Showing posts with label Microsoft. Show all posts
Showing posts with label Microsoft. Show all posts

Dé Máirt, Márta 02, 2010

Cinneadh ag muintir na hEorpa ar cén brabhsálaí gur mhaith leo a úsáid



Ón 1ú Marta ar aghaidh caithfidh Microsoft an cinneadh a thabhairt don úsáideoir ríomhairí faoi cén brabhsálaí idirlíon gur mhaith leo a úsáid. Tharla an forbairt seo mar gheall ar cás cúirte a bhí ag Coimisiúin na hEorpa. Go dtí seo ní raibh an darna rogha agat ach glacadh leis go mbeidh Microsoft Internet Explorer agat ar an ríomhaire mar gnáth rogha. Dá mba rud é go raibh tú ag iarraidh brabhsálaí eile bhí ort an cinneadh sin a dhéanamh tú féin.

As seo amach beidh sé riachtanach go tabharfaidh Microsoft an cinneadh duit brabhsálaí a roghnú. Ar an líosta tá 12 brabhsálaí éagsúla.

Firefox, Opera, Safari. Chrome, Sleipnir, Green Browser, Maxthon, Avant, Flock, K-meleon agus Slim.

Beidh le feiceáil cén éifeacht a bheas ag an forbairt seo do mhargadh na brabhsálaithe. Faoi láthair tá scair de 62% den mhargadh ag Microsoft agus 24% den mhargadh ag Firefox.



Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 21, 2009

Windows 7 beagnach linn




Tá Windows 7 ag teacht ar an mhargadh ag méan oíche anocht. Tá úsáideoirí ríomhairí tar éis a bheith ag fanacht leis an lá seo le tamall fada mar gheall ar na fadhbanna a bhaineann le Windows Vista agus cé chomh trioblóideach is atá sé. Tá Microsoft ag lorg ar daoine cóisir a eagrú le ceiliúradh a dhéanamh ar an lainseáil seo agus tá siad imithe chomh fada le ‘party pack’ a dhearadh do na daoine a eagraíonn na cóisir seo.

Tá sé leagan difriúil den córas oibriúchán seo ar fáil ach na leaganacha is coitianta ná Home Premium agus Professional. Beidh costas de £79.99 ar Home Premium go dtí 1 Eanáir 2010 nuair a ardóidh an praghas go £99.99.

Úsáideann Windows 7 suas níos lú acmhainní ar an ríomhaire ná mar a úsáideann Vista rud a chiallaíonn go dtosaíonn sé níos gaiste agus gur féidir é a reáchtáil ar ríomhairí níos lú le crua earraí níos laige.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 20, 2009

Príomhfheidhmeannach Microsoft ag súil le ardú ar díolachán ríomhairí pearsanta nuair a thagann Windows 7 amach



Tá príomhfheidhmeannach Microsoft, Steve Ballmer ag súil go mbeidh ardú beag ar díolachán ríomhairí mar gheall ar lainseáil ar Windows 7 ag deireadh na míosa. Tá Windows 7 le teacht isteach le áit Vista a thógáil sa mhargadh. Is léir nach bhfuil an oiread sin daoine róshásta le Vista agus atá ag iarraidh athrú go Windows 7 chomh luath is gur féidir.

Ar an drochuair do Microsoft is cosúil nach bhfuil ach 40% de comhlachtaí chun athrú go Windows 7 mar gheall ar gearradh siar ar caiteachas agus an fhaitíos atá orthu nach oibreoidh na bogearraí atá acu cheánna féin in éineacht le Windows 7.
Beidh Windows 7 ar fáil go forleathan ar an 22 Deireadh Fómhair.

Dé Céadaoin, Aibreán 01, 2009

Conficker réidh le damáiste mór a dhéanamh – 1 Aibreán 2009!


Tá péist nua ríomhaireachta réidh le ionsaí a dhéanamh ar na milliúin duine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil sé faighte acu cheánna féin. Séard is péist ríomhaireachta ná fabht a fhaigheann ríomhaire ó ríomhaire eile a suíonn ar an ríomhaire gan aon dochar a dhéanamh go dtí go bhfaigheann sé treoir ón cruthaitheoir. I gcás víreas déantar an damáiste láithreach.



An t-ainm atá ar an péist seo ná Conficker, Downadup nó Kido agus aimsíodh é i dtús báire i Mí Deireadh Fómhair 2008. Tá an baol ann go mbeidh an cruthaitheoir nó na chruthaitheoirí in ann seilbh a fháil ar do ríomhaire amach anseo. Meastar go bhfuil an péist seo ag suí ar 15 mhilliúin ríomhaire thart fud an domhain. Is féidir le duine leis an saineolas ceart acu seilbh iomlán a fháil ar na ríomhairí seo. Cur i gcás go raibh an duine seo in ann euro amháin a dhéanamh ar gach ceann de na ríomhairí seo b’fhiú €15,000,000 sin.

Moltar d’úsáideoirí a chinntiú go bhfuil an córas frith-víreas suas chun dáta agus go bhfuil an píosa bogearra KB958644 atá eisithe ag Microsoft agus ar fáil ó www.microsoft.ie ag chuile duine. Moltar chomh maith pasfhocal cliste a phiocadh don ríomhaire. Seachas gnáth focal a phiocadh pioc focal neamhaitheanta agus meascán de uimhreacha, litreacha agus carachtair speisialta a phiocadh m.sh. F01rgn3amh.1 seachas QWERTY nó January.2009.



Tá sé ráite ag na saineolaithe go bhfuil an péist seo chun an dochar a dhéanamh inniu agus go bhfuil an féidearthacht ann go bhfuil líonraí agus ríomhairí thart fud an domhain chun fadhbanna a bheith acu. Tá Microsoft ag tabhairt $250,000 don duine a chuireann ar an eolas iad faoin duine a chruthaigh an péist seo.



De réir roinnt saineolaithe níl an péist seo chun dochar a bith a dhéanamh ach de réir daoine eile déanfaidh sé an-chuid damáiste do líonraí teileachumarsáide thart fud an domhain.



An bealach is fearr leis an péist seo a sheachaint ná a chinntiú go bhfuil an frith-víreas ar an ríomhaire suas chun dáta agus ag feidhmiú, go bhfuil an balla dóiteáin ar an ríomhaire ag feidhmiú agus go bhfuil na nuashonraithe atá á chur ar fáil ag Microsoft suas chun dáta.





Cén dóigh le Outlook Express a shocrú suas? An bhfuil costas air?



Bhí tairge ag Microsoft darbh ainm Outlook Express go dtí cúpla bliain ó shin. Tháinig an feidhmchlár seo in éineacht le Internet Explorer go dtí leagan a sé de Internet Explorer.



Fadhbanna

Tá neart fadhbanna le Outlook Express agus is é sin an fáth go bhfuil Microsoft tar éis fáil réidh leis ó shin. I measc na fadhbanna a bhí leis ná go raibh an féidearthacht ionsaithe a dhéanamh ar agus na ríomhphoist ar an ríomhaire a scriosadh. Bhí fadhbanna ann ó thaobh an líon feidhmeanna a bhí ar fáil air i gcomparáid le Outlook.



Réiteach na Faidhbe

An tairge a chruthaigh Microsoft le áit Outlook Express a ghlacadh ná Windows Mail. Arís bhí daoine idir dhá chomhlairle maidir leis an tairge seo agus arís bhí fadhbanna ann le feidhmeanna slándála Windows Mail. Ag an am seo bhí athruithe ag tarlú ar an idirlíon ina iomláine. Bhí an ghá feidhmeanna breise agus ilmheán nua-aimseartha a bheith ar fáil tríd na sruthanna nuachta ar fad.



An Leagan Nua

Ar an 7 Mí na Samhna 2007 rinne Microsoft lainseáil ar Windows Live Mail Leagan 12. Le cúpla mí anuas tá Microsoft tar éis Leagan 14 a chur ar fáil. Is leagan feabhsuithe atá anseo a ceartaíonn na fabhtanna a bhí sa chead leagan agus a chur leis an líon feidhmeanna atá ar fáil.


I measc na feidhmeanna nua atá ar fáil ar Windows Live Mail tá:


  • Tacaíocht do Poist Gréasáin (WebMail) ina measc Hotmail, Gmail agus Yahoo.
  • Comhéadan úsáideora níos fearr a luíonn isteach leis an leagan amach atá ar na feidhmchláir is déanaí atá ag Microsoft.
  • Ceangal le Windows Live Contacts
  • Tacaíocht do sruthanna RSS.
  • Deilbhíní Emoticon ar fáil. Ar nós an Smiley.
  • Litriú a sheiceáil
  • Inbox difriúil ar fáil do chuile seoladh ríomhphost atá agat.
  • Eagarthóireacht ar iatáin.

Is féidir Windows Live Mail a íoslódáil ag:

http://download.live.com/wlmail


Tá sé go hiomlán saor in aisce agus tá breis eolas faoi ar fail ar suíomh idirlíon Microsoft Éireann ag : www.microsoft.ie

Dé Céadaoin, Márta 25, 2009

Praghas ar an XBOX 360 gearrtha arís


Tá an praghas ar an XBOX 360 gearrtha arís. Ag am Nollaig rinne mé léirmheas ar an XBOX agus d’inis mé go raibh an praghas ar an XBOX chun titim tar éis na Nollag. Bhuel, tá sé tarlaithe! Is féidir leat an XBOX 360 Elite leis an cluiche Halo 3 a cheannach ar £199.99. Tá an praghas seo dochreidte nuair a smaoiníonn tú go raibh praghas £299.99 ar an máisín seo ag am Nollaig gan aon cluiche ar chor ar bith! Taispeánann sé seo an moilliú síos atá ag teacht ar an mhargadh. Bí ag súil le gearradh praghas ar an Playstation 3 gan mhoill mar freagra ag Sony.

Déardaoin, Eanáir 22, 2009

Windows 7 ar fáil anois


Tá an chéad leagan de Windows ar fáil ón suíomh idirlíon atá ag Microsoft (www.microsoft.ie). Is leagan Beta atá sa córas seo. Dá bhrí sin níl aon tacaíocht ar fáil ó Microsoft agus tá an baol ann go mbeidh fadhbanna leis. Tá sé ar fáil saor in aisce d’aon duine atá sásta é a úsáid idir seo agus 1 Lúnasa 2009. Tá Microsoft ag iarraidh ar daoine tástáil a dhéanamh dóibh agus aon fadhbanna a fheiceann siad a tuairisciú arais.

Na bunriachtanais atá ag teastáil ón ríomhaire le Windows 7 a úsáid ná:

Láraonad Próiseála: 1GHz

Cuimhne: 1GB

Crua Diosca 16GB

Grafaicí DirectX9 128GB

Idirlíon Rochtain Idirlín

Díosca DVD-R/W

Siad na gnéithe nua atá sa córas oibriúchán seo ná gur féidir leat brú ar an scáileán le jabanna bunúsacha a chur i gcrích seachas an luchóg a úsáid. An difríocht mór idir an scáileán tadhaill atá ag Windows ná gur féidir le níos mó ná duine amháin é a úsáid ag an aon am amháin. Tá sé ráite ag na criticí go bhfuil daoine i bhfad níos compordaí ag baint úsáide as luchóg agus méarchlár de bharr go bhfuil na teicneolaíochtaí sin ann leis na blianta.









Péist Ríomhaireachta Réidh le h-ionsaí a dhéanamh ar na mhilliúin



Éist leis an mhír seo



Tá péist nua ríomhaireachta réidh le ionsaí a dhéanamh ar na milliúin duine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil sé faighte acu cheánna féin. Séard is péist ríomhaireachta ná fabht a fhaigheann ríomhaire ó ríomhaire eile a suíonn ar an ríomhaire gan aon dochar a dhéanamh go dtí go bhfaigheann sé treoir ón cruthaitheoir. I gcás víreas déantar an damáiste láithreach.

An t-ainm atá ar an péist seo ná Conficker, Downadup nó Kido agus aimsíodh é i dtús báire i Mí Deireadh Fómhair 2008. Tá an baol ann go mbeidh an cruthaitheoir nó na chruthaitheoirí in ann seilbh a fháil ar do ríomhaire amach anseo. Meastar go bhfuil an péist seo ag suí ar 9 mhilliúin ríomhaire thart fud an domhain. Is féidir le duine leis an saineolas ceart acu seilbh iomlán a fháil ar na ríomhairí seo. Cur i gcás go raibh an duine seo in ann euro amháin a dhéanamh ar gach ceann de na ríomhairí seo b’fhiú €9,000,000 sin.


Moltar d’úsáideoirí a chinntiú go bhfuil an córas frith-víreas suas chun dáta agus go bhfuil an píosa bogearra KB958644 atá eisithe ag Microsoft agus ar fáil ó www.microsoft.ie ag chuile duine. Moltar chomh maith pasfhocal cliste a phiocadh don ríomhaire. Seachas gnáth focal a phiocadh pioc focal neamhaitheanta agus meascán de uimhreacha, litreacha agus carachtair speisialta a phiocadh m.sh. F01rgn3amh.1 seachas QWERTY nó January.2009.





Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 29, 2008

Linux – Níos fearr ná Microsoft Windows?


Is beag duine atá ar an eolas faoi Linux. ‘Séard atá ann ná córas oibriúchán saor in aisce atá in iomaíocht leis na córais atá ag Windows. Tá sé bunaithe ar an sean córas UNIX. Níl sé deartha le brabach a dhéanamh agus le obair deonach ar fad a chuirtear le chéile é. Tá an méid den mhargadh atá ag Linux ag méadú i gcónaí agus tá an-chuid bogearraí á chur ar fáil le leagan speisialta atá deartha le feidhmiú le Linux.


Stair

Rinne fear darbh ainm Linus Torvalds an chéad leagan de Linux i 1991. Bhí Torvalds mar mac léinn ollscoile ag an am agus bhí an píosa bogearra seo mar chuid den tráchtas a chur sé le chéile. Ón am sin ar aghaidh thosaigh daoine ag cur suim i Linux agus ag baint úsáid as sa bhaile agus san obair. Thosaigh dreamanna triú pháirtí ar nós Slackware, Debian agus Red Hat ag cur suim i Linux agus ag déanamh forbairt ar.




Úsáid

Asus Eee PC

Tá leaganacha den Asus Eee PC ar fáil le Linux mar córas oibriúchán. Meastar go feidhmíonn na ríomhairí glúine seo níos gaiste ná na leaganacha le Windows mar córas oibriúchán.


Acer Aspire One

Seo ríomhaire glúine eile atá ar fáil in an-chuid siopaí ar praghas an-íseal. Chonaic mé é ar díol thar na deireadh seachtaine i siopa i Chiarraí ar €260.


Dell

Tá Dell ag díol ríomhairí anois leis an córas oibriúchán Linux orthu. Siad na ríomhairí le Linux atá acu ná an Inspiron 1420N, Inspiron 1525N agus an XPS M1330.


OLPC

Seo an ríomhaire atá ag MIT agus an aidhm atá acu ná an ríomhaire a chur ar fáil do gach páiste scoile ar domhain. An costas ar an ríomhaire seo ná thart ar €119.


Playstation 2 agus Playstation 3

Is féidir Linux a chur ar an Playstation 2 agus an Playstation 3. I rith na seachtaine chur mé Linux ar an Playstation 2 sa bhaile agus anois feidhmíonn sé ar nós gnáth ríomhaire deisce. Is féidir dul ar an idirlíon, próiseáil focal a dhéanamh, na cuntais sa bhaile a dhéanamh i scarbhileog.


iPod

Is féidir Linux a chur ar obair ar an iPod chomh maith agus níos mó feidhmeanna a chur ar fáil.


Todhchaí

Is córas an-chumhachtach í Linux a feidhmíonn i bhfad níos fearr ná Windows ar go leor bealaí. Tá sé díreach chomh easca céanna le Windows ó thaobh úsáid de. Tá níos lú seans víreas a fháil ar ríomhaire le Linux de bharr go bhfuil formhór de na víreas deartha le ionsaí a dhéanamh ar tairgí Microsoft. Tá na milliún paistí scoile ag úsáid Linux in ait Windows le gearradh siar a costais bogearraí ach tá gach aon seans go leanfaidh na paistí scoile seo ar aghaidh ag úsáid Linux amach anseo. De bharr nach úsáideann Linux an oiread céanna achmhainní chuimhne le Windows is féidir saolré nua a thabhairt do sean trealamh le Linux. Níl aon rud ag stad duine ag cur Windows agus Linux ar an ríomhaire céanna agus an cinneadh cén córas atá ag teastáil a dhéanamh agus an ríomhaire ag toiseacht suas. Is cinnte go bhfuil todhchaí gheal ag Linux agus go bhfuil an líon úsáideoirí chun dul i méid.