Showing posts with label Xbox. Show all posts
Showing posts with label Xbox. Show all posts

Dé Máirt, Márta 02, 2010

ApocolyPS3 - Briseann níos mó ná 15 milliúin Playstation 3 ag an am céanna

Inné bhris níos mó ná 15 milliúin Playstation 3 ag an am céanna. Tharla an fabht seo don sean leagan den PS3 nó an “Fat” mar a ghlaoitear ar. Ní raibh aon fhadhb leis an leagan nua a tháinig amach i Mí Lúnasa 2009, nó an “slim”.

Tharla an fhadhb seo mar gheall gur shíl an PS3 gur bhliain bhisigh a bhí ann i 2010, cé nach é seo an chás.

De réir Sony tá an fhadhb seo deisithe anois agus gur féidir le daoine toiseacht ag baint úsáide as na meaisín lochtach arís. Sula raibh an treoir seo tugtha ag Sony an comhairle a bhí acu ná gan an PS3 a úsáid ar chor ar bith.

Beidh le feiceáil cé mhéad dochar fadtéarmach a ndéanfaidh sé seo do Playstation agus an bhfuil siad chun muinín na custaiméirí a chailleadh mar thoradh ar an eachtra seo.

Faoi láthair tá Sony Playstation i comórtas leis an Nintendo Wii agus an Microsoft Xbox 360.



Déardaoin, Eanáir 15, 2009

Maraíonn Déagóir a Mháthair i Troid faoi Cluiche Ríomhaireachta



Tá déagóir os comhair na cúirte i Mheiriceá tar éis dó a thuismitheoirí a scaoileadh sa chloigeann mar thoradh ar troid faoin méid ama a fhaigheann sé le cluiche ríomhaireachta XBOX a imirt. Fuair a mháthair bás go gairid tar éis an eachtra agus tháinig a athair slán tar éis don athair a rá leis an déagóir, Daniel Petric, nach raibh cead aige Halo 3 a imirt. Tá an seans ann go gheobhaidh an déagóir téarma príosúnach ar feadh an chuid eile dá shaol.

Ardaíonn sé seo ceisteanna tábhachtacha faoi na cluichí seo agus an chineál íomhá atá siad ag cur trasna. Le tamall anuas tá go leor cluichí an-foréigneach feicthe agam ar nós Manhunt 2, Condenmed 2, Grand Theft Auto IV agus Condemned. An bhfuil sé in am dúinn súil níos géire a choinneáil ar na cluichí seo?


Dé Céadaoin, Meán Fómhair 03, 2008

Forbairtí thar an Samhradh

Éist leis an mír seo


Forbairtí thar an Samhradh

I saol na ríomhairí ní fhanann aon rud mar an gcéanna. Athraíonn an teicneolaíocht taobh istigh de cúpla mí. An seachtain seo caithimid súil ar chuid de na forbairtí a tharla thar an samhradh. Beidh muid ag dul níos deimhne istigh sna hábhair seo na seachtain atá romhainn.



Microsoft Windows Vista - Service Pack 1


Tá Microsoft tar éis feabhas a chur ar Vista thar an samhradh (buíochas le dia). Go dtí seo bhí fadhbanna mór le Vista agus an bealach a mbíonn sé ag feidhmiú. Tá an-chuid daoine a ndeireann cur céim ar chúl atá ann seachas céim chun tosaigh. Le cúpla mí anuas tá Microsoft tar éis “Service Pack 1” a eisiúint le dul i ngleic le chuid de na fadhbanna seo. Má tá leathanbhanda ag daoine agus Windows Vista ba chóir dóibh SP1 a íoslódáil agus a chur ar an ríomhaire. Déanann sé difir ollmhóir ó thaobh luas an ríomhaire.



Microsoft Windows Vista – Trí Ghaeilge

Tá raflaí ann go bhfuil Microsoft ag obair ar leagan gaelach de Windows Vista a bheas ar fáil ag deireadh 2008 nó ag tús 2009. Déanfaidh sé seo difir mhór do pobail na hÉireann ag gach aon leibhéal idir oideachas, seirbhísiú agus gnó. Beidh muid ag choinneáil súil géar ar seo idir seo agus an Nollaig.


Leagan nua de Mozilla Firefox ar fáil


Thar an samhradh rinneadh lainseáil ar an leagan is déanaí den brabhsálaí clúiteach Firefox, Leagan 3.0. Tá an brabhsálaí seo i bhfad níos gaiste agus níos sábháilte

ná Internet Explorer. Is féidir an brabhsálaí seo a íoslódáil trí mheán na Gaeilge chomh maith agus déanann sé seiceáil ar an litriú gaelach agus tú ag úsáid Bebo, Facebook, MySpace, Yahoo, Hotmail nó suíomh idirlíon ar bith. B’fhiú é a thriail.


Gléasanna Siamsaíochta


Playstation 3


Tá Sony tar éis an Playstation 3 a feabhsú thar an samhradh trí an méid stóras a ardú go dtí 80GB agus d’fhógair siad le seachtain anuas go mbeidh sé seo ag ardú go dtí 160GB i mí Mean Fómhair. Chomh maith le seo tá gléas stiúrtha nua acu darbh ainm an DualShock 3 in áit an SixAxis a bhí acu.






XBOX 360


Tá Microsoft tar éis Xbox 360 nua a lainseáil le spás stórála de 60GB a lainseáil. An fáth go bhfuil sé seo á lainseáil acu ná go bhfuil siad ag iarraidh ar daoine an Xbox a úsáid mar uirlis stórála do cláracha teilifíse agus scannáin.






Sony PSP

Tá Sony tar éis uasghrádú a dhéanamh ar an Sony PSP trí scáileáin níos fearr a chur ar fáil agus trí micreafón a chur isteach sa ghléas. An uimhir múnla ar an ghléas nua ná PSP-3000.






An chéad fón-póca Gaelach


Tá Samsung tar éis láinseáil a dhéanamh ar an chéad fón póca gaelach riamh. An Tocco an t-ainm atá air.

Anois is féidir leat teacs a scríobh tí Ghaeilge ag an luas céanna le ceann trí Béarla. Chomh maith le sin tá na bogearraí ar fad ar nós an clár aistrithe go Gaeilge. Seo céim mór chun tosaigh don teanga agus is cinnte go mbeidh ar na comhlachtaí eile ar nós Nokia agus Sony Ericsson an sampla seo a leaniúint.





Ceisteanna ón Lucht Éisteachta

Má tá aon ceisteanna ag an lucht éisteachta nó aon ábhar ríomhaireachta ar mhaith libh a bheith cludaithe ar an clár téigh i dteagmahail linn barrscealta@rte.ie.