Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Frithvíreas – Ag chosaint do ríomhaire


Bíonn mórfhadhbanna ag daoine agus iad ag iarraidh an ríomhaire a chosaint in éadan víreas agus péisteanna. Is beag duine nach mbíonn píosa beag buartha agus iad ag líonadh a chuid sonraí pearsanta isteach i suíomh idirlíon le earraí a cheannach. Tá roinnt bealaí le fáil réidh leis na fadhbanna seo agus ní ghá go gcosnóidh sé an oiread sin ar chor ar bith.

Ceard iad na fadhbanna is mó?

Péisteanna agus Víreas Ríomhaireachta (Computer Worms)

Seo feidhmchlár beag atá an-chosúil le víreas. Ceanglaíonn víreas le comhad eile ionas go n-oibreoidh sé. I gcás péiste níl aon chomhad eile ag teastáil. Mar thoradh air seo tá sé éasca péisteanna a scaipeadh ag baint úsáid as ríomhphost. Má osclaítear iatán gur péist é déanfar dochar don ríomhaire.

Is féidir le péist go leor rudaí éagsúla a dhéanamh. Is féidir leis comhaid a scriosadh, bheith ina óstach nó ríomhphoist a sheoladh. Is féidir le péist an-dochar a dhéanamh ó thaobh an méid tráchta ar an líonra a chruthaíonn sé. Chruthaigh an phéist MyDoom moill ollmhór ar an idirlíon ar fud an domhain (rud a chosain na céadta milliúin euro go domhanda).

An féidir péist a úsáid le maitheas a dhéanamh? Bhain Microsoft úsáid as péist le nuashonrúcháin a íoslódáil ón suíomh idirlín atá acu le fadhbanna ar ríomhairí timpeall an domhain a dheisiú. Chruthaigh sé seo trácht agus brú mór ar an idirlíon agus rinne sé gach uile ríomhaire a atosú agus chuir sé bogearraí ar ríomhairí gan cead a fháil ó na húinéirí. Dá bhrí seo measann na saineolaithe nár chóir péisteanna a úsáid ar chor ar bith.

Tá sé go hiomlán mídhleathach péist a scaipeadh sa lá atá inniu ann. I mí Eanáir 2002 gearradh téarma príosúnachta dhá bhliain ar an ríomhchláraitheoir Simon Vallor as an dochar a rinne sé leis na víris Gokar, Admirer agus Redesi8.

I mí Dheireadh Fómhair 2005 gearradh téarma príosúnachta 6 mhí ar Andrew Harvey agus gearradh téarma 3 mhí ar Jordan Bradley as an dochar a rinne siad leis an phéist T-K Worm.


Phishing

Seo nós réasúnta nua atá tar éis teacht chun tosaigh le blianta beaga anuas. Ligeann na ‘phishers’ orthu féin go mbaineann siad le heagraíocht oifigiúil trí ríomhphost snasta a sheoladh amach. Iarrann siad ar dhaoine a gcuid sonraí pearsanta, sonraí bainc nó sonraí cárta creidmheasa a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais chucu. Toisc go bhfuil cuma shnasta agus, minic go leor, suaitheantas corparáide ar an ríomhphost líonann daoine isteach a gcuid sonraí. Is féidir leis an ‘phisher’ rudaí a cheannach ag úsáid sonraí an duine go dtí go bhfuil teorann caiteachais an chárta sroichte aige nó go dtí go bhfuil an cuntas bainc folamh.

Idir mí na Bealtaine 2004 agus mí na Bealtaine 2005 chaill 1.2 milliún duine airgead i Meiriceá mar thoradh ar Phisheáil tríd an ríomhphost le luach $929 milliún ar an phisheáil ar fad sa tréimhse sin. Sa tréimhse chéanna cailleadh £524 milliún i Sasana de bharr phisheála. Cailltear thart fá $2 billiún in aghaidh na bliana i Meiriceá mar gheall ar gach sórt phisheála.

An bealach is fusa le phisheáil a sheachaint ná a bheith cúramach le do chuid sonraí. Má tá fadhb le do chuntas bainc cuirfidh an banc scairt ghutháin ort nó cuirfidh siad litir sa phost chugat. Ná tabhair sonraí d’aon duine muna bhfuil tú iomlán cinnte cé lena bhfuil tú i dteagmháil leo.

Tá na húdaráis i ndiaidh greim a fháil ar chuid de na ‘phishers’ is mó ar domhan go dtí seo agus beidh siad os comhair na cúirte i mbliana. An ‘phisher’ is mó a fuair siad go dtí seo ná Valdir Paulo de Almeida sa Bhráisíl. Ghoid sé $55 milliúin thar dhá bhliain.

Réiteach na faidhbe

Tá frithvíreas ar fáil saor in aisce ar an idirlíon. Agus tú ag ceannach ríomhaire de ghnáth déanann an siopa iarracht brú a chur ort frithvíreas a cheannach, ach ní luann siad go bhfuil a leithid ar fáil saor in aisce.

Frithvíreas saor in aisce

AVG Anti-virus (www.grisoft.com)

Seo frithvíreas atá ar fáil saor in aisce. Ní fhaigheann tú ach an leagan is bunúsaí saor in aisce ach don ghnáth duine ba chóir go ndéanfaidh sé sin cúis. Bunaíodh an comhlacht seo i 1991 agus ceannaigh Intel páirt mór den comhlacht bliain ó shin. An t-aon coinníoll a bhaineann leis an ceadúnas seo ná go bhfuil sé le h-úsáid sa bhaile i gcomhair obair pearsanta amháin.

Avast (www.avast.com)

Seo pacáiste atá an-chosúil le AVG agus atá saor in aisce fad is a leanann tú na rialacha ceánna ó thaobh ceadúnais de. Ó mo thaithí féin oibríonn an feidhmchlár seo go maith ach amháin go bhfuil mé tar éis cloisteáil faoi cúpla fadhb leis i gcomhthéacs Windows Vista.

ClamWin (www.clamwin.com)

Tá ClamWin ar fáil saor in aisce chomh maith. Oibríonn an ceann seo ar gach aon leagan de Windows agus is féidir é a íoslódáil, cosúil leis na cinn eile ón leathanach baile atá ag an eagras.

Spyware saor in aisce

Spybot (www.spybot.com)

Is féidir fáil réidh le péisteanna agus a leithid trí úsáid a bhaint as Spybot. Is tairge iomlán saor in aisce atá anseo. Le déanaí chur mé Spybot ar ríomhaire mo chara agus d’aimsigh an ríomhaire 56 fadhb leis an ríomhaire cé gur shíl an duine nach raibh fadhb ar bith leis an ríomhaire. Rud an-úsáideach a bhaineann leis an feidhmchlár seo ná an cnaipe “immunise” a chinntíonn nach gheobhaidh an ríomhaire an fadhb céanna arís.

Balla Dóiteáin (Firewall) saor in aisce

An brí atá le Firewall ná píosa bogearra ní píosa cruaearra a cuireann bac ar ceangail líonra áirithe ag brath ag cén leibhéal muiníne a bhaineann leo.

Comodo (www.personalfirewall.comodo.com)

Is féidir leat cosaint breise a chur i bhfeidhm ar do ríomhaire trí Balla Dóiteán a úsáid. Ceann de na cinn is coitianta atá saor in aisce ná Comodo. Tá sé easca seo a suiteáil ar an ríomhaire agus tá sé ar fáil saor in aisce ón suíomh idirlíon.


No comments: