Showing posts with label iPod. Show all posts
Showing posts with label iPod. Show all posts

Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

App nua lainseáilteá ag RTÉ Radio Sales


Ar suíomh idirlín RTÉ Radio Sales bíonn eolas ar fáil faoi na staitisticí JNLR is déanaí chomh maith le tairiscintí speisialta, urraíocht, costais fógraíochta. Is féidir breis eolas a fháil ag www.rte.ie/radio/advertising

Rinne RTÉ Radio Sales App nua don iPhone a lainseáil, an chéad ceann den chineál seo sa tír.

Is féidir na tairiscintí speisialta a sheiceáil ar an app seo chomh maith le rogha den fógraíocht is tarraingtí atá á ofráil ag RTÉ faoi láthair. Tá feidhm ann chomh maith gur féidir éisteacht beo leis an sruth fuaime agus faisnéis díolacháin a fháil beo tríd an “Electronic Programme Guide” ar an App.

Láimhdeachas ar “Apps” le ardú go mór i mBliana

Tá an líon díolachán ar feidhmchláir beaga don fón póca ar a ghlaoitear “Apps” le ardú go mór i mbliana.

I measc na nithe a mbíonn á íoslódáil bíonn cluichí, siopadóireacht, líonraí sóisialta agus feidhmchláir áirgiúlachta.

Tá Apple tar éis níos mó na 3 billiúin feidhmchláir a chur ar fáil ó tosaigh sé, staitistic a thaispeánann na deiseanna atá ann sa mhargadh seo.

Le níos mó agus níos mó de na fóin seo ar fáil ó Nokia, Blackberry, Google, Palm agus Apple meastar go dtiocfaidh méadú mór ar an íoslódáil seo.

Cuireann sé seo deiseanna móra ar fáil do fiontraithe na tíre seo mar gheall go bhfuil oiread céimithe ann ar chumas acu feidhmchláir a dhearadh agus a chur ar fáil.

Déantar an-bhrabach as fógraíocht san earnáil seo chomh maith. Déantar an feidhmchlár a thairiscint saor in aisce agus an tairgead a dhéanamh as fógraíocht atá leabaithe sa feidhmchláir.

Ó thaobh an Ghaeltacht de níl aon chúis nach féidir a bheith i mbun gnó san earnáil seo le áiseanna d’ardcaighdean ar fáil agus línte teileachumarsáide ar fáil.

I measc na staitisticí atá foilsithe tá:

Láimhdeachas:

2009: $4.23 Billiúin

2010: $6.7 Billiúin

2013: $29.4 Billiúin

Éirí as úsáid a bhaint as an iPod do Carghas

Tá eaglais na Breataine ag iarraidh ar daoine a bheith glas an Carghais seo agus earraí leictreach a thabhairt suas seachas na gnáth rudaí ar nós seacláid, le maitheas a dhéanamh don timpeallacht. Ar barr ar liosta acu tá an iPod.

I measc na daoine atá ar chúl seo tá Easpag Londain, Richard Chartres agus Easpag Learphoill, James Jones atá ag moladh gorta carbóin.

I measc na moltaí eile atá acu tá, éirí as an fón póca a úsáid, ag baint úsáide as coinnle seachas soilse leictreach, ag gearradh feoil agus glasraí níos tanaí sa chaoi gur féidir iad a chócaireacht níos gaiste.

Feidhmchlár Nuacht RTÉ ar fáil don iPhone anois

Tá feidhmchlár nua eisithe ag RTÉ a ligeann do daoine teacht ar an nuacht is déanaí ag baint úsáid as an iPhone. Is féidir na scéalta ar fad a brabhsáil, a léamh agus a shábháil ag baint úsáid as an “app” nua seo. Chomh maith le sin is féidir leat amharc ar an nuacht ó RTÉ am ar bith in áit ar bith ar domhain. Níl costas ar bith leis an feidhmchlár seo a íoslódáil.



Cén iPod ar chóir dom a cheannach?


Is é an iPod an seinnteoir Mp3 is mó díol ar domhain faoi láthair. Bíonn daoine tógtha leis an stíl a bhaineann leis chomh maith le cé chomh easca is atá sé le húsáid. Faoi láthair tá ceithre tairge ag Apple sa chlann seo, iPod shuffle, iPod Nano, iPod Classic agus iPod Touch.

iPod Shuffle

Seo é an tairge is bunúsaí atá ag Apple. Ní dhéanann sé ach ceol a bhualadh go randamach. Is féidir é a líonadh suas as do chartlann féin go randamach agus ansin an ceol a bhualadh go randamach. Tá sé ar nós DJ beag a beith ag freastal ort nach seinneann ach ceol go bhfuil tú féin tógtha leis. Buntáiste leis an Shuffle nach gur féidir e a cheangal le do chuid éadaí agus gur féidir suas le 17 uair a chloig ceol a stóráil ar nó 520 amhrán (2GB). Tá leagan 4GB ar fáil chomh maith. An praghas molta ar an leagan 4GB ná €75.

iPod Nano

Seo seinnteoir beag eile atá ag Apple darbh ainm an Nano. Is féidir an ceann seo a fháil i leaganacha 8GB (€139) agus 16GB (€169). Tá an ceann seo thart fá ceithre uair an méid is atá an Shuffle. Tá scáileán ar an ceann seo agus is féidir leat amhrán nó albam a roghnú ar an scáileáin as do cartlann féin. Is féidir leis an ceann seo ceol agus físeáin a bhualadh chomh maith le cluichí. Seo rogha maith do duine atá ag iarraidh cartlann a stóráil agus a thabhairt leo ar turas de bharr gur féidir suas le 4,000 amhrán a stóráil ar.


iPod Classic

Seo an iPod is cumhachtaí atá ar fáil. Is féidir é a cheannach i leaganacha 120GB (€229) agus 160GB (€229). Is ghléas iontach atá anseo mas rud é go bhfuil cartlann mór ceol agat. Muna bhfuil tá tú ag cur amú do chuid am agus airgead ag ceannach an iPod seo. Cosúil leis an Nano tá scáileáin ar agus tá an cuma ar gur an deartháir níos sine atá ann. Is féidir suas le 40,000 amhrán a stóráil ar an gléas seo.

iPod Touch

Seo an iPod is nua-aimseartha atá ar fáil. Úsáideann sé córas ionchur difriúil se bharr go bhfuil an tosach déanta suas de scáileáin. Is féidir é a cheannach ar €279 (32GB) agus €189 (8GB) Déanann sé stóráil ar suas le 7,000 amhrán. Is féidir leat dul ar an idirlíon chomh maith agus amhrán a íoslódáil díreach chuig an seinnteoir.


Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 01, 2008

An Nuacht is Déanaí i Domhain na Teicneolaíochta




An Aontas Eorpach ag cur leathanbhanda ar fáil do gach duine

Tá an Aontas Eorpach ag obair ar plean leathanbhanda a chur ar fáil do gach aon teaghlach san Aontas. Faoi láthair tá an-chuid tíortha, an cheann seo ina measc nach bhfuil fáil ag céatadán ard den daonra ar leathanbhanda. Ar an taobh eile den scéal tá tíortha eile agus iad i bhfad chun tosaigh ar nós An Danmhairg, Lucsamburg agus an Bheilg, áit gur féidir 100% den na daoine ceangal leathanbhanda a fháil sa bhaile. De réir staitisticí reatha ní féidir le ach 36% den daonra san Aontas Eorpach ceangal leathanbhanda a fháil, figiúr atá i bhfad ró-íseal agus nach bhfuil ag tacú le fiontraíocht.

Sé an impleacht atá ann nuair nach féidir leat teacht ar ceangal leathanbhanda ná go mbíonn an eacnamaíocht thíos leis. Amharc ar an líon daoine gur féidir leo fostaíocht a chruthú dóibh féin mas rud é go bhfuil ceangal leathanbhanda ar fáil dóibh. Níl aon rud ag stopadh duine ag chruthú gnó beag ar a leithid de eBay ag díol gach sórt rud. Tá aithne agamsa ar daoine a ndéanann slí bheatha deas compordach as eBay, ach is féidir dearmad a dhéanamh de seo muna bhfuil an luas ceart ar an ceangal idirlíon.

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach an reachtaíocht seo a fháil déanta faoi 2010 agus é a bheith ann go dlithiúil. Feicfimid conas mar a éiríonn leis an plean seo.



iPod Nano nua ar an Mhargadh



Tá Apple tar éis lainseáil a dhéanamh ar iPod Nano nua. Sé an rud atá sa Nano ná an iPod is lú le scáileán físe. Is féidir éisteacht le ceol ar an máisín beag seo nó amharc ar scannáin. An praghas ar an iPod seo ná thart ar €139 don leagan 8GB agus €189 don leagan 16GB. Is dócha an rud is nuálaí san iPod seo ná an chaoi gur féidir é a bhogadh agus athraíonn an leagan amach ar an scáileáin ag brath ar cén bealach a bhfuil tú ag amharc ar.


Is dócha ceann de na rudaí is fearr faoi lainseáil den chineál seo ná go titeann an luach ar an sean iPod Nano. Níl aon rud cearr leis an sean iPod ar chur ar bith agus beidh tú in ann iad a phiocadh suas ar luach an íseal sna seachtainí atá amach romhainn. Chonaic mé go bhfuil an praghas orthu tar éis titim €50 i roinnt siopaí i Leitir Ceanainn.



anlionra.net – Bebo na Gaeilge



Tá anlionra.net ag dul ó neart go neart faoi láthair agus an líon úsáideoirí ag méadú ar an suíomh idirlíon cumhachtach seo. Oibríonn sé an-chosúil le Bebo ach amháin go bhfuil gach uile rud trí mheán na Gaeilge. Is féidir leat Fís, Fuaim, Grianghraif, blaganna agus eolas fút féin a chur ar fáil ar an suíomh seo agus cairde nua a dhéanamh. Tionchar mór ar an suíomh seo ná an líon foghlaimeoirí thar lear agus iad ag iarraidh cleachtadh a fháil agus snas a chur ar a chuid Gaeilge. B’fhiú an suíomh seo a thriail.



Raidió RíRá – http://www.raidiorira.ie/


Tá stáisiún raidió nua ann don aos óg darbh ainm Raidió RíRá. Craoltar an stáisiún seo ar-líne amháin. Is féidir éisteacht leis na scéalta is déanaí faoi na réalta is mó ar domhain agus pé scannal a chloisteáil atá ar fáil. Tá altanna ann gur féidir a léamh chomh maith. Is féidir vótáil ar shon amhrán a chloisteáil am ar bith. Tá an suíomh seo an-snasta agus ba chóir súil a chaitheamh ar!