Dé Céadaoin, Márta 25, 2009

Fadhbanna Le Leathanbhanda Agus Na Roghanna Atá Againn



Tá an-chuid fadhbanna ag an gcóras leathanbhanda sa tír seo faoi láthair. Go fóill tá níos mó daoine nach féidir teacht ar leathanbhanda sa tír ná daoine gur féidir teacht air. Tá impleachtaí aige seo ar cúrsaí eacnamaíochta na tíre agus todhchaí airgeadúil na tíre. Muna bhfuil an tír seo chun tosaigh sna gnéithe seo ar tíortha eile san Aontas Eorpach támuid chun chailliúint amach ar an-chuid deiseanna eacnamúil. Le teacht an idirlíon tá margadh idirnáisiúnta tar éis leathnú amach go mór. Is beag rud nach féidir leat a dhíol go hidirnáisiúnta 24/7/365 agus an spriocmhargadh don tairge sin a aimsiú. Sé an áit a tosaíonn na deacrachtaí leis an coincheap seo ná nuair nach bhfuil tú in ann leathanbhanda a fháil níl an deis agat leas a bhaint as an margadh idirnáisiúnta seo.



Na fíricí

Tá thart fá 1100 malartáin teileafóin sa tír seo. Ionas gur féidir leathanbhanda a phiocadh suas tá gá le uasghrádú a dhéanamh ar an malartán lena bhfuil tú ceangailte. Go bunúsach is ionann an chéad trí uimhir san uimhir fón agus an malartán. Tá pleananna ag eircom uasghrádú a dhéanamh ar timpeall 400 malartáin. Níl figiúr cruinn ar fáil ach meastar nach bhfuil an bhfigiúir seo níos mó ná 450. Tá eircom ag iarradh ar an gcáiníocóir díol as an chuid eile a uasghrádú (650 malartáin). Faoi láthair mas rud é go bhfuil leathanbhanda ar fáil i do cheantar tá ráta teipe de 20% ann. Sé sin le rá nach féidir le teaghlach amháin i nach cúigear leathanbhanda a fháil fiú mas rud é go bhfuil an malartán uasghráduithe.


Ar chóir go mbeadh ar an cáiníocóir íoc as an uasghrádú?

Sílim go bhfuil cultúr againn sa tír seo go ndéanann an rialtas an obair agus an infheistíocht do comhlachtaí príobháideacha ionas gur féidir leis na comhlachtaí príobháideacha seo an t-uafás brabach a dhéanamh. Tarlaíonn sé seo le an-chuid tograí a bhaineann le infrastruchtúr. Tá comhlachtaí príobháideacha ag déanamh an t-uafás airgead as na “tolls” a bhíonn ar bóithre thart fud na tíre chomh maith le a leithid den Luas agus go leor eile. Is muidne na daoine a chur an t-airgead ar fail leis na tograí seo a cur i gcrích agus ansin caithfimid airgead a dhíol le comhlacht príobháideach leis na haiseanna seo a úsáid. Domsa, ní dhéanann sé seo aon chiall. Is comhlacht príobháideach é eircom anois agus tá siadsan chun an t-airgead a dhéanamh as an seirbhís a chur ar fáil, cén fáth gur chóir go mbeadh orainn díol as an infrastruchtúr chomh maith. An ciall atá le seo ná go mbeidh fíor bheagán forchostais ar eircom agus brabach níos mó. Cur i gcás go raibh comhlacht idirnáisiúnta ag iarraidh siopa a thogáil i Leitir Ceanainn. Bheadh sé míréasúnta ag súil go n-íocfadh na custaiméirí as an siopa a thógail agus a fheistiú agus ansin praghsanna ard a tháiriscint agus an siopa ann.



Cén seans go mbeidh seirbhís leathanbhanda agam ó eircom amach anseo?

Ní bheinn chomh dóchasach go mbeidh seirbhís ‘ceart’ á sholáthar ag eircom go luath amach anseo. Nuair a dheirim ‘ceart’ ‘sé an rud atá i gceist agam ná seirbhís atá ar fáil i ngach teaghlach sa tír. Tá muintir na gealtachta níos fearr as ná an chuid eile den tír de bharr go bhfuil infheistíocht á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta le chinntiú go mbeidh an seirbhís seo ar fáil i ngach teach gaeltachta sa tír, cé nach bhfuil an plean ar fad curtha i bhfeidhm go fóill. I ceantar na Rossa dár le innealtóirí eircom tá cúpla malartán fós le uasghrádú, go príomha, Ceann Casslach agus Ailt an Chorráin.



Cén rogha eile atá againn?

Tá cúpla rogha eile againn ó thaobh leathanbhanda de. Tá rud ar a ghlaoitear leaathanbhanda móibíleach á sholáthar ag 3, O2 agus Vodafone. Úsáideann na córais seo an corás teileachumarsáide móibíleach a úsáidimid do na fóin póca le leathanbhanda a cur ar fáil. Tá roghanna agus praghsanna difriúla ag baint leis an triúir acu.


Trealamh

Níl trealamh casta ag teastáil le ceangal den chineál seo a fháil. Níl ort sreangú breise a chur isteach sa teach agus níl ort líne fón a bheith agat.

Tá dhá rogha ann ó thaobh trealamh de. An céad cheann ná CartaSonraí agus an darna cheann ná MóidéimSonraí. Sé an difir eatarthu ná go n-oibríonn an CartaSonraí le ríomhairí glúine agus oibríonn an MóidéimSonraí le ríomhaire deisce nó le ríomhaire glúine.

Tá luas ard ar fáil ar na ceangail seo de gnáth agus is féidir leat suas le 10GB sonraí a íoslódáil nó uaslódáil in aghaidh na míosa.



Fadhbanna le Ceangal Gan Sreang

Bíonn fadhbanna ag daoine leis an ceangal gan sreang mar gheall ar nach bhfuil slándáil ceart ar na ceangail atá ag daoine sa bhaile. Mas rud é nach bhfuil an slándáil ceart ar an ceangal gan sreang is féidir le duine tiomáint suas go dtí geata do theach agus ceangal suas ar an líonra baile atá agat. Tá sé seo fíor baolach maidir le sonraí a ghoid uait. Go teoiriciúil ag úsáid teicneolaíochtaí difriúil is féidir leo súil a choinneáil ar an uile rud atá á dhéanamh agat ar an ríomhaire taobh istigh sa teach.

Tá neart bealaí ann lena chinntiú nach dtarlaíonn sé seo.

  • Athraigh na pasfhocail réamhshocruithe
    • Tagann an ródaire gan sreang le pasfhocail réamhshocruithe iontu. Dé gnáth bíonn a leithid de ‘admin’ mar ainm úsáideora agus mar pasfhocal. Níl aon maith sna pasfhocail seo. Tá siad ar eolas ag na daoine gur mian leo seilbh a fháil ar do cheangal leathanbhanda. Déan cinnte go n-athraíonn tú an ainm úsáideora agus an pasfhocal, mas féidir.
    • Úsáid meascán de uimhreacha, litreacha beaga, ceann litreacha agus carachtair speisialta sa pasfhocal agus bíodh ar a laghad ocht carachtair in iomlán ann.
      • m.sh, úsáid 1 in áit i agus 3 in áit e
      • m.sh. úsáid carachtair ar nós . , # ~ ? *
  • Cur srian ar rochtain
    • Gur slándáil bunaithe ar seoladh MAC (media access control) i bhfeidhm. Tá seoladh MAC ag an uile píosa trealamh teicniúil gur féidir ceangal leis an idirlíon. Is féidir bac a chur ar aon píosa trealamh nach bhfuil ar do líosta rochtain a fháil ar an ceangal.
  • Déan criptiúchán ar na sonraí ar do líonra
    • Agus tú ag roghnú ródaire gan sreang déan cinnte go dtacaíonn an gléas sin le WPA (Wi-Fi Protected Access). Déanann an teicneolaíocht seo criptiúchán ar na sonraí ar fad a seoltar thar an líonta a athrú sa chaoi is nach féidir le aon duine iad a léamh agus a thuiscint. Is féidir leat an SSID (Service Set Identifier) a athrú le cosc a chur ar daoine fáil fhad le do líonra. Tá sé fíordheacair é a thomhas de bharr go bhfuil sé déanta suas de 32 litir i sraith amháin.
  • Cur Balla Dóiteáin le do líonra
    • Is féidir leat balla dóiteáin a chur leis an líonra chomh maith le do ríomhaire pearsanta le slándáil níos fearr a chur ar an líonra.
  • Déan cinnte go bhfuil frith-víreas suas chun dáta agat
    • De gnáth bíonn breis tacaíocht ag na feidhmchláir seo le cosaint in éadan Trojan Horses agus Spyware.


An féidir liom ceangal DSL (Digital Subscriber Line) a fháil?

Nuair a labhraíonn duine faoi leathanbhanda is ceangal DSL atá siad ag caint faoi. Go fóill tá an t-uafás teaghlaigh sa tír seo nach féidir an ceangal seo a fháil. Is féidir do líne teileafón a sheiceáil le seo a chinntiú. Tá suíomh idirlíon ag an rialtas le cabhrú leat seo a sheiceáil atá neamhspleách ó comhlacht teileachumarsáide ar bith.



www.broadband.gov.ie


Is féidir leat d’uimhir guthán a cur isteach sa suíomh idirlíon seo agus é a sheiceáil i gcomhair an féidearthacht ceangal DSL a fháil agus ansin beirfidh sé líosta duit de na comhlachtaí ar fad atá ann le freastal ort.


Tá leárscáil acu chomh maith gur féidir leat d’áit féin a aimsiú ann agus a sheiceáil céard iad na seirbhísí atá ar fáil duit.


No comments: