Dé Céadaoin, Meán Fómhair 24, 2008

Ríomhairí Glúine ag éirí níos lú agus níos saoire i gcónaí


Le blianta fada bhí costas an-ard ar ríomhaire glúine a cheannach. Dá bhrí sin bhí daoine amhrasach faoi infheistíocht mór a dhéanamh agus ceann a fháil. Is ar an chúis seo a raibh daoine fós ag ceannach ríomhaire deisce.

Le blianta beaga anuas tá an praghas ar ríomhaire glúine tar éis titim go mór agus anois is féidir leis an gnáthdhuine ceann a cheannach agus gan an banc a bhriseadh. Chreid nó ná chreid tá an praghas ag titim go fóill agus anois is féidir ríomhaire glúine measartha maith a cheannach ar thart fá €300. An bealach a bhfuil sé seo á dhéanamh ná sean teicneolaíocht a úsáid ar bhealaí nua-aimseartha.

An seachtain seo támuid chun súil a chaitheamh ar chuid de na ríomhairí glúine seo gur féidir a cheannach ar praghas an-íseal ach atá fós maith go leor leis an gnáthdhuine a shásamh agus na jabanna a bheas acu a chomhlíonadh.

Uaireanta glaoitear fó-ríomhaire glúine ar na ríomhairí seo de bharr go bhfuil siad níos lú ná gnáth ríomhaire glúine cé go bhfuil siad fós cuíosach cumhachtach.

MSI Wind

Seo ríomhaire glúine a d’athraigh an mhargadh seo go hiomlán. Nuair a tháinig sé amach i mbliana. Don chéad uair bhí an feidhmiúlacht céanna ar fáil i ríomhaire saor agus beag is a bhí ar fáil i ríomhairí móra. I measc na gnéithe atá ar fáil tá WLAN, Bluetooth, ceamara gréasán, Windows XP, 1GB cuimhne agus 80GB spás stórála ar an crua dhiosca. An praghas molta ar an MSI Wind ná $399.


Advent 4211

Tá an Advent 4211 díreach cosúil leis an MSI Wind. Tá na comhpháirt mar an gcéanna agus an t-aon difir ná go bhfuil sé i mbosca difriúil agus branda difriúil ann. Is féidir an MSI Wind a cheannach i raon dathanna difriúil ach leis an Advent ní féidir é a fháil ach i dath dubh amháin.


Asus EEE PC

Seo ríomhaire eile a bhfuil an-éileamh ar faoi láthair agus an crua earraí an-chumhachtach ann chomh maith. Sé an córas oibriúchán ná Windows XP, le crua díosca 12GB, cuimhne 1GB, WiFi, Bluetooth, Ceamara Gréasán agus tá an ríomhaire seo an-éadrom. An praghas molta ar an ríomhaire seo ná €410.


Acer Aspire One

Seo an fóríomhaire glúine atá ag Acer. Déanann sé an rud céanna leis an comórtas ar fad. Úsáideann sé an próiseálaí céanna leis an Advent 4211, an Intel Atom agus tagann sé le crua díosca 120 GB agus 1GB cuimhne. An praghas molta ar an ríomhaire seo ná $349.

Níl agam anseo ach an praghas molta. Tá gach seans gur féidir na ríomhairí seo a cheannach ar praghas níos ísle fós ar a leithid de eBay.

No comments: