Dé hAoine, Eanáir 09, 2009

Cén seinnteoir MP3 is fearr?



Cén seinnteoir MP3 / MP4 is fearr?

Is dócha gur beag duine nár chuala faoi na seinnteoirí MP3 nua aimseartha atá ar fáil le roinnt blianta anuas. Sula raibh na seinnteoirí seo ar fáil ní raibh ach an rogha ag daoine an-chuid téipeanna nó dlúthdhioscaí a iompar timpeall leo. Sa lá atá inniu ann is féidir an cartlann ceol ar fad a iompar timpeall leat i do phóca agus éisteacht le raon mór ceol trí cnaipe nó dhó a cliceáil. Bíonn daoine ag cheistiú i gcónaí cén seinnteoir is fearr? Níl aon dabht ach gurbh é an iPod an seinnteoir is mó díol ar domhain, ach an é an ceann is fearr ar an praghas is fearr?

iPod

www.apple.com

Argos: €279.99 (iPod Touch 16GB)

Tá an iPod ar fáil le breis is seacht bliain anuas agus is cinnte go raibh siad chun tosaigh ar na hiomaitheoirí eile ag an am. Nuair a bhí Sony fós ag cur béime ar an MiniDisc agus an muintir eile ag cur béime ar dlúthdhioscaí bhí Apple ag díriú isteach ar ceol digiteach agus na gléasanna a dhéanamh níos lú. Ó shín tá Apple tar éis an-chuid forbairt a dhéanamh ar na gléasanna seo agus ‘clann’ seinnteoirí a chur ar fáil. Is iad na seinnteoirí atá acu anois ná an Shuffle, Nano, Classic agus Touch. Faoi láthair tá beagnach 200 milliúin iPod tar éis a bheith díolta thart fud an domhain.

Buntáistí

Ceann de na buntáistí is mó leis an iPod ná gur branda aitheanta atá ann agus an-fhorbairt déanta ar an mbealach a feidhmíonn na gléasanna chomh héifeachtúil is gur féidir. Tá an focal iPod aitheanta ag an foclóir mar focal le cur síos a dhéanamh ar seinnteoir ilmheán ar an chaoi céanna a shleamhnaigh focail ar nós Hoover, Walkman nó Playstation isteach sa gnáthchaint. Bíonn daoine an-tógtha leis an comhéadan atá ag an iPod le cnaipe amháin agus roth stiúrtha.

Míbhuntáistí

Tá míbhuntáistí ann chomh maith. Níl aon bealach leis an cadhnra a athrú gan an iPod a bhriseadh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil saolré airithe ag an máisín agus ansin tá ort é a caitheamh amach agus ceann nua a cheannach. Níl raidió mar pháirt den gléas. Shílfeá nach jab mór a bheas ann sean teicneolaíocht ar nós raidió a chur ar fáil agus cé go bhfuil daoine á lorg níl sé ar fáil go fóill. Bíonn daoine ag gearán faoin cineáil comhad fuaime a cruthaíonn iTunes chomh maith agus nach oibríonn sé ar seinnteoirí eile.

Sony NW-A810

www.sony.ie

Argos: €239.99 (gan sreang)

Ní thuigim cén cineál liúdramán a tháinig suas leis an teideal ‘Sony NW-A810’ ach is cinnte nach brandáil róchliste atá ann. Bheadh an gnáth duine scanraithe leis an brandáil seo. I dtús ama bhí daoine ag glaoigh an Pebble ar an seinnteoir seo mar gheal ar an cosúlacht idir an cruth atá ar agus cloch beag. Measaim gur teideal i bhfad níos fearr a bheadh ansin.

Buntáistí

Tá an seinnteoir seo an-tarraingteach ó taobh leagan amach agus is féidir a bheith cinnte le táirge Sony go bhfuil déantús maith i gceist. Tá raidió iniata sa seinnteoir seo. Is féidir seinnteoir a fháil gan sreangacha ar bith, sé sin a rá nach bhfuil aon sreang idir an seinnteoir agus na cluasáin. Úsáideann an seinnteoir seo gnáth formáid MP3 agus MP4.

Míbhuntáistí

Níl an seinnteoir seo chomh aitheanta céanna leis an iPod. Ní féidir an cadhnra a athrú sa seinnteoir.

Seinnteoirí Eile...

Tá go leor seinnteoirí eile ar an mhargadh cuid de na cinn is cáiliúla ná Creative Zen agus an ceann nua ó Microsoft darbh ainm an Zune a bheas ar fáil sa tír seo níos déanaí i mbliana.

No comments: