Déardaoin, Eanáir 15, 2009

Leabharlann Digiteach ar-line arís



Europeana.eu




Rinneadh lainseáil ar an suíomh idirlíon europeana.eu roimh na Nollag. Go gairid tar éis sin theip ar na freastalaithe de bharr go raibh barraíocht daoine ag iarraidh rochtain a fháil ar an suíomh. Le cúpla mí anuas tá uasghrádú déanta ar na freastalaithe agus tá an suíomh arais. Séard atá anseo ná leabharlann digiteach ar-líne. An plean atá ag na daoine atá ag déanamh bainistiú ar an suíomh seo ná go mbeadh sé ar an leabharlann digiteach is mó ar domhain.

I measc an saothar a bheas ar an suíomh seo ná ealaíon, leabhair, fís agus cartlainn. Rinneadh lainseáil ar an suíomh seo ar an 20 Samhain 2008 ach baineadh sios é go gairid tar éis seo de bharr go raibh barraíocht éileamh ar..

Faoi láthair tá 2 mhilliúin aonaid digiteach acu 50% de seo atá curtha ar fáil ag an Fhrainc, 10% ón Ríocht Aontaithe agus an chuid eile curtha ar fáil ag an Spáinn, an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe. An plean atá acu ná 10 milliúin aonaid digiteach a bheith acu i 2010.


Deiseanna don Ghaeilge

Tá deiseanna móra anseo don Ghaeilge ó thaobh foilseacháin gaelacha a chur ar fáil go digiteach idir ábhar priontáilte, fís agus fuaim chomh maith le éalaíon na hÉireann.


Ar fáil go hiomlán trí mhéan na Gaeilge

Tá an roghchlár ar fáil go hiomlán trí mhéan na Gaeilge de bharr go bhfuil stádas oifigiúil san Aontas Eorpach ag an teanga. Ba chóir do gach duine an suíomh seo a thriail le taispeáint don Aontas Eorpach go bhfuil éileamh ar a leithid de seirbhís.


No comments: