Dé hAoine, Eanáir 09, 2009

Skype - Urilis Cumarsáide den scoth!

Is uirlis é Skype a ligeann duit teagmhail a dhéanamh le daoine thar líonra cumarsáide ar costas i bhfad níos lú ná gnáth líne teileafón. Is féidir an leas is fearr a bhaint as an ceangal leathan bhanda trí Skype a úsáid le scairteanna a chur ar do chuid cairde.

Cad atá ag teastail?

Níl trealamh costasach ag teastail le Skype a úsáid. Tá gnáth ríomhaire glúine nó ríomhaire deisce ag teastail, micreafóin don ríomhaire, cúláisean nó callairí, ceangal leathan bhanda agus más rud é go bhfuil tú ag iarraidh fís a fheiceáil beidh ceamara gréasáin uait.

Chomh maith le sin caithfear feidhmchlár a íoslódáil ón idirlíon ag www.skype.com



An Costas

Ríomhaire go Ríomhaire (Skype)

Is féidir scairteanna a chur ar do chuid cairde saor in aisce más rud é go bhfuil ríomhaire acu agus ceangal leathan bhanda. An bealach a oibríonn sin ná go gcuireann tú scairt ar an ríomhaire atá acu in áit an ghnáth teileafón. Buntáiste eile atá ann ná gur féidir scairt a chur ar níos mó ná duine amháin ag an am. Abair go raibh dearthair agat i Meiriceá agus deirfiúir agat i Sasana bheadh tú in ann scairt a chur ar an beirt acu ag an am céanna agus comhrá idir triúir a bheith agat. Feidhmiúlacht a chuireann Skype ar fáil sa leagan is déanaí ná an deis ceamara gréasán a úsáid le gur féidir leat na daoine ar an taobh eile den líne a fheiceáil.

Ríomhaire go gnáth líne fóin (SkypeOut)

Tá costas ag baint le na scairteanna seo a dhéanamh ach tá an costas i bhfad níos lú ná ghnáth costaisí fóin. Glaoitear SkypeOut ar an seirbhís seo. An bealach a n-úsáidtear é ná go ndíolann Skype creidmheas ar an suíomh atá acu. An méid is lú gur féidir a cheannach ná GB£10. Ansin is féidir an creidmheas sin a úsáid le scairteanna a chur ar gnáth línte fóin. Ní chosnaíonn sé ach €0.02 (le CBL san áireamh) sa nóiméad scairt a chur ar líne fóin sna áiteanna is coitianta ar domhain. (fad is landline atá i gceist).

Déanann an leárscáil seo cur síos maith ar na áiteanna is coitianta ar domhain. Ina measc tá Meiriceá, Ceanada, Sasana, Éire, Mór Roinn na hEorpa, An Astráil, An Nua Shéalainn, An tSín agus roinnt áiteanna eile.

Is féidir scairt a chur ar fón póca chomh maith agus an costas a bhaineann le sin a dhéanamh ná €0.184 sa nóiméad (le CBL san áireamh).

Líne fón go Ríomhaire (SkypeIn)

Is féidir uimhir fón a fháil don ríomhaire ag úsáid an seirbhís SkypeIn. Sa chaoi sin is féidir le daoine dul i dteagmháil leat ag baint úsáide as fón póca nó gnáth líne fón. An costas a bhaineann le sin ná €34.50 (le CBL san áireamh) in aghaidh na bliana. Faigheann tú seirbhís Voicemail saor in aisce leis an seirbhís SkypeIn.


An Comhéadan

Tá comhéadan an easca a leanúint ag Skype. Ní ghlacann sé ach cúpla nóiméad an feidhmchlár a shuiteáil ar an ríomhaire agus níl i gceist ach scáileán amháin agus an seirbhís in úsáid agat.

Le scairt a chur ar duine as an líosta teagmhála níl le déanamh ach an duine sin a roghnú ón liosta agus cliceáil ar an cnaipe glas ag bun an comhéadan.

Tá cúpla rogha breise ann ar an comhéadan. ‘Siad sin “Chat” agus “Send File”. Is féidir leat toirtscéalta (instant messages) a sheoladh trí an rogha Chat a roghnú. Is féidir comhad ríomhaireachta a sheoladh trí an rogha “Send File” a roghnú.

Is uirlis an cumhachtach é Skype agus bealach iontach maith é le airgead a shábháil ar an bille fón. Má tá leathan bhanda agat cheánna féin ba chóir Skype a thriail nó má mheasann tú go bhfuil an bille fón ró-ard b’fhéidir go bhfuil sé in am rogha eile a thriail.

Fóin Póca Skype

Tá neart fóin póca Skype ar fáil ar an mhargadh faoi láthair a éascaíonn úsáid Skype agus a ghearrann siar ar costais ar an bille fón. Is féidir duine ar bith ar domhain a fháil ar costas ar bith fad is atá fón Skype acu chomh maith.

Sladmhargadh na Seachtaine

Is dócha go bhfuil daoine i mbun siopadóireacht na Nollaig faoi láthair agus iad gafa ag lorg na praghsanna is ísle. Suíomh idirlíon maith a d’úsáid mé féin le seachtain anuas ná gamestation.co.uk. Is suíomh atá anseo a díolann gléasanna siamsaíochta ina measc DVD, CD agus cluichí. Gach lá bíonn sladmhargadh difriúil acu ar tairgí difriúla. Déardaoin seo caite rinne mé cluiche XBOX 360 a ordú darbh ainm Fallout 3 (RRP €70). Fuair mé an cluiche seo ar £19.87 ar an suíomh seo. Agus níor ghlac sé ach trí lá le fáil fhad liom.

No comments: