Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Cáinaisnéis 2010 ar líne


Is cinnte go mbeidh cáinaisnéis na bliana seo ar ceann de na cáinaisnéis is measa riamh i stáir an stáit seo. Beidh chuile duine ag cailleadh amach ar an líon airgead atá acu go míosúil. An seachtain seo táimid chun súil a chaitheamh ar na suíomhanna idirlíon is oiriúnaí atá ann a ligeann duit na príomhphointí a thuiscint agus a ligeann duit a oibriú amach an líon airgead nach mbeidh agat an bliain seo chugainn.

RTÉ (www.rte.ie/budget2010)

Tá suíomh idirlíon nuacht RTÉ ar ceann de na cinn is fearr. Is féidir leat éisteacht leis nó amharc ar an tAire Lenihan ag tabhairt an óráid trathnóna inniu agus tar éis sin beidh foireann saineolaithe ag mionscrúdú teacs an cáinaisnéis le oibriú amach céard iad na himpleachtaí atá ann do chuile duine.



TV3 (www.tv3.ie/budget2010)

Tá suíomh idirlíon an-mhaith ag TV3 faoin cáinaisnéis chomh maith le físeáin, scéalta, tráchtaireacht agus go leor eile ina measc baineann siad úsáid as twitter le rian scéalta leanúnach a chur ar fáil.


An Roinn Airgeadas (www.finance.gov.ie)

Tá suíomh idirlíon maith ag an Roinn Airgeadas a tugann leagan leictreonach de na doiciméid ar fad ina measc Cáinaisnéis 2010. Is féidir na sean doiciméid ar fad a fháil siar go dtí 1996 agus comparáid a dhéanamh ar an staid reatha ansin agus an ceann anois.



No comments: