Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 29, 2008

Linux – Níos fearr ná Microsoft Windows?


Is beag duine atá ar an eolas faoi Linux. ‘Séard atá ann ná córas oibriúchán saor in aisce atá in iomaíocht leis na córais atá ag Windows. Tá sé bunaithe ar an sean córas UNIX. Níl sé deartha le brabach a dhéanamh agus le obair deonach ar fad a chuirtear le chéile é. Tá an méid den mhargadh atá ag Linux ag méadú i gcónaí agus tá an-chuid bogearraí á chur ar fáil le leagan speisialta atá deartha le feidhmiú le Linux.


Stair

Rinne fear darbh ainm Linus Torvalds an chéad leagan de Linux i 1991. Bhí Torvalds mar mac léinn ollscoile ag an am agus bhí an píosa bogearra seo mar chuid den tráchtas a chur sé le chéile. Ón am sin ar aghaidh thosaigh daoine ag cur suim i Linux agus ag baint úsáid as sa bhaile agus san obair. Thosaigh dreamanna triú pháirtí ar nós Slackware, Debian agus Red Hat ag cur suim i Linux agus ag déanamh forbairt ar.




Úsáid

Asus Eee PC

Tá leaganacha den Asus Eee PC ar fáil le Linux mar córas oibriúchán. Meastar go feidhmíonn na ríomhairí glúine seo níos gaiste ná na leaganacha le Windows mar córas oibriúchán.


Acer Aspire One

Seo ríomhaire glúine eile atá ar fáil in an-chuid siopaí ar praghas an-íseal. Chonaic mé é ar díol thar na deireadh seachtaine i siopa i Chiarraí ar €260.


Dell

Tá Dell ag díol ríomhairí anois leis an córas oibriúchán Linux orthu. Siad na ríomhairí le Linux atá acu ná an Inspiron 1420N, Inspiron 1525N agus an XPS M1330.


OLPC

Seo an ríomhaire atá ag MIT agus an aidhm atá acu ná an ríomhaire a chur ar fáil do gach páiste scoile ar domhain. An costas ar an ríomhaire seo ná thart ar €119.


Playstation 2 agus Playstation 3

Is féidir Linux a chur ar an Playstation 2 agus an Playstation 3. I rith na seachtaine chur mé Linux ar an Playstation 2 sa bhaile agus anois feidhmíonn sé ar nós gnáth ríomhaire deisce. Is féidir dul ar an idirlíon, próiseáil focal a dhéanamh, na cuntais sa bhaile a dhéanamh i scarbhileog.


iPod

Is féidir Linux a chur ar obair ar an iPod chomh maith agus níos mó feidhmeanna a chur ar fáil.


Todhchaí

Is córas an-chumhachtach í Linux a feidhmíonn i bhfad níos fearr ná Windows ar go leor bealaí. Tá sé díreach chomh easca céanna le Windows ó thaobh úsáid de. Tá níos lú seans víreas a fháil ar ríomhaire le Linux de bharr go bhfuil formhór de na víreas deartha le ionsaí a dhéanamh ar tairgí Microsoft. Tá na milliún paistí scoile ag úsáid Linux in ait Windows le gearradh siar a costais bogearraí ach tá gach aon seans go leanfaidh na paistí scoile seo ar aghaidh ag úsáid Linux amach anseo. De bharr nach úsáideann Linux an oiread céanna achmhainní chuimhne le Windows is féidir saolré nua a thabhairt do sean trealamh le Linux. Níl aon rud ag stad duine ag cur Windows agus Linux ar an ríomhaire céanna agus an cinneadh cén córas atá ag teastáil a dhéanamh agus an ríomhaire ag toiseacht suas. Is cinnte go bhfuil todhchaí gheal ag Linux agus go bhfuil an líon úsáideoirí chun dul i méid.

No comments: