Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Sony Vaio P i gcomparáid leis an Acer Aspire One


Le déanaí tá Sony tar éis lainseáil a dhéanamh ar an Sony Vaio P. Is ríomhaire glúine an-bheag atá ann le scáileáin 8 orlaigh. I gcónaí is féidir brath go mór ar tairgí Sony ó thaobh déantús maith agus is féidir brath orthu ó thaobh oibriú i gceart thar tréimhse na blianta.

Tháinig ceist isteach ó éisteoir maidir leis an comparáid idir an Sony Vaio P agus an Acer Aspire One agus an fiú an praghas a dhíol ar an Sony mas rud é go bhfuil tú ag iarraidh feidhmeanna bunúsacha a úsáid ar an ríomhaire ar nós próiseáil focail, idirlíon agus ríomhphost.

I dtús báire tá muid chun súil a chaitheamh ar na difríochtaí atá ag na ríomhairí éagsúla.

Costas

Tá an costas ar an Sony Vaio P tar éis ísliú le bliain anuas. Cosnaíonn sé £549 ar an ríomhaire seo sa Sony Centre i nDoire. Cosnaíonn sé €890 i Leitir Ceanainn le €160 mar aisíoc ó Sony.

Cosnaíonn an Acer Aspire One £249 (€270) i PC World. Is praghas an-réasúnta atá anseo d’aon duine atá ag feidhmiú ar buiséad an-íseal.

Córas Oibriúchán

Tagann an Vaio P leis an córas oibriúchán Windows Vista agus tagann an Aspire One leis an córas oibriúchán Windows XP. Leis na firinne a rá úsáideann an Sony an breis RAM nó cuimhne atá aige le Windows a chur ag obair. Tá sé curtha amú díreach le comhéadan níos snasta a chur ar fáil.

Cuimhne

Faigheann tú 2GB RAM leis an Vaio P agus 1GB RAM leis an Aspire One. Ó thaobh luas an ríomhaire ní dhéanann sé seo mórán difear mar gheall go bhfuil an breis cuimhne atá ag an Vaio curtha amú ag iarraidh choinneáil suas le Vista.

Crua Dhiosca

Faigheann tú crua dhiosca 60GB leis an Sony agus 160GB leis an Acer. Measaim go bhfuil an bua ag an Acer anseo. Tá fíorbheagán gur féidir leat a stóráil ar crua dhiosca 60GB sa lá atá inniu ann. Úsáideann Vista suas aon trian den spás sin rud nach bhfágann ach 40GB le do chuid sonraí a stóráil ann.

Méid an Scáileáin agus Méachan

Tá scáileán an-bheag ag an Sony (8 orlach) agus ceann 8.9 orlach ag an Acer Aspire One. Measaim go bhfuil an ceann ar an Sony róbheag le nithe a fheiscint go soiléir agus go bhfuil géarghá le ceann níos mó a bheith ann.

Tá méachan de 2.78lb ag an Acer Aspire One agus 1.4lb ag an Sony Vaio P.

Próiseálaí

Tá próiseálaí de 1.6Ghz ag an Acer Aspire One agus 1.33Ghz ag an Sony Vaio P. Ciallaíonn sé seo, ar phaipéar, ar aon nós, go bhfuil an ríomhaire níos saoire níos gaiste!

Nithe Breise

Tá ceamara gréasán ag an Sony agus an Acer.

Tá GPS agus Bluetooth ag an Sony, rud nach bhfuil ag an Acer.

An Focal Scoir

Is ríomhaire an-deas atá sa Sony Vaio P ach ag deireadh an lae tá sé róchostasach i gcomparáid leis an méid teicneolaíocht a fhaigheann tú leis. B’fhiú i bhfad an Acer a cheannach ar aon trian den praghas le spás stórála níos mó a fháil, níos mó cumhacht próiseálaithe agus an fuilleach a úsáid le rudaí níos fiúntaí a dhéanamh.

Buaiteoir: Acer Aspire One


Ligeann feidhmchlár Apple rochtain neamhúdaraithe a fháil ar córais idirlín gan sreang


Tá Apple ag déanamh airgead as feidhmchláir a thugann rochtan saor in aisce do daoine fáil isteach i suas le 250,000 líonraí baile sa tír seo gan fios ag úinéir an líonra.

Tá an píosa bogearra seo atá deartha don Apple iPhone, darbh ainm dessid, a chosnaíonn €1.59 agus a ligeann duit fabht i crua earraí Eircom a úsáid agus fáil isteach in aon líonra a úsáideann an teicneolaíocht lochtach sin.

Tharla an fhadhb seo mar gheall go chraolann líonra gan sreang Eircom ainm líonra ocht uimhir gur féidir a úsáid leis an pasfhocal a oibriú amach.

Ó Mí Lúnasa 2008 tá teicneolaíocht níos sofaisticiúil in úsáid ag Eircom nach féidir fáil isteach ann leis an feidhmchlár dessid.


Dessid ar díol maidin inniu

Deir Eircom go bhfuil leath dá chustaiméirí ag baint úsáide as an sean teicneolaíocht.

De réir suirbhé foilsithe ag Deloitte tá 63% de teaghlaigh ag úsáid an sean prótacal 8 uimhir agus nach bhfuil an slándáil úasghrádaithe acu. De réir staitisticí anuraidh bhí 480,000 custaiméir baile ag Eircom, rud a chiallaíonn gur féidir go mbeidh 250,000 i mbaol anois in éadan ionsaí teicniúil ón taobh amuigh.

Nuair atá dessid curtha ar iPhone déanann sé cuardach ar na líonraí gan sreang i raon. Beireann an pasfhocal do na líonraí don úsáideoir beagnach láithreach. Tá an bogearra seo díolta le cabhrú le daoine mas rud é go bhfuil dearmad déanta acu ar an pasfhocal, a ndeireann an cruthaitheoir, Daniel Heffernan, cé go n-aithníonn sé gur féidir mí-úsáid a bhaint as.

Coinníonn Apple 30% de praghas díolachán chuile feidhmchlár a ndíolann siad. Tá an bogearra seo ar díol ó bhí an 29 Deireadh Fómhair ann agus de réir an cruthaitheoir tá timpeall ar 6 cóip á dhíol sa lá.

Tá sé mídhleathach rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonraí gan sreang sa tír seo.

De réir Eircom is féidir do chuid socruithe slándála a uasghrádú ag: wirelesssecurity.eircom.net


Cén iPod ar chóir dom a cheannach?


Is é an iPod an seinnteoir Mp3 is mó díol ar domhain faoi láthair. Bíonn daoine tógtha leis an stíl a bhaineann leis chomh maith le cé chomh easca is atá sé le húsáid. Faoi láthair tá ceithre tairge ag Apple sa chlann seo, iPod shuffle, iPod Nano, iPod Classic agus iPod Touch.

iPod Shuffle

Seo é an tairge is bunúsaí atá ag Apple. Ní dhéanann sé ach ceol a bhualadh go randamach. Is féidir é a líonadh suas as do chartlann féin go randamach agus ansin an ceol a bhualadh go randamach. Tá sé ar nós DJ beag a beith ag freastal ort nach seinneann ach ceol go bhfuil tú féin tógtha leis. Buntáiste leis an Shuffle nach gur féidir e a cheangal le do chuid éadaí agus gur féidir suas le 17 uair a chloig ceol a stóráil ar nó 520 amhrán (2GB). Tá leagan 4GB ar fáil chomh maith. An praghas molta ar an leagan 4GB ná €75.

iPod Nano

Seo seinnteoir beag eile atá ag Apple darbh ainm an Nano. Is féidir an ceann seo a fháil i leaganacha 8GB (€139) agus 16GB (€169). Tá an ceann seo thart fá ceithre uair an méid is atá an Shuffle. Tá scáileán ar an ceann seo agus is féidir leat amhrán nó albam a roghnú ar an scáileáin as do cartlann féin. Is féidir leis an ceann seo ceol agus físeáin a bhualadh chomh maith le cluichí. Seo rogha maith do duine atá ag iarraidh cartlann a stóráil agus a thabhairt leo ar turas de bharr gur féidir suas le 4,000 amhrán a stóráil ar.


iPod Classic

Seo an iPod is cumhachtaí atá ar fáil. Is féidir é a cheannach i leaganacha 120GB (€229) agus 160GB (€229). Is ghléas iontach atá anseo mas rud é go bhfuil cartlann mór ceol agat. Muna bhfuil tá tú ag cur amú do chuid am agus airgead ag ceannach an iPod seo. Cosúil leis an Nano tá scáileáin ar agus tá an cuma ar gur an deartháir níos sine atá ann. Is féidir suas le 40,000 amhrán a stóráil ar an gléas seo.

iPod Touch

Seo an iPod is nua-aimseartha atá ar fáil. Úsáideann sé córas ionchur difriúil se bharr go bhfuil an tosach déanta suas de scáileáin. Is féidir é a cheannach ar €279 (32GB) agus €189 (8GB) Déanann sé stóráil ar suas le 7,000 amhrán. Is féidir leat dul ar an idirlíon chomh maith agus amhrán a íoslódáil díreach chuig an seinnteoir.