Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Déanann Apple lainseáil ar an iPad


Tá Apple tar éis lainseáil a dhéanamh ar an ghléas nua atá acu, an iPad. Agus tú ag amharc ar an gléas seo don chéad uair tá an cuma ar gur iPhone mór atá ann. Agus, go pointe bheadh an ceart agat.

Go simplí tá na saineolaithe ríomhaireachta ag rá go bhfuil an iPad chun an ríomhaire iniompartha a athrú go deo agus go mbeidh na ríomhairí seo níos idirghníomhach in imeacht ama. An difear mór idir an iPad agus ríomhairí iniompartha eile ná nach bhfuil méarchlár fisiceach ar an ríomhaire seo agus go n-úsáideann sé méarchlár fíorúil ina áit. Chomh maith le seo tá scáileáin an-snasta ann. San alt seo déanfaidh muid cur síos ar na gnéithe is suimiúla faoin iPad.

Scáileáin

Tá scáileán 9.7 orlaigh ar fáil ar an iPad a tacaíonn leis an caighdeán HD (1080p). Mar gheall ar an caighdeán seo déanann sé an easca suíomhanna idirlín, ghrianghraif, físeáin agus go leor eile a fheiceáil go soiléir. Tá radharc 178 céim ag an scáileáin seo, rud a ciallaíonn nach ghá suí díreach trasna uaidh.

Scáileáin il-tadhaill

Tá scáileáin il-tadhaill ar an iPad rud a ndéann níos easca é súmáil isteach agus amach ar suíomh idirlíon agus do chuid comhaid nó ceol a sórtáil agus a bhualadh. Is mar thoradh ar an teicneolaíocht seo nach bhfuil aon ghá le luchóg.


Tanaí agus Éadrom

Tá an iPad an-éadrom agus an-tanaí. Tá an scáileáin 9.7 orlaigh in iomlán, rud a chiallaíonn go bhfuil an iPad beagánín níos lú ná iris. Tá méachan de 1.5 punta aige agus tá leithid de 0.5 orlaigh aige. Leis an iPad chomh beag, éadrom agus tanaí seo níl aon fáth nach féidir leat é a iompar timpeall leat.


Saolré 10 uair ag an cadhnra

Tá saolré 10 uair ag an cadhnra agus tú ag baint úsáid as an gréasán domhanda ar Wi-Fi nó ag amharc ar físeáin nó ag éisteacht le ceol. Úsáidtear an teicneolaíocht cumhachta céanna san iPad is a úsáidtear ar a deartháir níos sine an MacBook.

Gan Sreang

Tá teicneolaíocht Wi-Fi ag an caighdeán 802.11n san iPad. Ligeann sé seo duit ceangail suas le líonraí ríomhaireachta ag ardluais. Chomh maith le seo tá tacaíocht ag an iPad do Bluetooth 2.1 rud a ligeann duit gléasanna eile a cheangal leis.

3G

Is féidir an iPad a cur ag obair le carta sim ó ceann de na comhlachtaí fón agus bille míosúil a bheith ann as úsáid a bhaint as an idirlíon.

Sonraí Teicniúil

Tá trí leagan difriúil le bheith ar fáil ó thaobh líon stórála de, an 16GB, 32GB agus 64GB. Úsáideann an iPad an láraonad próiseála, an A4 a úsáideann suas fíorbheagán cumhachta.

An Siopa iBooks

Beidh ar cumas daoine leabhair digiteach a léamh ar an iPad agus iad a íoslódáil síos ón siopa ar líne atá ag Apple.

Praghas an iPad

Beidh na praghsanna ar an iPad ag toiseacht ag $499 (16GB Wi-Fi) don ceann is bunúsaí agus ag ardú go $849 don ceann is fearr (64GB le feidhmiúlacht 3G) agus déanfar iad a chur ar fail sna siopaí i mí Márta (Wi-Fi) agus mí Aibreán (3G).

Láigí leis an iPad

Easpa USB: Ní aon soicéid USB ag an iPad rud a cuireann cosc ort ghléasanna breise a cur in oiriúint leis (diosca crua seachtrach, printéir, scanóir).

Ceamara gréasán: Níl ceamara gréasán ar both ag an iPad, rud a chiallaíonn nach féidir é a chur ag obair le Skype.

Uasghrádú: Ní féidir an cuimhne, an líon stórála nó an cadhnra a uasghrádú mar gheall gur ghléas druidte go hiomlán atá ann.

Méarchlár: Níl méarchlár ar bith leis an iPad rud a chruthaíonn deacrachtaí clóbhualadh.

Adobe Flash: Níl tacaíocht ag an iPad do Adobe Flash, rud a chiallaíonn nach mbeidh ar chumas an ghléas suíomhanna idirlín airithe a thaispeáint i gceart.

Iltascáil: Ní féidir ach feidhmchlár amháin ag an am a rith ar an iPad. An brí atá le seo ná go teoiriciúil nach mbeidh ar cumas agat éisteacht le ceol agus e-book a léamh ag an am céanna.

Fadhbanna le ainm an iPad

Beidh le feiceáil an mbeidh cead ag Apple an ainm “iPad” a úsáid nó an mbeidh orthu é a athrú. Tá gléas ag Fujitsu chéanna féin a úsáidtear le stocáireamh a dhéanamh darbh ainm an iPad. Tá dlíodóirí Fujitsu ag fiosrú an scéal faoi láthair.


No comments: