Dé hAoine, Meán Fómhair 12, 2008

e-Reader - Maith nó olc?

Éist leis an mhír seo


e-Reader

Le cúpla bliain anuas tá comhlachtaí ríomhaireachta tar éis a bheith ag dearadh gléas nua darbh ainm an e-Reader. ‘Sé atá i gceist ná ríomhaire beag le scáileáin, cúpla cnaipe agus ceangal idirlíon. Tá sé i gceist ag na comhlachtaí teicneolaíochta mór le rá go mbeidh na gléasanna seo ag glacadh ról an leabhar traidisiúnta. An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar na gléasanna e-Reader is coitianta atá ar an mhargadh faoi láthair.



Sony Reader



Tá an gléas seo at fáil i Mheiriceá agus Ceanada le bliain nó dhó anuas. Rinneadh lainseáil ar, ar an taobh seo den domhain an seachtain seo caite. ‘Siad Waterstones an díoltóir oifigiúil faoi láthair. Tá cuimhne stórála de 200MB ag an gléas seo faoi láthair. Is cinnte nach mórán atá anseo i gcomhthéacs íomhánna móra agus fuaimeanna ach is féidir an-chuid teacs a stóráil i 200MB, cé gur féidir MP3 a bhualadh ar an gléas. Tá uirlis darbh ainm Sony Connect ann atá an-chosúil le iTunes a ligeann duit leabhair leictreonach a cheannach agus a íoslódáil. Sé an praghas atá ar an gléas seo faoi láthair ná $260. Measaim go bhfuil an praghas seo beagánín iomarcach de bharr an easpa spás stórála agus an easpa feidhmiúlacht atá ag an Sony Reader. Go teoiriciúil is féidir leat scéalta a léamh ar an Sony PSP chomh maith le éisteacht le MP3anna, amharc ar scannáin, cluichí a imirt agus dul ar an idirlíon. Ní chosnaíonn an PSP ach €180.


Amazon Kindle


Tá macasamhail an Sony Reader ag Amazon. Sé an t-ainm atá ar ná an Kindle. Rinne Amazon lainseáil ar an gléas seo i Mheiriceá i Mí na Samhna 2007. Faoi láthair an praghas atá ar an gléas seo ná $359. An spás stórála ar an gléas seo ná 256MB, cé gur féidir seo a mhéadú le carta SD a phlugáil isteach. Is féidir MP3anna a bhualadh ar an gléas seo. Is féidir leabhar a íoslódáil ó Amazon agus é a léamh. Is smaoineamh maith atá ann ach tá na leabhair leictreonach seo i bhfad róchostasach faoi láthair. Cosnaíonn leabhair nuafhoilsithe $10, praghas atá i bhfad ró-ard do leabhair nach bhfuil agat go fisiceach.


iRex iLiad



Tá comhlacht eile ag déanamh tairgíocht ar e-Reader. An ceann atá acu ná an iLiad An cuimhne atá ag an gléas seo ná 256MB agus arís is féidir sin a mhéadú trí carta SD a chur leis. Faoi láthair an praghas atá ar an gléas seo ná €649, praghas atá i bhfad ró-ard, d’fhéadfá ríomhaire glúine an-mhaith a cheannach ar an praghas seo!


Ar chóir e-Reader a cheannach?

Measaim go bhfuil an teicneolaíocht seo an-óg go fóill. Níl go leor fheidhmiúlacht ag na gléasanna go fóill. Dá mba rud é go raibh mé ag dul amach le gléas a cheannach ar €400 bhéinn ag súil le níos mó na leabhair snasta! Tá gá le praghas na leabhair digiteach a laghdú chomh maith. An moladh atá agam ná fanacht cúpla bliain go dtí go n-eiríonn na gléasanna seo níos cumhachtaí.

No comments: