Tá suíomh idirlíon nua ag Seachtain na Gaeilge i mbliana. Thosaigh Seachtain na Gaeilge Dé Luain agus bíonn imeachtaí fiúntach ar bun acu trí mheán na Gaeilge. I measc na spriocanna atá acu ná aitheantas ar an Ghaeilge a ardú go naisiúnta agus go hidirnáisiúnta. I measc na nithe atá ar an suíomh nua tá nuacht, imeachtaí, sonraí faoin dlúthdhiosca atá acu, ilmheán agus comórtais. Is deas a fheiscint go bhfuil an rialtas fós tiomanta ó thaobh infheistíocht a dhéanamh sa teanga cé go bhfuil buiséadú laghduithe le tamall anuas.
Tá an-chuid fadhbanna ag an gcóras leathanbhanda sa tír seo faoi láthair. Go fóill tá níos mó daoine nach féidir teacht ar leathanbhanda sa tír ná daoine gur féidir teacht air. Tá impleachtaí aige seo ar cúrsaí eacnamaíochta na tíre agus todhchaí airgeadúil na tíre. Muna bhfuil an tír seo chun tosaigh sna gnéithe seo ar tíortha eile san Aontas Eorpach támuid chun chailliúint amach ar an-chuid deiseanna eacnamúil. Le teacht an idirlíon tá margadh idirnáisiúnta tar éis leathnú amach go mór.Is beag rud nach féidir leat a dhíol go hidirnáisiúnta 24/7/365 agus an spriocmhargadh don tairge sin a aimsiú. Sé an áit a tosaíonn na deacrachtaí leis an coincheap seo ná nuair nach bhfuil tú in ann leathanbhanda a fháil níl an deis agat leas a bhaint as an margadh idirnáisiúnta seo.
Na fíricí
Tá thart fá 1100 malartáin teileafóin sa tír seo. Ionas gur féidir leathanbhanda a phiocadh suas tá gá le uasghrádú a dhéanamh ar an malartán lena bhfuil tú ceangailte. Go bunúsach is ionann an chéad trí uimhir san uimhir fón agus an malartán. Tá pleananna ag eircom uasghrádú a dhéanamh ar timpeall 400 malartáin. Níl figiúr cruinn ar fáil ach meastar nach bhfuil an bhfigiúir seo níos mó ná 450. Tá eircom ag iarradh ar an gcáiníocóir díol as an chuid eile a uasghrádú (650 malartáin). Faoi láthair mas rud é go bhfuil leathanbhanda ar fáil i do cheantar tá ráta teipe de 20% ann. Sé sin le rá nach féidir le teaghlach amháin i nach cúigear leathanbhanda a fháil fiú mas rud é go bhfuil an malartán uasghráduithe.
Ar chóir go mbeadh ar an cáiníocóir íoc as an uasghrádú?
Sílim go bhfuil cultúr againn sa tír seo go ndéanann an rialtas an obair agus an infheistíocht do comhlachtaí príobháideacha ionas gur féidir leis na comhlachtaí príobháideacha seo an t-uafás brabach a dhéanamh. Tarlaíonn sé seo le an-chuid tograí a bhaineann le infrastruchtúr. Tá comhlachtaí príobháideacha ag déanamh an t-uafás airgead as na “tolls” a bhíonn ar bóithre thart fud na tíre chomh maith le a leithid den Luas agus go leor eile. Is muidne na daoine a chur an t-airgead ar fail leis na tograí seo a cur i gcrích agus ansin caithfimid airgead a dhíol le comhlacht príobháideach leis na haiseanna seo a úsáid. Domsa, ní dhéanann sé seo aon chiall. Is comhlacht príobháideach é eircom anois agus tá siadsan chun an t-airgead a dhéanamh as an seirbhís a chur ar fáil, cén fáth gur chóir go mbeadh orainn díol as an infrastruchtúr chomh maith. An ciall atá le seo ná go mbeidh fíor bheagán forchostais ar eircom agus brabach níos mó. Cur i gcás go raibh comhlacht idirnáisiúnta ag iarraidh siopa a thogáil i Leitir Ceanainn. Bheadh sé míréasúnta ag súil go n-íocfadh na custaiméirí as an siopa a thógail agus a fheistiú agus ansin praghsanna ard a tháiriscint agus an siopa ann.
Cén seans go mbeidh seirbhís leathanbhanda agam ó eircom amach anseo?
Ní bheinn chomh dóchasach go mbeidh seirbhís ‘ceart’ á sholáthar ag eircom go luath amach anseo. Nuair a dheirim ‘ceart’ ‘sé an rud atá i gceist agam ná seirbhís atá ar fáil i ngach teaghlach sa tír. Tá muintir na gealtachta níos fearr as ná an chuid eile den tír de bharr go bhfuil infheistíocht á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta le chinntiú go mbeidh an seirbhís seo ar fáil i ngach teach gaeltachta sa tír, cé nach bhfuil an plean ar fad curtha i bhfeidhm go fóill. I ceantar na Rossa dár le innealtóirí eircom tá cúpla malartán fós le uasghrádú, go príomha, Ceann Casslach agus Ailt an Chorráin.
Cén rogha eile atá againn?
Tá cúpla rogha eile againn ó thaobh leathanbhanda de. Tá rud ar a ghlaoitear leaathanbhanda móibíleach á sholáthar ag 3, O2 agus Vodafone. Úsáideann na córais seo an corás teileachumarsáide móibíleach a úsáidimid do na fóin póca le leathanbhanda a cur ar fáil. Tá roghanna agus praghsanna difriúla ag baint leis an triúir acu.
Trealamh
Níl trealamh casta ag teastáil le ceangal den chineál seo a fháil. Níl ort sreangú breise a chur isteach sa teach agus níl ort líne fón a bheith agat.
Tá dhá rogha ann ó thaobh trealamh de. An céad cheann ná CartaSonraí agus an darna cheann ná MóidéimSonraí. Sé an difir eatarthu ná go n-oibríonn an CartaSonraí le ríomhairí glúine agus oibríonn an MóidéimSonraí le ríomhaire deisce nó le ríomhaire glúine.
Tá luas ard ar fáil ar na ceangail seo de gnáth agus is féidir leat suas le 10GB sonraí a íoslódáil nó uaslódáil in aghaidh na míosa.
Fadhbanna le Ceangal Gan Sreang
Bíonn fadhbanna ag daoine leis an ceangal gan sreang mar gheall ar nach bhfuil slándáil ceart ar na ceangail atá ag daoine sa bhaile. Mas rud é nach bhfuil an slándáil ceart ar an ceangal gan sreang is féidir le duine tiomáint suas go dtí geata do theach agus ceangal suas ar an líonra baile atá agat. Tá sé seo fíor baolach maidir le sonraí a ghoid uait. Go teoiriciúil ag úsáid teicneolaíochtaí difriúil is féidir leo súil a choinneáil ar an uile rud atá á dhéanamh agat ar an ríomhaire taobh istigh sa teach.
Tá neart bealaí ann lena chinntiú nach dtarlaíonn sé seo.
Athraigh na pasfhocail réamhshocruithe
Tagann an ródaire gan sreang le pasfhocail réamhshocruithe iontu. Dé gnáth bíonn a leithid de ‘admin’ mar ainm úsáideora agus mar pasfhocal. Níl aon maith sna pasfhocail seo. Tá siad ar eolas ag na daoine gur mian leo seilbh a fháil ar do cheangal leathanbhanda. Déan cinnte go n-athraíonn tú an ainm úsáideora agus an pasfhocal, mas féidir.
Úsáid meascán de uimhreacha, litreacha beaga, ceann litreacha agus carachtair speisialta sa pasfhocal agus bíodh ar a laghad ocht carachtair in iomlán ann.
m.sh, úsáid 1 in áit i agus 3 in áit e
m.sh. úsáid carachtair ar nós . , # ~ ? *
Cur srian ar rochtain
Gur slándáil bunaithe ar seoladh MAC (media access control) i bhfeidhm. Tá seoladh MAC ag an uile píosa trealamh teicniúil gur féidir ceangal leis an idirlíon. Is féidir bac a chur ar aon píosa trealamh nach bhfuil ar do líosta rochtain a fháil ar an ceangal.
Déan criptiúchán ar na sonraí ar do líonra
Agus tú ag roghnú ródaire gan sreang déan cinnte go dtacaíonn an gléas sin le WPA (Wi-Fi Protected Access). Déanann an teicneolaíocht seo criptiúchán ar na sonraí ar fad a seoltar thar an líonta a athrú sa chaoi is nach féidir le aon duine iad a léamh agus a thuiscint. Is féidir leat an SSID (Service Set Identifier) a athrú le cosc a chur ar daoine fáil fhad le do líonra. Tá sé fíordheacair é a thomhas de bharr go bhfuil sé déanta suas de 32 litir i sraith amháin.
Cur Balla Dóiteáin le do líonra
Is féidir leat balla dóiteáin a chur leis an líonra chomh maith le do ríomhaire pearsanta le slándáil níos fearr a chur ar an líonra.
Déan cinnte go bhfuil frith-víreas suas chun dáta agat
De gnáth bíonn breis tacaíocht ag na feidhmchláir seo le cosaint in éadan Trojan Horses agus Spyware.
An féidir liom ceangal DSL (Digital Subscriber Line) a fháil?
Nuair a labhraíonn duine faoi leathanbhanda is ceangal DSL atá siad ag caint faoi. Go fóill tá an t-uafás teaghlaigh sa tír seo nach féidir an ceangal seo a fháil. Is féidir do líne teileafón a sheiceáil le seo a chinntiú. Tá suíomh idirlíon ag an rialtas le cabhrú leat seo a sheiceáil atá neamhspleách ó comhlacht teileachumarsáide ar bith.
Is féidir leat d’uimhir guthán a cur isteach sa suíomh idirlíon seo agus é a sheiceáil i gcomhair an féidearthacht ceangal DSL a fháil agus ansin beirfidh sé líosta duit de na comhlachtaí ar fad atá ann le freastal ort.
Tá leárscáil acu chomh maith gur féidir leat d’áit féin a aimsiú ann agus a sheiceáil céard iad na seirbhísí atá ar fáil duit.
Bíonn an-úsáid á bhaint as EBay sa lá atá inniu ann. Is féidir aon rud ar chor ar bith a cheannach ar EBay. Le bliain anuas tá leagan Éireannach den suíomh ar fáil darbh ainm EBay,ie. An difear idir EBay.com agus EBay.ie ná go mbíonn an líosta tairgí liostáilte in ord difriúil – an cheann is giorra den tír seo ar barr.
Bíonn rudaí ar fáil i bhfad níos saoire ar EBay ná gnáth siopaí. An mbealach a tarlaíonn seo ná nach mbíonn na costais céanna ar na díoltóirí is a mbíonn i gnáth siopa. Is suíomh C2C (Tomhaltóir go Tomhaltóir) atá anseo – sé sin gur féidir le aon úsáideoir rudaí a dhíol nó rudaí a cheannach. Oibríonn an díol seo ar bhonn ceant. Faigheann an duine leis an praghas is airde an tairge.
I dtús báire caithfidh an úsáideoir clárú leis an suíomh. Mar cuid den próiséas seo caithfidh an úsáideoir ainm úsáideora a roghnú agus a chuid sonraí pearsanta a líonadh isteach. Caithfidh tú do chuid sonraí a líonadh isteach i gcomhair íocaíocht. Úsáideann EBay córas darbh ainm PayPal leis na híocaíochtaí ar fad a láimhseáil. Ag úsáid an modh seo is féidir le EBay airgead a chur ar do chuntas má dhíolann tú rud éigin agus airgead a bhaint uait má cheannaíonn tú rud éigin. Ag úsáid an modh seo caithfidh tú cuntas PayPal a chruthú. Bíonn sonraí fút féin agus faoi do charta creidmheasa ag teastáil anseo. Agus an cuntas cruthaithe agat is féidir tosnú ag ceannach rudaí nó ag díol rudaí.
Ceannach
Is féidir tairge ar bith a aimsiú ar EBay. Níl le déanamh ach ainm an tairge a clóbhualadh isteach agus cuardach a dhéanamh. Is beag rud nach féidir aimsiú ar EBay. Mas rud é go bhfuil suim agat tairge a cheannach tá dhá rogha agat. Is féidir dul sa seans nó “Buy it Now” a phiocadh. Mas rud é go bhfuil tú chun dul sa seans níl le déanamh ach cliceáil ar an tairge agus “Place Bid” a roghnú. Anseo líonann tú isteach an méid is mó atá tú sásta a caitheamh ar an tairge. Má ardaíonn an praghas níos airde ná an suim seo caileann tú an ceant mura ardaíonn tú an praghas arís.
Díol
Is féidir leat rudaí a dhíol ar EBay chomh maith. Déanann an-chuid daoine slí bheatha maith as an cur chuige seo. Go bunúsach tá margadh ann d’aon tairge ar bith ar EBay. Mas rud é go bhfuil am le spáráil agat bain triail as cúpla rud a dhíol, cuireadh sé ionadh ort an méid airgead atá le déanamh.
MyEbay
Tá cuid den suíomh gur féidir leat amharc ar na hidirbhirt ar fad atá déanta agat agus teachtaireachtaí a sheoladh chuig díoltóir nó cheannaitheoirí agus aiseolas a fhágáil fúthu. Muna raibh tú sásta le tairge is féidir an aiseolas sin a fhágáil le cabhrú le úsáideoirí eile.
An bhfuil praghsanna maith ann?
Rinne mé féin chuid de mo siopadóireacht Nollag ar an suíomh seo. Ar tairge amháin sábhail mé 50% i gcomparáid le siopa i mBaile Átha Cliath. Tá praghsanna maith ann ach caithfear a bheith cúramach nach dtéann tú thar fóir ó thaobh praghas de. Roghnaigh uasmhéid don tairge sula tosaíonn tú cogadh praghsanna.
Sampla
Mas rud é go bhfuil daoine ag iarraidh breis airgead a dhéanamh le díol as na costais sa teaghlach is sampla maith é ebay. Seachtain ó shin mar tastáil d’imigh mé go Leitir Ceanainn agus Doire le earraí a cheannach le €50. Chuaigh mé chuig na siopaí ríomhaireachta le cluichí don Playstaion, Wii agus Xbox 360 a cheannach ar na praghsanna is fearr go raibh mé in ann a aimsiú. Faoi dheireadh cheannaigh mé cúig cluiche leis an €50.
Praghas Ceannacháin:
Gaelic Games Double Pack (PS2)€12
Gaelic Games Double Pack (PS2)€12
The Darkness (PS3)€6
Beowulf (PS3)€6
Bioshock (Xbox 360)€10
Iomlán€46
Praghas Díolacháin:
Gaelic Games Double Pack (PS2)€18
Gaelic Games Double Pack (PS2)€20
The Darkness (PS3)€8
Beowulf (PS3)€10
Bioshock (Xbox 360)€16
Iomlán€72
Brabach €26
Ní mórán é €26 ach le fíor bheagán oibre bhí mé in ann airgead a gnóthú. Má dhéantar seo ar scála níos mó is féidir leat slí bheatha a dhéanamh as.
Cúpla nod:
Pioc tairgí a bhfuil suim agat féin iontu
Pioc tairgí a bhfuil éadtrom le costas ar postas a choinneáil íseal
Pioc tairgí nach mbeadh ar fáil i ngach áit ar domhain.
Déan iarracht brabach beag a dhéanamh ar an postas
Bí cinnte go bhfuil meitichlibeanna cliste pioctha agat
Bí cinnte go bhfuil cur síos cruinn déanta ar na tairgí