Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 21, 2009

An lámh in uachtar ag Playstation




Tá Sony tar éis an lámh in uachtar a fháil ar Microsoft agus Nintendo más rud e go bhfuil fíricí ann sna figiúirí díolachán is déanaí. Don céad uair riamh tá díolachán ar an Playstation 3 (PS3) tar éis a bheith níos áirde ná an díolachán ar an XBOX 360 nó an Wii. Is comhartha maith atá anseo do Sony agus an Nollaig ag druidim linn. Le mí anuas tá leagan nua den Playstation 3 tar éis a bheith ar fáil atá níos lú agus níos saoire, rud a spreag an díolachán. Chomh maith le seo tá cluichí ar nós Uncharted 2 agus EyePet tar éis an díolachán a spreagadh.

Windows 7 beagnach linn




Tá Windows 7 ag teacht ar an mhargadh ag méan oíche anocht. Tá úsáideoirí ríomhairí tar éis a bheith ag fanacht leis an lá seo le tamall fada mar gheall ar na fadhbanna a bhaineann le Windows Vista agus cé chomh trioblóideach is atá sé. Tá Microsoft ag lorg ar daoine cóisir a eagrú le ceiliúradh a dhéanamh ar an lainseáil seo agus tá siad imithe chomh fada le ‘party pack’ a dhearadh do na daoine a eagraíonn na cóisir seo.

Tá sé leagan difriúil den córas oibriúchán seo ar fáil ach na leaganacha is coitianta ná Home Premium agus Professional. Beidh costas de £79.99 ar Home Premium go dtí 1 Eanáir 2010 nuair a ardóidh an praghas go £99.99.

Úsáideann Windows 7 suas níos lú acmhainní ar an ríomhaire ná mar a úsáideann Vista rud a chiallaíonn go dtosaíonn sé níos gaiste agus gur féidir é a reáchtáil ar ríomhairí níos lú le crua earraí níos laige.

Cruthaigh suíomh idirlíon saor in aisce d’imeacht atá a reáchtáil agat





Tá suíomh idirlíon ann a ligeann duit suíomh idirlíon a chruthú saor in aisce gan mórán taithí ríomhaireachta ag teastáil. De gnáth bíonn costas ar a leithid de seirbhís ach sa chás seo ní chosnaíonn an seirbhís aon rud.
Is féidir leat teacs, pictiúr, físeáin, ceistneoir agus go leor eile a chur ar an suíomh seo ag úsáid teicneolaíochtaí ‘drag and drop’. Le blianta anuas bhí saineolas éigin ag teastáil le suíomh idirlíon agus blas beag HTML riachtanach, ach le teacht na seirbhísí seo is féidir le duine ar bith suíomh idirlíon a chruthú taobh istigh de uair a chloig. Is féidir teicneolaíochtaí ríomhthrachtáil, blag agus fiú seoladh speisialta a cheannach don suíomh ar an laithreán seo.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 20, 2009

Daonáireamh 1911 ar fáil ar líne




Tá daonáireamh 1911 ar fáil ar líne anois go digiteach. Is féidir cuardach a déanamh ar na sonraí ar fad atá acu agus bun chóip de na foirmeacha a bhí líonta isteach ag daoine ar an óiche sin i mí Aibreán 1911. Bíonn sonraí ar fáil faoi cén teanga a bhí ag na daoine chomh maith le leibhéal liteartha a bhí acu. Is féidir leat a fháil amach faoi slí bheatha na daoine agus cén cineál teach ina raibh siad ina chónaí ann. Tá sé fíor spéisiúil mar uirlis agus d’fheadfá na huaireanta a’ chloig a chaitheamh ag amharc ar na staitisticí agus ag lorg daoine clúiteach. Is féidir leat dul isteach agus amharc ar sonraí aon duine ar bith agus bíonn sé spéisiúil amharc ar na daoine mór le rá ar nós Peig Sayers agus Oliver St. John Gogarty. Chomh maith le sin tá sonraí spéisiúil ann faoi conas mar a bhí an tír seo sa bhliain 1911. Tá pictiúir ann den Titanic á thógáil, foireann peil gaelach Chiarraí a bhain craobh na hÉireann i 1911.

Príomhfheidhmeannach Microsoft ag súil le ardú ar díolachán ríomhairí pearsanta nuair a thagann Windows 7 amach



Tá príomhfheidhmeannach Microsoft, Steve Ballmer ag súil go mbeidh ardú beag ar díolachán ríomhairí mar gheall ar lainseáil ar Windows 7 ag deireadh na míosa. Tá Windows 7 le teacht isteach le áit Vista a thógáil sa mhargadh. Is léir nach bhfuil an oiread sin daoine róshásta le Vista agus atá ag iarraidh athrú go Windows 7 chomh luath is gur féidir.

Ar an drochuair do Microsoft is cosúil nach bhfuil ach 40% de comhlachtaí chun athrú go Windows 7 mar gheall ar gearradh siar ar caiteachas agus an fhaitíos atá orthu nach oibreoidh na bogearraí atá acu cheánna féin in éineacht le Windows 7.
Beidh Windows 7 ar fáil go forleathan ar an 22 Deireadh Fómhair.

Iris nua teicneolaíochta do mhargadh na hÉireann


Click Magazine
“Ireland’s Movies, Gaming and Technology Magazine”



Ar cheann de na gearáin a bhí ag muintir na tíre seo a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teicneolaíochta ná nach raibh iris ag freastal orthu ar choir ar bith. Tá an fhadhb sin réitithe faoi dheireadh le iris nua darbh ainm Click. Is meascán atá san iris seo de ábhair éagsúla leis an mhargadh is leithne a shásamh. Bíonn léirmheasanna acu ar scannáin, cluichí agus ar trealamh teicniúil. Chomh maith le sin bíonn agallamh acu le daoine mór le rá as an tír seo agus thar lear. B’fhiú go mór an iris seo a thriail má tá aon spéis agat idir mór agus beag i gcúrsaí teicneolaíochta. Tagann sé amach chuile dhá mhí agus níl chosnaíonn sé ach €3.50.

Teilifís Ardtaifeach (High Definition Television)


Faoi láthair bíonn go leor cainte faoi teilifís ardtaifeach. Is é an caighdeán nua atá ann ó thaobh an caighdeán físe agus fuaime gur chóir a bheith ag súil leis agus muid ag déanamh uasghrádú ar teilifís.

Buntáistí
An príomh buntáiste atá ann le teilifís ardtaifeach ná go bhfuil sé soiléir láithreach go bhfuil an caighdeán ar an pictiúr i bhfad níos airde ná an gnáth pictiúr. Mar gheall go bhfuil an sraith ag teacht chugat go digiteach ba chóir go mbeadh na dathanna níos soiléir agus idirdhealú idir daoine/cúlra níos fusa a oibriú amach. Bíonn caighdeán níos airde ar an fuaim chomh maith agus an deis níos mó cainéal fuaime a chur ar fáil le ‘surround sound’ a chur ar fáil.





Na Teilifíseáin
Úsáideann na teilifíseáin seo teicneolaíocht LCD (Liquid Crystal Display) in áit teicneolaíocht CRT (Cathode Ray Tube). An impleacht atá le seo ná nach féidir le sean teilifís HD a thaispeáint. Caithfidh tú an trealamh ceart a bheith agat i gcónaí agus ní leor teilifís ar bith a úsáid. Buntáiste eile leis na teilifís nua na nach úsáideann siad an oiread leictreachas céanna is a úsáideann an sean CRT. Tá sé seo réasúnta soiléir nuair a ndéanann tú comparáid idir an líon teas a ghineann an dhá chineál teilifís.


HD Ready – Cad is brí leis?
Cad is brí le “HD Ready”? An bhfuil níos mó ná caighdeán amháin ann? Céard é an ceann is déanaí?

Amach anseo beidh na craoltóirí ag díriú ar teilifís ardtaifeach a chraoladh agus gur an caighdeán a bheas ann. Faoi láthair sé an caighdeán is airde atá ann ná 1080p (progressive). Bíonn costas níos airde ar na teilifís seo ach lena chinntiú go bhfuil saolré fada ag an infheistíocht atá á dhéanamh agat b’fhiú an teicneolaíocht seo a roghnú.

Faoi láthair ar RTÉ tá craoladh déanta ar cluichí CLG in ardtaifeach. An céad ceann a bhí ann ná an cluiche idir Baile Átha Cliath agus Co. Laoise i gCraobh Laighin na bliana seo. Tá tíortha eile chun tosaigh orainn sa tír seo ach thar na blianta atá romhainn bí ag súil go mbeidh níos mó de na craolacháin is mó ar fáil go digiteach.

Blu-Ray, Sky HD agus Cluichí
Faoi láthair an príomh úsáid a mbaineann daoine as HD ná na dioscaí nua Blu-Ray atá ag glacadh áit an DVD. Bíonn an tuafás acu ar fáil sna siopaí faoi láthair agus an praghas ag titim orthu i gcónaí. Is féidir seinnteoir Blu-Ray a cheannach ar níos lú ná €200 anois.

Bíonn cláracha Sky ar fáil i HD chomh maith ach amháin go gcaithfidh tú síntiús HD a fháil uaidh Sky chomh maith le bosca Sky speisialta gur féidir HD a láimhseáil. Cosnaíonn sé seo €14.75 sa bhris in aghaidh na míosa.


Bíonn HD in úsáid ag na cluichí ríomhaireachta chomh maith ar an Xbox 360 agus an PS3. Leis an caighdeán físe is fearr a fheiscint ba chóir teilifís HD a bheith agat ar an caighdeán 1080i ar a laghad.




Costas
Tá na teilifís seo costasach go leor go fóill ach tá an praghas orthu ag titim i gcónaí.

Seo sampla ar an chineál teilifís seo:


Argos Leitir Ceanainn


Argos Doire

£329.99 = €356.45
(ráta aistrithe 7/10/2009 src xe.com)

Save a Few Bob






Tá suíomh idirlíon nua ann darbh ainm saveafewbob.ie . Ar an suíomh seo bíonn eolas ar fáil ar conas airgead a shábháil ar roinnt tairgí éagsúla. I measc na gnéithe atá ann tá

Personal Finance
Family Spending
Health and Beauty
Lifestyle
Technology
Value Blog

Bíonn cuiditheoir mór le rá acu chomh maith ar nós Kevin Dundon, Laura Bermingham agus Adrian Weckler.

Chomh maith le sin bíonn slarmhargaidh na seachtaine acu chuile seachtain.

Is féidir an cur isteach leis an nuachtlitir seachtainiúil a fháil ar ríomhphost. Cuirfidh an ríomhphost seo tú ar an eolas ar céard iad na praghsanna is fearr atá ar fáil.

Raidió DAB

Tá cláracha raidió a chraoladh ag RTÉ ar corás DAB. Cad é, an fiú é & an bhfuil craoltóirí eile go naisiúnta & go hidirnáisiúnta ag dhul leis an gcóras seo?

Tá RTÉ ag craoladh ar an córas DAB le roinnt blianta anuas ar bhonn trialach. An rud atá i gceist le DAB (Digital Audio Broadcasting) ná raidió gur féidir a sholáthar go digiteach. Mar gheall ar an modh seachada seo is féidir a chinntiú go bhfuil an caighdeán fuaime níos airde agus gur féidir níos mó sonraí a chur ar fáil le taispeáint ar an scáileán digiteach ar nós sonraí faoin clár reatha, amhrán reatha, comórtais agus go leor eile. Sna h-ochtóidí sé an gluaiseacht teicniúil reatha a bhí ann ná Raidió FM. Tháinig forbairt ar seo thar na blianta ar nós an seirbhís RDS a chur leis a chuireann i láthair cén staisiún atá tú ag éisteacht leis ar scáileán an raidió. Faoi láthair is é DAB an chéad ghluaiseacht eile.

Tá roinnt mhaith stáisiúin breise ar fáil ar DAB go háirithe ó RTÉ. I measc na stáisiúin atá á sholáthar ag RTÉ tá:

RTÉ Radio 1
RTÉ Radio 1 Extra
RTÉ 2fm
RTÉ Lyric FM
RTÉ Raidió na Gaeltachta
RTÉ Choice
RTÉ Gold
RTÉ 2XM
RTÉ Junior
RTÉ Chill
RTÉ Pulse

I measc na stáisiúin eile a bhí ag craoladh ar bhonn trialach bhí:

All 80’s
Dublin’s 98
FM104
Mocha
Newstalk
Phantom 105.2
Q102
Radio Kerry
Today FM
Spin 103.8

An féidir liom DAB a phiocadh suas?
Faoi láthair níl DAB ach ar fáil in áiteanna ina bhfuil daonra ard ann. Tá craoladh ar súil ó Three Rock agus Clermont Carm i gCúige Laighin, Woodcock Hill i Luimneach agus Spur Hill i gCorcaigh. An brí atá le seo ná nach bhfuil an seirbhís ar fáil ach i Luimneach, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus i gCo. Lú. Is ionann seo agus 44% de daonra na tíre.



An bhfuil sé cothrom gur féidir le roinnt daoine DAB a phiocadh suas agus nach féidir le roinnt eile?

Is ceist seanbhunaithe atá anseo, díolann chuile teaghlach as an cheadúnas teilifíse chuile bhliain ar costas €160. Is cuma cá h-áit ina bhfuil tú i do chónaí cosnaíonn sé an praghas céanna. Ar chóir go mbeadh an seirbhís céanna ar fáil do chuile duine dá bharr? Tá roinnt daoine atá fós ag strachailt leo ag iarraidh comhartha maith teilifíse a phiocadh suas ná hábhair faoi DAB a phiocadh suas. An bhfuil seasamh ag na daoine nach bhfuil ag fáil an seirbhís céanna le chuile duine eile gan an ceadúnas teilifíse a cheannach. Faoi na rialacha atá ceangailte leis an Acht um Díolachán Earraí agus Soláthar Seirbhísí ba chóir go mbeadh aon seirbhís atá á cheannach agat ar caighdeán ard. An bhfuil an droch seirbhís faoin tuath ag briseadh na rialacha seo?

An bhfuil aon slí eile leis na seirbhísí seo a fháil?
Is féidir na seirbhísí seo a fháil thar an idirlíon. Tá na stáisiúin ar fad atá ag RTÉ ag craoladh thar an idirlíon agus is féidir giuirléid a íoslódáil a ndéanann raidió beag digiteach a leabú isteach sa deasc i Windows.

Idirlíon ar fáil ar busanna McGinley



Tá an comhlacht bus Conallach John McGinley ag tairiscint seirbhís idirlín gan sreang ar a chuid busanna i láthair na huaire. Is gluaiseacht an-fiúntach atá anseo agus is maith an rud é go bhfuil an ceangal atá á thairiscint an-láidir.

Tá athrú tagtha ar an modh atá againn cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus siamsaíocht a sholáthar dúinn féin le blianta beaga anuas. Is annamh a fheiceann tú duine ag iompar an-chuid dlúthdhioscaí timpeall leo agus is cosúil go bhfuil an caiséid fuaime imithe an slí céanna leis an dineasár. Sa lá atá inniu ann bíonn daoine ag iompar sonraí digiteach leo agus iad ag iarradh an t-am a chaitheamh ar turas fada. Is annamh a scríobhann duine óg dialann traidisiúnta, bíonn siad ag scríobh tweets ar Twitter nó ag uasdátú Facebook, MySpace agus Bebo. Tá roinnt daoine a ndeireann nach rud maith é an ré digiteach seo agus daoine eile atá go hiomlán i bhfábhar an seirbhís.





Iomaíocht
Tá McGinley’s ag leanúint comhlachtaí bus eile atá ag soláthar an seirbhís céanna, ar nós, JJ Kavanagh, Aircoach, Collins Coaches agus go leor eile. Is dócha go bhfuil sé tagtha chuig an pointe go bhfuil an-iomaíocht san earnáil seo le blianta beaga anuas. Bíonn daoine ag baint úsáide as seirbhísí eitleán níos minice anois mar gheall go bhfuil an praghas ar na ticéid ag titim í gcónaí. Caithfidh na comhlachtaí busanna seirbhís sa bhreis a chur ar fáil lena chinntiú gur féidir daoine a mhealladh i dtreo an modh taistil sin.

Deiseanna
Tá deiseanna an-mhór i gceist leis an seirbhís nua seo do comhlachtaí teicniúil atá beagánín glic. Níl aon fáth nach féidir seirbhís scannán a sholáthar ar na busanna do na custaiméirí a ligeann dóibh rogha leathan scannáin a fháil ar an iPhone, Playstation Portable nó Zune díreach ón idirlíon. Tá deiseanna ann chomh maith maidir le fógraíocht agus fógraí a sholáthar bunaithe ar cá háit ina bhfuil an bus ag am airithe. Osclaíonn sé seo an margadh fógraíochta suas do comhlachtaí beaga chomh maith leis na comhlachtaí ilnáisiúnta a fheiceann tú ar na fógraí de ghnáth.

Is féidir le daoine imirt in éadan a chéile ar na ghléasanna nua siamsaíochta ar nós an Playstation Portable agus an Nintendo DS ag baint úsáide as an ceangal idirlíon. Is féidir leo cluichí a íoslódáil chomh maith agus iad ar turas fada. Bheadh ort a cheistiú an mbeadh an comhlacht bus i dteideal íocaíocht ó comhlacht siamsaíochta bunaithe ar an líon díolachán a mbíonn déanta ar a chuid turais. Sraith ioncam eile?

Na Gléasanna

PSP Go (Playstation Portable)


Seo gléas nua atá ag teacht amach ag Sony i gceann míosa atá deartha go speisialta le hoibriú ar-líne. Is féidir cluichí, físeáin agus ceol a íoslódáil chuig an crua dhiosca 16GB inmheánach. Is féidir ceangal leis an Playstation 3 sa bhaile ag baint úsáide as an ceangal idirlín agus amharc ar scannáin atá stóráilte sa bhaile fad is atá tú as baile.

Sony Reader

Is ionann an Sony Reader agus leabhar digiteach. Is féidir na céadta agus na mílte leabhair a stóráil ar an gléas seo agus é a léamh ar nós gnáth leabhar. Le seirbhís idirlín is féidir breis leabhair a íoslódáil agus iad a léamh. An-mhaith do turas fada.

Apple iPhone
Tá Apple tar éis iPhone nua a lainseáil le déanaí le níos mó spás stórála agus an deis éisteacht le ceol, amharc ar pictiúir, ceangal leis an idirlíon, amharc ar scannáin, cluichí a imirt agus chreid nó ná chreid – scairt guthán a dhéanamh.


Netbook
Le cúpla bliain anuas tá úsáid an Netbook tar éis leathnú amach ó thaobh úsáid ginearálta, go háirithe i measc an aos óg. Is é an rud atá ann ná ríomhaire glúine níos lú nach ghlacann suas an oiread spás céanna agus nach úsáideann suas an oiread cumhacht céanna. Bí cinnte go mbeidh na gléasanna seo le feiceáil ar busanna amach anseo agus daoine ag seoladh ríomhphoist, ag uasdátú an Bebo nó ag amharc ar scannán.

Todhchaí


Beidh le feiceáil cén todhchaí atá ann ó thaobh an ceangal idirlíon a úsáideann an ghnáth duine ach bí cinnte go mbeidh beagán áit nach mbeidh teacht agat ar ceangal leathanbhanda i gceann cúpla bliain.

Bí “Ceart” - Gramadóir na Gaeilge ar fáil anois





Tá bogearra nua ar fáil anois a ndéanann seiceáil ar gramadach na Gaeilge darbh ainm Ceart. Ceann de na gearáin a bhíonn ag daoine faoin Ghaeilge ná cé chomh casta is atá an ghramadach ar chúl na teanga. Is é Ceart an réiteach ar an scéal sin. Is feidhmchlár leis féin atá sa bhogearra seo. Is féidir leis an úsáideoir aiste iomlán a ghreamú isteach i gCeart agus an doiciméad uilig a sheiceáil. Nuair a aimsíonn Ceart botún tugann sé moltaí don úsáideoir ar conas gur féidir an botún a cheartú.

Níl an bogearra seo costasach, ní chosnaíonn sé ach €29.99 don duine aonarach agus níos saoire fós do scoileanna agus ollscoileanna. Ba chóir d’aon duine atá i mbun oibre trí mhéan na Gaeilge an bogearra seo a cheannach le proifisiúntacht a chuid saothar a fheabhsú. Má úsáidtear an uirlis seo in éineacht le Gaelspell nó litreoir ar bith eile níl aon chúis nach féidir le chuile duine foilseacháin gnó d’ardchaighdéan a sholáthar. Chomh maith leis seo, foghlaimíonn tú trí na botúin a dhéanamh agus iad a cheartú agus píosa ar phíosa íslíonn an líon botúin a bhíonn déanta.

Is féidir cóip chrua den bhogearra a fháil nó cóip a íoslódáil ag an suíomh idirlíon http://www.cruinneog.com/ .

Seirbhís trí mhéan na Gaeilge ar fáil ar Google Translate




translate.google.com



Ar an 24ú Lúnasa i mbliana rinneadh lainseáil ar an tseirbhís ghaelach ar Google Translate. Séard atá ann le Google Translate ná uirlis atá ar fáil ar líne a chabhraíonn le daoine sliocht téacs a aistriú ó theanga amháin go teanga eile. Faoi láthair tá 51 theanga difriúil ar fáil ar Google Translate, an Ghaeilge san áireamh, agus tá teanga ar bith inaistrithe go teanga ar bith eile. Ag an am seo níl sa tseirbhís ach leagan béta, rud a chiallaíonn nach bhfuil an tseirbhís foirfe go fóill. Is féidir leis an ghnáth duine cabhrú le Google an tseirbhís a fheabhsú trí bhotúin a cheartú.

Cén úsáid a bheas ag an uirlis seo sa todhchaí?
Tá impleachtaí móra ag an tseirbhís seo ag amharc chun tosaigh. Ag baint úsáide as an teicneolaíocht ar chúl na seirbhíse seo níl aon fáth nach féidir leis an ghnáth duine chuile suíomh idirlíon a aistriú go teanga ar bith fad is atá na sonraí á íoslódáil agus á thaispeáint ar an scáileán. Tugann sé seo deiseanna móra don ghnáth duine ó thaobh réimse léitheoireachta a bheas ar fáil dóibh. Amach anseo is féidir leat a bheith ag súil go mbeidh tú in ann an New York Times nó an Washington Post a léamh go hiomlán trí mhéan na Gaeilge chuile lá, ó chlúdach go clúdach. Rud mór a bheadh anseo don teanga tar éis an bhuille mór thar an Samhradh le himeacht Foinse.

Déanfaidh an teicneolaíocht seo difear mór ó thaobh obair An tAontas Eorpach agus an líon doiciméadú gur féidir leo a sholáthar thrí mhéan na Gaeilge.

Beidh impleachtaí móra le feiceáil chomh maith i dteicneolaíocht na siamsaíochta. Tá chuile seans go mbeidh an teicneolaíocht ar chúl an chláir teilifíse in ann fotheidil a dhéanamh go huathoibríoch ag úsáid teanga amháin mar threoir. Tá an fhéidearthacht ann chomh maith an teicneolaíocht a neadú isteach i gcluichí ríomhaireachta téacsbhunaithe agus na cluichí sin a chur ar fáil trí mhéan na Gaeilge.

I gcás teachtaireachtaí meandaracha níl aon fáth nach féidir le duine as an tír seo labhairt le duine as tír eile ag úsáid dhá theanga éagsúil agus aistriúchán ag tarlú de réir mar atá na teachtaireachtaí á sheoladh.

Seo é an sliocht thuas curtha tríd Google Translate:
An aistriúchán a chruthaigh Google Translate

On August 24 this year the launch of the service carried articles on Google Translate. What existing Google Translate is a tool available online to help people extract text translated from one language to another. Currently there are 51 different languages available on Google Translate, the language included, and any language is transferable to any other language. At this time in service but not beta version, which means the service is not perfect yet. Can usually help people with Google by improving the service to correct errors. What used to secure the future of this tool? Has major implications for this service at front sight. Using the technology behind this service there is no reason why not usually possible with the web site each person to transfer any language so long as the data being downloaded and displayed on the screen. This brings great opportunities for ordinary people in terms of a reading area will provide them. Out here you can expect that you will be able the New York Times or the Washington Post read fully through the Irish language daily, from cover to cover. Which would need the language here after the world over the summer bhuille over Source. This technology will affect the world of work in European Union and the number of documentation that can be provided through the Irish. Major implications will also appear in entertainment technology. Are all likely that the technology behind the television program can automatically make subtitles using one language as a guide. There is also the possibility of embedding technology into computer games and the games that téacsbhunaithe provide through Irish. In the case of instant messages no reason why one can not from this country to speak with someone from another country using two different languages and translation occur as the messages being sent.

Dé Máirt, Bealtaine 26, 2009

Polaitíocht na hÉireann sa Ré Digiteach

Is cosúil go bhfuil polaitíocht na hÉireann tar éis céim chun tosaigh i gcomhthéacs na teicneolaíochta le tamall anuas. Le chuile olltoghchán, toghchán áitiúil, toghchán eorpach agus reifreann a theann ar aghaidh tá forbairt á dhéanamh ar cumas polaiteoirí dul i dteagmháil le toghthóirí na tíre. Is féidir an teagmhail seo a dhéanamh ar bhealaí i bhfad níos saoire agus níos gaiste ag baint úsáide as an idirlíon agus na teicneolaíochtaí timpeall ar an idirlíon. Mura fhágann Barak Obama ach lorg coise amháin ar polaitíocht domhanda is cinnte go mbeidh sé ag baint le leas a bhaint as na nuatheicneolaíochta le suim an gnáthdhuine a spreagadh as pholaitíocht. Seo a rinne a leithid de JFK agus RFK sna seachtóidí agus sna seascaidí le teilifís satilít.

Buíochas mór le Dia tá lucht polaitíochta na tíre seo ag dul síos an treo céanna. Le déanaí tá lainseáil déanta ar cúpla suíomh idirlíon a éascaíonn an mbealach gur féidir leat dul i dteagmháil ar na polaiteoirí uilig atá ag seasamh i dtoghchán na hEorpa.


www.tascdemocracy.ie
Ar an suíomh seo is féidir leat eolas a fháil ar an toghchán agus faoin eagras Tasc. Go pointe is tairseach atá sa suíomh seo chuig suíomhanna éagsúla eile atá faoi scáth Tasc.


www.candidatewatch.ie
Tá an suíomh seo an-mhaith le teagmháil a dhéanamh le polaiteoirí atá ag seasamh sa toghchán. De bharr go bhfuil na ceantracha i dToghchán na hEorpa chomh mór sin tá an baol ann nach mbeidh an deis ag chuile iarrthóir cuairt a thabhairt ar chuile ceantar. Ag bhaint úsáide as an suíomh seo is féidir a chinntiú go bhfeiceann na polaiteoirí do chuid ceisteanna agus freagra a thabhairt orthu.

Go dtí seo níl an oiread ceisteanna curtha ar na polaiteoirí agus tá níos lú fós de freagraí fágtha acu. Is dócha go mbaineann sé seo leis an easpa eolas atá ag daoine faoi a leithid de áis.

An t-aon iarrthóir in Iarthuaisceart na tíre atá tar éis freagra a thabhairt ar ceist ar bith ná Fiachra Ó Luain (Neamhspleách). Siad Proinsias De Rossa (Lucht Oibre), Joe Higgins (Sóisialach), Kathleen Funchion (Sinn Féin) agus Tomás Sharkey (Sinn Féin) na polaiteoirí is gníomhach ar an suíomh seo.

www.votematch.eu
Tá Vote Match ina suíomh maith do daoine nach bhfuil róchinnte faoi polataíocht na hEorpa agus na tosaíochtaí atá ann. Sé an rud a ndéanann an suíomh seo ná go gcuireann sé ceisteanna ort maidir le polasaithe atá i mbeal an phobal agus ag deireadh an ceistneoir insíonn sé duit cén chineál polaitíocht atá agat agus cé do gur chóir duit a bheith ag vótáil.

An deacracht is mó a bhí agam le roinnt de na cisteanna seo ná nach raibh an oiread sin suime agam iontu agus is cinnte don aos óg nach mbeidh siad ag iarraidh a chuig am saor a chaitheamh ag freagairt ceisteanna faoi polasaithe talmhaíochta uile-Eorpach! Measaim go gcaithfidh siad ceistneoir a dhearadh atá in oiriúint do haoisghrúpaí éagsúla.

Turasóireacht faoi bhláth in Éirinn

Tá turasóireacht faoi bhláth in Éirinn faoi láthair mar gheall go bhfuil praghsanna ar saoire sa tír seo ag titim i gcónaí mar thoradh ar an géarchéim eacnamaíochta. Chreid nó ná chreid, de réir staidéir atá déanta ag cnn.com, mheastar go mbeidh ardú ar an líon turasóirí a bheas ag teacht as Mheiriceá i mbliana mar gheall ar an luach atá siad ag fáil ar a chuid airgead. Is féidir le duine seachtain saoire a fháil sa tír seo (eitilt ó New York, 6 oíche lóistín agus carr ar cíos thar tréimhse seachtaine) ar $599. Tá an praghas seo dochreidte agus is cinnte go bhfuil an praghas seo i gcomórtas le aon áit eile ar domhain.

Ba chóir do mhuintir Dún na nGall an deis seo a thapadh leis an lámh in uachtar a fháil ar an chuid eile den tír ó thaobh turasóireachta de. Tá acmhainní de scoth ar fáil i nGaeltacht Thír Chonaill agus ba chóir go mbeadh muid á dhíol ar bealach níos fearr.

Is féidir acmhainní ar-líne a úsáid leis an fógraíocht seo a dhéanamh agus pacáistí siamsaíochta mar is ceart a sholáthar. Cén fáth nach féidir linn na tithe saoire ar fad a fhógairt ar aon ‘hub’ amháin ar an idirlíon? Chomh maith le turais, imeachtaí agus chuile rud eile a ndéanann an ceantar seo chomh maith is atá. Ba chóir go mbeadh muid ag díol an teanga in éineacht le lóistín, imeachtaí, ceol, bia agus chuile rud eile atá ar fáil.

Le roinnt seachtain anuas tá daoine tar éis teagmháil a dhéanamh liom faoi conas gur féidir leo teach saoire a fhógairt ar-líne chun an margadh is leithne a aimsiú. Níl freagra cruinn ar an cheist seo mar gheall go bhfuil oiread nithe á fhógairt ar líne sa lá atá inniu ann. Measaim féin an bealach is fusa le seo a dhéanamh ná suíomh idirlín iomlán a dhearadh a ndéanann margaíocht ar Ghaeltacht Thír Chonaill amháin.

Má tá suim agat i turasóireacht sa contae seo b’fhiú cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlíon donegaldirect.ie le roinnt nod a fháil ar céard atá á lorg ag custaiméirí.

Aon rud a dhíol nó a cheannach i nDún na nGall

www.flogitdonegal.com

Tá suíomh idirlíon nua ann atá dírithe go speisialta ar daoine as Dún na nGall. Is féidir leat aon rud a dhíol nó a cheannach ar an suíomh seo. Faoi láthair níl an oiread sin nithe ar díol ar an suíomh ach tá an líon seo ag fás de réir a chéile. Is féidir leat do chuid earraí nó seirbhísí a eagrú de réir chineál agus do chuid sonraí teagmhála a chur ar fáil. Cosnaíonn sé €3 rud éigin a liostáil. Tá an suíomh seo ina acmhainn maith má tá tú ag iarraidh rud éigin mór nó trom a cheannach nó a dhíol mar gheall gur féidir leat an costas an-ard ar postas a sheachaint. Má tá duine ag iarraidh troscán a cheannach nó a dhíol ar a leithid de ebay bheadh costas an-ard le díol as an seachada an beart sin. Má tá cónaí ort i nDún na nGall agus an díoltóir nó ceannaitheoir sa chontae céanna is féidir leo é a bhailiú uait.


B’fhiú go mór cuairt a thabhairt ar an suíomh seo le fáil amach an bhfuil sladmhargadh ar fáil ar aon tairge nó seirbhís nó d’fheadfá toiseacht ag díol do chuid earraí ar an suíomh seo má tá aon rud nuálach agat.

Uirlis nua eisithe ag RTÉ – An RTÉ Player

Tá uirlis digiteach nua eisithe ag RTÉ darbh ainm an RTÉ Player. Tá an seinnteoir seo mar mír breise atá ar fáil ar an suíomh idirlíon atá ag RTÉ ag rte.ie. ‘Sé an seoladh iomlán ná rte.ie/player.

Is iad na acmhainní atá ar fáil ar an suíomh seo ná na sean cláracha ar fad a chaill tú ar RTÉ. Coinnítear an cartlann thar tréimhse míosa agus bheireann sé deis duit amharc ar clár a chaill tú agus é craolta beo. Ní hamháin na cláracha féin-déanta ar nós Prime Time, Questions and Answers agus an Nuacht atá ar fáil ach na cláracha idirnáisiúnta ar nós Grays Anatomy, Desperate Housewives agus a leithid chomh maith.

Siad an BBC a chur tús le seirbhís mar seo timpeall ar dhá bhliain ó shin leis an iPlayer atá acu. Ar an droch uair ní raibh an seirbhís ar fail do daoine sa tír seo mar gheall ar coinníollacha ceadúnais.

Anois tá réiteach againn ar an fhadhb seo mar gheall ar go bhfuil seirbhís díreach chomh maith ceánna á chur ar fáil ag RTÉ.

Tá sé an simplí an seirbhís seo a úsáid, níl le déanamh ach dul ar an idirlíon agus an clár a theastaíonn uait a roghnú.
Is dócha an chéad ghluaiseacht eile atá ag teastáil sa tír seo ná teilifís digiteach saor in aisce agus cé gur thit an chéad chonradh as a chéile le seo a sholáthar le déanaí táim dóchasach go mbeidh a leithid de seirbhís ar fáil gan mhoill.

An bhfuil muid ag chosaint ár gcuid paistí?


Sa lá atá inniu ann tá an líon ilmheán atá ar fáil i ngach uile foirm ag méadú agus ag éirí níos réalaí. Is cuma mas scannán, póstaeir, iris nó cluiche ríomhaireachta atá ann tá na grafaicí, íomhanna, fuaimeanna agus téamaí ag láidriú bliain tar éis bliain.




Le teacht an idirlíon tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra súil a choinneáil ar páistí agus déagóirí agus an méid a bhíonn ar bun acu ar ríomhaire. Is féidir leo scannáin a íoslódáil, ceol a íoslódáil agus cluichí a íoslódáil agus toiseacht ag baint úsáide as na meáin seo.

An bhfuil a fios againn céard atá ár chuid paistí ag déanamh? Don mórchuid tá – ach tá an céatadán beag sin ann atá ag déanamh rudaí ar an ríomhaire i ngan fhios dúinn.

Cur i gcás an páiste / déagóir glic nach bhfuil ach ceithre bhliain déag d’aois agus atá ag iarraidh an scannán ar a bhfuil teastas 18 ceangailte leis. Ní féidir leo é a fheiscint sa phictiúrlann, ní féidir leo é a fháil amach ar cíos agus ní féidir leo é a cheannach. An bhfuil aon rud ag cur cosc orthu é a íoslódáil i bhfoirm digiteach agus amharc ar fiú ar iPod nó Sony PSP? Ar an droch uair sé freagra na ceiste seo ná – níl. Caithfimid reachtaíocht níos deise a thabhairt isteach le páistí a chosaint in éadan seo agus go dtí sin caithimid a chinntiú go bhfuil muid ag glacadh na roghanna ceart sa bhaile le seo a sheachaint.


IFCO (Irish Film Classification Office / Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann)




Tá IFCO i gceannas ar socruithe a chur i bhfeidhm ó thaobh teastas a bhronnadh ar scannán nó cluiche sa tír seo. Is annamh a bhfuil scannán nó cluiche coiscthe sa tír seo ach tarlaíonn sé.

Tá leagadh amach difriúil ann do na teastais atá ann ag brath ar mas pictiúrlann nó físeán/DVD atá i gceist.

Seo é an bealach a n-oibríonn na teastais difriúla:


Pictiúrlann
G - Ginearálta – Oiriúnach go gach duine
PG – Treoir Tuismitheora – Iarrtar ar tuismitheoirí a bheith in éineacht le páistí níos óige.
12A – Íosaois iontrála ná 12 ach is féidir le páistí níos óige a bheith i láthair in éineacht le tuismitheoir.
15A - Íosaois iontrála ná 15 ach is féidir le páistí níos óige a bheith i láthair in éineacht le tuismitheoir.
16 – Íosaois iontrála ná 16.
18 – Íosaois iontrála ná 18.

DVD/VHS
G – Ginearálta – Oiriúnach do gach duine
PG - Treoir Tuismitheora - Iarrtar ar tuismitheoirí a bheith in éineacht le páistí níos óige.
12 - Oiriúnach d’aon duine atá 12 d’aois nó os a choinn.
15 - Oiriúnach d’aon duine atá 15 d’aois nó os a choinn.
18 - Oiriúnach d’aon duine atá 12 d’aois nó os a choinn.

Tá sé suimiúil an bealach a bhfuil na teastais seo difriúil agus go bhfuil an seans ann go mbeadh duine in ann scannán a fheiscint ar físeán ach ní bheadh siad in ann an scannán céanna a fheiscint sa phictiúrlann!

Le teacht a leithid de piratebay.org agus suíomhanna atá bainteach le comhain torrent is féidir le duine íoslódáil a dhéanamh ar scannán ar bith – fiú sula dtagann sé amach sna phictiúrlainne!

Windows Parental Controls

Is féidir le daoine socruithe difriúla a chur i bhfeidhm i Windows le paistí a chosaint in eadan ilmheán nár chóir go mbeadh rochtain acu ar. I measc na nithe atá ann tá:

Srian ar an Idirlíon: Blocáil a dhéanamh ar suíomhanna idirlíon ar a bhfuil ábhair pornagrafaíochta, drugaí, ríomhphost gréasáin, toirt teachtaireachtaí agus íoslódáil.



Teorann Ama: Is féidir teorann ama a chur ar úsáid an ríomhaire chuile lá. Leis an socrú seo is féidir a chinntiú nach mbíonn paistí ag úsáid an ríomhaire ar feadh treimhsí fada.

Srian ar cín chineáil cluichí: Le teacht na nuatheicneolaíocht tá an chineál cluiche ag athrú an t-am ar fad agus tá siad ag éirí i bhfad níos réalaí. Is féidir bac a chur ar cluiche bunaithe ar an teastas atá bronnta ar ag an ESRB, PEGI, BBFC nó IFCO.

Srian ar feidhmchlár áirithe: Is féidir leat srian a chur ar feidhmchlár áirithe chomh maith.

Tuairisc Gníomhaíocht: Is féidir tuairisc a ghiniúint den gníomhaíocht a bhí ag an ríomhaire agus a fheiscint go díreach céard a bhí ar bun ag duine ar léith agus cén uair a tharla sé.

Cluichí

Is féidir leat srian a chur ar na máisín seo a leanas ó thaobh an chineál cluiche gur féidir a imirt.

Playstation 3
Playstation Portable
Xbox 360
Nintendo Wii
Nintendo DSi (Níl an srian seo ar fáil ar an gnáth DS)



Is féidir gan cead a thabhairt do phaistí cluichí nach bhfuil deartha don aois sin a choinneáil amach. Chreid nó ná chreid, cé go bhfuil íomha ag an Wii go bhfuil sé deartha do phaistí an tá an t-aon cluiche atá cosc dlithiúil ar sa tír seo deartha don Wii, Manhunt 2. I measc na cluichí foréigneach eile don máisín soineanta seo tá Madworld, Resident Evil 4, Resident Evil Umbrella Chronicles agus go leor eile. B’fhiú a bheith cúramach.

Má tá cosc dlithiúil ar cluiche ní féidir é a cheannach?

Cé go bhfuil cosc ar an cluiche Manhunt 2 don Wii sa tír seo níl aon cosc ar i dTuaisceart Éireann. Is féidir le déagóir siúl isteach i siopa i nDoire, mar shampla, agus é a cheannach ansin, cé go bhfuil sé mídhleathach sa tír seo. Is féidir é a cheannach ar líne i siopaí aitheanta gan aon fhadhb chomh maith.

An focal scoir
B’fhiú dúinn a bheith cúramach agus na páistí i mbun oibre ar an ríomhairí nó agus iad ag baint úsáide as an máisín cluichí sa bhaile. Níor chóir imeacht thar fóir ach b’fhiú díreach suim a léiriú sa rud a bhíonn ar bun ag na páistí.

Dé Céadaoin, Aibreán 01, 2009

Réiteach faighte ar fadhbanna Leathan Bhanda faoin tuath.

Tá réiteach faighte ar fadhbanna leathan bhanda faoin tuath - dár le saineolaithe sa chomhlacht Éireannach Digi-Gaoth Teoranta. Is fadhb mór atá ag an rialtas i láthair na huaire ná na costais mór a bhaineann le infrastruchtúr a chur i bhfeidhm le freastal ar leathan bhanda. I measc na nithe atá i gceist le leathan bhanda a chur ag obair ná aeróga móra, línte teileafóin nua, malartáin nua agus freastalaithe móra cumhachtach a chur ar fáil. Úsáideann na uirlisí seo an-chuid leictreachas, rud a ardaíonn an praghas ar leathan bhanda níos mó fós.

Cosnaíonn an trealamh traidisiúnta seo na billiúin euro le chur isteach. Agus tá an argóint ann go ndéanann an trealamh dochar ó thaobh radharcanna faoin tuath a mhilleadh.

Tá plean ag na saineolaithe seo ná córas gan sreang a chur ar fáil ar costas i bhfad níos lú. An plean atá acu ná aeróg a cur ar barr na muileann gaoithe ar fad agus gur féidir leathan bhanda a sruthú fríd agus ansin aeróg a chur ar barr na tithe gur mian leo leathan bhanda a fháil. Beidh na tithe ansin in ann ceangal leis an idirlíon tríd an muileann gaoithe. Argóint eile atá ag na saineolaithe seo ná go mbeidh ar chumas an aeróg seo a chuid leictreachas féin a ghiniúint agus an leictreachas a chur ar fáil é féin leis an próiséas seo a rith. De réir na saineolaithe seo beidh cánach carbóin breise curtha ar gnáth ceangal leathan bhanda agus nach mbeidh an cánach céanna i gceist leis an ceangal seo de bharr go bhfuil an leictreachas atá in úsáid anseo ‘glas’.

De réir na saineolaithe seo tá an féidirthacht fós ann an córas seo a chur i bhfeidhm in áiteacha nach bhfuil muillean gaoithe ann trí na aeróga beaga seo a chrochadh ar soilse tráchta agus cumhacht an ghriain a úsáid le iad a rith.

Beidh le feiceáil ar conas a éiríonn leis an plean seo ach de réir na tuairiscí is déanaí tá siad i mbun cainte leis na comhlachtaí teileachumarsáide.




Conficker réidh le damáiste mór a dhéanamh – 1 Aibreán 2009!


Tá péist nua ríomhaireachta réidh le ionsaí a dhéanamh ar na milliúin duine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil sé faighte acu cheánna féin. Séard is péist ríomhaireachta ná fabht a fhaigheann ríomhaire ó ríomhaire eile a suíonn ar an ríomhaire gan aon dochar a dhéanamh go dtí go bhfaigheann sé treoir ón cruthaitheoir. I gcás víreas déantar an damáiste láithreach.



An t-ainm atá ar an péist seo ná Conficker, Downadup nó Kido agus aimsíodh é i dtús báire i Mí Deireadh Fómhair 2008. Tá an baol ann go mbeidh an cruthaitheoir nó na chruthaitheoirí in ann seilbh a fháil ar do ríomhaire amach anseo. Meastar go bhfuil an péist seo ag suí ar 15 mhilliúin ríomhaire thart fud an domhain. Is féidir le duine leis an saineolas ceart acu seilbh iomlán a fháil ar na ríomhairí seo. Cur i gcás go raibh an duine seo in ann euro amháin a dhéanamh ar gach ceann de na ríomhairí seo b’fhiú €15,000,000 sin.

Moltar d’úsáideoirí a chinntiú go bhfuil an córas frith-víreas suas chun dáta agus go bhfuil an píosa bogearra KB958644 atá eisithe ag Microsoft agus ar fáil ó www.microsoft.ie ag chuile duine. Moltar chomh maith pasfhocal cliste a phiocadh don ríomhaire. Seachas gnáth focal a phiocadh pioc focal neamhaitheanta agus meascán de uimhreacha, litreacha agus carachtair speisialta a phiocadh m.sh. F01rgn3amh.1 seachas QWERTY nó January.2009.



Tá sé ráite ag na saineolaithe go bhfuil an péist seo chun an dochar a dhéanamh inniu agus go bhfuil an féidearthacht ann go bhfuil líonraí agus ríomhairí thart fud an domhain chun fadhbanna a bheith acu. Tá Microsoft ag tabhairt $250,000 don duine a chuireann ar an eolas iad faoin duine a chruthaigh an péist seo.



De réir roinnt saineolaithe níl an péist seo chun dochar a bith a dhéanamh ach de réir daoine eile déanfaidh sé an-chuid damáiste do líonraí teileachumarsáide thart fud an domhain.



An bealach is fearr leis an péist seo a sheachaint ná a chinntiú go bhfuil an frith-víreas ar an ríomhaire suas chun dáta agus ag feidhmiú, go bhfuil an balla dóiteáin ar an ríomhaire ag feidhmiú agus go bhfuil na nuashonraithe atá á chur ar fáil ag Microsoft suas chun dáta.





Cén dóigh le Outlook Express a shocrú suas? An bhfuil costas air?



Bhí tairge ag Microsoft darbh ainm Outlook Express go dtí cúpla bliain ó shin. Tháinig an feidhmchlár seo in éineacht le Internet Explorer go dtí leagan a sé de Internet Explorer.



Fadhbanna

Tá neart fadhbanna le Outlook Express agus is é sin an fáth go bhfuil Microsoft tar éis fáil réidh leis ó shin. I measc na fadhbanna a bhí leis ná go raibh an féidearthacht ionsaithe a dhéanamh ar agus na ríomhphoist ar an ríomhaire a scriosadh. Bhí fadhbanna ann ó thaobh an líon feidhmeanna a bhí ar fáil air i gcomparáid le Outlook.



Réiteach na Faidhbe

An tairge a chruthaigh Microsoft le áit Outlook Express a ghlacadh ná Windows Mail. Arís bhí daoine idir dhá chomhlairle maidir leis an tairge seo agus arís bhí fadhbanna ann le feidhmeanna slándála Windows Mail. Ag an am seo bhí athruithe ag tarlú ar an idirlíon ina iomláine. Bhí an ghá feidhmeanna breise agus ilmheán nua-aimseartha a bheith ar fáil tríd na sruthanna nuachta ar fad.



An Leagan Nua

Ar an 7 Mí na Samhna 2007 rinne Microsoft lainseáil ar Windows Live Mail Leagan 12. Le cúpla mí anuas tá Microsoft tar éis Leagan 14 a chur ar fáil. Is leagan feabhsuithe atá anseo a ceartaíonn na fabhtanna a bhí sa chead leagan agus a chur leis an líon feidhmeanna atá ar fáil.


I measc na feidhmeanna nua atá ar fáil ar Windows Live Mail tá:


  • Tacaíocht do Poist Gréasáin (WebMail) ina measc Hotmail, Gmail agus Yahoo.
  • Comhéadan úsáideora níos fearr a luíonn isteach leis an leagan amach atá ar na feidhmchláir is déanaí atá ag Microsoft.
  • Ceangal le Windows Live Contacts
  • Tacaíocht do sruthanna RSS.
  • Deilbhíní Emoticon ar fáil. Ar nós an Smiley.
  • Litriú a sheiceáil
  • Inbox difriúil ar fáil do chuile seoladh ríomhphost atá agat.
  • Eagarthóireacht ar iatáin.

Is féidir Windows Live Mail a íoslódáil ag:

http://download.live.com/wlmail


Tá sé go hiomlán saor in aisce agus tá breis eolas faoi ar fail ar suíomh idirlíon Microsoft Éireann ag : www.microsoft.ie

Dé Céadaoin, Márta 25, 2009

Big Brother ag choinneáil súil orainn uilig



Tá sé glactha ag an Rialtas go mbeidh ar gach comhlucht fón & soláithreoirí seribhísí ar an idirlín sonraí i leith gach glaoch fón, teachtairí téacs , ríomhpostanna & na suíomhanna idirlín a thug daoine cuairt orthu , a choimead stórailte ar feadh 2 bhlian le go mbeidh siad ar fáil do na Gardaí ma bhíonn siad i mbun fiosraithe coirriúlachta.



Buntáistí

Tá sé seo ina acmhainn maith do na Gardaí agus cuireann sé bealach fiosrúchán nua ar fáil dóibh. Is féidir leat an-chuid a fháil amach leis na sonraí seo. Cá h-áit ina raibh duine ag am ar léith? Cé lena raibh siad i dteagmháil leo? Céard é an taighde a bhí ar bun acu? Is féidir leat pictiúr maith a fháil ar meoin duine ag am ar leith leis na sonraí seo. Is féidir leat daoine ar strae a aimsiú chomh maith leis na sonraí seo. Gach aon uair a ndéanann duine taisteal is coinnítear taifead de sin ó thaobh an fón póca. Bheadh taifid ann de cá háit ina raibh duine nuair a rinne siad logáil isteach ar an córas ríomhphost atá acu chomh maith.



Príobháideachas

Tá an ceist ann sa lá atá inniu ann an féidir le duine aon rud a dhéanamh go príobháideach. Is cosúil, ag baint úsáide as an córas teileachumarsáide gur féidir leat súil a choinneáil ar aon duine, aon áit, am ar bith. Bíonn daoine míchompordach faoi a leithid agus tá an baol ann go ndiúltóidh an gnáth duine an córas seo agus go mbeadh gearán acu.



Deacrachtaí agus Dúshláin

Is cinnte gur smaoineamh maith atá anseo ach ag amharc ar go praiticiúil bheadh sé fíordheacair é a chur i bhfeidhm sna comhlachtaí cumarsáide. Déantar an t-uafás sonraí a choinneáil faoi scairteanna gutháin agus a leithid in aghaidh an lae. Támuid tagtha chuig an pointe go ndéantar tuairisciú ar scairt guthán in aghaidh an soicind, ceangal idirlíon in aghaidh an cilibheart agus teachtaireacht teacs in aghaidh an litir. Má chuireann tú na sonraí seo le chéile do gach uile duine thar tréimhse dhá bhliain tá tú ag amharc ar líon sonraí ollmhór tá tú ag caint faoi Petabyte nó fiú Exabyte de sonraí stóráilte ag am faoi leith.



An mbeidh costas breise ann don gnáth duine?

Is cinnte go mbeidh ar an gnáth duine díol as an líon stóras breise seo. Níl aon dabht ach go gcosnaíonn córas ríomhaireachta a ndéanann stóráil ar an líon sonraí seo an-chuid airgead. De réir mar atá an líon stóras ag ardú, ardaíonn an costas go mór. Ní chosnaíonn gigeabheart ach cúpla euro ach cosnaíonn petabyte an t-uafás airgead. Mas ghá do na comhlachtaí teileachumarsáide an costas seo a dhíol íslíonn an brabach atá acu agus is cinnte go mbeidh ar na custaiméirí díol as seo.



Smaoineamh Maith?

Smaoineamh iontach maith ach caithfear an cheist a chur faoi na h-impleachtaí atá leis agus an fiúntas a bheas le feiceáil.




Google Street ar fáil anois



Tá ghné nua de Google Earth ar fáil anois darbh ainm Google Street. Go dtí seo bhí daoine in ann radharc satilít den domhain a fheiscint ar Google Earth. Is beag rud a bhí tú in ann a fheiscint i gceart ar an radharc seo. Bhí sé maith ó thaobh turas a phleanáil ó áit amháin go áit eile nó foghlaim faoi áiteanna éagsúla ar domhain chomh maith le pictiúir statach a fheiscint.



Le timpeall ar bliain anuas tá Google tar éis an-chuid forbairtí nua a chur le Google Earth ar nós foirgnimh trédhearcach, radharcanna faoin fharraige agus radharcanna ar na réalta agus na pláinéid sa réalt chóras.


