Dé hAoine, Eanáir 09, 2009

Déan athchúrsáil ar do seanríomhairí


Éist leis an mhír seo



www.camara.ie

Déan athchúrsáil ar do sean trealamh ríomhaireachta ar mhaithe leis an triú domhain

Sna cúig bliain atá amach romhainn gheobhaidh muintir na hÉireann réidh le milliúin ríomhaire atá fós ag feidhmiú i gceart. Go hiondúil bheadh na ríomhairí seo caite isteach i líonadh talún agus ghlacann sé na céadta blianta ar an trealamh seo briseadh síos, ceimicí tubaisteacha ag silleadh isteach sa talamh an t-am ar fad ar nós arsanaic agus mearcair. An aidhm atá ag Camara ná úsáid a bhaint as na ríomhairí seo sa triú damhain a bheas ina cabhair ar forbairt na ceantracha sin ó thaobh oideachas, cumarsáid, eacnamaíochta agus eolaíochta.

Is féidir le daoine aonaracha nó le comhlachtaí cabhrú leis an feachtas seo trí airgead a chur ar fáil. Déanann gach uile suim airgead difir mór do na daoine boichte nach faigheann an deis oideachas nua aimseartha a fháil gan cabhair ón domhain forbartha. Is féidir pacáiste iomlán a sheoladh chuig scoil san Aifric ar €50 nó 25 luchóg a sheoladh thall ar €25. Is féidir le comhlachtaí difir a dhéanamh chomh maith trí €2500 a chaitheamh ar ríomharlann iomlán a sholáthar. Is féidir leat do sean trealamh a chur ar fáil chomh maith agus cabhrú leis an feachtas trí na hacmhainní luachmhar a chur ar fáil.


No comments: