Ón 1ú Marta ar aghaidh caithfidh Microsoft an cinneadh a thabhairt don úsáideoir ríomhairí faoi cén brabhsálaí idirlíon gur mhaith leo a úsáid. Tharla an forbairt seo mar gheall ar cás cúirte a bhí ag Coimisiúin na hEorpa. Go dtí seo ní raibh an darna rogha agat ach glacadh leis go mbeidh Microsoft Internet Explorer agat ar an ríomhaire mar gnáth rogha. Dá mba rud é go raibh tú ag iarraidh brabhsálaí eile bhí ort an cinneadh sin a dhéanamh tú féin.
As seo amach beidh sé riachtanach go tabharfaidh Microsoft an cinneadh duit brabhsálaí a roghnú. Ar an líosta tá 12 brabhsálaí éagsúla.
Firefox, Opera, Safari. Chrome, Sleipnir, Green Browser, Maxthon, Avant, Flock, K-meleon agus Slim.
Beidh le feiceáil cén éifeacht a bheas ag an forbairt seo do mhargadh na brabhsálaithe. Faoi láthair tá scair de 62% den mhargadh ag Microsoft agus 24% den mhargadh ag Firefox.
Tá uasdátú déanta ar Google Earth le seachtain do cheantar Ghaoth Dobhair. Tá íomhánna den ceantar ar fáil ar ard caighdeán anois, rud nach raibh acu ar chor ar bith go dtí seo. Is féidir daoine aonarach a fheiceáil fiú.
An bhfaca aon duine carr ait sa cheantar le seachtain nó dhó? Ceann a bhfuil ceamara chrochta ar barr an carr? An rud atá ar bun anseo ná go bhfuil pictiúir á ghlacadh de na bóithre uilig sa cheantar le é a chur suas ar Google Street. An impleacht atá aige seo ná go mbeidh duine in ann siúlóid fíorúil a ghlacadh timpeall an cheantar! Seans go gcuirfidh sé seo go mór le turasóireacht agus an eacnamaíocht a spreagadh.
Tá rialtas na Fraince agus rialtas na Gearmáine tar éis a fhógairt gur féidir go bhfuil fadhb tromchúiseach leis an brabhsálaí idirlín atá ag Microsoft, Internet Explorer. Baineann an fhadhb seo leis an slándáil atá ar fáil agus go bhfuil an baol gur féidir le Trojan Horse sleamhnú tríd córais slándála Internet Explorer. Má tharlaíonn gur féidir leis an Trojan fáil fhad leis an cruadhíosca is féidir leis seilibh a fháil ar an ríomhaire agus sonraí ar bith a sheoladh amach thar línte teileachumarsáide.
Ar an taobh eile den scéal tá Microsoft ag fógairt go bhfuil fíor beagán de baol ann agus má tá an leagan is déanaí de Internet Explorer agat, leagan a hocht, nár chóir go mbeadh aon fhadhb ann.
Tá sé tagtha chun solais le cúpla lá anuas is mar gheall ar an fabht seo gur tharla an ionsaí ar trealamh ríomhaireachta Google atá lonnaithe sa tSín. Tá Google ag déanamh machnamh faoi láthair ar chóir dóibh tarraingt amach as an tSín.
Tá saineolaithe áirithe ag moladh do daoine Mozilla Firefox, Google Chrome, Apple Safari nó Opera a úsáid go dtí go dtagann Microsoft suas le réiteach ar an fhadhb seo.
Go dtí seo níl aon dáta foilsithe ag Microsoft d’eisiúint an réiteach sin.
Ar an 24ú Lúnasa i mbliana rinneadh lainseáil ar an tseirbhís ghaelach ar Google Translate. Séard atá ann le Google Translate ná uirlis atá ar fáil ar líne a chabhraíonn le daoine sliocht téacs a aistriú ó theanga amháin go teanga eile. Faoi láthair tá 51 theanga difriúil ar fáil ar Google Translate, an Ghaeilge san áireamh, agus tá teanga ar bith inaistrithe go teanga ar bith eile. Ag an am seo níl sa tseirbhís ach leagan béta, rud a chiallaíonn nach bhfuil an tseirbhís foirfe go fóill. Is féidir leis an ghnáth duine cabhrú le Google an tseirbhís a fheabhsú trí bhotúin a cheartú.
Cén úsáid a bheas ag an uirlis seo sa todhchaí? Tá impleachtaí móra ag an tseirbhís seo ag amharc chun tosaigh. Ag baint úsáide as an teicneolaíocht ar chúl na seirbhíse seo níl aon fáth nach féidir leis an ghnáth duine chuile suíomh idirlíon a aistriú go teanga ar bith fad is atá na sonraí á íoslódáil agus á thaispeáint ar an scáileán. Tugann sé seo deiseanna móra don ghnáth duine ó thaobh réimse léitheoireachta a bheas ar fáil dóibh. Amach anseo is féidir leat a bheith ag súil go mbeidh tú in ann an New York Times nó an Washington Post a léamh go hiomlán trí mhéan na Gaeilge chuile lá, ó chlúdach go clúdach. Rud mór a bheadh anseo don teanga tar éis an bhuille mór thar an Samhradh le himeacht Foinse.
Déanfaidh an teicneolaíocht seo difear mór ó thaobh obair An tAontas Eorpach agus an líon doiciméadú gur féidir leo a sholáthar thrí mhéan na Gaeilge.
Beidh impleachtaí móra le feiceáil chomh maith i dteicneolaíocht na siamsaíochta. Tá chuile seans go mbeidh an teicneolaíocht ar chúl an chláir teilifíse in ann fotheidil a dhéanamh go huathoibríoch ag úsáid teanga amháin mar threoir. Tá an fhéidearthacht ann chomh maith an teicneolaíocht a neadú isteach i gcluichí ríomhaireachta téacsbhunaithe agus na cluichí sin a chur ar fáil trí mhéan na Gaeilge.
I gcás teachtaireachtaí meandaracha níl aon fáth nach féidir le duine as an tír seo labhairt le duine as tír eile ag úsáid dhá theanga éagsúil agus aistriúchán ag tarlú de réir mar atá na teachtaireachtaí á sheoladh.
Seo é an sliocht thuas curtha tríd Google Translate:
An aistriúchán a chruthaigh Google Translate
On August 24 this year the launch of the service carried articles on Google Translate. What existing Google Translate is a tool available online to help people extract text translated from one language to another. Currently there are 51 different languages available on Google Translate, the language included, and any language is transferable to any other language. At this time in service but not beta version, which means the service is not perfect yet. Can usually help people with Google by improving the service to correct errors. What used to secure the future of this tool? Has major implications for this service at front sight. Using the technology behind this service there is no reason why not usually possible with the web site each person to transfer any language so long as the data being downloaded and displayed on the screen. This brings great opportunities for ordinary people in terms of a reading area will provide them. Out here you can expect that you will be able the New York Times or the Washington Post read fully through the Irish language daily, from cover to cover. Which would need the language here after the world over the summer bhuille over Source. This technology will affect the world of work in European Union and the number of documentation that can be provided through the Irish. Major implications will also appear in entertainment technology. Are all likely that the technology behind the television program can automatically make subtitles using one language as a guide. There is also the possibility of embedding technology into computer games and the games that téacsbhunaithe provide through Irish. In the case of instant messages no reason why one can not from this country to speak with someone from another country using two different languages and translation occur as the messages being sent.
Tá ghné nua de Google Earth ar fáil anois darbh ainm Google Street. Go dtí seo bhí daoine in ann radharc satilít den domhain a fheiscint ar Google Earth. Is beag rud a bhí tú in ann a fheiscint i gceart ar an radharc seo. Bhí sé maith ó thaobh turas a phleanáil ó áit amháin go áit eile nó foghlaim faoi áiteanna éagsúla ar domhain chomh maith le pictiúir statach a fheiscint.
Le timpeall ar bliain anuas tá Google tar éis an-chuid forbairtí nua a chur le Google Earth ar nós foirgnimh trédhearcach, radharcanna faoin fharraige agus radharcanna ar na réalta agus na pláinéid sa réalt chóras.
Google Earth
An forbairt nua atá acu ná pictiúir atá siad tar éis a ghlacadh le ceamara atá greamaithe ar barr carr agus iad ag tiomaint fríd cathair. Ghlacann an ceamara seo pictiúr gach cúpla meadar agus cuirtear na pictiúir seo le chéile i sraith amháin. Leis an fheidmiúlacht seo is féidir leat dul ar siúlóid insamhlaithe tríd cathair mór le rá.
Go dtí seo sí Béal Feirste an t-aon cathair atá clúdaithe acu ar an oilean seo ach é sin ráite tá siad ag obair ar Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge. Má fheiceann tú carr in aon ceann de na cathracha seo le ceamara ait ceangailte ar barr an díon cur meangadh mór gáire ort féin de bharr go bhfuil tú ar fís! An aidhm fadtréimhseach atá ag Google ná go mbeidh an domhain ar fad clúdaithe acu. Is dócha faoin am sin go mbeidh orthu toiseacht arís mar gheall ar go bhfuil an domhain ag athrú chomh gasta sin!
Tá ceist ann faoin príobháideachas atá ag daoine mar gheall ar Google Street agus an mbeidh siad le feiceáil ar líne gan aon cead a thabhairt. Is cinnte go mbeidh siad le feiceáil ach an rud a ndéanann Google leis na pictiúir seo ná go gclúdaíonn siad aghaidh gach duine agus an pláta clárúchán ar na gluaisteáin ar fad. Fós féin tá neart daoine ag gearán faoin seirbhís, go háirithe i mBeal Feirste agus fadhbanna le sceimhlitheoirí faoi láthair. Tá an pointe déanta le tamall anuas gur féidir le sceimhlitheoir aghaidh na Dúin atá ag airm an Ríocht Aontaithe a fheiscint agus ionsaithe a phleanáil.
Bóthar na bhFál, Béal Feirste
Sa todhchaí tá sé easca a shamhlú go mbeidh Google Earth chomh eochrach mar uirlis ghnó is atá Google.com sa lá atá inniu ann. Má cheanglaíonn tú na hacmhainní seo le uirlís GPS is cinnte go mbeadh uirlis an-chumhachtach agat gur féidir leat leas a bhaint as.
Tá saineolaithe in Ollscoil Harvard i Mheiriceá tar éis staidéir a dhéanamh ar Google agus an oiread carbóin a ghineann sé tri gnáth úsáid a mheas. Mheasann an saineolaí Harvard Dr. Alex Wissner-Gross go ghineann cuardach Google 7g de CO2. Is ionann dhá chuardach agus an oiread carbóin a ghineann citeal bruite, sé sin 14g de CO2.
Cruthaítear an carbóin dé-ocsaíd seo idir do ríomhaire féin, ríomhairí do ISP agus na ríomhairí atá ag Google iad féin