Dé hAoine, Eanáir 09, 2009

Coinnigh Súil ar Daidí na Nollag


www.noradsanta.com

www.googleearth.com

Tá an Nollaig beagnach linn faoin am seo agus níl le déanamh againn ach suí siar agus sult a bhaint as an seasúr. Ba chóir go mbeadh an siopadóireacht ar fad déanta agus an uile rud réidh faoin am seo. Le teacht teicneiolaíocht nua-aimseartha is féidir le daoine súil a choinneáil ar cá h-áit ina bhfuil Daidí na Nollag. Is uirlis maith é seo d'aon pháiste agus iad ag iarraidh a fháil amach ar chóir go mbeadh siad sa leaba ar eagla go bhfuil an fear mór ar an mbealach síos an simléar.

www.northpole.com

Seo suíomh idirlíon atá deartha go spéisialta do páistí. Tá scéalta nollaig, cluichí nollaig agus go leor eile ar fáil anseo. Tá sé seo an-mhaith ó thaobh páistí a fháil i spiorad na Nollag agus sult a bhaint as Oíche Nollag i measc an chuid eile den chlann.

www.santaclauslive.com

Seo suíomh idirlíon gur féidir leat amharc ar teach Daidí na Nollag idir taobh amuigh agus taobh istigh. Tá sraith beo ann a feidhmíonn mar físeán seachas díreach iomhá statach.



Réiteach faighte ar fadhb Microsoft Internet Explorer

Tá Microsoft tar éis a fhogairt go bhfuil réiteach ar an fhadhb slandála le Microsoft Interent Explorer. Is féidir an réiteach a ioslódáil ón suíomh idirlíon www.microsoft.ie nó trí Windows Update a rith ar do ríomhaire féin. Tá sé fíor thabhachtach go ndéanann gach uile duine an uasghrádú seo.



Bia d'am Nollaig

www.worldofchristmas.net

Ar an suíomh seo is féidir leat a fhoghlaim faoi conas bia speisialta a dhéanamh d'am nollaig. Is féidir leat leideannna a fháil faoi gach rud idir milseóig agus sú!

No comments: