saddam Hussein ag deireadh 2006. Bhí na heachtraí le fheiscint ar an idirlíon go gairid tar éis an eachtra.




MP3


Sá lá atá inniu ann is beag duine nach bhfuil tar éis a chloisteáil faoi MP3 agus an chaoi gur féidir an cartlann ceol a digitiú. Ar a lán fóin is féidir leat éisteacht leis an ceol seo agus fiú é a íoslódáil díreach ón idirlíon chuig an fón. Tá an líon stóras ar na fóin ag ardú chomh maith agus bíonn líon stóras suas go 8GB ar roinnt fóin.



Raidió

Is féidir leat éisteacht leis an raidió ar an fón. Is raidió analógach atá ann i láthair na huaire ach beidh an feidhmiúlacht ann éisteacht le raidió digiteach gan mhoill. Ardóidh sé seo an caighdeán fuaime ar an raidió agus an líon áiteanna gur féidir leat an comhartha raidió a phiocadh suas.



Teachtaireachtaí Teacs / Ilmheán


Is féidir leat teachtaireachtaí teacs a sheoladh ar gach fón póca ach bíonn feidhmeanna breise ann ó thaobh ilmheán ag brath ar an fón atá in úsáid.



Idirlíon


Is féidir teacht ar an idirlíon ar an-chuid fóin sa lá atá inniu ann. Tá an deis ann brabhsálaí breise a suiteáil ar an fón ar nós Opera agus amharc ar an fíor idirlíon in áit an idirlíon móibíleach. Caithfear a bheith cúramach agus tú ag úsáid an idirlíon. B’fhiú pacáiste a cheannach a ligeann duit méid áirithe sonraí a íoslódáil sa mhí. Muna bhfuil an pacáiste seo agat cosnaíonn gach aon meigibheart €14 in áit 3c. Ardaíonn úsáid an idirlíon ceisteanna mór do tuismitheoirí. Déanann tuismitheoirí gach rud gur féidir leo ó thaobh na paistí a chosaint agus iad ag úsáid an ríomhaire baile le fáil fhad leis an idirlíon. Bíonn pacáistí ar nós NetNanny in úsáid againn. Caithfear an rud céanna a dhénamh ar an fón póca. Tá rud ar a glaoitear Safety Net ag Vodafone le cosc a chur ar daoine dul fhad le suíomhanna nach bhfuil in oiriúint do phaistí.



Ag déanamh cinneadh

Agus tú ag ceannach fón póca nua b’fhiú cinneadh a dhéanamh bunaithe ar na nithe atá liostáilte san alt seo. Bí cinnte go ndéanann tú a sheiceáil an bhfuil tú i dteideal uasghrádú. Uaireanta is féidir leat fón saor in aisce a fháil de bharr go bhfuil tú i dteideal an uasghrádú seo. Bí cinnte go roghnaíonn tú an pacáiste ó thaobh praghas atá in oiriúint duit. Déan cinnte athchúrsáil a dhéanamh ar an fón, glacann an-chuid eagrais ar nós Trocaire le sean fóin le fiúntas na daoine boichte ar domhain.