Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Fuaim a thaifeadadh ó YouTube


audacity.sourceforge.net

www.youtube.ie

Ag an am seo den bhliain bíonn daoine ag smaoineamh ar na laethanta Nollag a bhí acu agus iad óg, go háirithe an ceol a bhí le cloisteáil ag an am. Uaireanta bíonn daoine ag lorg an ceol seo a fháil ar an idirlíon. Is annamh gur féidir teacht ar an MP3 ach bíonn tromlach an ceol ar YouTube na laethanta seo.

Tóg mar shampla, an amhrán “The Frog Chorus” a bhí sna cairteanna ag Paul McCartney i 1983 agus mé óg. Tá sé fíor dheacair é a fháil ar dlúthdhiosca nó i bhfoirm MP3 ach tá sé ar fáil i bhfoirm físeán ar YouTube. Is iomaí duine a ndeireann liom “Conas gur féidir ceol a thaifeadadh ó YouTube?”. Is próiséas simplí atá ann, nach cosnaíonn pingin rua.

Is féidir leas a bhaint as an feidhmchlár saor in aisce Audacity leis an taifeadadh a dhéanamh. Tá sé seo ar fáil saor in aisce ón suíomh idirlíon audacity.sourceforge.net .

Ansin oscail YouTube.ie agus téigh chomh fada go dtí an físeán atá á lorg agat. Roghnaigh “Stereo Mix” in Audacity. Ansin brúigh ar “Record” in Aadacity agus ar “Play” in YouTube. Déanfaidh an Audacity an fuaim is atá an ríomhaire ag chruthú. Agus an físeán críochnaithe brúigh ar “Stop” agus is féidir éisteacht arais ar an ceol. Ansin roghnaigh “File” agus “Export as MP3” le MP3 a dhéanamh as agus é a chur ar an MP3.

Tá neart ceol Nollaig ar fáil ar YouTube nach bhfuil ar fáil go forleathan sna siopaí, mar shampla tá leagan de “Oíche Chiúin” ó Enya a rinne RTÉ taifead ar i 1989 suas ansin.


No comments: