Dé Máirt, Márta 02, 2010

Déan seiceáil ar stáid na bóithre


www.potholes.ie


Seo suíomh idirlíon nua atá ar fáil le tuairisciú a dhéanamh ar fadhbanna leis na bóithre timpeall na tíre. Leis an geimhridh crua atá tar éis a bheith againn is beag bóthar sa tír seo nach bhfuil damáiste de cineál éigin déanta air.

Ar an suíomh seo is féidir leat a sheiceáil an bhfuil droch bhóithre ar an turas atá idir lámh agat. Is féidir leat fadhb a thuairisciú má fheiceann tú fadhb le bóthar éigin.

Má dhéantar damáiste de do charr mar gheall ar droch stáid na bóithre tá comhairle ar fáil ar an suíomh seo má tá tú ag iarraidh an bille a sheoladh chuig an comhairle contae áitiúil.

Faoi láthair tá Contae Chorcaigh ag barr an líosta ó thaobh fadhbanna leis na bóithre, mar sin b’fhiú de muintir Dhún na nGall toiseacht ag tuairisciú na fadhbanna seo.


ApocolyPS3 - Briseann níos mó ná 15 milliúin Playstation 3 ag an am céanna

Inné bhris níos mó ná 15 milliúin Playstation 3 ag an am céanna. Tharla an fabht seo don sean leagan den PS3 nó an “Fat” mar a ghlaoitear ar. Ní raibh aon fhadhb leis an leagan nua a tháinig amach i Mí Lúnasa 2009, nó an “slim”.

Tharla an fhadhb seo mar gheall gur shíl an PS3 gur bhliain bhisigh a bhí ann i 2010, cé nach é seo an chás.

De réir Sony tá an fhadhb seo deisithe anois agus gur féidir le daoine toiseacht ag baint úsáide as na meaisín lochtach arís. Sula raibh an treoir seo tugtha ag Sony an comhairle a bhí acu ná gan an PS3 a úsáid ar chor ar bith.

Beidh le feiceáil cé mhéad dochar fadtéarmach a ndéanfaidh sé seo do Playstation agus an bhfuil siad chun muinín na custaiméirí a chailleadh mar thoradh ar an eachtra seo.

Faoi láthair tá Sony Playstation i comórtas leis an Nintendo Wii agus an Microsoft Xbox 360.



Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

Uasdátú déanta ar Gaoth Dobhair ar Google Earth

Tá uasdátú déanta ar Google Earth le seachtain do cheantar Ghaoth Dobhair. Tá íomhánna den ceantar ar fáil ar ard caighdeán anois, rud nach raibh acu ar chor ar bith go dtí seo. Is féidir daoine aonarach a fheiceáil fiú.