Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Feidhmeanna Breise ar an Fón Póca


An Smartphone

Sa lá atá inniu ann tá an-chuid feidhmeanna breise ar an fón póca. Ní amháin gur féidir leat scairteanna guthán a dhéanamh. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar cuid de na feidhmeanna breise atá ar fáil agus gur chóir smaoineamh faoi agus tú ag ceannach fón póca.

Ceamara

Ar an chuid is mó de na fóin póca bíonn ceamara ann. Déantar an ceamara seo a mheas bunaithe ar an líon meigapictilíní atá ar fáil. Mas rud é go bhfuil an líon meigapictilíní níos lú ná 3mp níl an íomhá ar caighdeán ard go leor le é a phriontáil go héifeachtach. Tá roinnt ceamaraí ar an mhargadh agus 8mp ar fáil orthu. Ardaíonn an ceamara ceisteanna faoi príobháideachas. Is féidir grianghraf a ghlacadh de duine agus gan fios acu féin. Is de bharr seo gur cuireadh cosc ar na fóin seo a úsáid in ionaid spóirt agus i linn snámha agus seomraí feistis. I measc na feidhmeanna atá ag an ceamara seo ná físeáin a thaifead. An cás is cáiliúla de mí-úsáid an físcheamara ná bás Saddam Hussein ag deireadh 2006. Bhí na heachtraí le fheiscint ar an idirlíon go gairid tar éis an eachtra.

MP3

Sá lá atá inniu ann is beag duine nach bhfuil tar éis a chloisteáil faoi MP3 agus an chaoi gur féidir an cartlann ceol a digitiú. Ar a lán fóin is féidir leat éisteacht leis an ceol seo agus fiú é a íoslódáil díreach ón idirlíon chuig an fón. Tá an líon stóras ar na fóin ag ardú chomh maith agus bíonn líon stóras suas go 8GB ar roinnt fóin.

Raidió

Is féidir leat éisteacht leis an raidió ar an fón. Is raidió analógach atá ann i láthair na huaire ach beidh an feidhmiúlacht ann éisteacht le raidió digiteach gan mhoill. Ardóidh sé seo an caighdeán fuaime ar an raidió agus an líon áiteanna gur féidir leat an comhartha raidió a phiocadh suas.

Teachtaireachtaí Teacs / Ilmheán

Is féidir leat teachtaireachtaí teacs a sheoladh ar gach fón póca ach bíonn feidhmeanna breise ann ó thaobh ilmheán ag brath ar an fón atá in úsáid.

Idirlíon

Is féidir teacht ar an idirlíon ar an-chuid fóin sa lá atá inniu ann. Tá an deis ann brabhsálaí breise a suiteáil ar an fón ar nós Opera agus amharc ar an fíor idirlíon in áit an idirlíon móibíleach. Caithfear a bheith cúramach agus tú ag úsáid an idirlíon. B’fhiú pacáiste a cheannach a ligeann duit méid áirithe sonraí a íoslódáil sa mhí. Muna bhfuil an pacáiste seo agat cosnaíonn gach aon meigibheart €14 in áit 3c. Ardaíonn úsáid an idirlíon ceisteanna mór do tuismitheoirí. Déanann tuismitheoirí gach rud gur féidir leo ó thaobh na paistí a chosaint agus iad ag úsáid an ríomhaire baile le fáil fhad leis an idirlíon. Bíonn pacáistí ar nós NetNanny in úsáid againn. Caithfear an rud céanna a dhénamh ar an fón póca. Tá rud ar a glaoitear Safety Net ag Vodafone le cosc a chur ar daoine dul fhad le suíomhanna nach bhfuil in oiriúint do phaistí.

GPS

Le GPS is féidir leat an fón póca a úsáid mar Satnav agus do bhealach a dhéanamh ó áit amháin go áit eile ar bhealach níos fusa.

Wi-Fi

Le Wi-Fi is féidir leat an fón póca a cheangail leis an ródaire sa bhaile agus an idirlíon a úsáid gan an bille fón a ardú.

Ag déanamh cinneadh

Agus tú ag ceannach fón póca nua b’fhiú cinneadh a dhéanamh bunaithe ar na nithe atá liostáilte san alt seo. Bí cinnte go ndéanann tú a sheiceáil an bhfuil tú i dteideal uasghrádú. Uaireanta is féidir leat fón saor in aisce a fháil de bharr go bhfuil tú i dteideal an uasghrádú seo. Bí cinnte go roghnaíonn tú an pacáiste ó thaobh praghas atá in oiriúint duit. Déan cinnte athchúrsáil a dhéanamh ar an fón, glacann an-chuid eagrais ar nós Trocaire le sean fóin le fiúntas na daoine boichte ar domhain.

Samplaí:

Apple iPhone 3Gs

Palm Pré

Blackberry Storm

Google Nexus One

Motorola Android


No comments: