Dé Céadaoin, Márta 25, 2009

Sony Vaio P i gcomparáid leis an Acer Aspire One



Le déanaí tá Sony tar éis lainseáil a dhéanamh ar an Sony Vaio P. Is ríomhaire glúine an-bheag atá ann le scáileáin 8 orlaigh. I gcónaí is féidir brath go mór ar tairgí Sony ó thaobh déantús maith agus is féidir brath orthu ó thaobh oibriú i gceart thar tréimhse na blianta.

Tháinig ceist isteach ó éisteoir maidir leis an comparáid idir an Sony Vaio P agus an Acer Aspire One agus an fiú an praghas a dhíol ar an Sony mas rud é go bhfuil tú ag iarraidh feidhmeanna bunúsacha a úsáid ar an ríomhaire ar nós próiseáil focail, idirlíon agus ríomhphost.

I dtús báire tá muid chun súil a chaitheamh ar na difríochtaí atá ag na ríomhairí éagsúla.



Costas

Tá costas dochreidte ar an Sony Vaio P. Cosnaíonn sé €1,099 sa Sony Centre i Leitir Ceanainn agus £849 (€922) ar an ríomhaire céanna sa Sony Centre i nDoire.

Cosnaíonn an Acer Aspire One £249 (€270) i PC World. Is praghas an-réasúnta atá anseo d’aon duine atá ag feidhmiú ar buiséad an-íseal.



Córas Oibriúchán

Tagann an Vaio P leis an córas oibriúchán Windows Vista agus tagann an Aspire One leis an córas oibriúchán Windows XP. Leis na firinne a rá úsáideann an Sony an breis RAM nó cuimhne atá aige le Windows a chur ag obair. Tá sé curtha amú díreach le comhéadan níos snasta a chur ar fáil.



Cuimhne

Faigheann tú 2GB RAM leis an Vaio P agus 1GB RAM leis an Aspire One. Ó thaobh luas an ríomhaire ní dhéanann sé seo mórán difear mar gheall go bhfuil an breis cuimhne atá ag an Vaio curtha amú ag iarraidh choinneáil suas le Vista.



Crua Dhiosca

Faigheann tú crua dhiosca 60GB leis an Sony agus 160GB leis an Acer. Measaim go bhfuil an bua ag an Acer anseo. Tá fíorbheagán gur féidir leat a stóráil ar crua dhiosca 60GB sa lá atá inniu ann. Úsáideann Vista suas aon trian den spás sin rud nach bhfágann ach 40GB le do chuid sonraí a stóráil ann.



Méid an Scáileáin agus Méachan

Tá scáileán an-bheag ag an Sony (8 orlach) agus ceann 8.9 orlach ag an Acer Aspire One. Measaim go bhfuil an ceann ar an Sony róbheag le nithe a fheiscint go soiléir agus go bhfuil géarghá le ceann níos mó a bheith ann.

Tá méachan de 2.78lb ag an Acer Aspire One agus 1.4lb ag an Sony Vaio P.



Próiseálaí

Tá próiseálaí de 1.6Ghz ag an Acer Aspire One agus 1.33Ghz ag an Sony Vaio P. Ciallaíonn sé seo, ar phaipéar, ar aon nós, go bhfuil an ríomhaire níos saoire níos gaiste!



Nithe Breise

Tá ceamara gréasán ag an Sony agus an Acer.

Tá GPS agus Bluetooth ag an Sony, rud nach bhfuil ag an Acer.



An Focal Scoir

Is ríomhaire an-deas atá sa Sony Vaio P ach ag deireadh an lae tá sé róchostasach i gcomparáid leis an méid teicneolaíocht a fhaigheann tú leis. B’fhiú i bhfad an Acer a cheannach ar aon trian den praghas le spás stórála níos mó a fháil, níos mó cumhacht próiseálaithe agus an fuilleach a úsáid le rudaí níos fiúntaí a dhéanamh.



Buaiteoir: Acer Aspire One


No comments: