Dé hAoine, Eanáir 09, 2009

Smaoinigh freeBay seachas eBay


Éist leis an mhír seo


Sna seachtóidí agus sna h-ochtóidí bhí an-éileamh ar an samhail Swap Shop. Is cosúil go mbíonn an-éileamh ar an smaoineamh seo agus an eacnamaíocht i gcruachás. Bhí clár teilifíse darbh ainm an Multi-Coloured Swap Shop ar an BBC idir 1976 agus 1982. Ag an am is céim mór chun tosaigh a bhí ann ó thaobh teicneolaíocht de sa chaoi is go raibh daoine in ann scairt a chur ar an clár agus rudaí a malartú le daoine eile ar an aer. ‘Sé Noel Edmonds a chur an chlár i láthair in éineacht le Keith Chegwin, John Craven agus Maggie Philbin.

Sa lá atá inniu ann leis an eacnamaíocht mar atá sé tá éileamh arís ar an smaoineamh seo ach is ar an idirlíon a tarlaíonn an malartú anois seachas ar an teilifís. Tá neart suíomhanna amuigh ansin gur féidir rudaí a malartú le daoine eile. Is cinnte tar éis na Nollag go mbeidh daoine fágtha le bronntanais nach bhfuil siad chun úsáid a bhaint astu. An rud gur féidir a dhéanamh leis an bronntanais seo ná iad a mhalartú le daoine eile agus rud atá ag teastáil uait a fháil.

www.chanceexchange.com

Seo suíomh idirlíon inar féidir leat rud éigin a liostáil nach bhfuil ag teastáil uait a thuille. Is féidir le daoine eile teagmháil a dhéanamh leat agus tairiscint a dhéanamh ar tairge a malartú leat. An t-aon costas atá ann ná an costas ar an tairge a sheoladh sa phost.

Bíonn DVD, cluichí, CD agus leabhair ar an suíomh seo.

www.swapz.co.uk


Ar an suíomh seo is féidir beag ná mór gach rud faoin spéir a malartú le daoine eile. Tá neart daoine sa tír seo páirteach ann agus tá duine amháin ann atá tar éis 800 tairge a malartú ar líne go dtí seo.

No comments: