Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 15, 2008

Níos mó eolas ar líne faoi Buiséad 2009


Tharla an buiséad inné i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath. As an méid a bhí cloiste tá ar gach duine smaoineamh faoi a chuid caiteachas agus ar bealach amháin nó ar bealach eile gearradh siar ar an líon caiteachas bliantúil a bhíonn acu. Tá an cuma ar na staitisticí nach bhfuil aon duine sa tír nach bhfuil thíos leis an méid atá tarlaithe. Uaireanta bíonn sé deacair teacht ar na fíricí a bhaineann leis an buiséad ach tá neart acmhainní ar fáil ar líne le tacú linn. Inniu támuid chun súil a chaitheamh ar cuid de na acmhainní sin.



www.finfacts.com
Seo suíomh atá dírithe go hiomlán ar cúrsaí airgeadas agus chéanna féin tá an-chuid anailís déanta acu ar an buiséad agus céard a chiallaíonn sé do gach duine. I measc na nithe atá acu ar an suíomh seo tá ailt nuachta atá scríofa i gcomhpháirtíocht le Deloitte agus neart staitisticí maidir le eacnamaíocht na tíre thar tréimhse roinnt blianta. Tá bosca speisialta ar an suíomh chomh maith a ndéanann déileáil leis an príomh pointí a eascraíonn as an méid a chur Brian Lenihan ar fáil inné.



www.budget.gov.ie
Seo an suíomh oifigiúil atá ag an rialtas ó thaobh an buiséad de. Ar an suíomh seo is féidir leat an tráchtas ar fad a chur an tAire Airgeadas ar fáil a léamh. Tá gach rud anseo ar fáil trí mhéan na Gaeilge chomh maith.




www.rte.ie/money/budget2009
Seo an suíomh idirlíon atá curtha le chéile ag RTÉ don buiséad. Tá an t-uafás ar fáil ar an suíomh seo idir tuairisc nuachta, raidió agus teilifíse. Bíonn altanna nua curtha ar an suíomh seo an t-ám ar fad. Déanann an suíomh seo plé ar na himpleachtaí atá ann do gach chineál duine. B’fhiú do gach duine súil a chaitheamh ar an suíomh seo.




Áireamhán Cánach Ernst and Young - www.eybudget.ie
Tá an suíomh seo deartha le insint duit céad iad na himpleachtaí atá ann dóibh. Is féidir a chur isteach cén ioncam atá agat agus an stádas pósta/clainne atá agat agus an ioncam tar éis cánach a oibriú amach.



Roinnt suíomhanna eile a ndéanann an buiséad a phlé:

www.deloittebudget.ie

www.irishtimes.com
www.taxcalc.eu

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 08, 2008

Logainmneacha ar-líne


Tá bunachar sonraí de logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag Fiontar (DCU) agus An Brainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) ar an suíomh seo. Cuireadh tús leis an gcéad chéim den obair in Aibreán 2007 agus seoladh Bunachar Logainmneacha na hÉireann go poiblí ag tús Dheireadh Fómhair 2008.



Tá an acmhainn seo dírithe ar riachtanais iriseoirí agus aistritheoirí, mac léinn agus múinteoirí, mar aon le staraithe agus taighdeoirí ginealais. Áis don phobal atá ann, d’Éireannaigh sa bhaile agus thar lear, agus spreagfaidh sí spéis i saibhreas agus i saíocht logainmneacha na hÉireann.
Ba é sprioc an tionscadail na logainmneacha uile atá deimhnithe ag an mBrainse Logainmneacha a chur ar fáil don phobal ar an Idirlíon agus iad inchuardaigh i nGaeilge agus i mBéarla, agus na gnéithe seo a fhorbairt freisin:
Córas aistriúcháin chun tiontú comhuaineach Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge a dhéanamh ar liostaí logainmneacha.
Fuaim a chur le logainmneacha áirithe. Tá comhaid fuaime curtha le cuid de logainmneacha Chontae Phort Láirge, Chontae na Gaillimhe agus Chontae Dhún na nGall. Cuirfear comhaid fuaime le contaetha eile de réir a chéile. Tuilleadh eolais...
Nótaí eolais ar chúlra logainmneacha áirithe. Tá íomhánna scanta de chuid den fhianaise staire ar fáil ar an suíomh faoi ‘Taifid chartlainne’. Beidh cuid de na taifid sin á n-ionchur i riocht inchuardaigh sa chomhéadan poiblí de réir a chéile.



Rinneadh an leagan píolótach den suíomh a thástáil i bpáirt le buíonta úsáideoirí ó Aibreán go Meán Fómhair 2008. Bhí taithí agus tuairiscí na ndaoine seo an-luachmhar agus an leagan deiridh á fhorbairt.

logainm.ie (an dara céim) 2009-2010
Faoin gcéim seo den tionscadal déanfaidh FIONTAR cúram de bhainistiú an bhunachair agus déanfar cóiriú breise air. Faoin gcéim seo freisin, déanfar obair eagarthóireachta ar a bhfuil sa bhunachar cheana agus leanfar den obair fuaime agus d’ionchur na dtagairtí stairiúla.
Déanfar na gnéithe seo a fhorbairt freisin:
Áiseanna léarscáilíochta do shuíomh logainm.ie. Cruthófar áis chuardaigh agus áis le torthaí cuardach a léiriú ar léarscáil.
Acmhainní oideachais do dhaltaí scoile sa bhunscoil agus san iar-bhunscoil agus do mhic léinn tríú leibhéal.
Áiseanna breise don phobal ar nós nótaí míniúcháin ar ghnéithe de na logainmneacha.
Áiseanna idirghníomhacha le go bhféadfadh an pobal eolas a chur ar fáil faoi logainmneacha faoi leith.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 01, 2008

An Nuacht is Déanaí i Domhain na Teicneolaíochta




An Aontas Eorpach ag cur leathanbhanda ar fáil do gach duine

Tá an Aontas Eorpach ag obair ar plean leathanbhanda a chur ar fáil do gach aon teaghlach san Aontas. Faoi láthair tá an-chuid tíortha, an cheann seo ina measc nach bhfuil fáil ag céatadán ard den daonra ar leathanbhanda. Ar an taobh eile den scéal tá tíortha eile agus iad i bhfad chun tosaigh ar nós An Danmhairg, Lucsamburg agus an Bheilg, áit gur féidir 100% den na daoine ceangal leathanbhanda a fháil sa bhaile. De réir staitisticí reatha ní féidir le ach 36% den daonra san Aontas Eorpach ceangal leathanbhanda a fháil, figiúr atá i bhfad ró-íseal agus nach bhfuil ag tacú le fiontraíocht.

Sé an impleacht atá ann nuair nach féidir leat teacht ar ceangal leathanbhanda ná go mbíonn an eacnamaíocht thíos leis. Amharc ar an líon daoine gur féidir leo fostaíocht a chruthú dóibh féin mas rud é go bhfuil ceangal leathanbhanda ar fáil dóibh. Níl aon rud ag stopadh duine ag chruthú gnó beag ar a leithid de eBay ag díol gach sórt rud. Tá aithne agamsa ar daoine a ndéanann slí bheatha deas compordach as eBay, ach is féidir dearmad a dhéanamh de seo muna bhfuil an luas ceart ar an ceangal idirlíon.

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach an reachtaíocht seo a fháil déanta faoi 2010 agus é a bheith ann go dlithiúil. Feicfimid conas mar a éiríonn leis an plean seo.



iPod Nano nua ar an Mhargadh



Tá Apple tar éis lainseáil a dhéanamh ar iPod Nano nua. Sé an rud atá sa Nano ná an iPod is lú le scáileán físe. Is féidir éisteacht le ceol ar an máisín beag seo nó amharc ar scannáin. An praghas ar an iPod seo ná thart ar €139 don leagan 8GB agus €189 don leagan 16GB. Is dócha an rud is nuálaí san iPod seo ná an chaoi gur féidir é a bhogadh agus athraíonn an leagan amach ar an scáileáin ag brath ar cén bealach a bhfuil tú ag amharc ar.


Is dócha ceann de na rudaí is fearr faoi lainseáil den chineál seo ná go titeann an luach ar an sean iPod Nano. Níl aon rud cearr leis an sean iPod ar chur ar bith agus beidh tú in ann iad a phiocadh suas ar luach an íseal sna seachtainí atá amach romhainn. Chonaic mé go bhfuil an praghas orthu tar éis titim €50 i roinnt siopaí i Leitir Ceanainn.



anlionra.net – Bebo na Gaeilge



Tá anlionra.net ag dul ó neart go neart faoi láthair agus an líon úsáideoirí ag méadú ar an suíomh idirlíon cumhachtach seo. Oibríonn sé an-chosúil le Bebo ach amháin go bhfuil gach uile rud trí mheán na Gaeilge. Is féidir leat Fís, Fuaim, Grianghraif, blaganna agus eolas fút féin a chur ar fáil ar an suíomh seo agus cairde nua a dhéanamh. Tionchar mór ar an suíomh seo ná an líon foghlaimeoirí thar lear agus iad ag iarraidh cleachtadh a fháil agus snas a chur ar a chuid Gaeilge. B’fhiú an suíomh seo a thriail.



Raidió RíRá – http://www.raidiorira.ie/


Tá stáisiún raidió nua ann don aos óg darbh ainm Raidió RíRá. Craoltar an stáisiún seo ar-líne amháin. Is féidir éisteacht leis na scéalta is déanaí faoi na réalta is mó ar domhain agus pé scannal a chloisteáil atá ar fáil. Tá altanna ann gur féidir a léamh chomh maith. Is féidir vótáil ar shon amhrán a chloisteáil am ar bith. Tá an suíomh seo an-snasta agus ba chóir súil a chaitheamh ar!