Showing posts with label Internet Explorer. Show all posts
Showing posts with label Internet Explorer. Show all posts

Dé Máirt, Márta 02, 2010

Cinneadh ag muintir na hEorpa ar cén brabhsálaí gur mhaith leo a úsáid



Ón 1ú Marta ar aghaidh caithfidh Microsoft an cinneadh a thabhairt don úsáideoir ríomhairí faoi cén brabhsálaí idirlíon gur mhaith leo a úsáid. Tharla an forbairt seo mar gheall ar cás cúirte a bhí ag Coimisiúin na hEorpa. Go dtí seo ní raibh an darna rogha agat ach glacadh leis go mbeidh Microsoft Internet Explorer agat ar an ríomhaire mar gnáth rogha. Dá mba rud é go raibh tú ag iarraidh brabhsálaí eile bhí ort an cinneadh sin a dhéanamh tú féin.

As seo amach beidh sé riachtanach go tabharfaidh Microsoft an cinneadh duit brabhsálaí a roghnú. Ar an líosta tá 12 brabhsálaí éagsúla.

Firefox, Opera, Safari. Chrome, Sleipnir, Green Browser, Maxthon, Avant, Flock, K-meleon agus Slim.

Beidh le feiceáil cén éifeacht a bheas ag an forbairt seo do mhargadh na brabhsálaithe. Faoi láthair tá scair de 62% den mhargadh ag Microsoft agus 24% den mhargadh ag Firefox.



Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Rialtas na Fraince agus na Gearmáine ag fógairt gan Internet Explorer a úsáid



Tá rialtas na Fraince agus rialtas na Gearmáine tar éis a fhógairt gur féidir go bhfuil fadhb tromchúiseach leis an brabhsálaí idirlín atá ag Microsoft, Internet Explorer. Baineann an fhadhb seo leis an slándáil atá ar fáil agus go bhfuil an baol gur féidir le Trojan Horse sleamhnú tríd córais slándála Internet Explorer. Má tharlaíonn gur féidir leis an Trojan fáil fhad leis an cruadhíosca is féidir leis seilibh a fháil ar an ríomhaire agus sonraí ar bith a sheoladh amach thar línte teileachumarsáide.

Ar an taobh eile den scéal tá Microsoft ag fógairt go bhfuil fíor beagán de baol ann agus má tá an leagan is déanaí de Internet Explorer agat, leagan a hocht, nár chóir go mbeadh aon fhadhb ann.

Tá sé tagtha chun solais le cúpla lá anuas is mar gheall ar an fabht seo gur tharla an ionsaí ar trealamh ríomhaireachta Google atá lonnaithe sa tSín. Tá Google ag déanamh machnamh faoi láthair ar chóir dóibh tarraingt amach as an tSín.

Tá saineolaithe áirithe ag moladh do daoine Mozilla Firefox, Google Chrome, Apple Safari nó Opera a úsáid go dtí go dtagann Microsoft suas le réiteach ar an fhadhb seo.

Go dtí seo níl aon dáta foilsithe ag Microsoft d’eisiúint an réiteach sin.