Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Google i mbun oibre i nGaoth Dobhair

An bhfaca aon duine carr ait sa cheantar le seachtain nó dhó? Ceann a bhfuil ceamara chrochta ar barr an carr? An rud atá ar bun anseo ná go bhfuil pictiúir á ghlacadh de na bóithre uilig sa cheantar le é a chur suas ar Google Street. An impleacht atá aige seo ná go mbeidh duine in ann siúlóid fíorúil a ghlacadh timpeall an cheantar! Seans go gcuirfidh sé seo go mór le turasóireacht agus an eacnamaíocht a spreagadh.

No comments: