Dé Máirt, Márta 02, 2010

ApocolyPS3 - Briseann níos mó ná 15 milliúin Playstation 3 ag an am céanna

Inné bhris níos mó ná 15 milliúin Playstation 3 ag an am céanna. Tharla an fabht seo don sean leagan den PS3 nó an “Fat” mar a ghlaoitear ar. Ní raibh aon fhadhb leis an leagan nua a tháinig amach i Mí Lúnasa 2009, nó an “slim”.

Tharla an fhadhb seo mar gheall gur shíl an PS3 gur bhliain bhisigh a bhí ann i 2010, cé nach é seo an chás.

De réir Sony tá an fhadhb seo deisithe anois agus gur féidir le daoine toiseacht ag baint úsáide as na meaisín lochtach arís. Sula raibh an treoir seo tugtha ag Sony an comhairle a bhí acu ná gan an PS3 a úsáid ar chor ar bith.

Beidh le feiceáil cé mhéad dochar fadtéarmach a ndéanfaidh sé seo do Playstation agus an bhfuil siad chun muinín na custaiméirí a chailleadh mar thoradh ar an eachtra seo.

Faoi láthair tá Sony Playstation i comórtas leis an Nintendo Wii agus an Microsoft Xbox 360.



1 comment:

RAY RICHARD said...

Déan iarratas ar d'iasacht phráinneach ag ráta úis íseal de 3% Kindly teagmháil: Richardray452@gmail.com whatsapp +13236151604