Dé Máirt, Deireadh Fómhair 20, 2009

Raidió DAB

Tá cláracha raidió a chraoladh ag RTÉ ar corás DAB. Cad é, an fiú é & an bhfuil craoltóirí eile go naisiúnta & go hidirnáisiúnta ag dhul leis an gcóras seo?

Tá RTÉ ag craoladh ar an córas DAB le roinnt blianta anuas ar bhonn trialach. An rud atá i gceist le DAB (Digital Audio Broadcasting) ná raidió gur féidir a sholáthar go digiteach. Mar gheall ar an modh seachada seo is féidir a chinntiú go bhfuil an caighdeán fuaime níos airde agus gur féidir níos mó sonraí a chur ar fáil le taispeáint ar an scáileán digiteach ar nós sonraí faoin clár reatha, amhrán reatha, comórtais agus go leor eile. Sna h-ochtóidí sé an gluaiseacht teicniúil reatha a bhí ann ná Raidió FM. Tháinig forbairt ar seo thar na blianta ar nós an seirbhís RDS a chur leis a chuireann i láthair cén staisiún atá tú ag éisteacht leis ar scáileán an raidió. Faoi láthair is é DAB an chéad ghluaiseacht eile.

Tá roinnt mhaith stáisiúin breise ar fáil ar DAB go háirithe ó RTÉ. I measc na stáisiúin atá á sholáthar ag RTÉ tá:

RTÉ Radio 1
RTÉ Radio 1 Extra
RTÉ 2fm
RTÉ Lyric FM
RTÉ Raidió na Gaeltachta
RTÉ Choice
RTÉ Gold
RTÉ 2XM
RTÉ Junior
RTÉ Chill
RTÉ Pulse

I measc na stáisiúin eile a bhí ag craoladh ar bhonn trialach bhí:

All 80’s
Dublin’s 98
FM104
Mocha
Newstalk
Phantom 105.2
Q102
Radio Kerry
Today FM
Spin 103.8

An féidir liom DAB a phiocadh suas?
Faoi láthair níl DAB ach ar fáil in áiteanna ina bhfuil daonra ard ann. Tá craoladh ar súil ó Three Rock agus Clermont Carm i gCúige Laighin, Woodcock Hill i Luimneach agus Spur Hill i gCorcaigh. An brí atá le seo ná nach bhfuil an seirbhís ar fáil ach i Luimneach, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus i gCo. Lú. Is ionann seo agus 44% de daonra na tíre.



An bhfuil sé cothrom gur féidir le roinnt daoine DAB a phiocadh suas agus nach féidir le roinnt eile?

Is ceist seanbhunaithe atá anseo, díolann chuile teaghlach as an cheadúnas teilifíse chuile bhliain ar costas €160. Is cuma cá h-áit ina bhfuil tú i do chónaí cosnaíonn sé an praghas céanna. Ar chóir go mbeadh an seirbhís céanna ar fáil do chuile duine dá bharr? Tá roinnt daoine atá fós ag strachailt leo ag iarraidh comhartha maith teilifíse a phiocadh suas ná hábhair faoi DAB a phiocadh suas. An bhfuil seasamh ag na daoine nach bhfuil ag fáil an seirbhís céanna le chuile duine eile gan an ceadúnas teilifíse a cheannach. Faoi na rialacha atá ceangailte leis an Acht um Díolachán Earraí agus Soláthar Seirbhísí ba chóir go mbeadh aon seirbhís atá á cheannach agat ar caighdeán ard. An bhfuil an droch seirbhís faoin tuath ag briseadh na rialacha seo?

An bhfuil aon slí eile leis na seirbhísí seo a fháil?
Is féidir na seirbhísí seo a fháil thar an idirlíon. Tá na stáisiúin ar fad atá ag RTÉ ag craoladh thar an idirlíon agus is féidir giuirléid a íoslódáil a ndéanann raidió beag digiteach a leabú isteach sa deasc i Windows.

1 comment:

Anonymous said...

Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost:{shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa