Dé hAoine, Eanáir 09, 2009

Cadhnraí in-athluchtaithe - Smaoineamh maith don timpeallacht agus don phóca.


Éist leis an mhír seo


Cadhnraí in-athluchtaithe

Ag am nollaig bíonn an chuid bréagáin agus earraí leictreach i nach aon teach. Bíonn an oiread sin ann go bhfuil an ráiteas “Batteries not Included” sa ghnáthchaint ag am Nollaig. I bliana b'fhéidir gur smaoineamh atá ann cadhnraí in-athluchtaithe a fháil in ait na gnáth cadhnraí indiúscartha a úsáid. An bliain seo chugainn beidh 15 billiúin cadhnraí úsáidte thart fud an domhain. Glacann sé 100 bliain ar cadhnra briseadh síos faoin talamh agus i rith an tréimhse sin bíonn a leithid de mercury, cadmium agus go leor ceimicí dainseáracha eile ag sileadh isteach sa talamh agus sa córas uisce. Ciallaíonn sé sin go mbíonn suas le 1.5 trilliún cadhnraí faoin talamh thart fud an domhain ag aon ar leith.

Tá sé mar freagracht ag muintir an domhain a chinntiú nach bhfuil muid ag truailliú an domhain do ar chuid páistí agus muid ag iarraidh iad a shásamh le bréagáin sofaisticiúla ag am Nollaig.

Is féidir leat airgead a shábháil agus maitheas a dhéanamh don domhain am Nollaig seo trí luchtaire ceallra a cheannach roimh na Nollaig. An seachtain seo caithimid súil ar cuid de na roghanna atá ann agus na praghsanna is fearr gur féidir a fháil.

Uniross Universal Charger le 4 cadhnra AA

Argos €37.79 / £24.49 (980/0995)


Oibríonn an luchtaire seo le cadhnraí AAA, AA, C, D agus 9V.

Ghlacann sé 7 uair a chloig le na cadhnraí a luchtú.

Duracell Value Charger le 4 cadhnra AA

Argos €22.49 / £12.69 (980/4252)


Glacann sé le cadhnraí AA agus AAA.

Duracell Mini Charger le dhá cadhnra AA

Argos £5.49


Smaoinigh faoi na gléasanna seo agus sibh ag ceannach gléas nó bréagán leictreach roimh na Nollaig.

Práinneach

*****Ná úsáid Microsoft Internet Explorer 7 *****

Tá Microsoft tar éis a fhógairt le lá anuas go bhfuil fadhb slándála mór le Internet Explorer agus nár chóir é a úsáid go dtí go bhfuil sé ráite ag Microsoft go bhfuil an fhadhb réitithe. Tá sé ráite ag Microsoft go bhfuil an fhadhb seo chomh tromchúiseach gur féidir le daoine smacht a fháil ar do ríomhaire agus do chuid pasfhocail ar fad a ghoideadh. ‘Sé Internet Explorer an brabhsálaí gréasán is mó úsáid ar domhain agus meastar go mbeidh na billiúin ríomhairí á aistriú i dtreo tairgí eile nach bhfuil fadhb leo sna laethanta atá amach romhainn. Nuair atá Microsoft iad féin ag fhógairt iad féin go bhfuil fadhb leis an tairge atá acu bí cinnte gur rún tromchúiseach atá ann. Na roghanna eile atá ann d’úsáideoirí ná:

Firefox www.firefox.com (Leagan Gaelach ar fáil)

Opera www.Opera.com

Safari www.apple.com

Sladmhargadh na Seachtaine

Advent 4489 Netbook

PC World - £199.99 / €220


Seo ríomhaire beag atá deartha le dul ar an idirlíon áit ar bith agus am ar bith. Is ríomhaire fíor bheag atá ann agus dá bhrí sin is féidir é a thabhairt leat timpeall na háite.

Cur síos:

Intel Atom 1.6 Ghz

Windows XP Home

512 MB Ram

80 GB HDD

8.9 “ Widescreen agus 1.2 Kg Meáchan

No comments: