Dé Máirt, Bealtaine 26, 2009

Turasóireacht faoi bhláth in Éirinn

Tá turasóireacht faoi bhláth in Éirinn faoi láthair mar gheall go bhfuil praghsanna ar saoire sa tír seo ag titim i gcónaí mar thoradh ar an géarchéim eacnamaíochta. Chreid nó ná chreid, de réir staidéir atá déanta ag cnn.com, mheastar go mbeidh ardú ar an líon turasóirí a bheas ag teacht as Mheiriceá i mbliana mar gheall ar an luach atá siad ag fáil ar a chuid airgead. Is féidir le duine seachtain saoire a fháil sa tír seo (eitilt ó New York, 6 oíche lóistín agus carr ar cíos thar tréimhse seachtaine) ar $599. Tá an praghas seo dochreidte agus is cinnte go bhfuil an praghas seo i gcomórtas le aon áit eile ar domhain.

Ba chóir do mhuintir Dún na nGall an deis seo a thapadh leis an lámh in uachtar a fháil ar an chuid eile den tír ó thaobh turasóireachta de. Tá acmhainní de scoth ar fáil i nGaeltacht Thír Chonaill agus ba chóir go mbeadh muid á dhíol ar bealach níos fearr.

Is féidir acmhainní ar-líne a úsáid leis an fógraíocht seo a dhéanamh agus pacáistí siamsaíochta mar is ceart a sholáthar. Cén fáth nach féidir linn na tithe saoire ar fad a fhógairt ar aon ‘hub’ amháin ar an idirlíon? Chomh maith le turais, imeachtaí agus chuile rud eile a ndéanann an ceantar seo chomh maith is atá. Ba chóir go mbeadh muid ag díol an teanga in éineacht le lóistín, imeachtaí, ceol, bia agus chuile rud eile atá ar fáil.

Le roinnt seachtain anuas tá daoine tar éis teagmháil a dhéanamh liom faoi conas gur féidir leo teach saoire a fhógairt ar-líne chun an margadh is leithne a aimsiú. Níl freagra cruinn ar an cheist seo mar gheall go bhfuil oiread nithe á fhógairt ar líne sa lá atá inniu ann. Measaim féin an bealach is fusa le seo a dhéanamh ná suíomh idirlín iomlán a dhearadh a ndéanann margaíocht ar Ghaeltacht Thír Chonaill amháin.

Má tá suim agat i turasóireacht sa contae seo b’fhiú cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlíon donegaldirect.ie le roinnt nod a fháil ar céard atá á lorg ag custaiméirí.

No comments: