Tharla “Safer Internet Day” inne san EU agus ghlac níos mó ná 60 tír páirt ann. Sé an seachtú lá dín cineál seo agus déanann siad iarracht tabhairt ar daoine a bheith slán agus iad ag baint úsáide as an Idirlíon.
An mana atá acu i mbliana ná “Think Before You Post”.
Tá siad ag iarradh an teachtaireacht a chur trasna chuig paistí agus déagóirí ach go háirithe, gur chóir a bheith ar an eolas faoi na dainséir atá ann ar an idirlíon agus má fheiceann tú aon rud mídhleathach ar bun ar an idirlíon ba chóir an teolas a chur ar aghaidh chuig an suíomh www.hotline.ie
Rinne an tAire Oideachais Batt O’Keefe ag lainseáil ar an feachtas seo agus mar chuid den feachtas beidh eolas á scaipeadh ar na paistí scoile timpeall na tíre faoi na dainséir a bhaineann leis an idirlíon.
Is féidir na hacmhainní uilig ar nós bileoga eolais agus póstaer a fháil ó aon leabharlann poiblí nó iad a íoslódáil ón suíomh idirlíon www.internetsafety.ie
De réir staidéir atá curtha i gcrích le déanaí tá déagóirí na tíre seo i mbaol agus iad ag baint úsáide as an idirlíon. Úsáideann 79% acu líonraí sóisialta ar nós Bebo, MySpace agus Facebook. As an líon déagóir seo deireann 62% acu nach ndéanann tuismitheoirí s’acu aon rud le iad a threorú agus iad ag baint úsáide as an idirlíon. Cé go ndeireann 58% de na tuismitheoirí go bhfuil siad sásta go bhfuil na déagóirí sábhailte ar líne.
De réir an suirbhé chuireann 66% de déagóirí sonraí pearsanta ar fail thar an idirlíon, cleachtas nach mholtar ag am ar bith.
Ceann de na staitisticí is scanrúla ná go bhfuil strainséir tar éis teagmháil a dhéanamh le 71% de déagóirí agus gur fhreagair 43% an strainséir.
Lena chinntiú go bhfuil do chuid paistí slán agus iad ag baint úsáide as an idirlíon ba chóir a chinntiú go bhfuil an leagan is déanaí den brabhsálaí idirlíon acu (IE8) agus bhfuil oideachas curtha ar fáil do na paistí faoi na nithe nár chóir a dhéanamh agus tú ag baint úsáide as líonraí sóisialta agus ríomhphost.
No comments:
Post a Comment