Showing posts with label Toghchán. Show all posts
Showing posts with label Toghchán. Show all posts

Dé Luain, Samhain 15, 2010

Polaiteoirí Dhún na nGall ag baint úsáide as an idirlíon agus iad i mbun feachtas




Le blianta beaga anuas tá polaiteoirí tar éis úsáid a bhaint as líonraí sóisialta le teagmháil a dhéanamh le lucht leanúna agus le lucht leanúna nua a mhealladh. Agus na polaiteoirí i nDún na nGall gníomhach faoi láthair bíonn níos mó agus níos mó ábhar digiteach le feiceáil.


Is dócha gurbh é Barak Obama a thosaigh an cur chuige seo agus é ag lorg ainmniúchán don fheachtas uachtarántacht i Mheiriceá. Bhí sé gníomhach le Blag a bhí aige chomh maith le líonraí sóisialta ar nós Facebook agus Twitter.


Ó shin tá polaiteoirí timpeall na cruinne tar éis páirt a ghlacadh san obair seo.


Tar éis dom beagánín taighde a dhéanamh tá sé soiléir gurbh é Pearse Doherty an polaiteoir is gníomhaí ar an idirlíon sa feachtas toghchánaíochta i nDún na nGall Thiar-Theas.


baineann Doherty úsáid as YouTube le físeáin spéisiúla a scaipeadh ar an domhain. Bíonn tráchtaireacht ar cinneadh an tArd-Chúirt le feiceáil chomh maith le polasaithe Sinn Féin.


Bíonn ar a laghad Tweet amháin in aghaidh an lae ar Twitter ag Doherty. Bíonn chuile rud á thuairisciú aige idir an íomhá a bhí ar éadas Brian Cowen agus é ag canbhásáil go dtí céard atá ar bun ag Doherty, ar an mbéalach chuig RTÉ i nDomhnach Broc don Frontline anocht is léir.


Tá leathanach Facebook á chothú ag Doherty chomh maith. Beireann an leathanch seo íomha níos daonna don iarrthóir. Chuile rud ó cén scannán is fearr leis (Toy Story, Inception, Stand By Me) go dtí cé mhéad páiste atá aige agus ainm a bhean chéile. Le cleasaíocht bheag mar seo is féidir duine a dhéanamh as polaiteoir seachas ineall atá ag obair ar son na ndaoine.


Go dtí seo níl na polaiteoirí eile ag glacadh páirt sa nuatheicneolaíocht chomh mór céanna le Doherty. Tá leathnach Facebook ag Brian Ó Domhnaill agus ag Frank McBrearty ach níl na polaitoeirí seo chomh gníomhach céanna ag uasdátú na sonraí atá acu.


Is cinnte go bhfuil an obair seo an-tábhachtach ó thaobh daoine óga a mhealladh le vóta a chaitheamh ar an 25ú den mhí seo. Beidh le feiceáil an ndéanfaidh sé seo an difríocht ar an lá.

Dé Máirt, Bealtaine 26, 2009

Polaitíocht na hÉireann sa Ré Digiteach

Is cosúil go bhfuil polaitíocht na hÉireann tar éis céim chun tosaigh i gcomhthéacs na teicneolaíochta le tamall anuas. Le chuile olltoghchán, toghchán áitiúil, toghchán eorpach agus reifreann a theann ar aghaidh tá forbairt á dhéanamh ar cumas polaiteoirí dul i dteagmháil le toghthóirí na tíre. Is féidir an teagmhail seo a dhéanamh ar bhealaí i bhfad níos saoire agus níos gaiste ag baint úsáide as an idirlíon agus na teicneolaíochtaí timpeall ar an idirlíon. Mura fhágann Barak Obama ach lorg coise amháin ar polaitíocht domhanda is cinnte go mbeidh sé ag baint le leas a bhaint as na nuatheicneolaíochta le suim an gnáthdhuine a spreagadh as pholaitíocht. Seo a rinne a leithid de JFK agus RFK sna seachtóidí agus sna seascaidí le teilifís satilít.

Buíochas mór le Dia tá lucht polaitíochta na tíre seo ag dul síos an treo céanna. Le déanaí tá lainseáil déanta ar cúpla suíomh idirlíon a éascaíonn an mbealach gur féidir leat dul i dteagmháil ar na polaiteoirí uilig atá ag seasamh i dtoghchán na hEorpa.


www.tascdemocracy.ie
Ar an suíomh seo is féidir leat eolas a fháil ar an toghchán agus faoin eagras Tasc. Go pointe is tairseach atá sa suíomh seo chuig suíomhanna éagsúla eile atá faoi scáth Tasc.


www.candidatewatch.ie
Tá an suíomh seo an-mhaith le teagmháil a dhéanamh le polaiteoirí atá ag seasamh sa toghchán. De bharr go bhfuil na ceantracha i dToghchán na hEorpa chomh mór sin tá an baol ann nach mbeidh an deis ag chuile iarrthóir cuairt a thabhairt ar chuile ceantar. Ag bhaint úsáide as an suíomh seo is féidir a chinntiú go bhfeiceann na polaiteoirí do chuid ceisteanna agus freagra a thabhairt orthu.

Go dtí seo níl an oiread ceisteanna curtha ar na polaiteoirí agus tá níos lú fós de freagraí fágtha acu. Is dócha go mbaineann sé seo leis an easpa eolas atá ag daoine faoi a leithid de áis.

An t-aon iarrthóir in Iarthuaisceart na tíre atá tar éis freagra a thabhairt ar ceist ar bith ná Fiachra Ó Luain (Neamhspleách). Siad Proinsias De Rossa (Lucht Oibre), Joe Higgins (Sóisialach), Kathleen Funchion (Sinn Féin) agus Tomás Sharkey (Sinn Féin) na polaiteoirí is gníomhach ar an suíomh seo.

www.votematch.eu
Tá Vote Match ina suíomh maith do daoine nach bhfuil róchinnte faoi polataíocht na hEorpa agus na tosaíochtaí atá ann. Sé an rud a ndéanann an suíomh seo ná go gcuireann sé ceisteanna ort maidir le polasaithe atá i mbeal an phobal agus ag deireadh an ceistneoir insíonn sé duit cén chineál polaitíocht atá agat agus cé do gur chóir duit a bheith ag vótáil.

An deacracht is mó a bhí agam le roinnt de na cisteanna seo ná nach raibh an oiread sin suime agam iontu agus is cinnte don aos óg nach mbeidh siad ag iarraidh a chuig am saor a chaitheamh ag freagairt ceisteanna faoi polasaithe talmhaíochta uile-Eorpach! Measaim go gcaithfidh siad ceistneoir a dhearadh atá in oiriúint do haoisghrúpaí éagsúla.