Dé Céadaoin, Feabhra 11, 2009

Cuireann Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge os cionn 25,000 focal agus frása ar fáil duit gan aon stró!


Éist leis an mhír seo


teacs.ie



Cuireann Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge os cionn 25,000 focal agus frása ar fáil duit gan aon stró!




Ar deireadh, tá téacsáil thuarthach i nGaeilge ar fáil do ghutháin

Éireannacha - agus í ar fáil saor in aisce!



Dé Luain 26 Eanáir, 2009: Inniu, lainseáil Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge seirbhís téacsála tuarthaí saor in aisce a thugann an rogha téacsála tuarthaí i nGaeilge do chustaiméirí. Sheol Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus iar-chaptaen foirne Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, a bhain Craobh na hÉireann sa Pheil, an tseirbhís i mBaile Átha Cliath inniu.

Feidhmchlár nua de chuid Vodafone is ea Téacs a ligeann duit teachtaireachtaí téacs a scríobh ar d'fhón i nGaeilge trí úsáid a bhaint as téacsáil thuarthach i nGaeilge. Léirítear leis seo na gnáthnósanna téacsála atá ag úsáideoirí fóin phóca Éireannacha. San áireamh tá na focail is mó a úsáidtear i nGaeilge, chomh maith le hainmneacha, logainmneacha, bailte etc,.

San fheidhmchlár tá corpas Gaeilge cuimsitheach ina bhfuil os cionn 25,000 focal agus frása. Cuirtear lántacaíocht ghramadúil ar fáil do na focail Ghaeilge choitianta uile lena n-áirítear na focail le huaschamóga ar nós na mbriathra san aimsir chaite chomh maith le focail a bhfuil fleiscíní iontu.

Cé go bhfuil an feidhmchlár á chur ar fáil ag Vodafone mar íoslódáil saor in aisce, tá sé ar fáil do gach úsáideoir fóin phóca. Níl le déanamh ach próiseas simplí agus iomasach a leanúint trí chuairt a thabhairt ar http://wap.teacs.ie/ agus dul trí na treoracha simplí, atá curtha ar fáil, céim ar chéim. Agus é suiteáilte, tá an custaiméir in ann Téacs a oscailt ar a f(h)ón agus téacsáil leo i nGaeilge.

Agus sonraí na seirbhíse á bhfógairt, dúirt Carolan Lennon, Stiúrthóir Tomhaltóirí, Vodafone Ireland, "Ciallaíonn tús na seirbhíse nua seo go mbeidh custaiméirí ar mian leo téacsáil i nGaeilge, in ann é a dhéanamh go héasca ar réimse leathan sásanna láimhe. Creidimid go mbeidh tionchar an-dearfach ar úsáid na Gaeilge ag an gcumas atá ann téacsáil thuarthach a dhéanamh i nGaeilge gan aon ghá le teicneolaíocht nua go háirithe i measc daoine óige sa chóras oideachais a bhfuil SMS mar phríomh-mhodh cumarsáide dóibh."

“Tá ríméad orainn go bhfuil an tseirbhís ar fáil anois saor in aisce mar íoslódáil do dhaoine a bhfuil spéis ar leith acu sa Ghaeilge ar fud oileán na hÉireann, is cuma faoin líonra lena bhfuil siad agus tá súil againn go rachaidh sí i bhfeidhm go mór ar an nGaeilge agus ar an úsáid laethúil a mbaintear aisti.”

Ag caint faoin tseirbhís, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: "An cur chuige atá ag Foras na Gaeilge maidir le forbairt na teanga ná an fháil atá ar an teanga agus an úsáid a bhaintear aisti a spreagadh agus a chothú. Táimid ag obair le Vodafone le roinnt mhaith blianta le seirbhís téacsála a fhorbairt do chainteoirí le Gaeilge líofa agus do dhaoine a bhaineann úsáid as 'cúpla focal' anois agus arís. Leis an tionscnamh seo tá i gceist breis daoine a chumasú le 'cúpla focal' a úsáid san aois seo a nglaoitear aois na cumarsáide uirthi."

“Agus an Ghaeilge níos sofheicthe i ngach gné den saol, tugann an tseirbhís seo an deis duit téacsáil a dhéanamh i nGaeilge gan aon stró. Is cúis áthais dúinn a bheith ag obair le Vodafone ar an tionscnamh fiúntach seo agus táimid ag dúil le húsáid a bhaint as an tseirbhís."

Críoch/

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Cara Twohig

Vodafone

087 6887316

Lorraine Lally
FD

087 1214073

Breandán Mac Craith

Foras na Gaeilge

087 2354834

No comments: