Dé hAoine, Eanáir 09, 2009

Leabharlann Digiteach ar-líne

Europeana.eu


Leabharlann Digiteach ar-line


Le seachtain anuas tá lainseáil déanta ar an suíomh idirlíon europeana.eu. Séard atá anseo ná leabharlann digiteach ar-líne. An plean atá ag na daoine atá ag déanamh bainistiú ar an suíomh seo ná go mbeadh sé ar an leabharlann digiteach is mó ar domhain.

I measc an saothar a bheas ar an suíomh seo ná ealaíon, leabhair, fís agus cartlainn. Rinneadh lainseáil ar an suíomh seo ar an 20 Samhain 2008 ach baineadh sios é go gairid tar éis seo de bharr go raibh barraíocht éileamh ar. Meastar go mbeidh an suíomh ar fáil arís i lár Mí na Nollaig.

Faoi láthair tá 2 mhilliúin aonaid digiteach acu 50% de seo atá curtha ar fáil ag an Fhrainc, 10% ón Ríocht Aontaithe agus an chuid eile curtha ar fáil ag an Spáinn, an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe. An plean atá acu ná 10 milliúin aonaid digiteach a bheith acu i 2010.


Deiseanna don Ghaeilge

Tá deiseanna móra anseo don Ghaeilge ó thaobh foilseacháin gaelacha a chur ar fáil go digiteach idir ábhar priontáilte, fís agus fuaim chomh maith le éalaíon na hÉireann


.

Pumps.ie – Uasdátú

Roinnt seachtain ó shin bhíomar ag labhairt faoi Pumps.ie a ndéanann a fhógairt céard é an áit is saoire le peitreal agus díosal a cheannach. Ó shin sé na stáisiúin peitreal gaeltachta i dTír Chonaill na áiteanna is saoire le peitreal a cheannach. An ceithre áit is saoire sa chontae seo ná Croithlí, An Fhál Charrach, Doirí Beaga agus Gort a Choirce. Tá na praghsanna ansin idir 98.9c agus 99.9c ar an liotar peitreal.



Sladmhargadh na Seachtaine Seo

Ebay.ie

Leis an ráta CBL ag ardú an seachtain seo chugainn bí ag súil go mbeidh ardú ar na praghsanna a bheas sna siopaí. Tá deis ann sábhail airgead a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ebay.ie le earraí a cheannach.

No comments: