Showing posts with label sabháil. Show all posts
Showing posts with label sabháil. Show all posts

Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Airgead a shabháil!!!


www.saveafewbob.ie


Tá suíomh idirlíon nua ann darbh ainm saveafewbob.ie . Ar an suíomh seo bíonn eolas ar fáil ar conas airgead a shábháil ar roinnt tairgí éagsúla. I measc na gnéithe atá ann tá

  • Personal Finance
  • Family Spending
  • Health and Beauty
  • Lifestyle
  • Technology
  • Value Blog

Bíonn cuiditheoir mór le rá acu chomh maith ar nós Kevin Dundon, Laura Bermingham agus Adrian Weckler.

Chomh maith le sin bíonn slarmhargaidh na seachtaine acu chuile seachtain.

Is féidir an cur isteach leis an nuachtlitir seachtainiúil a fháil ar ríomhphost. Cuirfidh an ríomhphost seo tú ar an eolas ar céard iad na praghsanna is fearr atá ar fáil.


Comparáid Praghsanna a dhéanamh ar líne



Le airgead gan san athbhliain idir costais na Nollag le díol ag daoine agus na leibhéil turastail ag titim i gcónaí is smaoineamh maith atá ann gearradh siar ar an costas atá ar chuile chlann ar pé bealach gur féidir.

Is féidir suíomhanna idirlín a úsáid leis an comparáid praghsanna seo a dhéanamh. An seachtain seo déanfaidh muid léirmheas ar na suíomhanna seo.

Uchoose (www.uchoose.ie)


Ar an suíomh seo is féidir comparáid a dhéanamh idir praghsanna faoi na réimsí seo a leanas:

  • Fóntais (Utilities)
  • Arachas
  • Taistil
  • Airgeadas

Chomh maith le seo bíonn scéalta acu go rialta ar conas gur féidir gearradh siar ar an caiteachas sa bhaile agus faoi na treochtaí atá ann i gcás praghsanna scríofa ag a leitid de Conor Pope. Is féidir clárú leis an suíomh seo leis na scéalta seo a fháil trí Facebook, Twitter, Google, MySpace nó Yahoo.


Bíonn comórtais acu go rialta chomh maith inar féidir leat saoire beag a bhaint.

Compare.ie (www.compare.ie)


Seo suíomh Éireannach eile inar féidir le daoine naisc a fháil faoi na áiteacha gur féidir airgead a shábháil faoi na réimsí seo a leanas:

  • Leathanbhanda
  • Airgeadas
  • Gáis / Leictreachas
  • Taistil
  • Fóin Póca
  • DVD

Bíonn sladmhargaidh acu chomh maith ar earraí leictreach ar nós 40% a shábháil ar praghas an iPod Touch (€159).



Airgead a shábháil sa bhaile

Value Ireland (www.valueireland.com)

Seo suíomh idirlíon a foilsíonn ailt nuachta agus a ndéanann léirmheasanna ar conas cur féidir airgead a shábháil sa bhaile. I measc na réimsí atá ag an suíomh seo ná SSIA, róthaillí, leictreachas, cearta custaiméara, arachas, costaisí fóin, sladmhargaidh, ag cur airgead i dtaisce agus seirbhísí tacaíochta nach bhfuil ag teastáil. Ghné an mhaith ar an suíomh seo na go ndéanann siad comparáid ar na tairiscintí speisialta atá ag na hollmhargaidh uilig. B’fhiú súil a chaitheamh ar chuid de na leideanna atá ag an suíomh seo....tá gach seans go mbeidh tú níos fearr as.



Pumps.ie (www.pumps.ie)

Le roinnt blianta anuas tá an praghas ar ola tar éis ardú chuid mhór. Bíonn deacrachtaí ag daoine díol as na costais carr a choinneáil ar an bóthar faoi láthair. Seo suíomh gur féidir le gnáthdhaoine a choinneáil suas chun dáta agus na praghsanna is saoire a fhógairt ann. Faoi láthair sé an praghas is ísle atá á fhógairt ag an suíomh seo i gcomhair peitreal ná 112.9c in aghaidh an lítear thíos i Trá Lí, Co. Chiarraí. Níl aon stáisiúin sa contae seo ag uasdátú a chuid praghsanna. Oibríonn an suíomh seo ar an fón póca chomh maith mas rud é go bhfuil tú ar turas fada agus ag lorg praghsanna íseal.


Níl anseo ach sampla an bheag. Is féidir leat airgead a shabháil ar aon rud le píosa beag taighde déanta agat ar-líne. Céard fáoi dream cairde ag comhoibriú lena chéile leis na praghasanna is ísle a aimsiú. Is cinnte má chaitheann daoine vóta leis an phóca tosóidh na praghasanna ag titim!


Déan airgead a shabháil le acmhainní ar líne

www.itsyourmoney.ie


Tá suíomh idirlín curtha le chéile ag an Rialtóir Airgeadais darbh ainm itsyourmoney.ie .

Tá comhairle ar fáil ar an suíomh seo faoi gach aon ghné den caiteachas ginearálta a bhíonn againn.

Tá an suíomh seo leagtha amach ar bealach maith agus níl sé ródheacair aon rud a aimsiú. Tá an suíomh briste suas i 9 rannóg difriúil.

§ Baincéireacht

§ Morgáistí

§ Iasachtaí agus creidmheas

§ Taisce agus infheistíocht

§ Arachas ginearálta

§ Arachas Saoil

§ Do Chearta

§ Pinsin

§ Buiséadú

Bíonn áireamháin ann le bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar do chuid airgead agus a chinntiú go bhfuil go leor airgead agat leis na billí ar fad a íoc. Tá comhairle den cineál seo an-tábhachtach ag teacht chomh gar seo don Nollaig.

Bíonn leideanna acu faoi cártaí creidmheasa chomh maith agus na cártaí creidmheasa is saoire atá ar fáil.

Mas rud é go bhfuil airgead sa bhreis fágtha agat ag deireadh na míosa bíonn comhairle ar fáil ar na bealaí is fearr leis an t-airgead sin a infheistiú.

Tá an comhairle seo an-fiúntach agus is deas a fheiscint go bhfuil sé ar fad ar fáil saor in aisce. Leis a ardú atá le tárlúint ar praghas ola agus tairgí a ndéantar as ola is maith an rud é gur féidir linn pleanáil le suíomh den chineál seo.

Nuachtlitir

Bíonn nuachtlitir ag an rialtóir airgeadais chomh maith agus is féidir clárú don nuachtlitir seo trí do sheoladh ríomhphost a chur isteach sa suíomh.

Gradaim

Tá duaiseanna agus gradaim buaite ag an suíomh seo mar gheall ar chaighdeán an saothar atá ar fáil.

§ Golden Spider Awards

§ Digital Media Awards

Fógraíocht

Tá an-chuid fógraíocht agus margaíocht á dhéanamh ar an suíomh seo. Is annamh nach mbíonn fógra teilifíse faoin suíomh gach leath uair ar an teilifís.

Leagan Gaelach?

Ní raibh mé in ann teacht ar leagan den suíomh seo trí mheán na Gaeilge. Is trua seo de bharr go bhfuil sé eochrach go mbeidh an suíomh seo ar fáil go dhátheangach. Ó thaobh an earnáil poiblí de tá an suíomh seo níos fearr ná an-chuid acu. Ag amharc ar an mana atá ag an suíomh “Independent Information ón Financial Products in Plain English”, níl an oiread sin muinín agam go mbeidh aistriúchán ag teacht go luath.

Dé Céadaoin, Feabhra 11, 2009

Déan airgead a shábháil ar líne



Leis a géarchéim eacnamaíochta ag cur isteach ar gach duine is smaoineamh maith atá ann airgead a shábháil ar pé bealach gur féidir. Is cinnte nuair a thagann an tobhach pinsin isteach go mbeidh i bhfad níos lú airgead ag daoine ceannacháin a dhéanamh agus dar leis na saineolaithe níl anseo ach an tús ar cánach breise a bheas ag teacht isteach. An seachtain seo támuid chun amharc ar bealaí gur féidir leat gearradh siar ar caiteachas trí an idirlíon a úsáid go cliste.


entertainment.ie/goodiebag



Tá an suíomh idirlíon entertainment.ie ag tairiscint liúntas ar tairgí airithe agus ar seirbhísí airithe. Is smaoineamh maith atá anseo do seirbhís atá ag feidhmiú ar líne le daoine a mhealladh le amharc ar an suíomh. Faoi láthair tá liúntais maithe agus dearbháin maithe ar fáil ar an suíomh seo do leithéidí Aer Arann, Burger King, Soho Restaurant, Leisureplex, Java Republic, screenclick.com, Roomex.com, Dandelion agus Captain Americas.


Níl le déanamh ach na dearbháin a phriontáil amach agus iad a thabhairt leat chuig an bialann / siopa ina bhfuil an liúntas ar fáil.


Is trua nach bhfuil níos mó tairiscintí ann do muintir an cheantar seo ach feicim deis mór don Donegal Democrat nó an Donegal News a leithid de seirbhís a chur ar fáil ar an suíomh idirlíon atá acu.


Is dócha an liúntas is fearr ar an suíomh seo do muintir Dún na nGall ná an liúntas 5% ar gach uile eitilt le Aer Arann.

Dé Máirt, Meán Fómhair 16, 2008

Conas airgead a shábháil ar costaisí sa bhaile ag úsáid an WWW


Faoi láthair támuid ag fheiscint an-chuid athruithe a
r eacnamaíocht an domhain. Gach aon seachtain tá rudaí ag dul in olcas ó thaobh airgead sa phóca agus praghsanna ar na seilfeanna. Le roinnt seachtainí anuas tá sé tagtha chun solais go bhfuil chuid de na comhlachtaí is mó ar domhain i gcruachás, ar nós Lehmann Brothers, AIG, Merrill Lynch agus XL Travel. Níl ansin ach chuid an bheag acu. Agus aimsir eacnamaíochta mar sin ar an mbealach bíonn daoine ag iarraidh airgead a shábháil ar pé dóigh gur féidir leo. Is féidir acmhainní teicneolaíochta a úsáid le cabhrú leat cuid de na cinní is tábhachtaí a ghlacadh. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar chuid de na achmhainní is fearr atá ar fáil dúinn le airgead a shábháil, agus creid nó ná chreid, is féidir na mílte euro a shábháil in aghaidh na bliana ag úsáid na hacmhainní seo.

Value Ireland (www.valueireland.com)
Seo suíomh idirlíon a foilsíonn ailt nuachta agus a ndéanann léirmheasanna ar conas cur féidir airgead a shábháil sa bhaile. I measc na réimsí atá ag an suíomh seo ná SSIA, róthaillí, leictreachas, cearta custaiméara, árachas, costais fóin, sladmhargaidh, ag cur airgead i dtaisce agus seirbhísí tacaíochta nach bhfuil ag teastáil. B’fhiú súil a chaitheamh ar chuid de na leideanna atá ag an suíomh seo....tá gach seans go mbeidh tú níos fearr as.




An Rialtóir Airgeadais (www.itsyourmoney.ie)

Bíonn an rialtóir airgeadais ag cosaint tomhaltóirí na hÉireann chomh maith. Idir costais beag agus mór tá neart eolas ar fáil ar an suíomh seo. Sé ceann de na costais is mó a bhíonn ag duine ná an morgáiste. Is annamh go smaoiníonn duine ar bealaí ar conas airgead a shábháil ar a leithid de dliteanas agus chreid nó ná chreid tá bealaí ann le an-chuid airgead a shábháil. Tá áireamháin ann le comparáid a dhéanamh idir na comhlachtaí airgeadas ar fad.



Pumps.ie (www.pumps.ie)
Le roinnt blianta anuas tá an praghas ar ola tar éis ardú chuid mhór. Bíonn deacrachtaí ag daoine díol as na costais carr a choinneáil ar an bóthar fao
i láthair. Seo suíomh gur féidir le gnáthdhaoine a choinneáil suas chun dáta agus na praghsanna is saoire a fhógairt ann. Faoi láthair sé an praghas is ísle atá á fhógairt ag an suíomh seo i gcomhair peitreal ná 120.9c in aghaidh an lítear thíos i Phort Láirge. An praghas is lú atá ag áiteacha i dTír Chonaill ná Tinneys ag an Dry Arch ar 124c in aghaidh an lítear. Oibríonn an suíomh seo ar an fón póca chomh maith mas rud é go bhfuil tú ar turas fada agus ag lorg praghsanna íseal.




Níl anseo ach sampla an bheag. Is féidir leat airgead a shabháil ar aon rud le píosa beag taighde déanta agat ar-líne. Céard fáoi dream cairde ag comhoibriú lena chéile leis na praghasanna is ísle a aimsiú. Is cinnte má chaitheann daoine vóta leis an phóca tosóidh na praghasanna ag titim!