Dé Céadaoin, Aibreán 01, 2009

Réiteach faighte ar fadhbanna Leathan Bhanda faoin tuath.

Tá réiteach faighte ar fadhbanna leathan bhanda faoin tuath - dár le saineolaithe sa chomhlacht Éireannach Digi-Gaoth Teoranta. Is fadhb mór atá ag an rialtas i láthair na huaire ná na costais mór a bhaineann le infrastruchtúr a chur i bhfeidhm le freastal ar leathan bhanda. I measc na nithe atá i gceist le leathan bhanda a chur ag obair ná aeróga móra, línte teileafóin nua, malartáin nua agus freastalaithe móra cumhachtach a chur ar fáil. Úsáideann na uirlisí seo an-chuid leictreachas, rud a ardaíonn an praghas ar leathan bhanda níos mó fós.

Cosnaíonn an trealamh traidisiúnta seo na billiúin euro le chur isteach. Agus tá an argóint ann go ndéanann an trealamh dochar ó thaobh radharcanna faoin tuath a mhilleadh.

Tá plean ag na saineolaithe seo ná córas gan sreang a chur ar fáil ar costas i bhfad níos lú. An plean atá acu ná aeróg a cur ar barr na muileann gaoithe ar fad agus gur féidir leathan bhanda a sruthú fríd agus ansin aeróg a chur ar barr na tithe gur mian leo leathan bhanda a fháil. Beidh na tithe ansin in ann ceangal leis an idirlíon tríd an muileann gaoithe. Argóint eile atá ag na saineolaithe seo ná go mbeidh ar chumas an aeróg seo a chuid leictreachas féin a ghiniúint agus an leictreachas a chur ar fáil é féin leis an próiséas seo a rith. De réir na saineolaithe seo beidh cánach carbóin breise curtha ar gnáth ceangal leathan bhanda agus nach mbeidh an cánach céanna i gceist leis an ceangal seo de bharr go bhfuil an leictreachas atá in úsáid anseo ‘glas’.

De réir na saineolaithe seo tá an féidirthacht fós ann an córas seo a chur i bhfeidhm in áiteacha nach bhfuil muillean gaoithe ann trí na aeróga beaga seo a chrochadh ar soilse tráchta agus cumhacht an ghriain a úsáid le iad a rith.

Beidh le feiceáil ar conas a éiríonn leis an plean seo ach de réir na tuairiscí is déanaí tá siad i mbun cainte leis na comhlachtaí teileachumarsáide.




Conficker réidh le damáiste mór a dhéanamh – 1 Aibreán 2009!


Tá péist nua ríomhaireachta réidh le ionsaí a dhéanamh ar na milliúin duine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil sé faighte acu cheánna féin. Séard is péist ríomhaireachta ná fabht a fhaigheann ríomhaire ó ríomhaire eile a suíonn ar an ríomhaire gan aon dochar a dhéanamh go dtí go bhfaigheann sé treoir ón cruthaitheoir. I gcás víreas déantar an damáiste láithreach.



An t-ainm atá ar an péist seo ná Conficker, Downadup nó Kido agus aimsíodh é i dtús báire i Mí Deireadh Fómhair 2008. Tá an baol ann go mbeidh an cruthaitheoir nó na chruthaitheoirí in ann seilbh a fháil ar do ríomhaire amach anseo. Meastar go bhfuil an péist seo ag suí ar 15 mhilliúin ríomhaire thart fud an domhain. Is féidir le duine leis an saineolas ceart acu seilbh iomlán a fháil ar na ríomhairí seo. Cur i gcás go raibh an duine seo in ann euro amháin a dhéanamh ar gach ceann de na ríomhairí seo b’fhiú €15,000,000 sin.

Moltar d’úsáideoirí a chinntiú go bhfuil an córas frith-víreas suas chun dáta agus go bhfuil an píosa bogearra KB958644 atá eisithe ag Microsoft agus ar fáil ó www.microsoft.ie ag chuile duine. Moltar chomh maith pasfhocal cliste a phiocadh don ríomhaire. Seachas gnáth focal a phiocadh pioc focal neamhaitheanta agus meascán de uimhreacha, litreacha agus carachtair speisialta a phiocadh m.sh. F01rgn3amh.1 seachas QWERTY nó January.2009.



Tá sé ráite ag na saineolaithe go bhfuil an péist seo chun an dochar a dhéanamh inniu agus go bhfuil an féidearthacht ann go bhfuil líonraí agus ríomhairí thart fud an domhain chun fadhbanna a bheith acu. Tá Microsoft ag tabhairt $250,000 don duine a chuireann ar an eolas iad faoin duine a chruthaigh an péist seo.



De réir roinnt saineolaithe níl an péist seo chun dochar a bith a dhéanamh ach de réir daoine eile déanfaidh sé an-chuid damáiste do líonraí teileachumarsáide thart fud an domhain.



An bealach is fearr leis an péist seo a sheachaint ná a chinntiú go bhfuil an frith-víreas ar an ríomhaire suas chun dáta agus ag feidhmiú, go bhfuil an balla dóiteáin ar an ríomhaire ag feidhmiú agus go bhfuil na nuashonraithe atá á chur ar fáil ag Microsoft suas chun dáta.





Cén dóigh le Outlook Express a shocrú suas? An bhfuil costas air?



Bhí tairge ag Microsoft darbh ainm Outlook Express go dtí cúpla bliain ó shin. Tháinig an feidhmchlár seo in éineacht le Internet Explorer go dtí leagan a sé de Internet Explorer.



Fadhbanna

Tá neart fadhbanna le Outlook Express agus is é sin an fáth go bhfuil Microsoft tar éis fáil réidh leis ó shin. I measc na fadhbanna a bhí leis ná go raibh an féidearthacht ionsaithe a dhéanamh ar agus na ríomhphoist ar an ríomhaire a scriosadh. Bhí fadhbanna ann ó thaobh an líon feidhmeanna a bhí ar fáil air i gcomparáid le Outlook.



Réiteach na Faidhbe

An tairge a chruthaigh Microsoft le áit Outlook Express a ghlacadh ná Windows Mail. Arís bhí daoine idir dhá chomhlairle maidir leis an tairge seo agus arís bhí fadhbanna ann le feidhmeanna slándála Windows Mail. Ag an am seo bhí athruithe ag tarlú ar an idirlíon ina iomláine. Bhí an ghá feidhmeanna breise agus ilmheán nua-aimseartha a bheith ar fáil tríd na sruthanna nuachta ar fad.



An Leagan Nua

Ar an 7 Mí na Samhna 2007 rinne Microsoft lainseáil ar Windows Live Mail Leagan 12. Le cúpla mí anuas tá Microsoft tar éis Leagan 14 a chur ar fáil. Is leagan feabhsuithe atá anseo a ceartaíonn na fabhtanna a bhí sa chead leagan agus a chur leis an líon feidhmeanna atá ar fáil.


I measc na feidhmeanna nua atá ar fáil ar Windows Live Mail tá:


  • Tacaíocht do Poist Gréasáin (WebMail) ina measc Hotmail, Gmail agus Yahoo.
  • Comhéadan úsáideora níos fearr a luíonn isteach leis an leagan amach atá ar na feidhmchláir is déanaí atá ag Microsoft.
  • Ceangal le Windows Live Contacts
  • Tacaíocht do sruthanna RSS.
  • Deilbhíní Emoticon ar fáil. Ar nós an Smiley.
  • Litriú a sheiceáil
  • Inbox difriúil ar fáil do chuile seoladh ríomhphost atá agat.
  • Eagarthóireacht ar iatáin.

Is féidir Windows Live Mail a íoslódáil ag:

http://download.live.com/wlmail


Tá sé go hiomlán saor in aisce agus tá breis eolas faoi ar fail ar suíomh idirlíon Microsoft Éireann ag : www.microsoft.ie