Google Earth



An forbairt nua atá acu ná pictiúir atá siad tar éis a ghlacadh le ceamara atá greamaithe ar barr carr agus iad ag tiomaint fríd cathair. Ghlacann an ceamara seo pictiúr gach cúpla meadar agus cuirtear na pictiúir seo le chéile i sraith amháin. Leis an fheidmiúlacht seo is féidir leat dul ar siúlóid insamhlaithe tríd cathair mór le rá.

Go dtí seo sí Béal Feirste an t-aon cathair atá clúdaithe acu ar an oilean seo ach é sin ráite tá siad ag obair ar Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge. Má fheiceann tú carr in aon ceann de na cathracha seo le ceamara ait ceangailte ar barr an díon cur meangadh mór gáire ort féin de bharr go bhfuil tú ar fís! An aidhm fadtréimhseach atá ag Google ná go mbeidh an domhain ar fad clúdaithe acu. Is dócha faoin am sin go mbeidh orthu toiseacht arís mar gheall ar go bhfuil an domhain ag athrú chomh gasta sin!

Tá ceist ann faoin príobháideachas atá ag daoine mar gheall ar Google Street agus an mbeidh siad le feiceáil ar líne gan aon cead a thabhairt. Is cinnte go mbeidh siad le feiceáil ach an rud a ndéanann Google leis na pictiúir seo ná go gclúdaíonn siad aghaidh gach duine agus an pláta clárúchán ar na gluaisteáin ar fad. Fós féin tá neart daoine ag gearán faoin seirbhís, go háirithe i mBeal Feirste agus fadhbanna le sceimhlitheoirí faoi láthair. Tá an pointe déanta le tamall anuas gur féidir le sceimhlitheoir aghaidh na Dúin atá ag airm an Ríocht Aontaithe a fheiscint agus ionsaithe a phleanáil.



Bóthar na bhFál, Béal Feirste



Sa todhchaí tá sé easca a shamhlú go mbeidh Google Earth chomh eochrach mar uirlis ghnó is atá Google.com sa lá atá inniu ann. Má cheanglaíonn tú na hacmhainní seo le uirlís GPS is cinnte go mbeadh uirlis an-chumhachtach agat gur féidir leat leas a bhaint as.


Praghas ar an XBOX 360 gearrtha arís


Tá an praghas ar an XBOX 360 gearrtha arís. Ag am Nollaig rinne mé léirmheas ar an XBOX agus d’inis mé go raibh an praghas ar an XBOX chun titim tar éis na Nollag. Bhuel, tá sé tarlaithe! Is féidir leat an XBOX 360 Elite leis an cluiche Halo 3 a cheannach ar £199.99. Tá an praghas seo dochreidte nuair a smaoiníonn tú go raibh praghas £299.99 ar an máisín seo ag am Nollaig gan aon cluiche ar chor ar bith! Taispeánann sé seo an moilliú síos atá ag teacht ar an mhargadh. Bí ag súil le gearradh praghas ar an Playstation 3 gan mhoill mar freagra ag Sony.

Fearann nua ar an mbealach – Deis cúpla Euro a dhéanamh?

Tá fearann nua molta ag Al Gore don idirlíon darbh ainm Dot Eco (.eco). An rud atá ann i fearann ná na litreacha deireanach i seoladh idirlíon. Na cinn is coitianta sa tír seo ná .com, .ie, .net, .co.uk agus .edu.


Baineann na cinn nua seo le suíomhanna a bhaineann leis an timpeallacht agus cúrsaí timpeallachta i gcomhthéacs téamh domhanda. Chreid nó ná chreid tá siad ag rith amach as focail ar .com faoi láthair, ciallaíonn sé seo go bhfuil orthu teacht suas le fearainn nua.


Tá deis ann airgead a dhéanamh anseo d’aon duine atá ag iarraidh na cinn is luachmhara a cheannach.


Le seachtain anuas tá Toys R Us tar éis $5.1 milliúin a chaitheamh ar an suíomh Toys.com!

Sony Vaio P i gcomparáid leis an Acer Aspire One



Le déanaí tá Sony tar éis lainseáil a dhéanamh ar an Sony Vaio P. Is ríomhaire glúine an-bheag atá ann le scáileáin 8 orlaigh. I gcónaí is féidir brath go mór ar tairgí Sony ó thaobh déantús maith agus is féidir brath orthu ó thaobh oibriú i gceart thar tréimhse na blianta.

Tháinig ceist isteach ó éisteoir maidir leis an comparáid idir an Sony Vaio P agus an Acer Aspire One agus an fiú an praghas a dhíol ar an Sony mas rud é go bhfuil tú ag iarraidh feidhmeanna bunúsacha a úsáid ar an ríomhaire ar nós próiseáil focail, idirlíon agus ríomhphost.

I dtús báire tá muid chun súil a chaitheamh ar na difríochtaí atá ag na ríomhairí éagsúla.



Costas

Tá costas dochreidte ar an Sony Vaio P. Cosnaíonn sé €1,099 sa Sony Centre i Leitir Ceanainn agus £849 (€922) ar an ríomhaire céanna sa Sony Centre i nDoire.

Cosnaíonn an Acer Aspire One £249 (€270) i PC World. Is praghas an-réasúnta atá anseo d’aon duine atá ag feidhmiú ar buiséad an-íseal.



Córas Oibriúchán

Tagann an Vaio P leis an córas oibriúchán Windows Vista agus tagann an Aspire One leis an córas oibriúchán Windows XP. Leis na firinne a rá úsáideann an Sony an breis RAM nó cuimhne atá aige le Windows a chur ag obair. Tá sé curtha amú díreach le comhéadan níos snasta a chur ar fáil.



Cuimhne

Faigheann tú 2GB RAM leis an Vaio P agus 1GB RAM leis an Aspire One. Ó thaobh luas an ríomhaire ní dhéanann sé seo mórán difear mar gheall go bhfuil an breis cuimhne atá ag an Vaio curtha amú ag iarraidh choinneáil suas le Vista.



Crua Dhiosca

Faigheann tú crua dhiosca 60GB leis an Sony agus 160GB leis an Acer. Measaim go bhfuil an bua ag an Acer anseo. Tá fíorbheagán gur féidir leat a stóráil ar crua dhiosca 60GB sa lá atá inniu ann. Úsáideann Vista suas aon trian den spás sin rud nach bhfágann ach 40GB le do chuid sonraí a stóráil ann.



Méid an Scáileáin agus Méachan

Tá scáileán an-bheag ag an Sony (8 orlach) agus ceann 8.9 orlach ag an Acer Aspire One. Measaim go bhfuil an ceann ar an Sony róbheag le nithe a fheiscint go soiléir agus go bhfuil géarghá le ceann níos mó a bheith ann.

Tá méachan de 2.78lb ag an Acer Aspire One agus 1.4lb ag an Sony Vaio P.



Próiseálaí

Tá próiseálaí de 1.6Ghz ag an Acer Aspire One agus 1.33Ghz ag an Sony Vaio P. Ciallaíonn sé seo, ar phaipéar, ar aon nós, go bhfuil an ríomhaire níos saoire níos gaiste!



Nithe Breise

Tá ceamara gréasán ag an Sony agus an Acer.

Tá GPS agus Bluetooth ag an Sony, rud nach bhfuil ag an Acer.



An Focal Scoir

Is ríomhaire an-deas atá sa Sony Vaio P ach ag deireadh an lae tá sé róchostasach i gcomparáid leis an méid teicneolaíocht a fhaigheann tú leis. B’fhiú i bhfad an Acer a cheannach ar aon trian den praghas le spás stórála níos mó a fháil, níos mó cumhacht próiseálaithe agus an fuilleach a úsáid le rudaí níos fiúntaí a dhéanamh.



Buaiteoir: Acer Aspire One