Dé Céadaoin, Aibreán 01, 2009

Conficker réidh le damáiste mór a dhéanamh – 1 Aibreán 2009!


Tá péist nua ríomhaireachta réidh le ionsaí a dhéanamh ar na milliúin duine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil sé faighte acu cheánna féin. Séard is péist ríomhaireachta ná fabht a fhaigheann ríomhaire ó ríomhaire eile a suíonn ar an ríomhaire gan aon dochar a dhéanamh go dtí go bhfaigheann sé treoir ón cruthaitheoir. I gcás víreas déantar an damáiste láithreach.



An t-ainm atá ar an péist seo ná Conficker, Downadup nó Kido agus aimsíodh é i dtús báire i Mí Deireadh Fómhair 2008. Tá an baol ann go mbeidh an cruthaitheoir nó na chruthaitheoirí in ann seilbh a fháil ar do ríomhaire amach anseo. Meastar go bhfuil an péist seo ag suí ar 15 mhilliúin ríomhaire thart fud an domhain. Is féidir le duine leis an saineolas ceart acu seilbh iomlán a fháil ar na ríomhairí seo. Cur i gcás go raibh an duine seo in ann euro amháin a dhéanamh ar gach ceann de na ríomhairí seo b’fhiú €15,000,000 sin.

Moltar d’úsáideoirí a chinntiú go bhfuil an córas frith-víreas suas chun dáta agus go bhfuil an píosa bogearra KB958644 atá eisithe ag Microsoft agus ar fáil ó www.microsoft.ie ag chuile duine. Moltar chomh maith pasfhocal cliste a phiocadh don ríomhaire. Seachas gnáth focal a phiocadh pioc focal neamhaitheanta agus meascán de uimhreacha, litreacha agus carachtair speisialta a phiocadh m.sh. F01rgn3amh.1 seachas QWERTY nó January.2009.



Tá sé ráite ag na saineolaithe go bhfuil an péist seo chun an dochar a dhéanamh inniu agus go bhfuil an féidearthacht ann go bhfuil líonraí agus ríomhairí thart fud an domhain chun fadhbanna a bheith acu. Tá Microsoft ag tabhairt $250,000 don duine a chuireann ar an eolas iad faoin duine a chruthaigh an péist seo.



De réir roinnt saineolaithe níl an péist seo chun dochar a bith a dhéanamh ach de réir daoine eile déanfaidh sé an-chuid damáiste do líonraí teileachumarsáide thart fud an domhain.



An bealach is fearr leis an péist seo a sheachaint ná a chinntiú go bhfuil an frith-víreas ar an ríomhaire suas chun dáta agus ag feidhmiú, go bhfuil an balla dóiteáin ar an ríomhaire ag feidhmiú agus go bhfuil na nuashonraithe atá á chur ar fáil ag Microsoft suas chun dáta.





No comments: